Cás C-460/23 [Kinsa] ( i )

OB

v

Procura della Repubblica

(iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Milano)

Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 3 Meitheamh 2025

(Tarchur chun réamhrialú – Limistéar saoirse, slándála agus ceartais – Seiceálacha ag teorainneacha, tearmann agus inimirce – Treoir 2002/90/CE – Cion ginearálta arb é atá ann iontráil, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe a éascú – Airteagal 1(1)(a) – Léiriú i gcomhréir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 7 – Urraim don saol príobháideach don saol teaghlaigh – Airteagal 24 – Cearta an linbh – Airteagal 52(1) – Tionchar ar bhunbhrí na gceart bunúsach – Airteagal 18 – An ceart chun tearmainn – Duine a thugann mionaoiseach atá á dtionlacan ar náisiúnaigh tríú tír iad agus a bhfuil sé nó sí freagrach as cúram iarbhír ina leith isteach go neamhúdaraithe i gcríoch Ballstáit)

Seiceálacha ag teorainneacha, tearmann agus inimirce – Beartas inimirce – Cosc a chur le héascú ar theacht isteach, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe – Cion ginearálta arb é atá ann iontráil neamhúdaraithe a éascú – Coincheap – Duine a thugann mionaoisigh atá á dtionlacan ar náisiúnaigh tríú tír iad agus atá faoina chúram iarbhír isteach go neamhúdaraithe i gcríoch Ballstáit – Eisiamh – Reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar coir as an iompar sin – Do-ghlacthacht – An ceart go ndéanfar an saol teaghlaigh a urramú – Oibleagáid leas an linbh a chur san áireamh

[An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 7, 18, 24 agus 52(1); Treoir 2002/90 ón gComhairle, Airteagal 1(1)(a)].

(féach míreanna 43-73, agus an chuid oibríochtúil)

Résumé

Maidir leis an tarchur chun réamhrialú ón Tribunale di Bologna (an Chúirt Dúiche, Bologna, an Iodáil, sonraíonn an Chúirt Bhreithiúnais, ina suí di mar Mhór-Dhlísheomra, ar an gcéad dul síos, go bhfuil sé d’éifeacht ag léiriú ar Airteagal 1(1)(a) de Threoir 2002/90 i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 24 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), go n-eisiafaí ó raon feidhme an chiona maidir le hiontráil neamhúdaraithe a éascú, de réir bhrí na forála sin, iompar duine a thugann mionaoisigh atá á dtionlacan ar náisiúnaigh tríú tír iad agus a bhfuil sé freagrach as cúram iarbhír a dhéanamh ina leith isteach i gcríoch Bhallstáit, de shárú ar na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha. Measann an Chúirt Bhreithiúnais, ar an dara dul síos, go gcuirtear cosc leis na hAirteagail sin ar reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar coir as iompar den sórt sin.

An 27 Lúnasa 2019, chuir OB, náisiúnach tríú tír, a raibh beirt mhionaoiseach ar náisiúnaigh den tríú tír chéanna iad in éineacht léi, í féin i láthair le pasanna bréagacha ag teorainn aerfort Bologna (an Iodáil), ar theacht d’eitilt ó thríú tír. Ba iad na leanaí sin a hiníon agus a neacht, agus tugadh coimeád don neacht sin di tar éis bhás a máthar.

An 28 Lúnasa 2019, gabhadh OB agus cuireadh an bheirt mhionaoiseach in áras altrama. Osclaíodh nós imeachta i gcoinne OB os comhair na Cúirte Dúiche, Bologna, arb í an chúirt a rinne an tarchur, mar gheall ar an gcion maidir le hiontráil neamhúdaraithe ar chríoch náisiúnta a éascú do náisiúnaigh tríú tír, dá bhforáiltear le hAirteagal 12(1) den Téacs Comhdhlúite maidir le hinimirce, lena ndéantar Airteagal 1(1)(a) de Threoir 2002/90 ( 1 )a thrasuí i ndlíchóras na hIodáile, agus mar gheall ar chion seilbhe doiciméad aitheantais bréagach, dá bhforáiltear le Cód Coiriúil na hIodáile. Os a choinne sin, níl OB faoi réir imeachtaí coiriúla maidir le hiontráil neamhúdaraithe san Iodáil.

An 29 Lúnasa 2019, ag an éisteacht lenar bailíochtaíodh an ghabháil os comhair an Bhreithimh Imscrúdaitheora Choiriúil sa Chúirt Dúiche, Bologna, dúirt OB gur theith sí óna tír thionscnaimh chun na bagairtí báis óna hiarpháirtí agus go raibh imní uirthi faoi shláine coirp na mionaoiseach a bhí in éineacht léi.

Rinne an Breitheamh Imscrúdaitheora Choiriúil gabháil OB a bhailíochtú, ach dhiúltaigh sé don iarraidh ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí lenar iarradh í a chur faoi choimeád.

An 9 Deireadh Fómhair 2019, rinne OB iarratas ar chosaint idirnáisiúnta

Is léir ó chinntí na cúirte a rinne an tarchur gur cuireadh na mionaoisigh faoi ‘fhreagracht’ agus faoi ‘chosaint’ OB. Measann an chúirt sin go gcomhfhreagraíonn iompar OB leis an gcion dá bhforáiltear le hAirteagal 12(1) den Téacs Comhdhlúite maidir le hinimirce agus nach gcumhdaítear an t-iompar sin leis an eisceacht dá bhforáiltear le mír 2 den Airteagal sin ( 2 ). Iarrann an chúirt sin an bhféadfaí iompar den sórt sin a aicmiú, áfach, mar ghníomh arna dhéanamh chun críoch ‘cúnaimh dhaonnúil’ de réir bhrí Airteagal 1(2) de Threoir 2002/90 ( 3 ), agus an bhféadfadh sé nach dtiocfadh an t-iompar sin faoin gcion ginearálta maidir le hiontráil neamhúdaraithe a éascú dá bhforáiltear le hAirteagal 1(1)(a) den Treoir sin, ós rud é go bhféachtar leis na mionaoisigh lena mbaineann a éascú a gcearta a ráthaítear leis an gCairt a fheidhmiú ( 4 ).

Agus í ag tabhairt dá haire nach bhforáiltear le Treoir 2002/90 ach don cheart, seachas don oibleagáid, gan iompar atá beartaithe chun éascú iontrála neamhúdaraithe ar a gcríoch a choiriúlú, nuair is é is aidhm don iompar sin ‘cúnamh daonnúil’ a chur ar fáil, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, inter alia, faoi bhailíocht Airteagal 1 den Treoir sin, i bhfianaise na Cairte, agus faoi léiriú an Airteagail sin, d’fhonn a chinneadh an gcuirtear bac leis ar na forálacha naisiúnta maidir le trasuíomh.

Measúnú na Cúirte Breithiúnais

Meabhraíonn an Chúirt nach mór gníomh de chuid an Aontais a léiriú, a mhéid is féidir, i gcomhréir leis an dlí príomha ina iomláine agus, go háirithe, le forálacha na Cairte. Maidir leis na fíorais sna príomhimeachtaí, tá tábhacht chinntitheach ag baint le hAirteagail 7, 18 agus 24 den Chairt chun na ceisteanna a tharchuirtear a fhreagairt. Thairis sin, tá na ceisteanna a tharchuirtear bunaithe ar an mbonn go dtagann an t-iompar atá i gceist sna príomhimeachtaí faoin gcion ginearálta maidir le hiontráil neamhúdaraithe a éascú, mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1)(a) de Threoir 2002/90.

Mar sin, scrúdaíonn an Chúirt an cheist an gcaithfear Airteagal 1(1)(a) de Threoir 2002/9, arna léamh i bhfianaise, go háirithe, Airteagail 7, 18 agus 24 den Chairt a léiriú sa chaoi nach dtagann iompar duine a thugann mionaoisigh ar náisiúnaigh tríú tír iad agus a bhfuil sé freagrach as cúram iarbhír a dhéanamh ina leith isteach i gcríoch Bhallstáit, de shárú ar na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha faoi raon feidhme an chiona ghinearálta maidir le hiontráil neamhúdaraithe a éascú.

Tá an fhoráil thuas faoi réir léirithe éagsúla mar gheall ar an bhfoclaíocht oscailte atá inti. Cé nach dtagraítear go sainráite san fhoráil sin don iompar atá i gceist sna príomhimeachtaí, ní chuirtear cosc sainráite leis, arna glacadh aisti féin, ar léiriú ar dá réir a thagann iompar den sórt sin faoi raon feidhme an chiona ghinearálta dá bhforáiltear ann.

Mar sin féin, ní féidir glacadh leis an léiriú sin.

Ar an gcéad dul síos, bheadh an léiriú sin contrártha le cuspóirí Threoir 2002/90. Go deimhin, ní hionann iompar amhail iompar OB agus éascú inimirce neamhdhlíthiúil, ach leanann sé as glacadh na freagrachta pearsanta atá uirthi i ndáil leis an gcúram a fheidhmíonn sí i ndáil leis na mionaoisigh sin.

Ar an dara dul síos, maidir le hAirteagail 7 agus 24 den Chairt, nach mór Airteagal 1(1)(a) de Threoir 2002/90 a léiriú ina bhfianaise, ní féidir an t-iompar atá i gceist teacht faoi raon feidhme an chiona ghinearálta maidir le hiontráil neamhúdaraithe a éascú, lena n-áirítear i gcás ina ndeachaigh an duine sin isteach go neamhúdaraithe sa chríoch sin.

Bheadh cur isteach thar a bheith tromchúiseach ar an gceart go ndéanfar an saol teaghlaigh agus cearta an linbh a urramú, a chumhdaítear, faoi seach, sna hAirteagail thuasluaite den Chairt, mar thoradh ar aon léiriú eile ar an bhforáil sin, a mhéid a ndéanfadh sé dochar do bhunbhrí na gceart bunúsach sin, de réir bhrí Airteagal 52(1) den Chairt.

Go deimhin, dá nglacfaí leis go bhféadfar pionós a ghearradh ar dhuine mar gheall ar chabhair a thabhairt do mhionaoisigh, a bhfuil sé freagrach as an gcúram iarbhír ina leith, iontráil go neamhúdaraithe i gcríoch Bhallstáit, dhéanfaí dochar don bhunbhrí sin.

Le hiompar den sórt sin, tá duine amhail OB teoranta, i bprionsabal, d’oibleagáid a ghlacadh i gcleachtas ar gné dhílis í den fhreagracht phearsanta sin é, bunaithe ar a chaidreamh teaghlaigh leis na mionaoisigh sin, d’fhonn an chosaint agus an cúram is gá a sholáthar dóibh ar mhaithe lena ndea-bhail agus lena bhforbairt. Is léiriú sonrach aonuaire é iompar an duine sin, ar an bhfreagracht ghinearálta atá ag an duine sin as na mionaoisigh sin.

Dá bhrí sin, ionas nach mbainfear an bonn de bhunbhrí an na gceart a chumhdaítear le hAirteagail 7 agus 24 den Chairt, ní féidir é a bheith d’aidhm ag Airteagal 1(1)(a) de Threoir 2002/90 go ndéanfaí iompar amhail iompar OB a aicmiú mar ‘iontráil neamhúdaraithe a éascú’ sa chríoch sin agus coir a dhéanamh as dá bhrí sin.

Ar deireadh, tá gá leis an léiriú sin chomh maith i bhfianaise Airteagal 18 den Chairt ( 5 ), atá ábhartha i gcás ina bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta, amhail atá déanta ag OB, an duine lena mbaineann, tar éis dó iontráil i gcríoch an Bhallstáit atá i gceist.

Ní mór aitheantas a thabhairt don cheart atá ag gach náisiúnach tríú tír iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta ar chríoch Bhallstáit, lena n-áirítear ag a theorainneacha nó ina limistéir idirthurais, fiú má tá sé nó sí ag fanacht go neamhdhleathach ar an gcríoch sin, gan beann ar an dóchúlacht go n-éireoidh lena iarratas. Chomh luath is a dhéantar iarratas den chineál sin, ní féidir a mheas, i bprionsabal, go bhfuil an t-iarratasóir ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, go dtí go ndéanfar cinneadh maidir lena iarratas ag an gcéad chéim, ach amháin má dhéantar éifeachtacht an chirt chun tearmainn, mar a ráthaítear le hAirteagal 18 den Chairt, a chur i mbaol. Féadfadh bearta a bhfuil sé d'éifeacht acu, gan údar réasúnach, náisiúnach tríú tír a dhíspreagadh ó iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh chuig na húdaráis náisiúnta, an bonn a bhaint d’éifeachtacht an chirt chun tearmainn.

Sa chás seo, tá cearta ag OB a eascraíonn as iarratas den sórt sin a dhéanamh agus nach bhféadfadh sí a bheith neamhchosanta ar phionóis choiriúla mar gheall ar a hiontráil neamhúdaraithe féin i gcríoch na hIodáile nó toisc go raibh a hiníon agus a neacht in éineacht léi, tráth na hiontrála sin, a bhfuil cúram iarbhír aici ina leith.

Measann an Chúirt nach bhfuil gá, sna himthosca sin, scrúdú a dhéanamh ar bhailíocht Airteagal 1 de Threoir 2002/90 ná léiriú a dhéanamh ar mhír 2 den Airteagal sin, a bhaineann leis an díolúine ó dhliteanas coiriúil i gcásanna inarb é cuspóir an iompair atá i gceist cúnamh daonnúil a chur ar fáil don duine lena mbaineann.

Ina theannta sin, i bhfianaise cheisteanna na cúirte a rinne an tarchur maidir le comhoiriúnacht na forála náisiúnta le dlí an Aontais lenar trasuíodh, go háirithe, Airteagal 1(1)(a) de Threoir 2002/90 i ndlíchóras na hIodáile, meabhraíonn an Chúirt Bhreithiúnais, agus bearta lena dtrasuitear treoir á gcur chun feidhme acu, nach mór do chúirteanna na mBallstát, ní hamháin a ndlí náisiúnta a léiriú ar bhealach atá i gcomhréir leis an Treoir sin, ach a áirithiú freisin nach mbeadh siad ag brath ar léiriú ar an Treoir sin a bheadh contrártha leis na cearta bunúsacha atá faoi chosaint ag dlíchóras an Aontais nó leis na prionsabail ghinearálta eile a aithnítear sa dlíchóras sin.

Dá bhrí sin, agus Airteagal 1(1)(a) de Threoir 2002/90 á thrasuí, lena saothraítear an cion ‘inimirce neamhdhlíthiúil’ a shainmhíniú ar bhealach beacht, ní féidir leis na Ballstáit rialacha a thabhairt isteach sa dlí náisiúnta a théann thar raon feidhme an chiona sin, mar a shainmhínítear leis an bhforáil sin, trí iompar nach gcumhdaítear leis an bhforáil sin a chur san áireamh, de shárú ar Airteagail 7, 24 agus 52(1) den Chairt.

Thairis sin, is leor Airteagail 7 agus 24 dóibh féin agus ní gá iad a shoiléiriú le forálacha dhlí an Aontais ná leis an dlí náisiúnta chun cearta a thabhairt do dhaoine aonair ar féidir brath orthu amhlaidh. Dá bhrí sin, dá gcinnfeadh an chúirt a rinne an tarchur nach féidir a dlí náisiúnta a léiriú ar bhealach atá i gcomhréir le dlí an Aontais, cheanglófaí uirthi, laistigh de theorainneacha a dlínse, an chosaint dhlíthiúil a eascraíonn as na hAirteagail sin a áirithiú agus lánéifeacht na n-Airteagal sin a ráthú trí Airteagal 12 den Téacs Comhdhlúite maidir le hinimirce a dhífheidhmiú, más gá.


( i ) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí..

( 1 ) Decreto legislativo n. 286 - Testo unico delle disposizioni concernenti la disciplina dell’immigrazione e norme sulla condizione dello straniero (Foraithne Reachtach Uimh. 286 lena leagtar síos téacs comhdhlúite na bhforálacha maidir le rialú inimirce agus na rialacha a bhaineann le staid náisiúnach eachtrach), an 25 Iúil 1998 (GURI Uimh. 191 an 18 Lúnasa 1998, Gnáthfhorlíonadh Uimh. 139), sa leagan is infheidhme maidir leis na fíorais sna príomhimeachtaí .

( 2 ) Foráiltear leis an bhforáil sin nach mbeidh ‘na gníomhartha fóirithinte agus cúnaimh dhaonnúil a sholáthraítear san Iodáil d’eachtrannaigh atá i staid leochaileach agus atá ar chríoch an Stáit ar aon nós ina gcion.’

( 3 ) De réir na forála sin, ‘[f]éadfaidh aon Bhallstát a chinneadh gan smachtbhannaí a fhorchur i leith an iompair a shainítear i mír 1(a) trína dhlí náisiúnta agus a chleachtas náisiúnta a chur i bhfeidhm i gcásanna inarb é cuspóir an iompair sin cúnamh daonnúil a sholáthar don duine lena mbaineann’. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

( 4 ) Mar shampla, ar an gcéad dul síos, a gceart chun na beatha agus chun saoirse agus slándála, ós rud é go bhfuil na cearta sin i mbaol ina dtír thionscnaimh, ar an dara dul síos, a gceaart go ndéanfar a saol teaghlaigh a urramú, ag féachaint don nasc idir tuismitheoir agus leanbh agus an nasc teaghlaigh atá ann idir OB agus na mionaoisigh sin, agus ar an tríú dul síos, a gceart chun tearmainn, i ndáil le hiarratas OB ar chosaint idirnáisiúnta.

( 5 ) De bhun na forála sin, ráthaítear an ceart chun tearmainn i gcomhréir le rialacha Choinbhinsiún na Giéive agus i gcomhréir le CAE agus CFAE. Tá comhlíonadh na rialacha sin ina cheangal ar na Ballstáit agus Treoir 2002/90 agus Cinneadh Réime 2002/946 araon á gcur chun feidhme acu.