Cás C‑438/23
Protéines France
agus
Union végétarienne européenne (EVU)
agus
Association végétarienne de France (AVF)
agus
Beyond Meat Inc.
v
Ministre de l’Économie, des Finances et de la Souveraineté industrielle et numérique
(Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Chomhairle Stáit, an Fhrainc))
Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 4 Deireadh Fómhair 2024
(Tarchur chun réamhrialú – Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 – Faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí – Airteagal 2(2)(n) go (p) agus Airteagail 7, 9 agus 17 – Cóirchleachtais a bhaineann le ainmneacha bianna – Ainmneacha dlíthiúla, gnáthainmneacha agus ainmneacha tuairisciúla – Comhchodanna nó comhábhair bia a ionadú – Airteagal 38(1) – Ábhair a chomhchuibhítear go sonrach – Bearta náisiúnta lena dtoirmisctear ainmneacha a bhaineann le feoil a úsáid chun táirge ina bhfuil próitéiní plandúla a ainmniú)
Comhfhogasú reachtaíochta – Faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí – Rialachán Uimh. 1169/2011 – Faisnéis shainordaitheach bhia – Sonra sainordaitheach d’ainm dlíthiúil, gnáthainm nó ainm tuairisciúil an bhia – Bianna ina bhfuil próitéiní plandúla a mhargú nó a chur chun cinn – Úsáid ainmneacha a bhaineann le feoil a d’fhéadfadh na tomhaltóirí a chur ar mhíthreoir – Ábhar a chomhchuibhítear go sonrach – Bearta náisiúnta a ghlacadh nach bhforáiltear d’ainm dlíthiúil ach lena dtoirmisctear ainmneacha a bhaineann le feoil a úsáid chun táirge ina bhfuil próitéiní plandúla a ainmniú – Do-ghlacthacht
(Rialachán Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 2(2)(o) agus (p), Airteagal 7, Airteagal 9(1)(a), Airteagal 17, Airteagal 38(1) agus Iarscríbhinn VI)
(féach míreanna 61-66, 68-73, 77, 78, 80-84, 90-96, mír 1 den chuid oibríochtúil)
Comhfhogasú reachtaíochta – Faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí – Rialachán Uimh. 1169/2011 – Smachtbhannaí riaracháin náisiúnta a ghlacadh i gcás sárú ar an Rialachán nó ar bhearta náisiúnta atá i gcomhréir leis – Inghlacthacht – Beart náisiúnta a ghlacadh chun uasleibhéil próitéiní plandúla a shocrú a cheadaítear chun bia a ainmniú trí ghnáthainmneacha nó ainmneacha tuairisciúla a bhaineann le feoil a úsáid – Do-ghlacthacht
(Rialachán Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 38(1))
(féach míreanna 104 agus 105, mír 2 den chuid oibríochtúil)
Résumé
Forbraíonn an Chúirt, agus í ag éisteacht le tarchur chun réamhrialú ón Conseil d’État (an Chomhairle Stáit, an Fhrainc), a cásdlí maidir leis an gcoincheap ‘comhchuibhiú sonrach’ de réir bhrí Airteagal 38(1) de Rialachán Uimh. 1169/2011 ( 1 ), lena gcuirtear cosc, i bprionsabal, ar na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh.
Thug Protéines France, a dhéanann ionadaíocht ar leasanna gnóthas atá gníomhach ar mhargadh próitéiní plandaí na Fraince, Union végétarienne européenne (Aontas Feoilséantóirí na hEorpa; ‘EVU’), Association végétarienne de France (Cumann Feoilséantóirí na Fraince; ‘AVF’), a chuireann an veigeatóireachas chun cinn, agus Beyond Meat, a mhonaraíonn agus a mhargaíonn táirgí ina bhfuil próitéiní plandúla, caingne os comhair an Conseil d’État (an Chomhairle Stáit, an Fhrainc) ag iarraidh go gcuirfí ar neamhní an fhoraithne (‘an fhoraithne atá i gceist’) a bhaineann le húsáid ainmneacha áirithe a úsáidtear chun bianna ina bhfuil próitéiní plandúla a ainmniú ( 2 ).
Trína gcaingne, d’áitigh siad gur sháraigh an fhoraithne atá i gceist, lena dtoirmisctear, chun táirgí próiseáilte ina bhfuil próitéiní plandúla a ainmniú, ainmneacha amhail ‘stéig’ nó ‘ispín’ a úsáid, gan agus fiú le sonraí breise a chur ann, roinnt forálacha de Rialachán Uimh. 1169/2011.
Le linn na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais, ghlac údaráis na Fraince foraithne nua ( 3 ) lena bhforáiltear d’aisghairm na foraithne atá i gceist. Tar éis don Chúirt iarraidh ar fhaisnéis a sheoladh chuici, dhearbhaigh an Conseil d’État (an Chomhairle Stáit, an Fhrainc) go raibh an freagra ar na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú fós cinntitheach chun an díospóid atá os a comhair a réiteach.
Measúnú na Cúirte Breithiúnais
Mar réamhphointe, i bhfianaise na faisnéise a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, ar dá réir, go háirithe, go bhfuil raon feidhme an dá fhoraithne sin comhionann go páirteach agus gur chuir roinnt iarratasóirí sna príomhimeachtaí in iúl go raibh rún acu cur i gcoinne an dara foraithne chomh maith, dearbhaíonn an Chúirt go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú inghlactha, ar iarraidh í nach bhfuil gan chuspóir agus nach bhfuil tagtha chun bheith hipitéiseach.
Maidir leis an tsubstaint, i ndáil leis an gcéad cheist agus an dara ceist a chuir an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, léann an Chúirt Bhreithiúnais forálacha Airteagal 7(1), (2) agus (4), Airteagal 9(1)(a), Airteagal 17(1) agus (5) agus pointe 4 de Chuid A d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Uimh. 1169/2011 i dteannta a chéile agus déanann sí achoimre ar a n-inneachar mar seo a leanas. Ar an gcéad dul síos, ní mór ainm a bheith ar bhia. Ar an dara dul síos, ní mór gur ainm dlíthiúil é an t-ainm sin nó, in éagmais ainm den sórt sin, gnáthainm nó, ina éagmais sin, ainm tuairisciúil. Ar an tríú dul síos, ní mór don ainm sin a bheith beacht, soiléir agus sothuigthe do thomhaltóirí. Ar an gceathrú dul síos, níor cheart go gcuirfeadh an t-ainm céanna tomhaltóirí ar mhíthreoir, go háirithe, maidir le saintréithe an bhia lena mbaineann, lena n-áirítear cineál agus comhdhéanamh an bhia, agus maidir le hionadú comhchodanna a fhaightear go nádúrtha nó comhábhar a úsáidtear de ghnáth le comhchodanna nó le comhábhair éagsúla. Ar an gcúigiú dul síos, ní mór na ceanglais sin a chomhlíonadh agus aon bhia á mhargú agus á chur chun cinn.
Ar an dara dul síos, maidir le hainmneacha dlíthiúla go sonrach, meabhraíonn an Chúirt go bhféadfar iad a fhorordú le forálacha dhlí an Aontais nó, in éagmais sin, le forálacha náisiúnta ( 4 ). Sa chás seo, measann an Chúirt nach bhfuil aon fhoráil i ndlí an Aontais lena gceanglaítear ainmneacha dlíthiúla áirithe a úsáid le haghaidh táirgí ina bhfuil próitéiní plandúla nó lena bhforordaítear na hainmneacha dlíthiúla is infheidhme maidir le táirgí toisc go sainmhínítear iad mar tháirgí ainmhithe amháin, gan tuilleadh soiléirithe. Cé gur léir ó na doiciméid atá os a comhair gur chuir údaráis na Fraince as an áireamh an hipitéis go n-achtófaí ainm dlíthiúil leis an bhforaithne atá i gceist, cuireann an Chúirt in iúl nach mór an cheist maidir le cibé ar ghlac na húdaráis sin ainm den sórt sin a bheith faoi réir measúnú oibiachtúil ag an gcúirt a rinne an tarchur, a bhféadfaidh sí, mar sin féin, treoir a thabhairt di maidir le léiriú ar dhlí an Aontais is gá chun na críche sin.
I ndáil leis sin, measann an Chúirt, chun bia a ainmniú, nach mór na hainmneacha dlíthiúla a bheith ‘forordaithe’ nó ‘foráilte’. Dá bhrí sin, is éard atá i gceist le hainm dlíthiúil a ghlacadh ná nath sonrach a cheangal le bia áirithe.
Maidir le bearta a ghlacadh lena bhforáiltear nach mór do bhianna coinníollacha áirithe a chomhlíonadh, go háirithe maidir lena gcomhdhéanamh, chun go n-ainmneofar iad le téarmaí a úsáidtear mar ainm dlíthiúil, ní féidir a mheas gurb ionann iad agus bearta a ghlacadh lena dtoirmisctear téarmaí áirithe a úsáid, ar téarmaí iad nach sainítear sa dlí, chun bianna a bhfuil saintréithe áirithe acu a ainmniú, go háirithe maidir lena gcomhdhéanamh.
Is féidir cosaint an tomhaltóra a áirithiú leis na chéad bearta, agus ní mór don tomhaltóir a bheith in ann glacadh leis go gcomhlíonann bia arna ainmniú le téarmaí sonracha ar ainm dlíthiúil ar leith é na coinníollacha a leagtar síos go sonrach lena úsáid. Ar an taobh eile, ní fhorchoimeádtar úsáid téarmaí atá sainithe go beacht, mar ainm dlíthiúil, ag údarás chun bia a bhfuil saintréithe sonracha acu a ainmniú leis na dara bearta.
Sa chás seo, ní fhoráiltear le dlí an Aontais do riail lena bhforchoimeádtar do bhianna a shainmhínítear mar bhia ainmhithe úsáid ainmneacha dlíthiúla ina bhfuil téarmaí ó earnálacha na búistéireachta, charcuterie agus táirgí éisc dá dtagraítear san fhoraithne atá i gceist ( 5 ). Ina theannta sin, tugann an Chúirt dá haire gur cosúil go bhfuil an rud céanna i bhfeidhm faoi dhlí na Fraince.
Dá bhrí sin, faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, measann an Chúirt nach bhfuil ‘ainm dlíthiúil’ san fhoraithne atá i gceist, ach go mbaineann sí leis an gceist nach féidir ‘gnáthainmneacha’ nó ‘ainmneacha tuairisciúla’ a úsáid chun bianna ina bhfuil próitéiní plandúla a ainmniú.
Ar an tríú dul síos, cinneann an Chúirt an bhfuil an dá choincheap sin comhchuibhithe go sonrach le Rialachán Uimh. 1169/2011. Cuireann sí in iúl nach bhforáiltear le hAirteagal 2(2)(o) agus (p) den Rialachán sin go bhféadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh lena rialaítear gnáthainmneacha nó ainmneacha tuairisciúla bhia ar leith. I bhfianaise na sainmhínithe arna nglacadh ag reachtas an Aontais maidir leis na gnáthainmneacha agus na hainmneacha tuairisciúla sin, ní féidir leis na húdaráis náisiúnta a raon feidhme a theorannú ar bhealach ginearálta agus teibí. Dá bhrí sin, mura nglactar ainm dlíthiúil, ní féidir le Ballstát, trí bhíthin toirmeasc ginearálta agus teibí, cosc a chur ar tháirgeoirí bianna ina bhfuil próitéiní plandúla a n-oibleagáid a chomhlíonadh maidir le hainm na mbianna sin a léiriú trí ghnáthainmneacha nó trí ainmneacha tuairisciúla a úsáid ( 6 ).
Go háirithe, maidir le cumhacht Ballstáit bearta ginearálta agus teibí a ghlacadh chun an baol a chosc go gcuirfí tomhaltóirí ar míthreoir mar thoradh ar phróitéiní plandúla a chur in ionad próitéiní ainmhithe, meabhraíonn an Chúirt go mbaineann Airteagal 7(1)(d) agus pointe 4 de Chuid A d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Uimh. 1169/2011 le comhchodanna nó comhábhair bianna a ionadú. Dá réir sin, déantar an cheist sin a chomhchuibhiú go sainráite leis an Rialachán sin freisin.
Ina theannta sin, dearbhaíonn an Chúirt go gcumhdaítear leis na forálacha sin freisin ceist na faisnéise nach mór a chur ar fáil do thomhaltóirí nuair a thagann éagsúlacht iomlán ar chomhdhéanamh an bhia lena mbaineann. D’fhéadfaí ardleibhéal cosanta na dtomhaltóirí arb é is aidhm don Rialachán sin a bhaint amach ( 7 ) a chur i mbaol mura mbeadh feidhm, go paradacsúil, ag na forálacha a bhaineann le comhchuid nó le comhábhar éagsúil a chur in ionad comhpháirte nó comhábhair i mbia i gcás ina mbainfeadh an t-ionadú sin le comhchuid nó le comhábhar a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis i mbia, nó fiú más é an t-aon chomhchuid nó an t-aon chomhábhar atá ann.
Dá bhrí sin, bunaítear leis na forálacha sin toimhde infhrisnéise faoina gcosnaítear tomhaltóirí go leordhóthanach leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil ar na rialacha mionsonraithe a fhorordaítear leo, lena n-áirítear i gcás ionadaíocht iomlán a dhéanamh ar an gcomhchuid nó ar an gcomhábhar aonair ar féidir leo a bheith ag súil le fáil i mbia arna ainmniú faoi ghnáthainm nó faoi ainm tuairisciúil ina bhfuil téarmaí áirithe.
Má mheasann údarás náisiúnta, áfach, go gcuireann na socruithe praiticiúla maidir le bia a dhíol nó a chur chun cinn an tomhaltóir ar mhíthreoir, féadfaidh sé oibreoir an ghnó bia lena mbaineann a ionchúiseamh, atá freagrach ( 8 ) as an bhfaisnéis atá le feiceáil ar an mbia sin agus ní mór dó láithreacht agus cruinneas na faisnéise sin a áirithiú agus a léiriú go bhfuil an frisnéis déanta ar an toimhde thuas.
Dá bhrí sin, agus an chéad dá cheist a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú á fhreagairt, rialaigh an Chúirt nach mór Airteagail 7 agus 17 agus pointe 4 de Chuid A d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Uimh. 1169/2011, arna léamh i bhfianaise Airteagal 2(2)(o) agus (p) agus Airteagal 9(1)(a) de, a léiriú sa chaoi go gcomhchuibhítear go sonrach leo, de réir bhrí Airteagal 38(1) den Rialachán sin, an chosaint do thomhaltóirí ar an mbaol go gcuirfí ar míthreoir iad trí úsáid ainmneacha, seachas ainmneacha dlíthiúla, arb é atá iontu téarmaí ó earnálacha an bhúistéara, charcuterie agus táirgí éisc chun tuairisc a thabhairt ar bhia ina bhfuil próitéiní plandúla seachas próitéiní ainmhithe, chun iad a mhargú nó a chur chun cinn, lena n-áirítear ina n-iomláine, agus dá bhrí sin, cuirtear cosc ar Bhallstát bearta náisiúnta a ghlacadh lena rialaítear nó lena dtoirmisctear úsáid na n-ainmneacha sin.
Maidir leis an tríú ceist a chuir an chúirt a rinne an tarchur, measann an Chúirt, ar an gcéad dul síos, nach gcuireann an comhchuibhiú sonrach a dhéantar leis na forálacha thuasluaite cosc ar Bhallstát pionóis riaracháin a fhorchur mar gheall ar mhainneachtain na ceanglais agus na toirmisc a eascraíonn as na forálacha sin nó as bearta náisiúnta a chomhlíonann na forálacha sin a chomhlíonadh. Ar an taobh eile, is ionann uasleibhéil cheadaithe próitéine plandúla ( 9 ) a shocrú ionas gur féidir bianna a ainmniú le gnáthainmneacha nó ainmneacha tuairisciúla áirithe agus a n-úsáid a rialáil, gan ainm dlíthiúil a ghlacadh. Ós rud é go gcomhchuibhítear úsáid na n-ainmneacha sin go sonrach leis na forálacha sin, ní féidir le Ballstát beart a ghlacadh chuige sin, gan aonfhoirmeacht dhlí an Aontais a chur i mbaol.
( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO 2011 L 304, lch. 18).
( 2 ) Foraithne Uimh. 2022-947 an 29 Meitheamh 2022 a bhaineann le hainmneacha áirithe a úsáid chun bianna ina bhfuil próitéiní plandúla a ainmniú (JORF an 30 Meitheamh 2022, téacs Uimh. 3).
( 3 ) Foraithne Uimh. 2024-144 an 26 Feabhra 2024 a bhaineann le húsáid ainmneacha áirithe a úsáidtear chun bianna ina bhfuil próitéiní plandúla a ainmniú (JORF an 27 Feabhra 2024, téacs Uimh. 15).
( 4 ) Airteagal 2(2)(n) de Rialachán Uimh. 1169/2011.
( 5 ) Baineann an toradh sin freisin leis na téarmaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Foraithne Uimh. 2024-144.
( 6 ) Airteagal 38(1) de Rialachán Uimh. 1169/2011.
( 7 ) Airteagal 1(1) de Rialachán Uimh. 1169/2011, arna léamh i bhfianaise aithrisí 1 agus 3.
( 8 ) Airteagal 8(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.
( 9 ) Airteagal 3(1) d’Fhoraithne Uimh. 2022-947