BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Dara Dlísheomra)

4 Deireadh Fómhair 2024 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 – Faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí – Airteagal 2(2)(n) go (p), agus Airteagail 7, 9 agus 17 – Cóirchleachtais a bhaineann le hainmneacha bianna – Ainmneacha dlíthiúla, gnáthainmneacha agus ainmneacha tuairisciúla – Comhchodanna nó comhábhair bia a ionadú – Airteagal 38(1) – Ábhair a chomhchuibhítear go sonrach – Bearta náisiúnta lena dtoirmisctear ainmneacha a bhaineann le feoil a úsáid chun táirge ina bhfuil próitéiní plandúla a ainmniú)

I gCás C‑438/23,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Conseil d’État (an Chomhairle Stáit, an Fhrainc), trí bhreith an 12 Iúil 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 13 Iúil 2023, sna himeachtaí

Protéines France,

Union végétarienne européenne (EVU),

Association végétarienne de France (AVF),

Beyond Meat Inc.

v

Ministre de l’Économie, des Finances et de la Souveraineté industrielle et numérique,

idiragraithe:

77 Foods SAS,

Les Nouveaux Fermiers SAS,

Umiami SAS,

NxtFood SAS,

Nutrition et santé SAS,

Olga SAS,

tugann AN CHÚIRT (an Dara Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: A. Prechal, Uachtarán Dlísheomra, F. Biltgen, N. Wahl (Rapóirtéir), J. Passer agus M. L. Arastey Sahún, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: T. Ćapeta,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Protéines France, 77 Foods SAS, Les Nouveaux Fermiers SAS, Umiami SAS, NxtFood SAS, Nutrition et santé SAS agus Olga SAS, ag G. Hannotin, avocat,

Union végétarienne européenne (EVU), ag A. Aubert, avocate,

Beyond Meat Inc., ag C. Dupeyron, avocate, M. R. Oyarzabal Arigita, abogada, agus B. Van Vooren, advocaat,

Rialtas na Gréige, ag V. Karra, E. Leftheriotou agus A. Vasilopoulou, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Fraince, ag G. Bain agus B. Fodda, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó M. Cherubini agus P. Gentili, avvocati dello Stato,

an Coimisiún Eorpach, ag F. Clotuche-Duvieusart agus B. Rous Demiri, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 5 Meán Fómhair 2024,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO 2011 L 304, lch. 18), go háirithe Airteagail 7, 17 agus 38 agus Iarscríbhinn VI, Cuid A, mír 4.

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Protéines France, Union vegettarienne européenne (EVU), Association vegetarian de France (AVF) agus Beyond Meat Inc. agus Ministre de l’Économie, des Finances et de la Sououaineté industrielle et numérique (an tAire Gnóthaí Eacnamaíocha, Airgeadais agus Ceannasachta Tionsclaíche agus Digití, an Fhrainc) maidir le dlíthiúlacht Fhoraithne Uimh. 2022-947 an 29 Meitheamh 2022 maidir le hainmneacha áirithe a úsáid chun bianna ina bhfuil próitéiní plandúla a ainmniú (JORF an 30 Meitheamh 2022, téacs Uimh. 3).

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002

3

Foráiltear le hAirteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO 2002 L 31, lch. 1), dar teideal, ‘Sainmhíniú ar “bia”’:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “bia” (nó “earraí bia”) aon substaint nó táirge, cibé acu próiseáilte, próiseáilte go páirteach nó neamhphróiseáilte, atá beartaithe lena n‑ionghabháil ag daoine, nó a bhfuil ionchas réasúnta ann go n‑ionghabhfaidh daoine iad.

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

In Airteagal 3(1) den Rialachán sin, sainmhínítear an coincheap “dlí an bhia” mar seo a leanas:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn “dlí an bhia” na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin lena rialaítear bia i gcoitinne agus sábháilteacht bia go háirithe, ar leibhéal an Chomhphobail nó ar an leibhéal náisiúnta. [...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

De réir Airteagal 8 den Rialachán sin:

‘[...] Tá sé mar aidhm ag dlí an bhia leasanna tomhaltóirí a chosaint agus cuireann sé bonn ar fáil do thomhaltóirí chun rogha eolasach a dhéanamh maidir leis an mbia a itheann siad. Tá sé mar aidhm aige cosc a chur ar na nithe seo a leanas:

(a)

cleachtais chalaoiseacha nó mheabhlacha;

(b)

truailliú bia agus

(c)

aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur ar mhíthreoir.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 17(2) den Rialachán sin:

‘Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear dlí an bhia i bhfeidhm; déanfaidh siad faireachán agus fíorú ar chomhlíonadh na gceanglas ábhartha dhlí an bhia ag oibreoirí gnólachta bia agus beatha ag gach céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh.

[...]

Leagfaidh na Ballstáit síos freisin rialacha maidir leis na bearta agus na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar dhlí an bhia agus na beatha. Ní mór na bearta agus na smachtbhannaí dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.’

[Aistriúcháin neamhoifigiúil]

Rialachán (CE) Uimh. 853/2004

7

Foráiltear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de thionscnamh ainmhíoch (IO 2004 L 139, lch. 55):

‘Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

Feoil

1.1.

Ciallaíonn “feoil”: codanna inite de na hainmhithe [...]

[...]

1.14.

Ciallaíonn “feoil inneall-scartha nó MSM”: an táirge a fhaightear trí fheoil a bhaint de chnámha a bhfuil feoil orthu tar éis díchnámhú, nó de chonablaigh éanlaithe clóis, trí úsáid a bhaint as modhanna meicniúla a gcailltear nó a modhnaítear an struchtúr snáithíní matáin dá mbarr;

1.15.

Ciallaíonn “ullmhóidí feola”: feoil úr, lena n‑áirítear feoil a laghdaíodh ina blúirí, ar cuireadh earraí bia, blastanais nó breiseáin léi nó a cuireadh trí phróisis nach leor chun struchtúr inmheánach snáithíní matáin na feola a mhodhnú agus, dá bhrí sin, chun saintréithe feola úire a dhíothú;

[...]

3.

Táirgí iascaigh

3.1.

Ciallaíonn “táirgí iascaigh”: gach ainmhí uisce sáile nó fionnuisce (seachas moilisc dhébhlaoscacha bheo, eicínideirmigh bheo, túinicigh bheo agus gastrapóid mhuirí bheo agus seachas gach mamach, reiptíl agus frog), bídís fiáin nó feirmshaothraithe, lena n‑áirítear gach riocht, cuid agus táirge inite de chuid na n‑ainmhithe sin;

[...]

7.

Táirgí próiseáilte

7.1.

Ciallaíonn “táirgí feola”: táirgí próiseáilte a thagann as feoil a phróiseáil nó as táirgí próiseáilte den sórt sin a phróiseáil tuilleadh, ionas gur léir ón dromchla gearrtha nach bhfuil saintréithe feola úire ag gabháil leis an táirge a thuilleadh.

[...]’

[Aistriúcháin neamhoifigiúil]

Rialachán Uimh. 1169/2011

8

Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 1 agus 3 de Rialachán Uimh. 1169/2011:

‘(1)

Foráiltear le hAirteagal 169 [CFAE] go rannchuideoidh an tAontas [Eorpach] le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach trí na bearta a ghlacann sé de bhun Airteagal 114 [CFAE].

[...]

(3)

Chun ardleibhéal cosanta sláinte a bhaint amach do thomhaltóirí agus chun a gceart chun faisnéise a ráthú, ba cheart a áirithiú go gcuirfí tomhaltóirí ar an eolas go cuí maidir leis an mbia a chaitheann siad. [...]’

9

Faoi théarmaí Airteagal 1(1) den Rialachán sin:

‘Leis an Rialachán seo, déantar an bunús a sholáthar chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí maidir le faisnéis bhia, agus na difríochtaí i dtaca le brath tomhaltóirí, agus riachtanas faisnéise tomhaltóirí, á gcur san áireamh ach feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh á áirithiú ag an am céanna.’

10

Leagadh síos an méid seo a leanas in Airteagal 2 den Rialachán sin:

‘1.   Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

na sainmhínithe ar “bia” […] atá in Airteagal 2 […] de Rialachán [Uimh. 178/2002];

[...]

(f)

na sainmhínithe ar “feoil”, “feoil inneall-scartha”, “ullmhóidí feola”, “táirgí iascaigh” agus “táirgí feola” i bpointí 1.1, 1.14, 1.15, 3.1 agus 7.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán [Uimh. 853/2004];

[...]

2.   Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(f)

ciallaíonn “comhábhar” aon substaint nó táirge, lena n‑áirítear blastáin, breiseáin bhia agus einsímí bia, agus aon chomhchuid de chomhábhar cumaisc a úsáidtear chun bia a dhéanamh nó chun é a ullmhú agus atá fós ann sa táirge críochnaithe, fiú i bhfoirm athraithe; ní mheasfar gur “comhábhair” iad iarmhair; [...]

[...]

(n)

ciallaíonn “ainm dlíthiúil” ainm bia a fhorordaítear i bhforálacha an Aontais is infheidhme maidir leis, nó, cheal forálacha an Aontais den sórt sin, an t‑ainm dá bhforáiltear sna dlíthe, sna rialacháin agus sna forálacha riaracháin is infheidhme sa Bhallstát ina ndíoltar an bia leis an tomhaltóir deiridh nó le holl-lónadóirí;

(o)

ciallaíonn “gnáthainm” ainm a nglacann tomhaltóirí sa Bhallstát ina ndíoltar an bia sin leis mar ainm an bhia agus ar ainm é nach gá míniú breise ina leith;

(p)

ciallaíonn “ainm tuairisciúil” ainm lena soláthraítear tuairisc ar an mbia, agus ar úsáid an bhia sin más gá, ar ainm é atá sách soiléir chun a chur ar chumas tomhaltóirí a fhíorchineál a aithint agus idirdhealú a dhéanamh idir an bia sin agus táirgí eile a bhféadfaí a cheapadh ina leith gurb é an bia céanna é;

(q)

ciallaíonn “comhábhar príomha” comhábhar bia nó comhábhair bhia ar mó a mhéid nó a méid ná 50 % den bhia sin nó a chuireann an tomhaltóir i mbaint le hainm an bhia de ghnáth ar ina leith a theastaíonn léiriú cainníochtúil a sholáthar i bhformhór na gcásanna;

[...]’

11

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 7 den Rialachán sin:

‘1.   Ní bheidh faisnéis bhia míthreorach, go háirithe:

(a)

maidir le saintréithe an bhia agus, go háirithe, lena chineál, lena shainiúlacht, lena airíonna, lena chomhdhéanamh, lena chainníocht, lena mharthanacht, lena thír thionscnaimh nó lena bhunáitíocht, lena mhodh monaraithe nó táirgthe; [...]

(d)

trína thabhairt le tuiscint, trí chuma an bhia, sa chur síos nó sa léiriúchán pictiúrtha go bhfuil bia ar leith nó comhábhar ar leith sa bhia, cé gur cuireadh i ndáiríre comhchuid éagsúil nó comhábhar éagsúil in ionad comhchoda atá sa bhia go nádúrtha nó in ionad comhábhair a úsáidtear de ghnáth sa bhia sin.

2.   Beidh faisnéis bhia cruinn, soiléir agus sothuighte don tomhaltóir.

[...]

4.   Beidh feidhm ag mír 1, ag mír 2, agus ag mír 3 maidir leis an méid seo a leanas freisin:

(a)

fógraíocht;

(b)

cur i láthair bianna, go háirithe an cruth, an dealramh agus an phacáistíocht atá orthu, na hábhair pacáistíochta a úsáidtear, an bealach ina leagtar amach na bianna agus an suíomh ina gcuirtear ar taispeáint iad.’

12

De réir Airteagal 8 de Rialachán Uimh. 1169/2011:

‘1.   Is é an t‑oibreoir gnó bia a bheidh freagrach as an bhfaisnéis bhia ná an t‑oibreoir gnó bia ar faoina ainm nó faoi ainm a ghnó a ndéantar an bia a mhargú [...]

2.   Déanfaidh an t‑oibreoir gnó bia atá freagrach as an bhfaisnéis bhia a áirithiú go bhfuil faisnéis bhia ann agus áiritheoidh sé beachtas na faisnéise bia sin i gcomhréir leis an dlí um fhaisnéis bhia is infheidhme agus le ceanglais de chuid na bhforálacha náisiúnta ábhartha.

[...]’

13

Bunaítear le hAirteagal 9 den Rialachán, i gcomhréir lena theideal, ‘Liosta de shonraí sainordaitheacha’, lena n‑áirítear, i mír 1(a) ‘ainm an bhia’ agus, i mír (b), ‘an liosta comhábhar’.

14

De réir théarmaí Airteagal 17 den Rialachán sin:

‘1.   Is é a ainm dlíthiúil a bheidh mar ainm an bhia. D’uireasa ainm den sórt sin, úsáidfear gnáthainm an bhia mar a ainm, nó, mura bhfuil gnáthainm ann dó nó mura n‑úsáidtear an gnáthainm, déanfar ainm tuairisciúil a sholáthar don bhia.

2.   Ceadófar, sa Bhallstát ina ndéantar an bia a mhargú, ainm an bhia a úsáidtear le linn an táirge a mhonarú go dlíthiúil agus a mhargú go dlíthiúil sa Bhallstát ina dtáirgtear é. Dá mba rud é, áfach, go gcuirfí bac ar thomhaltóirí sa Bhallstát ina ndéantar an bia a mhargú fios a fháil i leith fhíorchineál an bhia agus conas idirdhealú a dhéanamh idir an bia sin agus bianna a bhféadfaidís a cheapadh ina leith gurb iad na bianna céanna iad, de bharr chur i bhfeidhm fhorálacha eile an Rialacháin seo, go háirithe na forálacha a leagtar amach in Airteagal 9, soláthrófar faisnéis thuairisciúil eile i dteannta ainm an bhia agus beidh sí suite i ngaireacht d’ainm an bhia.

[...]

5.   Leagtar síos in Iarscríbhinn VI forálacha sonracha maidir le hainm an bhia agus na sonraí a ghabhfaidh leis.’

15

Foráiltear in Airteagal 38 den Rialachán céanna:

‘1.   Maidir leis na hábhair a chomhchuibhítear go sonrach leis an Rialachán seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh ná a choimeád ar bun ina leith mura bhfuil sé sin údaraithe faoi dhlí Aontais. Níor cheart go n‑eascródh constaicí ar shaorghluaiseacht earraí as na bearta náisiúnta seo, lena n‑áirítear idirdhealú i leith bianna ó Bhallstáit eile.

2.   Gan dochar d’Airteagal 39, féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh a bhaineann le hábhair nach gcomhchuibhítear go sonrach leis an Rialachán seo, ar choinníoll nach gcuireann na bearta sin cosc, bac ná srian ar shaorghluaiseacht earraí atá i gcomhréir leis an Rialachán seo.’

16

Foráiltear in Iarscríbhinn VI de Rialachán Uimh. 1169/2011, dar teideal ‘Ainm an bhia agus sonraí sonracha a ghabhann leis’, i bpointe 4 de chuid A, dar teideal ‘Sonraí sainordaitheacha a ghabhann le hainm an bhia’:

‘I gcás bianna ina ndéantar comhchuid nó comhábhar éagsúil a chur in ionad comhchoda nó comhábhair a mbíonn súil ag na tomhaltóirí gurb í nó gurb é is iondúil a bhíonn á úsáid iontu nó a bhíonn iontu go nádúrtha, beidh léiriú soiléir ar an lipéadú – chomh maith leis an liosta comhábhar – ar an gcomhchuid nó ar an gcomhábhar a úsáideadh don ionadú páirteach nó iomlán, agus maidir leis an léiriú sin:

(a)

beidh sé i ndlúthghaireacht d’ainm an táirge; agus

(b)

déanfar é trí úsáid a bhaint as clómhéid ag a bhfuil x-airde de 75 % ar a laghad de x-airde ainm an táirge agus ní bheidh an clómhéid sin níos lú ná an clómhéid íosta a cheanglaítear le hAirteagal 13(2) den Rialachán seo.’

Dlí na Fraince

Le code de la consommation (Cód Tomhaltóirí)

17

Foráiltear le hAirteagal L. 412-10 de Chód Tomhaltóirí, a cuireadh isteach le hAirteagal 5 de Dhlí Uimh. 2020-699 an 10 Meitheamh 2020, maidir le trédhearcacht faisnéise faoi tháirgí talmhaíochta agus bia (JORF an 11 Meitheamh 2020, téacs Uimh. 1):

‘[...] Ní féidir na hainmneacha a úsáidtear chun bianna de thionscnamh ainmhíoch a ainmniú a úsáid chun tuairisc a thabhairt ar bhianna ina bhfuil próitéiní plandúla, chun iad a mhargú nó chun iad a chur chun cinn. Cinnfear le foraithne cion na bpróitéiní plandúla nach féidir ainmneacha den sórt sin a úsáid tharstu. Sainítear leis an bhForaithne sin freisin rialacha maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo agus na pionóis a thabhaítear i gcás neamhchomhlíonadh.’

Foraithne Uimh. 2022-947

18

Ar bhonn na forála a leagtar amach sa mhír roimhe seo, ghlac údaráis na Fraince Foraithne Uimh. 2022-947.

19

Faoin gcéad mhír d’Airteagal 1 den Fhoraithne sin, tá feidhm aige ‘maidir le bianna ina bhfuil próitéiní plandúla a mhonaraítear sa chríoch náisiúnta.’

20

De réir Airteagal 2 den Fhoraithne sin:

‘Tá toirmeasc ar úsáid, chun táirge próiseáilte ina bhfuil próitéiní plandúla a ainmniú:

Ainm dlíthiúil nach bhforáiltear do phróitéiní plandúla a chur leis sna rialacha lena sainítear comhdhéanamh an bhia lena mbaineann;

Ainm a thagraíonn d’ainmneacha speiceas agus grúpaí speiceas ainmhithe, nó do mhoirfeolaíocht nó anatamaíocht ainmhithe;

Ainm ina n‑úsáidtear téarmaíocht a bhaineann go sonrach le búistéireacht, charcuterie nó táirgí éisc;

Ainm bia de thionscnamh ainmhíoch atá ionadaíoch ar úsáidí tráchtála.’

21

Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 3 den Fhoraithne sin:

‘De mhaolú ar fhorálacha Airteagal 2, féadfar ainm bia de thionscnamh ainmhíoch a úsáid:

Maidir le bianna de thionscnamh ainmhíoch ina bhfuil próitéiní plandúla i gcion socraithe i gcás ina leagtar síos le rialachán nó ina luaitear láithreacht na bpróitéiní sin sa liosta atá i gceangal leis an bhForaithne seo;

[...]’

22

De réir Airteagal 5 d’Fhoraithne Uimh. 2022/947:

‘Ní bheidh táirgí a mhonaraítear nó a mhargaítear go dleathach i mBallstát eile den Aontas Eorpach nó sa Tuirc, nó a mhonaraítear go dleathach i Stát is páirtí sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch [an 2 Bealtaine 1992 (IO 1994 L 1, lch. 3)], faoi réir cheanglais na Foraithne seo.’

23

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 6 den Fhoraithne sin:

‘Toirmeascfar bianna nach gcomhlíonann na rialacha a leagtar síos san Fhoraithne seo a shealbhú lena ndíol nó lena ndáileadh saor in aisce, iad a thairiscint lena ndíol, a dhíol nó a dháileadh saor in aisce.’

24

Foráiltear in Airteagal 7 den Fhoraithne sin:

‘Fíneáil riaracháin nach mó ná EUR 1500 i gcás duine nádúrtha agus EUR 7500 i gcás duine dlítheanach, dlífear í a chur ar aon sárú ar fhorálacha Airteagal 6 den Fhoraithne seo. [...]’

25

De bhun Airteagal 8 den Fhoraithne sin, tháinig sí i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2022.

26

San Iarscríbhinn a ghabhann le Foraithne Uimh. 2022-947 tá liosta d’ainmneacha bianna de thionscnamh ainmhíoch a bhféadfadh próitéiní plandúla a bheith iontu agus an cion uasta próitéiní plandúla a d’fhéadfadh a bheith sna bianna a n‑úsáidtear na hainmneacha sin ina leith.

Foraithne Uimh. 2024-144

27

Foráiltear le hAirteagal 2 d’Fhoraithne Uimh. 2024-144 an 26 Feabhra 2024 a bhaineann le húsáid ainmneacha áirithe a úsáidtear chun earraí bia ina bhfuil próitéiní plandúla a ainmniú (JORF an 27 Feabhra 2024, téacs Uimh. 15):

‘[...] maidir le táirge próiseáilte ina bhfuil próitéiní plandúla, beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas a úsáid, a mhargú nó a chur chun cinn:

Ainm dlíthiúil nach bhforáiltear do phróitéiní plandúla a chur leis sna rialacha lena sainítear comhdhéanamh an bhia lena mbaineann;

Ainm a thagraíonn d’ainmneacha speiceas agus grúpaí speiceas ainmhithe, nó do mhoirfeolaíocht nó anatamaíocht ainmhithe;

Ainm ina bhfuil na téarmaí a leagtar amach sa liosta in Iarscríbhinn I.’

28

De bhun Airteagal 8 d’Fhoraithne Uimh. 2024-144, tháinig sí i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2024.

29

De réir théarmaí Airteagal 9 den Fhoraithne sin:

‘Aisghairtear Foraithne Uimh. 2022-947 [...].’

30

Tá na hainmneacha seo a leanas ar an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Foraithne Uimh. 2024-144:

‘– Filet;

Faux filet;

Rumsteck;

Entrecôte;

Aiguillette baronne;

Bavette d’Aloyau;

Onglet;

Hampe;

Bifteck;

Basse côte;

Paleron;

Flanchet;

Steak;

Escalope;

Tendron;

Grillade;

Longe;

Travers;

Jambon;

Boucher/Bouchère;

Charcutier/Charcutière.’

31

In Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bhForaithne sin tá liosta téarmaí a n‑údaraítear maidir le hainmniú bianna de thionscnamh ainmhíoch a bhféadfadh próitéiní plandúla a bheith iontu agus an cion uasta próitéiní plandúla a d’fhéadfadh a bheith sna bianna a n‑úsáidtear na téarmaí sin ina leith.

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

32

An 18 Iúil 2022, thug Protéines France, a dhéanann ionadaíocht ar leasanna gnóthas atá gníomhach ar mhargadh na Fraince le haghaidh próitéiní plandúla, caingean os comhair an Conseil d’État (an Chomhairle Stáit, an Fhrainc), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, ag iarraidh Foraithne Uimh. 2022-947 a chur ar neamhní.

33

Le hordú an 27 Iúil 2022, chuir an chúirt sin, agus í ag rialú mar bhreitheamh a éisteann le hiarratais ar bhearta eatramhacha, cur chun feidhme na Foraithne sin maidir leis na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 2(3) agus (4) de ar fionraí.

34

Dheonaigh an chúirt sin roinnt iarratas chun idiragairt a dhéanamh mar thaca leis an ordú atá á lorg ag Protéines France.

35

An 30 Lúnasa agus an 21 Deireadh Fómhair 2022, faoi seach, thug EVU agus AVF, a chuireann an veigeatóireachas chun cinn, an chéad cheann, san Aontas Eorpach agus, an dara ceann, sa Fhrainc, agus Beyond Meat freisin, a mhonaraíonn agus a mhargaíonn táirgí ina bhfuil próitéiní plandúla, caingean os comhair na cúirte céanna freisin d’fhonn Foraithne Uimh. 2022-947 a chur ar neamhní.

36

Rinne an chúirt a rinne an tarchur na trí chás, inar iarradh go gcuirfí an Fhoraithne sin ar neamhní, a uamadh.

37

Mar thaca lena gcaingne, d’áitigh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, inter alia, go sáraítear roinnt forálacha de Rialachán Uimh. 1169/2011 leis an bhForaithne sin, lena dtoirmisctear, chun táirgí próiseáilte ina bhfuil próitéiní plandúla a ainmniú, ainmneacha amhail ‘stéig’ nó ‘ispín’ a úsáid, gan agus fiú le sonraí breise a chur ann amhail ‘glasra’ nó ‘soighe’.

38

Tá an chúirt a rinne an tarchur den tuairim go n‑ardaíonn na pléadálacha atá os a comhair ceisteanna atá cinntitheach chun an díospóid atá os a comhair a réiteach agus go mbaineann deacracht thromchúiseach leo.

39

Sna himthosca sin, chinn an Conseil d’État (an Chomhairle Stáit, an Fhrainc) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:

‘(1)

An bhfuil forálacha Airteagal 7 de Rialachán Uimh. 1169/2011, lena gceanglaítear faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí nach gcuireann ar mhíthreoir iad maidir le sainiúlacht, cineál agus airíonna bianna, le léiriú sa chaoi go ndéantar comhchuibhiú sonrach leo, de réir bhrí Airteagal 38(1) den Rialachán sin agus dá chur i bhfeidhm, a bhaineann le húsáid ainmneacha táirgí de thionscnamh ainmhíoch ó na hearnálacha búistéireachta a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur ar mhíthreoir, charcuterie agus éisc chun tuairisc a thabhairt ar bhianna ina bhfuil próitéiní plandúla, nó chun iad a chur chun cinn, rud a chuirfeadh cosc ar Bhallstát gníomhú sa chás sin trí bhearta náisiúnta a ghlacadh lena rialófaí nó lena dtoirmisctear úsáid ainmneacha den sórt sin?

(2)

An bhfuil forálacha Airteagal 17 de Rialachán Uimh. 1169/2011, lena bhforáiltear gurb é an t‑ainm lena sainaithnítear an bia, in éagmais ainm dlíthiúil, le léiriú mar ghnáthainm nó mar ainm tuairisciúil, i gcomhar le forálacha [phointe 4 de Chuid A d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis], sa chaoi is go gciallaíonn siad go gcomhchuibhíonn siad go sonrach, de réir bhrí agus chur i bhfeidhm Airteagal 38(1) den Rialachán sin, ábhar agus úsáid ainmneacha, seachas ainmneacha dlíthiúla, lena n‑ainmnítear bianna de thionscnamh ainmhíoch chun tuairisc a thabhairt ar bhianna ina bhfuil próitéiní plandúla, chun iad a chur ar an margadh nó chun iad a chur chun cinn, lena n‑áirítear i gcás ionadú iomlán comhábhar de thionscnamh plandúil do na comhábhair ar fad de thionscnamh ainmhíoch ar bia iad, agus ar an gcaoi sin cosc a chur ar Bhallstát gníomhú san ábhar sin trí bhearta náisiúnta a ghlacadh lena rialáiltear nó lena dtoirmisctear úsáid ainmneacha den sórt sin?

(3)

Má thugtar freagra dearfach ar Cheist 1 nó ar Cheist 2, an gcuirtear cosc leis an gcomhchuibhiú sonrach a dhéantar, de réir bhrí agus chur i bhfeidhm Airteagal 38(1) de Rialachán Uimh. 1169/2011, le forálacha Airteagail 7 agus 17 den Rialachán sin, i gcomhar le forálacha [phointe 4 de Chuid A d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis]:

(a)

ar Bhallstát ó bheart náisiúnta a ghlacadh lena bhforáiltear do phionóis riaracháin a fhorchur i gcás neamhchomhlíonadh na gceanglas agus na dtoirmeasc de thoradh fhorálacha an Rialacháin sin?

(b)

ar Bhallstát ó bheart náisiúnta a ghlacadh lena gcinntear cion na bpróitéiní plandúla faoina n‑údarófaí fós úsáid ainmneacha, seachas ainmneacha dlíthiúla, lena n‑ainmnítear bianna de thionscnamh ainmhíoch chun tuairisc a thabhairt ar bhianna ina bhfuil próitéiní plandúla, chun iad a chur ar an margadh nó chun iad a chur chun cinn?

(4)

Má thugtar freagra diúltach ar Cheisteanna 1 agus 2, an dtugtar údarú do Bhallstát faoi fhorálacha Airteagail 9 agus 17 de Rialachán Uimh. 1169/2011:

(a)

beart náisiúnta a ghlacadh lena gcinntear cion na bpróitéiní plandúla faoina gceadaítear ainmneacha, seachas ainmneacha dlíthiúla, lena n‑ainmnítear bianna de thionscnamh ainmhíoch chun tuairisc a thabhairt ar bhianna ina bhfuil próitéiní plandúla nó chun iad a mhargú nó a chur chun cinn[;]

(b)

beart náisiúnta a ghlacadh lena gcuirtear toirmeasc ar ghnáthainmneacha nó ainmneacha tuairisciúla áirithe a úsáid, lena n‑áirítear i gcás ina bhfuil tásca breise ag gabháil leo lena n‑áirithítear go soláthrófar faisnéis don tomhaltóir de mheon macánta[;]

(c)

na bearta dá dtagraítear i gCeist 4(a) agus (b) a ghlacadh i ndáil le táirgí a mhonaraítear ar a chríoch amháin, gan, sa chás sin, prionsabal comhréireachta na mbeart sin a shárú?’

Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú

40

Mar a chuir na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, Protéines France agus Beyond Meat, in iúl le linn na n‑imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais, ghlac údaráis na Fraince le Foraithne Uimh. 2024-144, ina bhforáiltear le hAirteagal 9 d’aisghairm Fhoraithne Uimh. 2022-947.

41

Dá réir sin, le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an 1 Márta 2024, seoladh iarraidh ar fhaisnéis chuig an gcúirt a rinne an tarchur chun soiléiriú a fháil maidir leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr ghlacadh Fhoraithne Uimh. 2024-144 maidir le cineál leanúnach ábhar na díospóide sna príomhimeachtaí agus maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear leis an iarraidh ar réamhrialú.

42

Thaisc an chúirt sin, an 15 Márta 2024, a freagra ar an iarraidh sin ar fhaisnéis agus, an 7 Bealtaine 2024, forlíonadh ar an bhfreagra sin, a glacadh le cinneadh ó Uachtarán an Dara Dlísheomra an 8 Bealtaine 2024.

43

Measann an chúirt a rinne an tarchur, in ainneoin gur glacadh Foraithne Uimh. 2024-144, go bhfuil na ceisteanna a cuireadh fós cinntitheach chun an díospóid atá os a comhair a réiteach. Go háirithe, sa fhreagra sin, tugann an chúirt sin dá haire, ar an gcéad dul síos, nár cuireadh forfheidhmiú Fhoraithne Uimh. 2022-947 ar fionraí ach go páirteach leis an ordú dá dtagraítear i mír 33 den bhreithiúnas seo. Dá réir sin, cuireadh roinnt d’fhorálacha na Foraithne deiridh sin i bhfeidhm go héifeachtach idir an 1 Deireadh Fómhair 2022, dáta theacht i bhfeidhm Fhoraithne Uimh. 2022-947, de bhun Airteagal 8 den Fhoraithne sin, agus an 30 Aibreán 2024, an dáta a bhí sé beartaithe an Fhoraithne sin a aisghairm, i gcomhréir le hAirteagal 9 d’Fhoraithne Uimh. 2024-144, a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2024, de bhun Airteagal 8 den Fhoraithne sin. Ar an dara dul síos, cuireann an chúirt sin in iúl gur chuir roinnt de na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí in iúl go bhfuil sé ar intinn acu agóid a dhéanamh i gcoinne Fhoraithne Uimh. 2024-144 os a comhair, leis na pléadálacha céanna a ardaíodh cheana féin i gcoinne Fhoraithne Uimh. 2022-947, toisc gurb ionann forálacha áirithe den dá Fhoraithne sin.

44

Ina theannta sin, thug an chúirt a rinne an tarchur ordú an 10 Aibreán 2024, lenar chuir sí cur chun feidhme Fhoraithne Uimh. 2024-144, arna iarraidh sin ag roinnt gnóthas Francach, ar fionraí mar bhreitheamh a éisteann le hiarratais ar bhearta eatramhacha. Sonraíonn an chúirt sin go gcuirtear cosc leis an bhfionraí sin ar aisghairm Fhoraithne Uimh. 2022-947.

45

Is léir ón bhfaisnéis a soláthraíodh mar fhreagra ar iarraidh na Cúirte ar fhaisnéis, in ainneoin gur glacadh le foraithne Uimh. 2024-144, nach bhfuil aon chuspóir leis na caingne a tugadh os comhair na cúirte a rinne an tarchur.

46

I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ní mór a mheas go míníonn an chúirt a rinne an tarchur, don chaighdeán dlíthiúil is gá, na cúiseanna nach bhfágann gur iarraidh hipitéiseach í an iarraidh sin le glacadh foraithne Uimh. 2024-144 le linn na n‑imeachtaí, nach mór a dhearbhú, dá bhrí sin, go bhfuil sí inghlactha.

Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist agus an dara ceist

47

Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, gur léir ón gcásdlí go ndéanann forálacha Airteagal 17 agus pointe 4 de Chuid A d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Uimh. 1169/2011 ceanglais speisialta lipéadaithe a fhorlíonadh le hAirteagal 7 den Rialachán sin, chun an tomhaltóir a chosaint ar chalaois de bharr faisnéis mhícheart (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Nollaig 2022, LSI – Germany, C‑595/21, EU:C:2022:949, mír 31).

48

Ar an dara dul síos, ní mór na forálacha sin a léiriú i bhfianaise na sainmhínithe ar ‘ainm dlíthiúil’, ‘gnáthainm’ agus ‘ainm tuairisciúil’ in Airteagal 2(2)(n), Airteagal 2(2)(o) agus Airteagal 2(2)(p) den Rialachán sin, faoi seach, agus i bhfianaise na hoibleagáide, a leagtar síos in Airteagal 9(1)(a) den Rialachán sin, ainm an bhia sin a léiriú ar an mbia lena mbaineann.

49

Dá bhrí sin, ní mór a mheas, trína céad cheist agus trína dara ceist, arb iomchuí iad a scrúdú le chéile, go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagail 7 agus 17 agus pointe 4 de Chuid A d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Uimh. 1169/2011, arna léamh i bhfianaise Airteagal 2(2)(n) go (p) agus Airteagal 9(1)(a) den Rialachán sin, a léiriú sa chaoi go gcomhchuibhítear go sonrach leo, de réir bhrí Airteagal 38(1) den Rialachán sin, an chosaint do thomhaltóirí ar an mbaol go gcuirfí ar mhíthreoir iad trí úsáid ainmneacha, seachas ainmneacha dlíthiúla, arb é atá iontu téarmaí ó earnálacha an bhúistéara, charcuterie agus táirgí éisc chun tuairisc a thabhairt ar bhianna ina bhfuil próitéiní plandúla seachas próitéiní de thionscnamh ainmhíoch, chun iad a mhargú nó a chur chun cinn, lena n‑áirítear ina n‑iomláine, agus dá bhrí sin, cuirtear cosc ar Bhallstát bearta náisiúnta a ghlacadh lena rialaítear nó lena dtoirmisctear úsáid na n‑ainmneacha sin.

50

Faoin gcéad abairt d'Airteagal 38(1) de Rialachán Uimh. 1169/2011, ‘[m]aidir leis na hábhair a chomhchuibhítear go sonrach leis an Rialachán seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh ná a choimeád ar bun ina leith mura bhfuil sé sin údaraithe faoi dhlí Aontais’.

51

Leanann sé ón gcásdlí nach liostaítear in aon fhoráil de Rialachán Uimh. 1169/2011 na ‘ceisteanna a chomhchuibhítear go sonrach’ leis an Rialachán sin, de réir bhrí Airteagal 38(1) den Rialachán sin, agus nach mór na ceisteanna sin a shainaithint i gcomhréir dhlúth le foclaíocht an Rialacháin sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Deireadh Fómhair 2020, Groupe Lactalis, C‑485/18, EU:C:2020:763, mír 25).

52

Sa chás seo, is gá a chinneadh an gcomhchuibhítear go sonrach leis na forálacha eile de Rialachán Uimh. 1169/2011 dá dtagraítear i mír 49 den bhreithiúnas seo an cheist a d’fhéach údaráis na Fraince lena réiteach trí Fhoraithne Uimh. 2022-947 a ghlacadh.

53

Faoi Airteagal 7(1) agus (2) de Rialachán Uimh. 1169/2011, níor cheart go gcuirfeadh faisnéis bhia tomhaltóirí ar mhíthreoir agus ba cheart go mbeadh sí cruinn, soiléir agus sothuigthe dóibh.

54

I ndáil leis sin, leanann sé go háirithe ó Airteagal 7(1)(a) agus (d) den Rialachán sin go mbaineann na hearráidí nach mór tomhaltóirí a chosaint ina leith, ar an gcéad dul síos, maidir le saintréithe an bhia lena mbaineann, go háirithe lena chineál agus lena chomhdhéanamh agus, ar an dara dul síos, leis an bhféidearthacht go bhféadfaí a mholadh, trí chuma an bhia, sa chur síos nó sa léiriúchán pictiúrtha, ‘go bhfuil bia ar leith nó comhábhar ar leith sa bhia, cé gur cuireadh i ndáiríre comhchuid éagsúil nó comhábhar éagsúil in ionad comhchoda atá sa bhia go nádúrtha nó in ionad comhábhair a úsáidtear de ghnáth sa bhia sin’.

55

Thairis sin, leanann sé ó Airteagal 7(4) den Rialachán sin go bhfuil feidhm ag na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an Airteagal sin maidir le faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí freisin maidir le fógraíocht agus cur i láthair bhia.

56

Faoi Airteagal 9(1)(a) den Rialachán sin, ní mór ‘ainm’ na mbianna a bheith ar thaispeáint orthu.

57

Foráiltear le hAirteagal 17(1) de Rialachán Uimh. 1169/2011 gurb é ainm bia a ‘ainm dlíthiúil’. In éagmais ainm dlíthiúil den sórt sin, is é ‘gnáthainm’ ainm an bhia sin. In éagmais gnáthainm den sórt sin nó mura n‑úsáidtear é, léireofar ‘ainm tuairisciúil’.

58

In Airteagal 2(2)(n) go (p) den Rialachán sin, tugtar sainmhínithe ar na trí choincheap a luaitear sa mhír roimhe seo. Dá bhrí sin, ar an gcéad dul síos, is é ‘ainm dlíthiúil’ ainm bia ‘a fhorordaítear i bhforálacha an Aontais is infheidhme maidir leis, nó, cheal forálacha an Aontais den sórt sin, an t‑ainm dá bhforáiltear sna dlíthe [...] is infheidhme sa Bhallstát ina ndíoltar an bia leis an tomhaltóir’. Ar an dara dul síos, is é ‘gnáthainm’ bia ná ainm a nglacann tomhaltóirí sa Bhallstát ina ndíoltar an bia sin leis mar ainm an bhia agus ar ainm é nach gá míniú breise ina leith. Ar an tríú dul síos, is é ‘ainm tuairisciúil’ bia ná ainm lena soláthraítear tuairisc ar an mbia, agus ar úsáid an bhia sin más gá, ar ainm é atá sách soiléir chun a chur ar chumas tomhaltóirí a fhíorchineál a aithint agus idirdhealú a dhéanamh idir an bia sin agus táirgí eile a bhféadfaí a cheapadh ina leith gurb é an bia céanna é.

59

I gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Uimh. 1169/2011, tá forálacha sonracha in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán sin maidir le hainm bia agus na sonraí nach mór an t‑ainm sin a chur i gceangal leo.

60

I ndáil leis sin, foráiltear le pointe 4 de Chuid A d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán sin, i gcás bianna ina ndéantar comhchuid nó comhábhar éagsúil a chur in ionad comhchoda nó comhábhair a mbíonn súil ag na tomhaltóirí gurb í nó gurb é is iondúil a bhíonn á úsáid iontu nó a bhíonn iontu go nádúrtha, beidh léiriú soiléir ar an lipéadú, chomh maith leis an liosta comhábhar, ar an gcomhchuid nó ar an gcomhábhar a úsáideadh don ionadú páirteach nó iomlán, gar do ‘ainm an táirge’, i gcarachtair atá mór go leor i gcomparáid leis an gceann deireanach sin.

61

Dá bhrí sin, trí fhorálacha Airteagal 7(1), (2) agus (4), Airteagal 9(1)(a), Airteagal 17(1) agus (5) agus pointe 4 de Chuid A d'Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Uimh. 1169/2011 a léamh le chéile, is féidir achoimre a dhéanamh ar na forálacha sin mar seo a leanas.

62

Ar an gcéad dul síos, ní mór ainm a bheith ar bhia. Ar an dara dul síos, ní mór gur ainm dlíthiúil é an t‑ainm sin nó, in éagmais ainm den sórt sin, gnáthainm nó, ina éagmais sin, ainm tuairisciúil. Ar an tríú dul síos, ní mór don ainm sin a bheith beacht, soiléir agus sothuigthe do thomhaltóirí. Ar an gceathrú dul síos, níor cheart go gcuirfeadh an t‑ainm céanna tomhaltóirí ar mhíthreoir, go háirithe, maidir le saintréithe an bhia lena mbaineann, lena n‑áirítear cineál agus comhdhéanamh an bhia, agus maidir le hionadú comhchodanna a fhaightear go nádúrtha nó comhábhar a úsáidtear de ghnáth le comhchodanna nó le comhábhair éagsúla. Ar an gcúigiú dul síos, ní mór na ceanglais sin a chomhlíonadh agus aon bhia á mhargú agus á chur chun cinn.

63

Féadfar ainmneacha dlíthiúla, de réir na chéad staide dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(n) de Rialachán Uimh. 1169/2011, a fhorordú le forálacha dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, mar shampla, tagraítear in Airteagal 2(1)(f) den Rialachán sin d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. 853/2004 a mhéid a bhaineann leis na sainmhínithe ar ‘feoil’, ‘feoil inneall-scartha’, ‘ullmhóidí feola’, ‘táirgí iascaigh’ agus ‘táirgí feola’.

64

Ós rud é go sainmhínítear ‘feoil’, i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn I, mar ‘codanna inite d’ainmhithe’, ní féidir le bia nach bhfuil na codanna sin ann an t‑ainm ‘feoil’ a úsáid, fiú má tá sonraí faoi athsholáthar comhchodanna nó comhábhar ag gabháil leis an ainm sin.

65

Sa dara staid dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(n) de Rialachán Uimh. 1169/2011, in éagmais ainm dhlíthiúil arna fhorordú le dlí an Aontais, féadfaidh na Ballstáit forálacha náisiúnta a ghlacadh lena bhforáiltear d’ainmniú den sórt sin.

66

Sa chás seo, ar an gcéad dul síos, níl aon fhoráil i ndlí an Aontais lena gceanglaítear ainmneacha dlíthiúla áirithe a úsáid le haghaidh táirgí ina bhfuil próitéiní plandúla nó lena bhforordaítear na hainmneacha dlíthiúla is infheidhme maidir le táirgí toisc go sainmhínítear iad mar tháirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin, gan tuilleadh soiléirithe.

67

Ar an taobh eile, is fíor gur léir ón ordú dá dtagraítear i mír 33 den bhreithiúnas seo, i gcomhthéacs na díospóide sna príomhimeachtaí, gur dhiúltaigh údaráis na Fraince don fhéidearthacht go leagfaí síos ainm dlíthiúil le Foraithne Uimh. 2022-947.

68

Mar sin féin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 84 dá Tuairim, ní mór measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar an gceist ar ghlac na húdaráis sin ainm den sórt sin.

69

Cé nach mór don chúirt a rinne an tarchur an measúnú sin a dhéanamh, féadfaidh an Chúirt, mar sin féin, foráil a dhéanamh don chúirt sin maidir leis na gnéithe den léiriú ar dhlí an Aontais nach mór di a dhéanamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Iúil 2019, Baltic Media Alliance, C‑622/17, EU:C:2019:566, mír 47).

70

I ndáil leis sin, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 2(2)(n) de Rialachán Uimh. 1169/2011 nach mór ainmneacha dlíthiúla a bheith ‘forordaithe’ nó ‘foráilte’, is é sin le rá, sainmhínithe, le forálacha dhlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, chun bia a ainmniú. Dá bhrí sin, is éard atá i gceist le hainm dlíthiúil a ghlacadh ná nath sonrach a cheangal le bia áirithe.

71

I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, ní mór scrúdú a dhéanamh ar an argóint a chuir Rialtas na hIodáile chun cinn ina bharúlacha i scríbhinn, ar dá réir, ós rud é go bhféadfaidh na Ballstáit, in éagmais ainm dlíthiúil a fhorordaítear le forálacha de dhlí an Aontais, bearta a ghlacadh chun foráil a dhéanamh d’ainmneacha dlíthiúla le haghaidh bianna áirithe, ní mór an chumhacht a thabhairt dóibh freisin toirmeasc a chur ar úsáid ainmneacha áirithe le haghaidh bianna áirithe. De réir an Rialtais sin, is ionann an toirmeasc ar úsáid ainm áirithe le haghaidh bianna áirithe agus forchur ainm dhlíthiúil le haghaidh bianna a bhfuil saintréithe acu nach ionann iad agus na saintréithe a chumhdaítear leis an toirmeasc atá i gceist. Mar thaca leis an argóint sin, braitheann an Rialtas sin ar bhreithiúnas an 14 Meitheamh 2017, TofuTown.com (C‑422/16, EU:C:2017:458), inar chuir an Chúirt Bhreithiúnais as an áireamh an fhéidearthacht nach bhféadfaí na hainmneacha ‘bainne’ agus ‘táirgí bainne’ a úsáid chun bia a ainmniú nach dtagann ó thál mamach.

72

Ba cheart a thabhairt faoi deara, chun críocha Rialachán Uimh. 1169/2011, nach féidir glacadh na mbeart lena bhforáiltear nach mór do bhianna coinníollacha áirithe a chomhlíonadh, go háirithe maidir lena gcomhdhéanamh, chun go bhféadfaí iad a ainmniú le téarmaí a úsáidtear, de bhua na mbeart sin, mar ainm dlíthiúil, a mheas gurb ionann sin agus glacadh na mbeart lena dtoirmisctear téarmaí áirithe a úsáid, ar téarmaí iad nach sainítear sa dlí leis na bearta sin, chun bianna a bhfuil saintréithe áirithe acu a ainmniú, go háirithe maidir lena gcomhdhéanamh.

73

Is féidir cosaint an tomhaltóra a áirithiú leis na chéad bhearta, agus ní mór don tomhaltóir a bheith in ann glacadh leis go gcomhlíonann bia, arna ainmniú le téarmaí sonracha ar ainm dlíthiúil ar leith é, na coinníollacha a leagtar síos go sonrach lena úsáid. Ar an taobh eile, ní fhorchoimeádtar úsáid téarmaí atá sainithe go beacht, mar ainm dlíthiúil, ag údarás chun bianna a bhfuil saintréithe sonracha acu a ainmniú leis an dara bearta.

74

Ní chaitear amhras ar an easpa coibhéise sin leis na conclúidí ar thángthas orthu i mbreithiúnas an 14 Meitheamh 2017, TofuTown.com (C‑422/16, EU:C:2017:458).

75

Leanann sé ó mhíreanna 5, 8, 20 go 22, 25 agus 28 go 30 den bhreithiúnas sin go sainítear go beacht i bhforálacha Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 671), ar iarradh ar an gCúirt iad a léiriú sa chás ba chúis leis an mbreithiúnas sin, na ceanglais nach mór do bhianna a chomhlíonadh chun bheith in ann an t‑ainm ‘bainne’ agus ainmneacha a bhaineann go sonrach le ‘táirgí bainne’ a úsáid.

76

Faoi na forálacha sin, ar an gcéad dul síos, forchoimeádtar an t‑ainm ‘bainne’ go heisiach do tháirge an ghnáththáil mhamaigh. Ar an dara dul síos, is iad ‘táirgí bainne’ na táirgí sin a dhíorthaítear go heisiach ó bhainne agus is iad na táirgí sin amháin a fhéadfaidh na hainmneacha atá ar liosta atá i gceangal le Rialachán Uimh. 1308/2013 a úsáid mar aon leis na hainmneacha, de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán Uimh. 1169/2011, a úsáidtear iarbhír do na táirgí sin.

77

Is i bhfianaise creat dlíthiúil ar leith den sórt sin a chinn an Chúirt, sa chuid oibríochtúil de bhreithiúnas an 14 Meitheamh 2017, TofuTown.com (C‑422/16, EU:C:2017:458), go bunúsach, go gcoisctear leis na forálacha sin an t‑ainmn ‘bainne’ agus na hainmneacha a fhorchoimeádtar do ‘tháirgí bainne’ amháin a úsáid chun táirgí plandúla amháin a ainmniú, tráth na margaíochta nó san fhógraíocht, fiú má fhorlíontar na hainmneacha sin le tásca míniúcháin nó tuairisciúla lena léirítear tionscnamh plandúil an táirge atá i gceist, ach amháin mar eisceacht dá bhforáiltear le dlí an Aontais.

78

Ní mór a lua nach leagtar síos le dlí an Aontais riail lena bhforchoimeádtar do bhianna áirithe, a shainmhínítear go sonrach mar bhianna de thionscnamh ainmhíoch, úsáid ainmneacha dlíthiúla ina bhfuil téarmaí ó earnálacha an bhúistéara, charcuterie agus táirgí éisc, dá dtagraítear i bhForaithne Uimh. 2022-947, nó leis na téarmaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Foraithne Uimh. 2024-144. Thairis sin, ní léir ó na doiciméid atá os comhair na Cúirte go bhfuil rialacha den sórt sin ann i ndlí na Fraince.

79

Dá bhrí sin, ní féidir na conclúidí ar thángthas orthu i mbreithiúnas an 14 Meitheamh 2017, TofuTown.com (C‑422/16, EU:C:2017:458), a thrasuí chun críocha scrúdú a dhéanamh ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist.

80

Dá bhrí sin, faoi réir an fhíoraithe a bheidh le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, i gcomhréir le míreanna 67 go 69 den bhreithiúnas seo, ní mór a mheas nach bhfuil ‘ainm dlíthiúil’ i bhForaithne Uimh. 2022-947, de réir bhrí Rialachán Uimh. 1169/2011, ach go mbaineann sé leis an gceist nach féidir ‘gnáthainmneacha’ ná ‘ainmneacha tuairisciúla’ a úsáid chun bianna ina bhfuil próitéiní plandúla a ainmniú. Dá bhrí sin, is gá a chinneadh an bhfuil na coincheapa sin comhchuibhithe go sainráite leis an Rialachán sin, de réir bhrí Airteagal 38(1) den Rialachán sin.

81

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhforáiltear le hAirteagal 2(2)(o) agus (p) de Rialachán Uimh. 1169/2011 go bhféadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh lena rialófaí gnáthainmneacha nó ainmneacha tuairisciúla bia áirithe, rud atá contrártha leis an méid a fhoráiltear le hAirteagal 2(2)(n) den Rialachán sin i ndáil le hainmneacha dlíthiúla.

82

Mínítear an difríocht sin leis an bhfíoras, i bhfianaise na sainmhínithe arna nglacadh ag reachtas an Aontais do na gnáthainmneacha agus na hainmneacha tuairisciúla sin, nach féidir leis na húdaráis náisiúnta raon feidhme na n‑ainmneacha sin a theorannú, ar bhealach ginearálta agus teibí. Mar a chuireann Protéines France agus EVU isteach, go bunúsach, ar an gcéad dul síos, ní féidir ainm a mheas mar ghnáthainm le haghaidh bia ach amháin más féidir a bhaint de thátal as an ngnáthchaint, as an úsáid, as an nós, as an traidisiún agus as an ngnáthchleachtas go n‑aithníonn tomhaltóirí an t‑ainm sin mar ainm sonrach lena n‑ainmnítear an táirge lena bhfuil sé ceangailte. Ar an dara dul síos, chun go n‑aicmeofaí ainm mar ‘ainm tuairisciúil’, ní mór go bhfágfadh ainm, ar a léamh, gur féidir príomhthréithe an bhia arna ainmniú amhlaidh a thuiscint.

83

Dá bhrí sin, mura nglactar ainm dlíthiúil, leanann sé ó Airteagal 38(1) de Rialachán Uimh. 1169/2011 nach féidir le Ballstát, trí bhíthin toirmeasc ginearálta agus teibí, cosc a chur ar tháirgeoirí bianna ina bhfuil próitéiní plandúla a n‑oibleagáid a chomhlíonadh maidir le hainm na mbianna sin a léiriú trí ghnáthainmneacha nó ainmneacha tuairisciúla a úsáid.

84

Maidir leis an gceist an bhféadfaidh Ballstát bearta ginearálta agus teibí a ghlacadh chun cosc a chur ar an riosca go bhféadfaí tomhaltóirí a chur ar mhíthreoir trí ghnáthainmneacha nó ainmneacha tuairisciúla áirithe a úsáid ar an bhforas nach gcuirtear ar an eolas go cuí iad gur cuireadh próitéiní plandúla in ionad próitéiní ainmhíocha i mbianna a n‑ainmnítear leis na hainmneacha sin, ní mór a mheabhrú, mar is léir ó mhíreanna 54 agus 60 thuas, go mbaineann Airteagal 7(1)(d) agus pointe 4 de Chuid A d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Uimh. 1169/2011 go sonrach le comhchodanna nó comhábhair bianna a ionadú. Dá réir sin, déantar an cheist sin a chomhchuibhiú go sonrach freisin leis an Rialachán sin, de réir bhrí Airteagal 38(1).

85

Mar sin féin, maíonn na rialtais a chuir barúlacha i scríbhinn isteach agus an Coimisiún Eorpach, go bunúsach, nach gcumhdaítear leis na forálacha sin an cás atá ábhartha sa chás seo, ina n‑éiríonn comhdhéanamh an bhia lena mbaineann go hiomlán difriúil.

86

I gcomhréir le cásdlí socair, ní mór, agus foráil de dhlí an Aontais á léiriú, ní hamháin a foclaíocht a thabhairt faoi deara ach freisin a comhthéacs agus ar na cuspóirí atá á saothrú leis na rialacha a bhfuil sí mar chuid díobh (breithiúnas an 12 Bealtaine 2021, Bundesrepublik Deutschland (Fógra dearg Interpol), C‑505/19, EU:C:2021:376, mír 77 agus an cásdlí dá dtagraítear).

87

Go litriúil, ba cheart a thabhairt faoi deara go dtagraíonn foclaíocht Airteagal 7(1)(d) agus phointe 4 de Chuid A d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Uimh. 1169/2011 do chomhchuid nó do chomhábhar difriúil a chur in ionad comhchoda nó comhábhair. Ní leor go dtagraíonn na forálacha sin do chomhchuid nó do chomhábhar chun iad a dhéanamh neamh-infheidhme i gcás inarb é an comhchuid nó an comhábhar atá á ionadú an t‑aon chomhchuid nó an t‑aon chomhábhar atá i mbia.

88

Ó thaobh an chomhthéacs de, ní mór a mheabhrú go bhfuil sainmhíniú ar an téarma ‘comhábhar’ sa Rialachán sin, in Airteagal 2(2)(f), a chiallaíonn ‘aon substaint nó táirge, lena n‑áirítear blastáin, breiseáin bhia agus einsímí bia, agus aon chomhchuid de chomhábhar cumaisc a úsáidtear chun bia a dhéanamh nó chun é a ullmhú agus atá fós ann sa táirge críochnaithe, fiú i bhfoirm athraithe; ní mheasfar gur “comhábhair” iad iarmhair’. Foráiltear le hAirteagal 2(2)(q) den Rialachán sin nach mór ‘comhábhar príomha’ a thuiscint mar ‘c[h]omhábhar bia nó comhábhair bhia ar mó a mhéid nó a méid ná 50 % den bhia sin nó a chuireann an tomhaltóir i mbaint le hainm an bhia de ghnáth ar ina leith a theastaíonn léiriú cainníochtúil a sholáthar i bhformhór na gcásanna’.

89

Úsáidtear an téarma ‘comhábhar’ in Airteagal 7(1)(d) agus i bpointe 4 de Chuid A d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán sin gan ‘comhábhair phríomha’ a eisiamh. Dá réir sin, féadfar iad a ionadú, de réir bhrí na bhforálacha sin.

90

Ó thaobh na teileolaíochta de, is léir ó Airteagal 1(1) de Rialachán Uimh. 1169/2011, arna léamh i bhfianaise aithrisí 1 agus 3 de, go bhféachtar leis an Rialachán sin le hardleibhéal cosanta a bhaint amach do thomhaltóirí maidir le faisnéis bhia, agus difríochtaí i dtuiscint tomhaltóirí agus a riachtanais faisnéise á n‑urramú, agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh á áirithiú ag an am céanna, trí fhorálacha bunúsacha a ghlacadh.

91

Is dóigh go gcuirfear an t‑ardleibhéal cosanta sin i mbaol mura mbeidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le comhchuid nó comhábhar éagsúil a chur in ionad comhchoda nó comhábhair i mbia i gcás ina mbaineann an t‑ionadú sin le comhchuid nó le comhábhar a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis i mbia, nó fiú más é an t‑aon chomhábhar nó an t‑aon chomhábhar atá ann é. Ait go leor, ní bheadh sé mar thoradh air sin go mbeadh díol agus cur chun cinn an bhia sin toirmiscthe le dlí an Aontais, ach nach ndéanfaí cosaint tomhaltóirí i gcásanna den sórt sin a chomhchuibhiú agus, dá bhrí sin, nach n‑áiritheofaí í, ach go mbeadh sé i gcás ina mbaineann an t‑ionadú le comhchuid nó comhábhar nach bhfuil chomh tábhachtach céanna.

92

Dá réir sin, ní mór a mheas go gcumhdaítear freisin le hAirteagal 7(1)(d) agus le pointe 4 de Chuid A d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Uimh. 1169/2011 ceist na faisnéise nach mór a sholáthar do thomhaltóirí nuair a éiríonn comhdhéanamh an bhia lena mbaineann chun bheith go hiomlán difriúil.

93

Ina theannta sin, is léir ón gcásdlí a bhaineann go háirithe leis na forálacha sin gur leor faisnéis a léiriú, i ndlúthghaireacht d’ainm an bhia, maidir le hionadú comhchoda nó comhábhair chun an tomhaltóir a chosaint ar an mbaol go gcuirfí ar mhíthreoir é (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Nollaig 2022, LSI – Germany, C‑595/21, EU:C:2022:949, míreanna 32 agus 34).

94

Dá réir sin, mar a deir Beyond Meat, go bunúsach, bunaítear leis na forálacha sin toimhde infhrisnéise faoina gcosnaítear tomhaltóirí go leordhóthanach leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil ar na rialacha mionsonraithe a fhorordaítear leo, lena n‑áirítear i gcás ionadaíocht iomlán a dhéanamh ar an gcomhchuid nó ar an gcomhábhar aonair ar féidir leo a bheith ag súil le fáil i mbia arna ainmniú faoi ghnáthainm nó faoi ainm tuairisciúil ina bhfuil téarmaí áirithe.

95

Is amhlaidh fós, má mheasann údarás náisiúnta go gcuireann na socruithe praiticiúla maidir le bia a dhíol nó a chur chun cinn an tomhaltóir ar mhíthreoir, féadfaidh sé oibreoir an ghnó bia lena mbaineann a ionchúiseamh, atá freagrach, as an bhfaisnéis atá le feiceáil ar an mbia sin agus ní mór dó láithreacht agus cruinneas na faisnéise sin a áirithiú agus a léiriú go bhfuil an frisnéis déanta ar an toimhde thuas.

96

I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist nach mór Airteagail 7 agus 17 agus pointe 4 de Chuid A d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Uimh. 1169/2011, arna léamh i bhfianaise Airteagal 2(2)(o) agus (p) agus Airteagal 9(1)(a) de a léiriú sa chaoi go gcomhchuibhítear go sonrach leo, de réir bhrí Airteagal 38(1) den Rialachán sin, an chosaint do thomhaltóirí ar an mbaol go gcuirfí ar mhíthreoir iad trí úsáid ainmneacha, seachas ainmneacha dlíthiúla, arb é atá iontu téarmaí ó earnálacha an bhúistéara, charcuterie agus táirgí éisc chun tuairisc a thabhairt ar bhianna ina bhfuil próitéiní plandúla seachas próitéiní de thionscnamh ainmhíoch, chun iad a mhargú nó a chur chun cinn, lena n‑áirítear ina n‑iomláine, agus dá bhrí sin, cuirtear cosc ar Bhallstát bearta náisiúnta a ghlacadh lena rialaítear nó lena dtoirmisctear úsáid na n‑ainmneacha sin.

An tríú ceist

97

Lena tríú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá, i gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist nó ar an dara ceist, Airteagal 38(1) de Rialachán Uimh. 1169/2011 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis an gcomhchuibhiú sonrach a dhéantar leis na forálacha is ábhar do na ceisteanna sin ar Bhallstát beart náisiúnta a ghlacadh lena bhforáiltear, ar an gcéad dul síos, do phionóis riaracháin a fhorchur as mainneachtain na ceanglais agus na toirmisc a eascraíonn as forálacha an Rialacháin sin a chomhlíonadh agus, ar an dara dul síos, lena gcinntear leibhéil próitéine plandúla ar faoina mbun a cheadaítear fós úsáid ainmneacha, seachas ainmneacha dlíthiúla, arb é atá iontu téarmaí ó earnálacha an bhúistéara agus charcuterie chun tuairisc a thabhairt ar bhianna ina bhfuil próitéiní plandúla, chun iad a mhargú nó a chur chun cinn.

98

Maidir leis an gcéad chuid den tríú ceist, a bhaineann leis na toirmisc agus na pionóis a eascraíonn as Airteagail 6 agus 7 d’Fhoraithne Uimh. 2022-947, ní mór a mheabhrú, faoin tríú fomhír d’Airteagal 17(2) de Rialachán Uimh. 178/2002, nach mór do na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir leis na bearta agus na pionóis is infheidhme maidir le sárú ar dhlí an bhia, nach mór a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

99

Faoi Airteagal 3(1) den Rialachán sin, ar an gcéad dul síos, ciallaíonn ‘dlí an bhia’ na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin lena rialaítear bia i gcoitinne agus sábháilteacht bia go háirithe, i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta. Ar an taobh eile, cumhdaíonn dlí an bhia gach céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh bia.

100

Leanann sé ó Airteagal 8 den Rialachán sin go bhfuil dlí an bhia ceaptha chun leasanna na dtomhaltóirí a chosaint agus chun cosc a chur, go háirithe, ar chleachtais chalaoiseacha nó mheabhlacha agus ar aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur ar mhíthreoir.

101

Tá na heilimintí sin a bhaineann le Rialachán Uimh. 178/2002 ábhartha freisin maidir le Rialachán Uimh. 1169/2011.

102

I gcomhréir le hAirteagal 2(1)(a) de Rialachán Uimh. 1169/2011, chun críocha an Rialacháin sin, is é an sainmhíniú ar ‘d[h]lí an bhia’ an sainmhíniú a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Rialachán Uimh. 178/2002. Luaitear in aithris 4 de Rialachán Uimh. 1169/2011, de réir Rialachán Uimh. 178/2002, foráiltear gur prionsabal ginearálta de dhlí um bia é bunús a sholáthar do thomhaltóirí chun roghanna eolasacha a dhéanamh maidir leis an mbia a chaitheann siad agus chun cosc a chur ar aon chleachtas lena bhféadfaí an tomhaltóir a chur ar míthreoir.

103

Ós rud é go n‑áirítear Rialachán Uimh. 1169/2011 i ndlí an bhia agus go gceadaítear leis an Rialachán sin, faoi choinníollacha áirithe, bearta náisiúnta a ghlacadh, ceanglaítear ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán sin nó ar na bearta sin.

104

Dá réir sin, ní chuireann an comhchuibhiú sonrach a dhéantar leis na forálacha dá dtagraítear sa chéad cheist agus sa dara ceist bac ar Bhallstát pionóis riaracháin a fhorchur as mainneachtain na ceanglais agus na toirmisc a eascraíonn as na forálacha sin nó as bearta náisiúnta a chomhlíonann na forálacha sin a chomhlíonadh.

105

Maidir leis an dara cuid den tríú ceist, ba cheart a thabhairt faoi deara gurb ionann uasleibhéil cheadaithe próitéine plandúla a shocrú, amhail an socrú a eascraíonn as Airteagal 3(1) d’Fhoraithne Uimh. 2022-947, ionas gur féidir bianna a ainmniú le gnáthainmneacha nó ainmneacha tuairisciúla áirithe agus a n‑úsáid na a rialáil, gan ainm dlíthiúil a ghlacadh, áfach. Ós rud é go gcomhchuibhítear úsáid na n‑ainmneacha sin go sonrach leis na forálacha is ábhar don chéad cheist agus don dara ceist, ní féidir le Ballstát beart a ghlacadh ina leith sin, gan aonfhoirmeacht dhlí an Aontais a chur i mbaol.

106

I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, is é an freagra ar an tríú ceist nach mór Airteagal 38(1) de Rialachán Uimh. 1169/2011 a léiriú sa chaoi nach gcuireann an comhchuibhiú sonrach atá sa fhreagra ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist cosc ar Bhallstát pionóis riaracháin a fhorchur as mainneachtain na ceanglais agus na toirmisc a eascraíonn as forálacha an Rialacháin sin agus as bearta náisiúnta atá comhsheasmhach leis an Rialachán sin a chomhlíonadh. Ar an taobh eile, cuireann an comhchuibhiú sonrach sin cosc ar Bhallstát beart náisiúnta a ghlacadh lena gcinnfear leibhéil na bpróitéiní plandúla ar a bhfuil úsáid ainmneacha fós údaraithe, seachas ainmneacha dlíthiúla, arb éard iad téarmaí ó earnálacha na búistéireachta agus charcuterie iad chun cur síos a dhéanamh ar bhianna ina bhfuil próitéiní plandúla, nó chun iad a chur ar an margadh nó a chur chun cinn.

An ceathrú ceist

107

Ós rud é go luann an chúirt a rinne an tarchur nach n‑ardaítear an ceathrú ceist ach amháin má tá na freagraí ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist diúltach, ní gá an ceathrú ceist a fhreagairt.

Costais

108

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Dara Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Maidir le hAirteagail 7 agus 17 Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún agus Iarscríbhinn VI, Cuid A, pointe 4, a ghabhann le Rialachán Uimh. 1169/2011, arna léamh i bhfianaise Airteagal 2(2)(o) agus (p) agus Airteagal 9(1)(a) de,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

comhchuibhíonn siad go sonrach, de réir bhrí Airteagal 38(1) den Rialachán sin, cosaint tomhaltóirí ar an riosca go gcuirfí ar mhíthreoir iad trí úsáid ainmneacha, seachas ainmneacha dlíthiúla, arb é atá iontu téarmaí ó earnálacha an bhúistéara, charcuterie agus táirgí éisc chun tuairisc a thabhairt ar bhianna ina bhfuil próitéiní plandúla seachas próitéiní de thionscnamh ainmhíoch, chun iad a mhargú nó a chur chun cinn, lena n‑áirítear ina n‑iomláine, agus dá bhrí sin, cuirtear cosc ar Bhallstát bearta náisiúnta a ghlacadh lena rialaítear nó lena dtoirmisctear úsáid na n‑ainmneacha sin.

 

2.

Maidir le hAirteagal 38(1) de Rialachán Uimh. 1169/2011

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

leis an gcomhchuibhiú sonrach a fhaightear i mír 1 den chuid oibríochtúil, ní chuirtear bac ar Bhallstát pionóis riaracháin a fhorchur as mainneachtain na ceanglais agus na toirmisc a eascraíonn as forálacha an Rialacháin sin agus as bearta náisiúnta atá comhsheasmhach leis a chomhlíonadh. Ar an taobh eile, cuireann an comhchuibhiú sonrach sin cosc ar Bhallstát beart náisiúnta a ghlacadh lena gcinnfear leibhéil na bpróitéiní plandúla ar a bhfuil úsáid ainmneacha fós údaraithe, seachas ainmneacha dlíthiúla, arb éard iad téarmaí ó earnálacha na búistéireachta agus charcuterie iad chun cur síos a dhéanamh ar bhianna ina bhfuil próitéiní plandúla, nó chun iad a chur ar an margadh nó a chur chun cinn.

 

[Sínithe]


( *1 ) Teanga an cháis: an Fhraincis.