BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Cúigiú Dlísheomra)

21 Samhain 2024 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Comhshaol – Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 – Oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh – Airteagal 2(a) go (c) – Coincheapa ‘adhmad agus táirgí adhmaid’, ‘a chur ar an margadh’ agus ‘oibreoir’)

I gCás C-370/23,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Najvyšší správny súd Slovenskej republiky (Cúirt Riaracháin Uachtarach Phoblacht na Slóvaice), trí bhreith an 26 Aibreán 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 13 Meitheamh 2023, sna himeachtaí

Mesto Rimavská Sobota

v

Ministerstvo pôdohospodárstva a rozvoja vidieka Slovenskej republiky,

Tugann AN CHÚIRT (an Cúigiú Dlísheomra)

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: I. Jarukaitis, Uachtarán an Cheathrú Dlísheomra, ag gníomhú mar Uachtarán an Chúigiú Dlísheomra, D. Gratsias (Rapóirtéir) agus E. Regan, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: T. Ćapeta,

Cláraitheoir: S. Spyropoulos, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 15 Bealtaine 2024,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Rialtas na Slóvaice, ag E. V. Larišová, i gcáil Gníomhaire,

Rialtas na hUngáire, ag M. Z. Fehér agus R. Kissné Berta, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag A. Tokár agus C. Valero, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 4 Iúil 2024,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 2(b) de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO 2010 L 295, lch. 23).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Mesto Rimavská Sobota (Cathair Rimavská Sobota, an tSlóvaic) agus an Ministerstvo pôdohospodárstva a rozvoja vidieka (an Aireacht Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe, an tSlóvaic) (‘an Aireacht Talmhaíochta’) maidir le dlíthiúlacht fíneála a gearradh ar an gcéad cheann ar an bhforas nár chuir sí córas díchill chuí i bhfeidhm, de réir bhrí Airteagal 4(2) agus Airteagal 6 de Rialachán Uimh. 995/2010.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais

3

Luaitear an méid seo a leanas in Aithris 31 de Rialachán Uimh. 995/2010:

‘Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an comhrac in aghaidh na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála atá gaolmhar léi, a bhaint amach ina n-aonar agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 [CAE]. [...]’

4

Foráiltear le hAirteagal 1 den Rialachán sin, dar teideal ‘Ábhar’:

‘Leis an Rialachán seo, leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh inmheánach den chéad uair acu, chomh maith le hoibleagáidí na dtrádálaithe maidir le hinrianaitheacht.’

5

Foráiltear le hAirteagal 2 den Rialachán sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “adhmad agus táirgí adhmaid” an t-adhmad agus na táirgí adhmaid a leagtar amach san Iarscríbhinn, cé is moite de tháirgí adhmaid nó de chomhpháirteanna de chuid táirgí den sórt sin a mhonaraítear as adhmad nó as táirgí adhmaid a bhfuil a saolré tagtha chun críche agus a dhiúscrófaí mar dhramhaíl murach sin, de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl [(IO 2008 L 312, lch. 3)];

(b)

ciallaíonn “cur ar an margadh” adhmad nó táirgí adhmaid a sholáthar ar shlí ar bith ar an margadh inmheánach den chéad uair, gan spleáchas don teicníocht díolacháin a úsáidtear, chun é nó iad a dháileadh nó a úsáid i gcúrsa gníomhaíochta tráchtála, cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce. Folaíonn sé freisin soláthar trí chianchumarsáid de réir mar a shainmhínítear i dTreoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 1997 maidir le tomhaltóirí a chosaint i leith cianchonarthaí. [(IO 1997 L 144, lch. 19)]. Maidir le táirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad nó ó tháirgí adhmaid atá ar an margadh inmheánach cheana féin a sholáthar ar an margadh inmheánach, ní hionann an soláthar sin agus “cur ar an margadh”;

(c)

ciallaíonn “oibreoir” aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach a chuireann adhmad nó táirgí adhmaid ar an margadh;

[...]

(f)

ciallaíonn “arna lománú go dleathach” arna lománú i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme i dtír na lománaíochta;

(g)

ciallaíonn “arna lománú go neamhdhleathach” arna lománú de shárú ar an reachtaíocht is infheidhme i dtír na lománaíochta;

(h)

ciallaíonn “reachtaíocht is infheidhme” an reachtaíocht atá i bhfeidhm i dtír na lománaíochta, ar reachtaíocht í lena gcumhdaítear na nithe seo a leanas:

cearta chun adhmad a lománú laistigh de theorainneacha a bhfuil taifead orthu le dlí;

[...]

cearta dlíthiúla tríú páirtithe maidir le húsáid agus maidir le tionacht, ar cearta iad a ndéanann lománaíocht adhmaid difear dóibh [...]

[...]’

6

Foráiltear le hAirteagal 4 den Rialachán sin, dar teideal ‘Oibleagáidí na n-oibreoirí’:

‘1.   Toirmiscfear adhmad arna lománú go neamhdhleathach nó táirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin a chur ar an margadh.

2.   Feidhmeoidh na hoibreoirí dícheall cuí nuair a bheidh adhmad agus táirgí adhmaid á gcur ar an margadh acu. Chuige sin, bainfidh siad leas as creat nósanna imeachta agus beart, dá ngairtear ‘córas díchill chuí’ anseo feasta, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 6.

3.   Déanfaidh gach oibreoir an córas díchill chuí a úsáideann sé a chothabháil agus a mheasúnú go tráthrialta [...]’.

7

Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 6 de Rialachán Uimh. 995/2010, dar teideal ‘Córais díchill chuí’, i mír 1 de:

‘Beidh na gnéithe seo a leanas san áireamh sa chóras díchill chuí dá dtagraítear in Airteagal 4(2):

(a)

bearta agus nósanna imeachta lena dtugtar rochtain ar an bhfaisnéis seo a leanas maidir le soláthar an oibreora i ndáil le hadhmad nó táirgí adhmaid a chuirtear ar an margadh:

tuairisc, lena n-áirítear an trádainm agus an cineál táirge, chomh maith le hainm coiteann an speicis crainn agus, i gcás inarb infheidhme, an t-ainm eolaíoch iomlán,

tír na lománaíochta, agus i gcás inarb infheidhme:

i)

an réigiún fonáisiúnta inar lománaíodh an t-adhmad; agus

ii)

lamháltas na lománaíochta,

cainníocht (arna sloinneadh i dtoirt, i meáchan nó i líon na n-aonad),

ainm agus seoladh sholáthróir an oibreora,

ainm agus seoladh an trádálaí dár soláthraíodh an t-adhmad agus na táirgí adhmaid,

doiciméid nó faisnéis eile lena dtugtar léiriú ar chomhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme i gcás an adhmaid sin agus na dtáirgí adhmaid sin;

(b)

nósanna imeachta um measúnú riosca lena gcuirtear ar chumas an oibreora anailís agus measúnú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfar adhmad arna lománú go neamhdhleathach nó táirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin a chur ar an margadh.

Cuirfear san áireamh sna nósanna imeachta sin an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe (a) chomh maith leis na critéir ábhartha measúnaithe riosca, lena n-áirítear:

dearbhú maidir le comhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme, ar dearbhú é a bhféadfadh scéimeanna deimhniúcháin nó scéimeanna eile arna bhfíorú ag tríú páirtí, ar scéimeanna iad lena gcumhdaítear comhlíonadh na reachtaíochta infheidhme, a bheith san áireamh ann,

leitheadúlacht lománaíocht neamhdhleathach na speiceas sonrach crann,

leitheadúlacht na lománaíochta neamhdhleathaí nó na gcleachtas neamhdhleathach i dtír na lománaíochta agus/nó sa réigiún fonáisiúnta inar lománaíodh an t-adhmad, lena n-áirítear aird a thabhairt ar leitheadúlacht coinbhleachta armtha,

smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó ag Comhairle an Aontais Eorpaigh ar allmhairí nó onnmhairí adhmaid;

castacht shlabhra soláthair an adhmaid agus na dtáirgí adhmaid;

(c)

seachas i gcás inar riosca diomaibhseach an riosca a shainaithnítear i gcúrsa na nósanna imeachta um measúnú riosca dá dtagraítear i bpointe (b), nósanna imeachta um maolú riosca arb é atá iontu ná sraith beart agus nósanna imeachta atá leordhóthanach agus comhréireach chun íoslaghdú a dhéanamh go héifeachtach ar an riosca sin agus a bhféadfaí ceanglas a áireamh iontu á rá go bhfuil gá le faisnéis bhreise nó doiciméid bhreise agus/nó go bhfuil gá le fíorú tríú páirtí.’

8

Foráiltear le hAirteagal 19 den Rialachán sin, dar teideal ‘Pionóis’, i mír 1 de:

‘Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.’

9

Áirítear na hiontrálacha seo a leanas san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, dar teideal ‘Adhmad agus táirgí adhmaid faoi mhar atá siad aicmithe san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle [, an 23 Iúil 1987, maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO 1987 L 256, lch. 1)] a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo’:

‘ –

4401 Connadh, ina spreotaí, ina smutáin, ina chipíní, ina bhrosna nó i bhfoirmeacha dá samhail; adhmad i sliseanna nó i gcáithníní; min sáibh agus fuíolladhmad agus dramhadhmad, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe i bhfoirm spreotaí, brícíní nó millíní nó i bhfoirmeacha dá samhail

4403 Adhmad neamhchóirithe, bíodh nó ná bíodh coirt nó sú-adhmad air nó bainte de, nó cearnaithe go garbh

[...]’

Dlí na Slóvaice

10

Mar is léir ó Airteagal 1(1)(a) de, rialaíonn zákon č. 113/2018 Z. z. o uvádzaní dreva a výrobkov z dreva na vnútorný trh a o zmene a doplnení zákona č. 280/2017 Z. z. o poskytovaní podpory a dotácie v pôdohospodárstve a rozvoji vidieka a o zmene zákona č. 292/2014 Z. z. o príspevku poskytovanom z európskych štrukturálnych a investičných fondov a o zmene a doplnení niektorých zákonov v znení neskorších predpisov (Dlí Uimh. 113/2018 maidir le hadhmad agus táirgí adhmaid a chur ar an margadh inmheánach agus lena leasaítear Dlí Uimh. 280/2017 maidir le cabhair agus fóirdheontais a dheonú i réimse na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe agus lena leasaítear Dlí Uimh. 292/2014 maidir le rannchuidiú Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus lena leasaítear dlíthe áirithe arna leasú) an 14 Márta 2018 (Uimh. 113/2018 Z. z.), sa leagan is infheidhme maidir leis an bpríomhdhíospóid (“an dlí maidir le hadhmad”), cearta agus oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh.

11

Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 4 den Dlí maidir le hadhmad:

‘1)   Ceanglaítear ar an oibreoir a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh inmheánach córas díchill chuí a chur i bhfeidhm [...]. Bunófar córas an díchill chuí i bhfoirm pháipéir nó leictreonach sula gcuirfear adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh inmheánach.

2)   Ceanglaítear ar an oibreoir an córas díchill chuí a bhainistiú agus a mheas go rialta [...].

3)   Maidir le hoibreoir a chuirfidh ar an margadh inmheánach adhmad agus táirgí adhmaid a dhíorthaítear ó chrainn nó ó thoir a lománaíodh ar chríoch Phoblacht na Slóvaice agus atá ina úinéir, ina bhainisteoir nó ina bhainisteoir foraoise ar thalamh foraoise, [...] ceanglófar air freisin an fhaisnéis, na doiciméid agus na taifid a cheanglaítear leis na rialacháin shonracha a áireamh sa chóras díchill chuí, mar aon le faisnéis faoin bpróiseas eastósctha adhmaid, faoi láimhseáil adhmaid agus táirgí díorthacha, faoi adhmad agus táirgí díorthacha a iompar agus a chur ar an margadh inmheánach, mar aon le doiciméid ghaolmhara.

[...]’

12

De réir Airteagal 17(1)(c) den Dlí maidir le hadhmad, déanann oibreoir cion riaracháin ‘mura n-oibríonn sé córas díchill chuí nó mura ndéanann sé an córas díchill chuí dá dtagraítear in Airteagal 4(1), (2), (3) nó (5) [den dlí sin] a chothabháil agus a mheasúnú go rialta [...].’ Foráiltear le hAirteagal 17(5)(b) den Dlí sin ‘go bhforchuirfidh an t-údarás maoirseachta, as [...] cion riaracháin dá dtagraítear i mír 1[...](c) [...], fíneáil idir EUR 2000 agus EUR 10000 [...]’.

An díospóid sna príomhimeachtaí agus an cheist a tharchuirtear

13

Le cinneadh an 10 Aibreán 2019, d’fhorchuir Slovenská lesnícko – drevárska inšpekcia (Cigireacht na Slóvaice foraoisí, agus an tionscal foraoiseachta, an tSlóvaic) fíneáil EUR 2000 ar Chathair Rimavská Sobota, ar bhonn Airteagal 17(5) den Dlí maidir le hadhmad, ar an bhforas, mar oibreoir, de réir bhrí Airteagal 2(c) de Rialachán Uimh. 995/2010, gur mhainnigh sí córas díchill chuí a bhunú, de réir bhrí Airteagal 4(1) go (3) den Dlí maidir le hadhmad. Deimhníodh an cinneadh sin le cinneadh ón Aireacht Talmhaíochta an 25 Meitheamh 2019.

14

Thionscain Cathair Rimavská Sobota caingean i gcoinne an chinnidh sin, a diúltaíodh le breithiúnas ón Krajský súd v Banskej Bystrici (an Chúirt Réigiúnach, Banská Bystrica, an tSlóvaic). Rinne Cathair Rimavská Sobota achomharc ar phointe dlí i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair Najvyšší správny súd Slovenskej republiky (Cúirt Riaracháin Uachtarach Phoblacht na Slóvaice), an chúirt a rinne an tarchur.

15

De réir na cúirte a rinne an tarchur, dhíol Cathair Rimavská Sobota adhmad, gan ach na crainn atá le baint a chur in iúl do cheannaitheoirí, nó an talamh a úsáideadh don bhuaint sin, a rinne na ceannaitheoirí iad féin, faoi mhaoirseacht na bhfostaithe bardasacha.

16

Ní aontaíonn na páirtithe sna príomhimeachtaí cé acu atá nó nach bhfuil Cathair Rimavská Sobota ina ‘oibreoir’ de réir bhrí Airteagal 2(c) de Rialachán Uimh. 995/2010. Measann an Chathair nach bhfuil feidhm ag an aicmiú sin maidir léi, ós rud é nár dhíol sí adhmad a lománaíodh cheana féin ach gur dhíol sí an ceart adhmad coille a lománú.

17

Ó thaobh na hAireachta Talmhaíochta de, áitíonn sí, ós rud é gur chuir Cathair Rimavská Sobota adhmad ‘ar an margadh’, de réir bhrí Airteagal 2(b) de Rialachán Uimh. 995/2010, gur ‘oibreoir’ í de réir bhrí Airteagal 2(c) den Rialachán sin agus, dá bhrí sin, go bhfuil sí faoi réir chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 4(2) den Rialachán sin. De réir na faisnéise a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, braitheann an Aireacht Talmhaíochta ar an bhfíoras gur dhíol Cathair Rimavská Sobota adhmad go díreach a raibh ar na ceannaitheoirí féin é a lománú agus a iompar, gan an ceart chun cuid den fhoraois lena mbaineann a lománú agus a bhainistiú a aistriú chucu, áfach. Dar leis an Aireacht Talmhaíochta, is sa chás deiridh sin amháin a d’fhéadfaí ceannaitheoirí a mheas mar ‘bhainisteoirí foraoise’ de réir bhrí fhorálacha ábhartha dhlí na Slóvaice agus, dá bhrí sin, bheadh an fhaisnéis is gá acu chun córas díchill chuí a chur ar bun, mar a cheanglaítear le hAirteagal 4(2) den rialachán sin.

18

Measann an chúirt a rinne an tarchur go n-ardaíonn an cás os a comhair ceist maidir le léiriú ar na coincheapa ‘cur ar an margadh’ agus ‘oibreoir’ de réir bhrí Airteagal 2(b) agus (c) de Rialachán Uimh. 995/2010.

19

Sna himthosca sin, chinn an Najvyšší správny súd Slovenskej republiky (Cúirt Riaracháin Uachtarach Phoblacht na Slóvaice) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘An gcaithfear Airteagal 2(b) de Rialachán [Uimh. 995/2010] a léiriú sa chaoi gurb ionann adhmad amh nó connadh a chur ar an margadh ar chomaoin de réir bhrí an iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, más rud é, faoin gcomhaontú lamháltais lománaíochta, go ndéanann an ceannaitheoir an t-adhmad a lománú faoi threoir agus faoi mhaoirseacht an díoltóra?’

Inghlacthacht

20

Measann Rialtas na Slóvaice go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú do-ghlactha ar an bhforas, mar a leagtar amach í, go n-iarrtar ar an gCúirt Rialachán Uimh. 995/2010 a chur i bhfeidhm maidir le fíorais an cháis sna príomhimeachtaí.

21

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, in imeachtaí faoi Airteagal 267 CFAE, atá bunaithe ar scaradh soiléir feidhmeanna idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, go bhfuil dlínse ag an gcúirt náisiúnta amháin fíorais na díospóide sna príomhimeachtaí a chinneadh agus a mheasúnú agus an dlí náisiúnta a léiriú agus a chur i bhfeidhm. Ar an taobh eile, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé treoir a thabhairt don chúirt náisiúnta a tharchuir an réamhrialú chuici maidir le léiriú dhlí an Aontais a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach, agus an fhaisnéis atá san ordú tarchuir maidir leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an díospóid sin agus na fíorais a bhaineann leis an díospóid sin á gcur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro BoxPromotion agus páirtithe eile, C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19, EU:C:2021:1034, mír 134 agus an cásdlí dá dtagraítear).

22

Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara go mbaineann an cheist a tarchuireadh, de réir a foclaíochta féin, le léiriú an choincheapa ‘cur ar an margadh’ de réir bhrí Airteagal 2(b) de Rialachán Uimh. 995/2010. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé an fhoráil sin, arna léiriú ag an gCúirt Bhreithiúnais, a chur i bhfeidhm maidir le fíorais na díospóide sna príomhimeachtaí, agus an fhaisnéis úsáideach a chuir an Chúirt ar fáil chun na críche sin á cur san áireamh chun a chur ar a cumas an díospóid atá os a comhair a réiteach (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2024, Chaudfontaine Loisirs, C-73/23, EU:C:2024:734, mír 38).

23

Dá réir sin, tá an iarraidh ar réamhrialú inghlactha.

An cheist a tharchuirtear

24

Lena ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 2(a) go (c) de Rialachán Uimh. 995/2010 a léiriú sa chaoi nach mór duine nádúrtha nó dlítheanach a thugann conradh i gcrích trína n-údaraíonn sé dá pháirtí conarthach eile adhmad amh nó connadh a lománú, faoina threoracha nó faoina rialú, a mheas mar ‘oibreoir’ a dhéanann ‘adhmad agus táirgí díorthacha a chur ar an margadh’ de réir bhrí na forála sin.

25

I gcomhréir le cásdlí socair, chun foráil de dhlí an Aontais á léiriú, is gá machnamh a dhéanamh ní hamháin ar a foclaíocht ach freisin ar an gcomhthéacs ina bhfuil sí agus ar na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha ar cuid díobh í (breithiúnas an 5 Meán Fómhair 2024, W. GmbH, C-67/23, EU:C:2024:680, mír 70).

26

De réir Airteagal 2(c) de Rialachán Uimh. 995/2010, cumhdaítear leis an gcoincheap ‘oibreoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann adhmad nó táirgí díorthacha ar an margadh.

27

Faoin Airteagal 2 sin, faoi (b), cumhdaítear leis an gcoincheap ‘cur ar an margadh’‘adhmad nó táirgí adhmaid a sholáthar ar bhealach ar bith, gan beann ar an teicníc díolacháin a úsáidtear, ar an margadh inmheánach den chéad uair, lena ndáileadh nó lena n-úsáid le linn gníomhaíocht tráchtála, cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce’.

28

Ní mór a thuiscint, de réir a ghnáthbhrí, go gciallaíonn an téarma ‘soláthar’ in Airteagal 2(b) sin aistriú úinéireachta ar chainníocht adhmaid nó táirgí adhmaid.

29

Cumhdaítear leis an gcoincheap ‘adhmad agus táirgí adhmaid’, faoi Airteagal 2(a) de Rialachán Uimh. 995/2010, ‘an t-adhmad agus na táirgí adhmaid a leagtar amach san Iarscríbhinn [den Rialachán sin], cé is moite de tháirgí adhmaid nó de chomhpháirteanna de chuid táirgí den sórt sin a mhonaraítear as adhmad nó as táirgí adhmaid a bhfuil a saolré tagtha chun críche agus a dhiúscrófaí mar dhramhaíl murach sin, de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Threoir [2008/98]’.

30

Leanann sé ón Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Uimh. 995/2010 go n-áirítear leis an gcoincheap ‘táirgí adhmaid’, de réir bhrí an Rialacháin sin, ‘adhmad amh’ agus ‘connadh’ ach nach ‘adhmad ina sheasamh’ é, eadhon adhmad crann atá beartaithe le haghaidh leagan nár leagadh fós, agus nach n-áirítear an cineál adhmaid sin san Iarscríbhinn sin.

31

Fágann na tosca sin nach mór duine nádúrtha nó dlítheanach a mheas mar ‘oibreoir’, a dhéanann ‘cur ar an margadh’ de ‘adhmad agus táirgí adhmaid’, de réir bhrí Airteagal 2(a) go (c) de Rialachán Uimh. 995/2010, i gcás, beag beann ar an teicníc díolacháin a úsáidtear, ina n-aistríonn sé, den chéad uair, lena dháileadh nó lena úsáid le linn gníomhaíocht tráchtála, an ceart úinéireachta ar adhmad amh nó connadh chuig duine a dhéanann idirbhearta sa mhargadh inmheánach.

32

Dá bhrí sin, ní mór a mheas gur chuir oibreoir an t-adhmad amh sin nó an connadh sin ar an margadh, de réir bhrí an Rialacháin sin, más rud é, tar éis é a bhuaint, go bhfuil sé, den chéad uair, gan beann ar an teicníc díolacháin a úsáidtear, faoi réir aistriú úinéireachta lena dháileadh nó lena úsáid le linn gníomhaíocht tráchtála.

33

Maidir le comhthéacs Airteagal 2(b) de Rialachán Uimh. 995/2010, ba cheart a thabhairt faoi deara, faoi Airteagal 4(1) de, ‘[go d]toirmiscfear adhmad arna lománú go neamhdhleathach nó táirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin a chur ar an margadh’. I gcomhréir le hAirteagal 2(g) den Rialachán sin, ciallaíonn an coincheap ‘arna lománú go neamhdhleathach’ adhmad ‘arna lománú de shárú ar an reachtaíocht is infheidhme i dtír na lománaíochta’. Ciallaíonn an coincheap ‘reachtaíocht is infheidhme’, i gcomhréir leis an gcéad fhleasc agus leis an gceathrú fleasc d’Airteagal 2(h) den Rialachán sin, an reachtaíocht atá i bhfeidhm i dtír na lománaíochta, lena gcumhdaítear, inter alia, an ceart chun adhmad a lománú laistigh de limistéar atá bunaithe go dleathach agus atá poiblithe go hoifigiúil agus cearta dlíthiúla tríú páirtithe a bhaineann leis an úsáid agus leis an úinéireacht a ndéanann lománaíocht an adhmaid difear dóibh.

34

Leanann sé ó na forálacha sin nach rialaítear le Rialachán Uimh. 995/2010 na coinníollacha maidir le ceart úinéireachta a bhunú ar adhmad a lománaíodh trí chrainn a leagan ná na rialacha mionsonraithe maidir leis an gceart sin a fháil nó a aistriú.

35

Dá bhrí sin, tagann na coinníollacha sin agus na téarmaí sin faoi raon feidhme an dlí náisiúnta is infheidhme, eadhon dlí an Stáit ina bhfuil an talamh lena mbaineann suite. Dá bhrí sin, is ar bhonn na n-iarmhairtí a eascraíonn, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta sin, as an idirbheart atá i gceist a bheidh sé a chinneadh an ionann an t-idirbheart sin agus adhmad nó táirgí adhmaid a ‘chur ar an margadh’, de réir bhrí Airteagal 2(b) de Rialachán Uimh. 995/2010.

36

Maidir leis an gcuspóir a shaothraítear le Rialachán Uimh. 995/2010, is é atá i gceist leis, mar is léir ó aithris 31 de, an lománaíocht neamhdhleathach agus an trádáil ghaolmhar a chomhrac. Chuige sin, i gcomhréir le foclaíocht Airteagal 1 den rialachán sin, bunaítear leis, go háirithe, oibleagáidí ‘oibreoirí’, de réir bhrí Airteagal 2(c) den Rialachán sin, eadhon daoine a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh den chéad uair.

37

Chun baint amach an chuspóra sin a éascú, fágann cur i bhfeidhm an dlí náisiúnta gur féidir a chinneadh go cinnte, i gcás sainithe, an bhfuil stádas úinéir an adhmaid a lománaíodh tráth a chéad díola le tríú páirtí ag duine nádúrtha nó dlítheanach, agus mar thoradh air sin nach mór é a aicmiú mar ‘oibreoir’, rud a fhágann go bhfuil ‘cur ar an margadh’‘adhmaid nó táirgí adhmaid’ de réir bhrí Airteagal 2(a) go (c) den Rialachán sin, agus ní mór dó na hoibleagáidí a eascraíonn as na haicmithe dlíthiúla sin a ghlacadh air féin.

38

Dá bhrí sin, d’fhéadfadh conradh, amhail an conradh dá dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur, faoina n-údaraíonn bainisteoir na foraoise lena mbaineann dá pháirtí conarthach eile crainn áirithe den fhoraois sin a leagan faoina threoracha nó faoina rialú agus adhmad a bhaint as gearradh na gcrann sin, a bheith ina ‘chur ar an margadh’, de réir bhrí Airteagal 2(b) de Rialachán Uimh. 995/2010, ós rud é go bhfuil sé d’éifeacht ag an gconradh sin, faoin dlí náisiúnta is infheidhme, úinéireacht an adhmaid sin a aistriú, tar éis a bhuainte, idir an bainisteoir sin agus an páirtí conarthach sin.

39

Ar an taobh eile, más rud é, faoin dlí náisiúnta is infheidhme, nach mbeidh aistriú úinéireachta den sórt sin ar an adhmad a lománaíodh i gceist leis an gconradh sin ach go dtiocfaidh an páirtí eile sa chonradh chun bheith ina úinéir díreach uathoibríoch ar an adhmad sin mar gheall ar ghearradh na gcrann lena mbaineann agus mar gheall air sin amháin, ní féidir leis an gconradh arna thabhairt i gcrích leis an mbainisteoir talún ‘cur ar an margadh’ den sórt sin a chur i gcrích. Ag glacadh leis gur féidir oibríocht den sórt sin a aicmiú mar sholáthar adhmaid coille, is leor a mheabhrú, mar a tugadh faoi deara i mír 30 den bhreithiúnas seo, nach dtagann adhmad coille faoin gcoincheap ‘adhmad agus táirgí adhmaid’ de réir bhrí Rialachán Uimh. 995/2010. Sa chás sin, cuirfear an t-adhmad ar an margadh nuair a aistreoidh an duine a lománaigh an t-adhmad lena mbaineann úinéireacht chuig tríú páirtí lena dháileadh nó lena úsáid le linn gníomhaíocht tráchtála.

40

Sa chás seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur, nach bhfuil dlínse aici ach fíorais na díospóide atá os a comhair a aimsiú agus a mheas agus dlí na Slóvaice a léiriú agus a chur i bhfeidhm agus, go háirithe, na rialacha lena rialaítear bunú, fáil agus aistriú an chirt úinéireachta maidir le cainníocht adhmaid a lománaíodh, a mheas an raibh Cathair Rimavská Sobota, ina cáil mar bhainisteoir na foraoise lena mbaineann, ina húinéir ar an adhmad a lománaíodh ag a comhpháirtithe conarthacha, tar éis na lománaíochta. Dá mba amhlaidh an cás, b’ionann úinéireacht an adhmaid sin a aistriú ina dhiaidh sin chuig Cathair Rimavská Sobota, de bhun na gconarthaí a tugadh i gcrích leo, agus ‘cur ar an margadh’ de réir bhrí Airteagal 2(b) de Rialachán Uimh. 995/2010, ar choinníoll go ndearnadh an t-aistriú sin lena dháileadh nó lena úsáid le linn gníomhaíocht tráchtála, rud a bheadh le fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur freisin.

41

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an gceist a tharchuirtear ná nach mór Airteagal 2(a) go (c) de Rialachán Uimh. 995/2010 a léiriú sa chaoi nach mór duine nádúrtha nó dlítheanach a thugann conradh chun críche lena n-údaraíonn sé dá pháirtí conarthach eile adhmad amh nó connadh a lománú, faoina threoracha nó faoina rialú, a mheas mar ‘oibreoir’ a dhéanann ‘adhmad agus táirgí adhmaid a chur ar an margadh’, de réir bhrí na forála sin, i gcás, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, nach dtagann an páirtí eile sa chonradh sin chun bheith ina úinéir díreach agus uathoibríoch ar an adhmad a lománaíodh díreach mar thoradh ar na crainn a ghearradh, ach go ndéanann an duine sin, i gcomhlíonadh an chonartha, atá fós ina shealbhóir ar úinéireacht an adhmaid sin, úinéireacht an adhmaid sin a aistriú, tar éis na lománaíochta, chuig an bpáirtí conarthach eile sin.

Costais

42

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir le hAirteagal 2(a) go (c) de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh,

 

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

 

ní mor duine nádúrtha nó dlítheanach a thugann conradh chun críche trína n-údaraíonn sé don pháirtí eile adhmad amh nó connadh a lománú, faoina threoracha nó faoina rialú, a mheas mar ‘oibreoir’ a dhéanann ‘adhmad agus táirgí adhmaid’ a ‘chur ar an margadh’, de réir bhrí na forála sin, i gcás, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, nach dtagann an páirtí conarthach sin chun bheith ina úinéir díreach agus uathoibríoch ar an adhmad a lománaíodh de thoradh ghearradh na gcrann agus dá thoradh sin amháin, ach go ndéanann an duine sin, i gcomhlíonadh an chonartha, atá fós ina shealbhóir ar úinéireacht an adhmaid sin, úinéireacht an adhmaid sin a aistriú, tar éis na lománaíochta, chuig an bpáirtí conarthach eile sin.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an tSlóvaicis.