BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Ceathrú Dlísheomra)

23 Eanáir 2025 ( *1 )

(Achomharc – Státchabhair – Scéim cabhrach – Bearta chun tacú le haerlínte i seilbh ceadúnas oibríochta náisiúnta le linn na paindéime COVID‑19 – Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach gan agóidí a dhéanamh – Oibleagáid cúiseanna a lua)

I gCás C‑490/23 P,

ACHOMHARC de bhun Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a tionscnaíodh an 1 Lúnasa 2023,

Neos SpA, a bunaíodh in Somma Lombardo (an Iodáil), arna ionadú ag A. Cogoni agus M. Merola, Abhcóidí,

iarratasóir,

na páirtithe eile sna himeachtaí:

Ryanair DAC, a bunaíodh i Sord (Éire), arna ionadú ag F.‑C. Laprévote agus E. Vahida, Abhcóidí, D. Pérez de Lamo agus S. Rating, Dlíodóirí,

iarratasóir ag an gcéad chéim,

an Coimisiún Eorpach, arna ionadú ag J. Carpi Badía, L. Flynn agus F. Tomat, i gcáil Gníomhairí,

cosantóir ag an gcéad chéim,

Blue panorama airlines SpA, a bunaíodh in Somma Lombardo,

Air Dolomiti SpA – Linee aeree regionali Europee, a bunaíodh in Villafranca di Verona (an Iodáil), arna ionadú ag A. Cogoni agus M. Merola, Abhcóidí,

idiragraithe ag an gcéad chéim,

tugann AN CHÚIRT (an Ceathrú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: C. Lycourgos, Uachtarán an Tríú Dlísheomra ag feidhmiú mar Uachtarán an Cheathrú Dlísheomra, S. Rodin (Rapóirtéir) agus O. Spineanu–Matei, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: N. Emiliou,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Lena achomharc, iarrann Neos SpA go gcuirfí ar neamhní breithiúnas ó Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 24 Bealtaine 2023, Ryanair v an Coimisiún (an Iodáil; scéim cabhrach; COVID-19) (T‑268/21, an breithiúnas atá faoi achomharc, EU:T:2023:279), lena gcuirtear Cinneadh C(2020) 9625 final ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2020, maidir le Státchabhair SA.59029 (2020/N) – an Iodáil – COVID‑19: Scéim cúitimh d’aerlínte i seilbh ceadúnas arna eisiúint ag údaráis na hIodáile ar neamhní (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’).

Cúlra na díospóide agus an cinneadh atá faoi chonspóid

2

Is féidir achoimre a dhéanamh ar chúlra na díospóide, mar a leagtar amach é sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, mar seo a leanas.

3

Le decreto-legge n. 34 – Misure urgenti in materia di salute, sostegno al lavoro e all’economia, nonche’ di politiche sociali connesse all’emergenza epidemiologica da COVID‑19 (Dlí Foraithne Uimh. 34 maidir le bearta práinneacha i ndáil le sláinte, tacaíocht don obair agus don gheilleagar agus beartais shóisialta a bhaineann le héigeandáil eipidéimeolaíoch COVID‑19) an 19 Bealtaine 2020 (GURI Uimh. 128, an 19 Bealtaine 2020, gnáthfhorlíonadh Uimh. 21), arna leasú agus arna thiontú ina dhlí le Dlí Uimh. 77 an 17 Iúil 2020 (GURI Uimh. 180 an 18 Iúil 2020, gnáthfhorlíonadh Uimh. 25) (‘Dlí Foraithne Uimh. 34/2020’), bhunaigh údaráis na hIodáile ciste cúitimh EUR 130 milliún i ndáil leis na damáistí a d’fhulaing an earnáil eitlíochta le linn na paindéime COVID‑19 (‘an beart atá i gceist’).

4

An 14 Lúnasa 2020, ghlac údaráis na hIodáile decreto-legge n. 104 – Misure urgenti per il sostegno e il rilancio dell’economia (Dlí Foraithne Uimh. 104, maidir le bearta práinneacha chun tacú leis an ngeilleagar agus é a spreagadh) (GURI Uimh. 203, an 14 Lúnasa 2020, gnáthfhorlíonadh Uimh. 30). Go dtí go gcuirfí an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108(3) CFAE i gcrích, thug an Dlí Foraithne sin de chumhacht d’Aire Bonneagair agus Iompair na hIodáile fóirdheontais arna maoiniú ag an gciste a bunaíodh le Dlí Foraithne Uimh. 34/2020 le haghaidh méid iomlán nach mó ná EUR 50 milliún a dheonú, trí bhíthin réamhíocaíochta, d’aerlínte a chomhlíon na coinníollacha incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 198 de Dhlí Foraithne Uimh. 34/2020.

5

An 15 Deireadh Fómhair 2020, i gcomhréir le hAirteagal 108(3) CFAE, thug Poblacht na hIodáile fógra don Choimisiún Eorpach faoin mbeart atá i gceist.

6

Leagtar síos ceithre choinníoll incháilitheachta don bheart atá i gceist in Airteagal 198 de Dhlí Foraithne Uimh. 34/2020. Ar an gcéad dul síos, ní féidir leis an aerlíne tairbhe a bhaint as ciste a cruthaíodh le Dlí Foraithne eile lena ndéantar foráil do chúiteamh as an damáiste a rinneadh de dheasca phaindéim COVID‑19 d’aerlínte i seilbh ceadúnas a d’eisigh údaráis na hIodáile agus ar leagadh comhlíonadh oibleagáidí seirbhíse poiblí orthu ar dháta theacht i bhfeidhm an Dlí Foraithne sin. Ar an dara dul síos, ní mór don aerlíne deimhniú aeroibreora bailí agus ceadúnas Iodálach a bheith aici. Ar an tríú dul síos, ní mór acmhainneacht aerárthaí na haerlíne a bheith níos mó ná 19 n‑áit. Ar an gceathrú dul síos, ní mór don aerlíne luach saothair a thabhairt dá fostaithe a bhfuil a mbunáit bhaile lonnaithe san Iodáil agus d’fhostaithe gnóthas tríú páirtí atá rannpháirteach ina gníomhaíocht, luach saothair nach féidir a bheith níos ísle ná an luach saothair íosta a leagtar síos leis an gcomhaontú comhchoiteann náisiúnta is infheidhme maidir leis an earnáil aeriompair (‘an ceanglas maidir le luach saothair íosta’).

7

An 22 Nollaig 2020, ghlac an Coimisiún an cinneadh atá faoi chonspóid, lenar dhearbhaigh sé go raibh an beart atá i gceist comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(2)(b) CFAE agus, dá bhrí sin, nach ndearna sé aon agóid.

An chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta agus an breithiúnas atá faoi achomharc

8

Le hiarratas arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 18 Bealtaine 2021, thionscain Ryanair DAC caingean le haghaidh neamhniú an chinnidh atá faoi chonspóid.

9

Mar thaca lena chaingean, d’ardaigh Ryanair ceithre shaincheist dlí, lena n‑éilítear, ar an gcéad dul síos, sárú ar phrionsabal an neamh‑idirdhealaithe ar fhorais náisiúntachta, saorsholáthar seirbhísí agus saoirse bunaíochta, ar an dara dul síos, sárú ar Airteagal 107(2)(b) CFAE agus earráid fhollasach mheasúnaithe ar chomhréireacht na cabhrach i bhfianaise an damáiste a rinneadh de dheasca phaindéim COVID‑19, ar an tríú dul síos, sárú ar a chearta nós imeachta ar an bhforas gur dhiúltaigh an Coimisiún an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a thionscnamh in ainneoin amhras tromchúiseach a bheith ann maidir le comhoiriúnacht an bhirt atá i gceist leis an margadh inmheánach agus, ar an gceathrú dul síos, sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 296 CFAE.

10

Sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta an ceathrú saincheist dlí den chaingean, agus í ag cur in iúl gur sárú ar cheanglais fhíor‑riachtanacha nós imeachta a bhí sa mhainneachtain an oibleagáid sin a chomhlíonadh agus nár bhain sí le dlíthiúlacht shubstainteach an chinnidh atá faoi chonspóid.

11

I ndáil leis sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, go raibh an cinneadh sin curtha ó bhail mar gheall ar shárú dúbailte ar an oibleagáid cúiseanna a lua maidir leis an anailís ar an gceathrú coinníoll incháilitheachta don bheart atá i gceist, eadhon an ceanglas maidir le luach saothair íosta.

12

Ar an gcéad dul síos, chinn sí, i mír 24 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nár nochtadh leis an gcinneadh atá faoi chonspóid ar bhealach soiléir agus aonchiallach an réasúnaíocht a thug ar an gCoimisiún a dhearbhú go raibh dlúthbhaint ag an gceanglas maidir le luach saothair íosta leis an mbeart atá i gceist, in aithris 93 den chinneadh sin, agus nach raibh an ceanglas sin ina dhlúthchuid de chuspóir an bhirt sin, in aithris 95 den chinneadh sin.

13

Ar an dara dul síos, chinn sí, go háirithe i míreanna 26 agus 34 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nár leag an Coimisiún amach na cúiseanna a chuir ar a chumas a mheas gurb é Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO 2008 L 177, lch. 6, ‘Rialachán na Róimhe I’) an t‑aon fhoráil ábhartha, seachas Airteagail 107 agus 108 CFAE, ar gá dó scrúdú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht an cheanglais maidir le luach saothair íosta le dlí an Aontais, agus ní, go háirithe, Airteagal 56 CFAE maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar.

14

Sna himthosca sin, chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl nach raibh sí in ann athbhreithniú a dhéanamh ar cé acu a bhí nó nach raibh an ceanglas maidir le luach saothair íosta comhoiriúnach le ‘forálacha eile de dhlí an Aontais’ agus, dá bhrí sin, ar cé acu a bhí nó nach raibh an beart atá i gceist ina iomláine comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

15

Dá bhrí sin, sheas an Chúirt Ghinearálta leis an gceathrú saincheist dlí, gan scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna dlí eile sa chaingean agus, dá bhrí sin, chuir sí an cinneadh atá faoi chonspóid ar neamhní.

Na horduithe atá á lorg ag na páirtithe san achomharc

16

Lena achomharc, iarrann Neos ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní agus

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta.

17

Iarrann Ryanair ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an t‑achomharc a dhíbhe agus

a ordú don iarratasóir costais na n‑imeachtaí seo a íoc.

18

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní,

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, agus

a ordú do Ryanair a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún, a bhaineann leis na himeachtaí ag an gcéad chéim agus leis na himeachtaí achomhairc araon, a íoc.

19

Iarrann Air Dolomiti SpA – Linee aeree regionali Europee ar an gCúirt Bhreithiúnais an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní agus an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta.

An t‑achomharc

20

Mar thaca lena achomharc, cuireann Neos dhá shaincheist chun cinn, agus trí chuid i ngach ceann acu. Éilítear leis an gcéad saincheist dlí sárú ar oibleagáid na Cúirte Ginearálta cúiseanna a lua agus earráidí dlí maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngaol idir na rialacha maidir le Státchabhair agus forálacha eile de na Conarthaí, chomh maith le sárú ar oibleagáid an Choimisiúin cúiseanna a lua. Éilítear leis an dara saincheist dlí saobhadh an chinnidh atá faoi chonspóid agus earráidí dlí maidir le measúnú ar oibleagáid an Choimisiúin cúiseanna a lua, cur i bhfeidhm Airteagal 56 CFAE in earnáil na heitlíochta agus measúnú ar an ngaol idir Airteagal 8(1) de Rialachán na Róimhe I agus rialacha an mhargaidh inmheánaigh.

21

Leis an tríú cuid den chéad saincheist dlí agus leis an gcéad chuid den dara saincheist dlí, ar cheart iad a scrúdú le chéile, áitíonn Neos go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráidí dlí i míreanna 24 agus 26 go 34 den bhreithiúnas atá faoi achomharc agus go ndearna sí na fíorais a shaobhadh trína chinneadh gur sháraigh an Coimisiún a oibleagáid cúiseanna a lua faoin dara mír d’Airteagal 296 agus faoi Airteagal 108(2) CFAE.

Argóintí na bpáirtithe

22

Sa tríú cuid dá chéad saincheist dlí, áitíonn Neos, a mhéid a chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 24 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nár mhínigh an Coimisiún go soiléir agus go haonchiallach na cúiseanna go raibh dlúthbhaint idir an ceanglas maidir le luach saothair íosta agus an beart atá i gceist agus nach gné dhílis dá chuspóir é ‘araon’, gur thug an Chúirt Ghinearálta neamhaird ar raon feidhme oibleagáid an Choimisiúin cúiseanna a lua faoi Airteagal 296 agus Airteagal 108(2) CFAE.

23

Dar le Neos, comhlíonann an cinneadh atá faoi chonspóid ceanglais chásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir leis an gceanglas cúiseanna a lua. Ar an gcéad dul síos, tá measúnú réasúnaithe in aithrisí 92 agus 93 den chinneadh sin ar na ceithre choinníoll incháilitheachta don bheart atá i gceist, a thuairiscítear sa chás seo go bhfuil dlúthbhaint aige leis. I ndáil leis sin, cuireann Neos in iúl nár cháin Ryanair an measúnú sin mar chuid dá chaingean, lena n‑áirítear ó thaobh na hoibleagáide cúiseanna a lua, agus mar sin gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta an toirmeasc ar rialú ultra petita trína chinneadh gur sháraigh an Coimisiún an oibleagáid sin.

24

Ar an dara dul síos, maidir le haithris 95 den chinneadh atá faoi chonspóid, d’fhéadfadh an Coimisiún teacht ar an gconclúid, agus ní mór dó teacht ar an gconclúid, nach raibh aon ghá measúnú ar leith a dhéanamh ar an gceanglas maidir le luach saothair íosta, toisc go bhfuil sé ina dhlúthchuid de chuspóir an bhirt atá i gceist. Tá sé beartaithe leis an gceanglas sin a áirithiú go roinnfear tairbhe an bhirt sin idir na gnóthais lena mbaineann agus a n‑oibrithe, trína áirithiú nach mbeidh luach saothair na n‑oibrithe sin níos ísle ná an t‑íosmhéid dlíthiúil a leagtar síos faoin gcomhaontú comhchoiteann náisiúnta is infheidhme maidir leis an earnáil aeriompair agus nach ngearrfar pionós orthu mar gheall ar an bpaindéim. Tá an cuspóir sin go hiomlán comhsheasmhach le foclaíocht Airteagal 107(2)(b) CFAE, níl sé idirdhealaitheach, ní shaobhann sé trádáil idir na Ballstáit agus ní dhéanann sé dochar níos mó d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh ná an chabhair féin. Mar sin féin, sonraíonn Neos gur mheas an Coimisiún, agus dearcadh stuama aige, nach raibh an ceanglas sin ina chuid dhílis de chuspóir an bhirt atá i gceist, ag tabhairt cúiseanna soiléire lena sheasamh in aithris 95 den chinneadh atá faoi chonspóid, agus gur scrúdaigh sé é i bhfianaise fhorálacha dhlí an Aontais seachas na forálacha sin lena rialaítear Státchabhair go sonrach.

25

Ar an tríú dul síos, is deacair a thuiscint cén fáth ar mheas an Chúirt Ghinearálta go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid curtha ó bhail mar gheall ar shárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua i bhfianaise réasúnaíocht agus chonclúid an Choimisiúin nach bhfuil an ceanglas maidir le luach saothair íosta ina chuid dhílis de chuspóir an bhirt atá i gceist, rud a bhí úsáideach mar sin féin do Ryanair agus d’aon pháirtí leasmhar eile chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin.

26

Tugann Neos faoi deara, i ndáil leis sin, go bhfuil bunús níos fearr leis an gcinneadh atá faoi chonspóid ná cinntí eile de chuid an Choimisiúin lena n‑údaraítear cabhair a dheonú don earnáil aeriompair i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, a ndearna Ryanair agóid ina choinne ó thaobh cúiseanna de, ach a dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta mar sin féin. Dá bhrí sin, cuireann Neos in iúl, murab ionann agus na cinntí eile sin ón gCoimisiún, go bhfuil measúnú comhoiriúnachta níos mionsonraithe sa chinneadh atá faoi chonspóid, toisc go n‑áirítear ann roinn iomlán a bhaineann le measúnú ar chomhoiriúnacht an bhirt atá i gceist le forálacha de dhlí an Aontais seachas Airteagal 107 CFAE agus cinneadh nach bhfuil coinníoll incháilitheachta don bheart sin ina ghné dhílis dá chuspóir. Sna himthosca sin, is cosúil go bhfuil neamhniú an chinnidh atá faoi chonspóid mar gheall ar shárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua paradacsúil ar a laghad.

27

Thairis sin, deimhnítear gur leor na cúiseanna leis an gcinneadh sin leis an bhfíoras go raibh Ryanair in ann a cheart chun leigheas éifeachtach a fheidhmiú, rud is léir ón gcéad saincheist dlí sa chaingean le haghaidh neamhniú. Léirítear leis an tsaincheist sin gur thuig an t‑iarratasóir ag an gcéad chéim raon feidhme an chinnidh atá faoi chonspóid agus go bhféadfadh sé agóid a dhéanamh i gcoinne a thuillteanais.

28

Leis an gcéad chuid den dara saincheist dlí, áitíonn Neos, i míreanna 26 go 34 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur bhain an Chúirt Ghinearálta míbhrí as an gcinneadh atá faoi chonspóid agus go ndearna sí earráid dlí maidir le raon feidhme oibleagáid an Choimisiúin cúiseanna a lua.

29

Ar an gcéad dul síos, tá réasúnaíocht na Cúirte Ginearálta ag cáineadh an Choimisiúin as scrúdú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht an cheanglais maidir le luach saothair íosta leis an margadh inmheánach i bhfianaise Airteagal 8 de Rialachán na Róimhe I amháin contrártha agus earráideach. Mar is léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid, go háirithe aithrisí 95 agus 99 de, rinne an Coimisiún scrúdú ar chomhoiriúnacht an cheanglais sin ní hamháin i bhfianaise na forála sin, ach i bhfianaise forálacha eile de dhlí an Aontais freisin. Dá bhrí sin, rinne an Chúirt Ghinearálta an cinneadh atá faoi chonspóid a shaobhadh.

30

Ar an dara dul síos, trí cháineadh a dhéanamh ar an gCoimisiún as mainneachtain cúiseanna a lua maidir leis an gconclúid in aithris 99 den chinneadh atá faoi chonspóid nach raibh an ceanglas maidir le luach saothair íosta contrártha d’fhorálacha eile dhlí an Aontais, mhainnigh an Chúirt Ghinearálta aird a thabhairt ar raon feidhme oibleagáid an Choimisiúin cúiseanna a lua faoin dara mír d’Airteagal 296 agus faoi Airteagal 108(2) CFAE. Ní fhéadfaí a cheangal go réasúnach ar an gCoimisiún ráiteas mionsonraithe ar na cúiseanna a sholáthar i bhfianaise gach forála de dhlí an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ábhartha.

31

Aontaíonn an Coimisiún agus Air Dolomiti SpA – Linee aeree regionali Europee le chéile nach mór glacadh leis na saincheisteanna dlí arna n‑agairt ag Neos.

32

Déanann Ryanair agóid i gcoinne na n‑argóintí arna n‑agairt ag Neos mar thaca leis an achomharc. Áitíonn sé go raibh an ceart ag an gCúirt Ghinearálta a chinneadh gur theip ar an gCoimisiún cúiseanna a lua leis an gconclúid go raibh nasc doscaoilte idir an ceanglas luach saothair íosta agus an beart atá i gceist cé nach raibh sé ina dhlúthchuid de chuspóir an bhirt sin. Murab ionann agus an méid a d’áitigh Neos, níor rialaigh an Chúirt Ghinearálta ultra petita, toisc nár rialaigh sí maidir leis an gceist an raibh nasc idir an ceanglas sin agus an beart atá i gceist amháin agus, in aon chás, go raibh an Chúirt Ghinearálta in ann an tsaincheist dlí lena n‑éilítear easpa cúiseanna a ardú as a stuaim féin. A mhéid a thagraíonn Neos do roinnt breithiúnas a thug an Chúirt Ghinearálta le déanaí maidir le cabhair a deonaíodh d’earnáil na heitlíochta i gcomhthéacs phaindéim COVID‑19, leagann Ryanair béim ar na difríochtaí atá ann idir cinntí an Choimisiúin is ábhar do na breithiúnais sin agus an cinneadh atá faoi chonspóid, go háirithe i bhfianaise an ghearáin a thaisc Associazione Italiana Compagnie Aeree Low Fares (Cumann Aerlínte Ísealchostais na hIodáile). Treisíodh leis an ngearán sin oibleagáid an Choimisiúin scrúdú a dhéanamh ar an gceist maidir le sárú ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. Ar bhonn níos ginearálta, ní hí an cheist an raibh bunús níos fearr leis an gcinneadh atá faoi chonspóid ná le cinntí eile de chuid an Choimisiúin, ach an raibh bunús leordhóthanach leis.

33

Maidir leis an gcéad chuid den dara saincheist dlí, ní mór diúltú dó toisc é a bheith do‑ghlactha toisc gur ar éigean atá bunús leis nó go bhfuil sé soiléir. In aon chás, de réir Ryanair, níor léirigh Neos gur shaobh an Chúirt Ghinearálta na fíorais a líomhnaíonn sé agus níor thug sé ar aird aon fhianaise gur scrúdaigh an Coimisiún comhoiriúnacht an cheanglais maidir le luach saothair íosta le forálacha dhlí an Aontais seachas Airteagal 8 de Rialachán na Róimhe I. Dá bhrí sin, go háirithe i bhfianaise thábhacht an ghearáin a thaisc Cumann Aerlínte Ísealchostais na hIodáile i gcomhthéacs an chinnidh atá faoi chonspóid, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí maidir leis an measúnú ar raon feidhme na hoibleagáide atá ar an gCoimisiún cúiseanna a lua ina leith sin.

Measúnú na Cúirte Breithiúnais

34

Ní mór a mheabhrú, de réir cásdlí socair, go gcaithfidh an ráiteas ar na cúiseanna a cheanglaítear freisin leis an dara mír d’Airteagal 296 CFAE a bheith oiriúnach do chineál an ghnímh i dtrácht agus go gcaithfidh sé a léiriú go soiléir gan aon débhrí réasúnaíocht na hinstitiúide a ghlac an gníomh, chun a chur ar chumas na ndaoine lena mbaineann na cúiseanna atá leis an mbeart a glacadh a fháil amach agus don chúirt inniúil a hathbhreithniú a fheidhmiú. Braitheann na ceanglais atá le comhlíonadh leis an ráiteas ar chúiseanna ar imthosca gach cáis, go háirithe inneachar an ghnímh atá i gceist, cineál na gcúiseanna a tugadh agus an leas a d’fhéadfadh a bheith ag seolaithe an ghnímh, nó ag daoine eile a bhfuil baint dhíreach nó aonair acu leis, ann ó thaobh mínithe a fháil. Ní cheanglaítear go sonrófar sa ráiteas cúiseanna na hábhair fíorais agus dlí go léir atá ábhartha, ós rud é nach mór an cheist an gcomhlíonann an ráiteas cúiseanna le haghaidh gnímh ceanglais an dara mír d’Airteagal 296 CFAE a mheasúnú, ní hamháin i bhfianaise a fhoclaíochta, ach a chomhthéacs freisin agus na rialacha dlíthiúla go léir a rialaíonn an t‑ábhar lena mbaineann (breithiúnas an 23 Samhain 2023, Ryanair v an Coimisiún, C‑210/21 P, EU:C:2023:908, mír 105 agus an cásdlí dá dtagraítear).

35

I gcás, go háirithe, mar atá sa chás seo, nach ndéantar agóidí i gcoinne beart cabhrach le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 108(3) CFAE, bhí deis ag an gCúirt a shonrú cheana féin nach mór a lua i gcinneadh den sórt sin, a dhéantar laistigh de thréimhse ghearr, ach na cúiseanna a mheasann an Coimisiún nach bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha aige maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na cabhrach lena mbaineann leis an margadh inmheánach agus nach mór fiú ráiteas gonta ar na cúiseanna leis an gcinneadh sin a mheas a bheith leordhóthanach i bhfianaise na hoibleagáide cúiseanna a lua a leagtar síos leis an dara mír d’Airteagal 296 CFAE, a mhéid a nochtann sé go soiléir agus go haonchiallach na cúiseanna a mheas an Coimisiún nach raibh deacrachtaí den sórt sin roimhe, ós rud é nach mbaineann an cheist an bhfuil bunús maith leis na cúiseanna sin leis an gceanglas sin (breithiúnas an 23 Samhain 2023, Ryanair v an Coimisiún, C‑210/21 P, EU:C:2023:908, mír 106 agus an cásdlí dá dtagraítear).

36

I bhfianaise na gcritéar sin, is gá a scrúdú an ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag cinneadh go raibh an cinneadh atá faoi chonspóid curtha ó bhail mar gheall ar shárú ar oibleagáid an Choimisiúin cúiseanna a lua faoin dara mír d’Airteagal 296 CFAE.

37

Ar an gcéad dul síos, a mhéid, leis an tríú cuid den chéad shaincheist dlí, a dhéanann Neos gearán go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid den sórt sin agus í ag cinneadh, i mír 24 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nár nochtadh leis an gcinneadh atá faoi chonspóid ar bhealach soiléir agus aonchiallach an réasúnaíocht a thug ar an gCoimisiún a dhearbhú go raibh nasc doscaoilte idir an ceanglas luach saothair íosta agus an beart atá i gceist, in aithris 93 den chinneadh sin, agus nach raibh an ceanglas sin ina chuid dhílis de chuspóir an bhirt sin, in aithris 95 den chinneadh sin ‘araon’, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil na haithrisí sin le feiceáil sa chuid dheireanach den chinneadh atá faoi chonspóid, is é sin le rá, Roinn 3.3.5, ina bhfuil aithrisí 91 go 99 den chinneadh sin, atá dírithe go sonrach ar mheasúnú an Choimisiúin ar an mbeart atá i gceist i bhfianaise fhorálacha agus phrionsabail dhlí an Aontais seachas iad siúd a bhaineann le Státchabhair.

38

Roimh an measúnú sin, rinne an Coimisiún cur síos ar an mbeart atá i gceist, i Roinn 2 den chinneadh atá faoi chonspóid, agus luaigh sé, inter alia, a aidhm, eadhon, go bunúsach, cúiteamh a íoc as an damáiste a bhain d’aerlínte áirithe mar thoradh ar na srianta taistil a forchuireadh mar thoradh ar phaindéim COVID‑19, a bhunús, eadhon Airteagal 107(2)(b) CFAE, na bearta arna nglacadh ina leith sin ag na Ballstáit agus ag tríú Stáit maidir le heitiltí chuig an Iodáil nó ón tír sin, tionchar na mbeart sin ar aerlínte na hIodáile, na ceithre choinníoll incháilitheachta don bheart atá i gceist agus an damáiste atá incháilithe do chúiteamh, eadhon na glanchaillteanais a bhaineann go díreach leis na srianta sin, a fulaingíodh le linn na tréimhse ón 1 Márta go dtí an 15 Meitheamh 2020.

39

Maidir leis an scrúdú ar chomhoiriúnacht an bhirt atá i gceist le hAirteagal 107(2)(b) CFAE, chinn an Coimisiún, go bunúsach, i Ranna 3.3.3 agus 3.3.4 den chinneadh atá faoi chonspóid, gur bhain an beart sin le tarlú eisceachtúil, de réir bhrí na forála sin, gurbh ionann an tréimhse a chumhdaítear agus an tréimhse ina raibh na glanchaillteanais a d’fhulaing na haerlínte ina ndamáiste a bhí nasctha go díreach leis an tarlú sin agus go raibh an beart sin comhréireach, toisc nach ndeachaigh sé thar a raibh riachtanach chun an damáiste sin a chúiteamh.

40

Tar éis na chéad anailíse sin, rinne an Coimisiún scrúdú, sa chuid dheireanach den chinneadh atá faoi chonspóid, ar chomhoiriúnacht an bhirt atá i gceist le forálacha eile de dhlí an Aontais.

41

I ndáil leis sin, mheabhraigh sé ar dtús, ar thaobh amháin, in aithris 91 den chinneadh atá faoi chonspóid, an cásdlí ar dá réir nár cheart toradh atá contrártha d’fhorálacha sonracha CFAE a bheith mar thoradh ar an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 108 CFAE riamh. Mar sin, ní féidir a dhearbhú go bhfuil cabhair a sháraíonn forálacha ginearálta nó prionsabail dhlí an Aontais ag luí leis an margadh inmheánach (féach, chuige sin, inter alia, breithiúnais an 15 Aibreán 2008, Nuova Agricast, C‑390/06, EU:C:2008:224, míreanna 50 agus 51, agus an 23 Samhain 2023, Ryanair v an Coimisiún, C‑210/21 P, EU:C:2023:908, mír 82 agus an cásdlí dá dtagraítear).

42

Ar an taobh eile, mar a chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl i mír 22 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, rinne an Coimisiún tagairt, in aithris 92 den chinneadh sin, don chásdlí ar dá réir, i gcás ina bhfuil nasc chomh doscaoilte sin idir na rialacha mionsonraithe maidir le cabhair agus cuspóir na cabhrach nach bhféadfaí measúnú a dhéanamh orthu ina n‑aonar, nach mór measúnú a dhéanamh ar a n‑éifeacht ar chomhoiriúnacht nó ar neamh‑chomhoiriúnacht na cabhrach ina hiomláine leis an margadh inmheánach trí bhíthin an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108 CFAE (féach, chuige sin, inter alia, breithiúnais an 22 Márta 1977, Iannelli & Volpi, 74/76, EU:C:1977:51, mír 14, agus an 23 Samhain 2023, Ryanair v an Coimisiún, C‑210/21 P, EU:C:2023:908, mír 83 agus an cásdlí dá dtagraítear).

43

Ina dhiaidh sin, sa mhír chéanna den bhreithiúnas atá faoi achomharc, thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara, in aithris 93 den chinneadh atá faoi chonspóid, gur chinn an Coimisiún go raibh ‘dlúthbhaint’ ag na ceithre choinníoll incháilitheachta don bheart atá faoi chonspóid leis de réir bhrí an chásdlí sin.

44

Mar aon leis sin, thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara, i mír 23 den bhreithiúnas sin, gur chuir an Coimisiún in iúl, in aithris 95 den chinneadh atá faoi chonspóid, go raibh cúis ar leith ann chun scrúdú a dhéanamh ar an gceathrú cuid de na coinníollacha incháilitheachta sin, a bhaineann leis an gceanglas maidir le luach saothair íosta, agus gur mheas sé nach raibh an ceanglas sin ‘ina chuid dhílis de chuspóir an bhirt atá i gceist’, ós rud é, go bunúsach, gurbh é a aidhm a áirithiú go ráthódh na gnóthais a bhaineann tairbhe as an mbeart sin cosaint pá íosta dá n‑oibrithe a raibh a mbunáit bhaile san Iodáil, i gcomhréir le dlí na hIodáile, sular tháinig sé ar an gconclúid nach mór, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht an cheanglais sin i bhfianaise ‘forálacha ábhartha eile de dhlí an Aontais’.

45

Ar deireadh, mar a luaitear i mír 25 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Coimisiún, tar éis dó measúnú a dhéanamh, in aithrisí 96 go 98 den chinneadh atá faoi chonspóid, ar an gceanglas maidir le luach saothair íosta i bhfianaise Airteagal 8(1) de Rialachán na Róimhe I, in aithris 99, gur chomhlíon an ceanglas sin prima facie an chosaint a tugadh d’fhostaithe leis an Rialachán sin agus nárbh ionann é agus sárú ar fhorálacha eile de dhlí an Aontais.

46

Is sa chomhthéacs sin a mhaíonn an t‑iarratasóir go bhfuil earráid dlí ag baint le measúnú na Cúirte Ginearálta i mír 24 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ar dá réir, agus an méid sin á dhéanamh aige, gur mhainnigh an Coimisiún na cúiseanna leis an gcinneadh atá faoi chonspóid a lua, in aithrisí 93 agus 95 den bhreithiúnas sin, de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá, trí mhainneachtain an réasúnaíocht ba bhun leis an gcinneadh a nochtadh go soiléir agus go haonchiallach go raibh dlúthbhaint ag an gceanglas maidir le luach saothair íosta leis an mbeart atá i gceist agus nach raibh sé ina dhlúthchuid de chuspóir an bhirt sin araon.

47

Ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, maidir le cinneadh gan agóidí a dhéanamh i gcoinne beart cabhrach i gcomhthéacs an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 108(3) CFAE, gur faoin gCúirt Ghinearálta a bhí sé, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 35 den bhreithiúnas seo, a fháil amach an raibh na cúiseanna lenar mheas an Coimisiún nach raibh deacrachtaí tromchúiseacha aige maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht an bhirt atá i gceist leis an margadh inmheánach sa chinneadh atá faoi chonspóid.

48

Mar is léir ó mhíreanna 38 go 40 agus 45 den bhreithiúnas seo, shonraigh an Coimisiún na cúiseanna ar mheas sé go raibh sé sin amhlaidh, eadhon gur chomhlíon an beart sin na coinníollacha chun Airteagal 107(2)(b) CFAE a chur i bhfeidhm agus go raibh sé comhréireach leis an damáiste ar iarradh cúiteamh ina leith, seachas gur chosúil nach raibh coinníoll incháilitheachta don bheart sin, a mheas an Coimisiún gur ghá é a scrúdú i bhfianaise fhorálacha dhlí an Aontais seachas na forálacha sin a bhaineann le Státchabhair, contrártha d’aon cheann de na forálacha sin.

49

Gan aird a thabhairt ar na heilimintí sin go léir den chinneadh atá faoi chonspóid, tá measúnú na Cúirte Ginearálta i mír 24 den bhreithiúnas atá faoi achomharc mar thoradh ar scrúdú ar na cúiseanna leis an gcinneadh sin nach bhfuil aird aige ar an gcritéar faoinar ghá measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht na gcúiseanna leis an gcinneadh sin.

50

Ar an dara dul síos, mar a tugadh faoi deara i míreanna 41 go 44 den bhreithiúnas seo, léirítear sna cúiseanna leis an gcinneadh atá faoi chonspóid cén fáth ar chinn an Coimisiún gur ghá an ceanglas maidir le luach saothair íosta a mheas i bhfianaise fhorálacha dhlí an Aontais seachas na forálacha sin a bhaineann le Státchabhair, eadhon nach raibh an ceanglas sin ina dhlúthchuid de chuspóir an bhirt atá i gceist. Murab ionann agus an méid a mheas an Chúirt Ghinearálta go hintuigthe i mír 24 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ní fhéadfaí a cheangal ar an gCoimisiún cúiseanna níos mionsonraithe leis an gcinneadh sin a sholáthar, ná fiú an gaol a d’fhéadfadh a bheith ann idir an cinneadh sin agus an cinneadh roimhe sin go raibh na coinníollacha incháilitheachta go léir don bheart sin nasctha go doscaoilte leis.

51

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 35 den bhreithiúnas seo, go bhféadfadh na cúiseanna le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 108(3) CFAE gan agóidí a dhéanamh i gcoinne beart cabhrach a bheith gonta.

52

Ina theannta sin, leanann sé go hintuigthe ach go riachtanach ó aithrisí 93 agus 95 den chinneadh atá faoi chonspóid gur mheas an Coimisiún go raibh air anailís bhreise a dhéanamh ar an gceanglas maidir le luach saothair íosta i bhfianaise fhorálacha dhlí an Aontais seachas na forálacha sin a bhaineann le Státchabhair. Ba léir mar sin go raibh réasúnaíocht an Choimisiúin soiléir agus aonchiallach go leor.

53

Ní mór béim a leagan ar an bhfíoras nach bhfuil an cheist an bhfuil bunús maith leis na cúiseanna le beart ábhartha don mheasúnú ar cé acu is leor nó nach leor na cúiseanna sin. Dá bhrí sin, fiú má ghlactar leis go bhfuil earráid dlí ag baint le cómhaireachtáil na gcinntí in aithrisí 93 agus 95 den chinneadh atá faoi chonspóid, ní féidir pionós a ghearradh ar an gcinneadh sin in aon chás faoin oibleagáid cúiseanna a lua a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 296 CFAE.

54

Leanann sé ón méid sin roimhe seo go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí, i mír 24 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nár chomhlíon an cinneadh atá faoi chonspóid, agus go háirithe aithrisí 93 agus 95 de, an ceanglas maidir le cúiseanna a lua a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 296 CFAE.

55

Sa dara háit, leis an gcéad chuid den dara saincheist dlí, cáineann Neos, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí, go háirithe i míreanna 26, 27 agus 34 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur mhainnigh an Coimisiún a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le cúiseanna a lua sa mhéid nár mhínigh sé cén fáth gurbh é Airteagal 8 de Rialachán na Róimhe I an t‑aon fhoráil ábhartha seachas Airteagail 107 agus 108 CFAE, a raibh air scrúdú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht an cheanglais maidir le luach saothair íosta ina fianaise, agus ní, go háirithe, Airteagal 56 CFAE lena gcumhdaítear an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar.

56

I ndáil leis sin, mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 41 den bhreithiúnas seo, ní cheart toradh atá contrártha d’fhorálacha sonracha CFAE a bheith mar thoradh ar an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 108 CFAE riamh. Mar sin, ní féidir a dhearbhú go bhfuil cabhair a sháraíonn forálacha ginearálta nó prionsabail dhlí an Aontais ag luí leis an margadh inmheánach.

57

Sa chás seo, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, cé nach n‑áirítear leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, ag féachaint go háirithe d’aithrisí 96 go 99 de, scrúdú mionsonraithe ar chomhoiriúnacht an cheanglais maidir le luach saothair íosta ach amháin i bhfianaise Airteagal 8 de Rialachán na Róimhe I, ní leanann sé, mar sin féin, mar a thug Neos faoi deara mar is ceart, gurb í an t‑aon fhoráil de dhlí an Aontais í a mheas an Coimisiún a bheith ábhartha chun críocha an scrúdaithe sin. In aithris 99 den chinneadh atá faoi chonspóid, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an ceanglas maidir le luach saothair íosta i gcomhréir prima facie le Rialachán na Róimhe I agus ‘nach raibh sé ina shárú ar fhorálacha eile de dhlí an Aontais’.

58

Ar an dara dul síos, murab ionann agus an méid a chinn an Chúirt Ghinearálta, go háirithe i míreanna 26, 27 agus 34 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ní hionann oibleagáid an Choimisiúin cúiseanna a lua, in aon chás, agus údar a thabhairt i ngach cás cén fáth nach ndearnadh scrúdú sainráite ar chomhoiriúnacht birt cabhrach i bhfianaise forálacha áirithe nó prionsabail áirithe de dhlí an Aontais seachas na rialacha maidir le Státchabhair agus, dá bhrí sin, a thuairimí a chur in iúl maidir lena n‑ábharthacht chun críocha scrúdaithe den sórt sin.

59

I bhfianaise líon an‑mhór forálacha agus prionsabal de dhlí an Aontais a d’fhéadfaí a shárú trí chabhair a dheonú, ní féidir a cheangal ar an gCoimisiún, murach sin, éifeachtacht an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108 CFAE, nó fiú an fhéidearthacht cinneadh a dhéanamh i bhfabhar cabhrach ag deireadh na céime réamhscrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 108(3) CFAE, a chur i mbaol, agus dá bhrí sin, gan nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a thionscnamh, lena soláthraítear cúiseanna sonracha maidir le gach ceann acu, agus, sa chás seo, maidir le hAirteagal 56 CFAE.

60

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ag féachaint don ghá atá leis an gcomhthéacs a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar an gceanglas cúiseanna a lua, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 34 den bhreithiúnas seo, go dtugtar le tuiscint le cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil beart cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcomhthéacs nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 108 CFAE, inter alia, más léir, mar atá sa chás seo, ó na cúiseanna lena mbaineann go ndearna an Coimisiún measúnú ar an mbeart cabhrach lena mbaineann i bhfianaise na bhforálacha nó na bprionsabal sin, gur mheas sé nach raibh na forálacha agus na prionsabail sin ábhartha i bhfianaise an bhirt sin nó, in aon chás, nár sáraíodh iad.

61

Leanann sé ón méid sin roimhe seo go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí freisin nuair a chinn sí, i míreanna 26, 27 agus 34 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur mhainnigh an Coimisiún a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le cúiseanna a lua sa mhéid nár mhínigh sé cén fáth gurbh é Airteagal 8 de Rialachán na Róimhe I an t‑aon fhoráil ábhartha seachas Airteagail 107 agus 108 CFAE, a raibh air scrúdú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht an cheanglais maidir le luach saothair íosta ina fianaise, agus ní, go háirithe, Airteagal 56 CFAE.

62

I bhfianaise na mbreithnithe sin go léir, ní mór seasamh leis an tríú cuid den chéad saincheist dlí agus leis an gcéad chuid den dara saincheist dlí agus, dá bhrí sin, ní mór an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní, gan gá a bheith ann scrúdú a dhéanamh ar an ngearán lena n‑éilítear saobhadh ar na fíorais a ardaíodh sa chuid dheireanach sin nó i gcodanna eile de na saincheisteanna dlí sin.

An chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta

63

Faoin dara habairt den chéad mhír d’Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, i gcás ina gcuirfear breith na Cúirte Ginearálta ar neamhní, breithiúnas críochnaitheach a thabhairt ar an díospóid má cheadaíonn staid na n‑imeachtaí a leithéid.

64

Is amhlaidh atá, sa chás seo, leis an gcéad chuid den cheathrú saincheist dlí, lena n‑éilítear sárú ar oibleagáid an Choimisiúin cúiseanna a lua faoin dara mír d’Airteagal 296 CFAE, maidir le mainneachtain an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar an mbeart atá i gceist, go háirithe maidir leis an gceanglas maidir le luach saothair íosta, i bhfianaise forálacha nó prionsabail áirithe de dhlí an Aontais seachas iad siúd lena rialaítear Státchabhair go sonrach, amhail prionsabal an neamh‑idirdhealaithe, an tsaoirse bunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar.

65

Leanann sé ó na breithnithe a leagtar amach i míreanna 34 go 60 den bhreithiúnas seo nach mór diúltú don chuid sin toisc í a bheith gan bhunús.

66

Os a choinne sin, maidir leis an dara cuid den cheathrú saincheist dlí agus den chéad saincheist dlí, lena n‑éilítear, ar an gcéad dul síos, sárú ar phrionsabal an neamh‑idirdhealaithe ar fhorais náisiúntachta, saorsholáthar seirbhísí agus saoirse bunaíochta, den dara saincheist dlí, lena n‑éilítear sárú ar Airteagal 107(2)(b) CFAE agus earráid fhollasach mheasúnaithe ar chomhréireacht na cabhrach i bhfianaise an damáiste a rinneadh de dheasca phaindéim COVID‑19, agus den tríú saincheist dlí, lena n‑éilítear sárú ar chearta nós imeachta Ryanair toisc gur diúltaíodh an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a thionscnamh in ainneoin amhras tromchúiseach a bheith ann maidir le comhoiriúnacht an bhirt atá i gceist leis an margadh inmheánach, ní cheadaíonn staid na n‑imeachtaí breith ón gCúirt.

67

Éilítear leis na saincheisteanna dlí sin, a bhaineann le tuillteanais an chinnidh atá faoi chonspóid den chuid is mó, nár scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta, measúnuithe fíorasacha casta a dhéanamh, nach bhfuil an fhaisnéis go léir is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais ina leith.

68

Dá bhrí sin, ní mór an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun rialú a thabhairt ar na saincheisteanna dlí dá dtagraítear i mír 66 den bhreithiúnas seo agus na costais a fhorchoimeád.

 

Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt (an Ceathrú Dlísheomra):

 

1.

Cuirtear breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 24 Bealtaine 2023, Ryanairvan Coimisiún(an Iodáil; scéim cabhrach; COVID‑19) (T‑268/21, EU:T:2023:279) ar neamhní.

 

2.

Tarchuirtear an cás chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh rialú ar an gcéad saincheist dlí go dtí an tríú saincheist dlí agus ar an dara cuid den cheathrú saincheist dlí de Ryanair DAC.

 

3.

Forchoimeádtar na costais.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.