BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Deichiú Dlísheomra)
24 Deireadh Fómhair 2024 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Cosaint tomhaltóirí – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Airteagal 2(b) – An coincheap ‘tomhaltóir’ – Comhaontú creidmheasa morgáiste arna innéacsú d’airgeadra eachtrach – Duine nádúrtha a bhfuil réadmhaoin chónaithe ceannaithe aige a bhfuil sé beartaithe é a chur ar cíos ar íocaíocht)
I gCás C‑347/23 [Zabitoń] ( i ),
IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Sąd Okręgowy w Warszawie (an Chúirt Réigiúnach i Vársá, an Pholainn), trí bhreith an 8 Bealtaine 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 2 Meitheamh 2023, sna himeachtaí
LB
JL
v
Getin Noble Bank S.A.,
tugann AN CHÚIRT (an Deichiú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta de D. Gratsias, Uachtarán Dlísheomra, I. Jarukaitis, Uachtarán an Ceathrú Dlísheomra, agus Z. Csehi (Rapóirtéir), Breitheamh,
Abhcóide Ginearálta: A. M. Collins,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta ó bhéal,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha a cuireadh isteach thar ceann iad seo a leanas:
– |
LB agus JL, ag W. Budzewski, adwokat, |
– |
Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire, |
– |
Rialtas na Portaingéile, ag C. Alves, P. Barros da Costa agus I. Gameiro, i gcáil Gníomhairí, |
– |
an Coimisiún Eorpach, ag U. Małecka, I. Rubene agus N. Ruiz García, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis cinneadh a dhéanamh, tar éis di an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breithiúnas a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,
an Breithiúnas seo a leanas
Breithiúnas
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 2(b) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993 L 95, lch. 29). |
2 |
Rinneadh an iarraidh in imeachtaí idir LB agus JL agus Getin Noble Bank S.A, maidir le hiarratas go ndéanfaí na híocaíochtaí míosúla a aisíoc arna n‑íoc faoi chomhaontú creidmheasa morgáiste arna innéacsú d’airgeadra eachtrach. |
An dlí
Dlí an Aontais
3 |
Leagtar síos an méid seo a leanas in aithris 10 de Threoir 93/13: ‘De bhrí go bhféadfadh cosaint níos éifeachtúla don tomhaltóir a bhaint amach trí rialacha aonfhoirmeacha maidir le téarmaí éagóracha a ghlacadh; nach mór go mbeadh feidhm ag na rialacha sin maidir le haon chonradh a thugtar i gcrích idir soláthróir nó díoltóir agus tomhaltóir; dá thoradh sin, tá conarthaí fostaíochta, conarthaí maidir le cearta comharbais, conarthaí maidir le stádas teaghlaigh agus conarthaí a bhaineann le corprú cuideachtaí, nó lena n‑eagar inter alia, eisiata ón Treoir sin’. [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
4 |
Déantar Airteagal 2 den Treoir sin a dhréachtú sna téarmaí seo a leanas: ‘Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn: [...]
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Dlí na Polainne
5 |
Leis an leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí d’Airteagal 221 de l’ustawa – Kodeks cywilny (an Dlí maidir leis an gCód Sibhialta) (‘an Cód Sibhialta’) an 23 Aibreán 1964 (Dz. U. Uimh. 16, ítim 93), déantar ‘tomhaltóir’ a shainmhíniú mar ‘aon duine nádurtha a chuireann gníomh dlí i gcrích le soláthróir nach bhfuil nasctha go díreach lena ghníomhaíocht ghairmiúil’. |
6 |
De bhun Airteagal 431 den Chód Sibhialta bíonn gach duine nádúrtha, duine dlítheanach nó aonad eagraíochtúil dá dtagraítear in Airteagal 331(1) den Chód sin gníomhach faoina ainm féin. |
7 |
De bhun Airteagal 3851(1) agus (2) den Chód Sibhialta: ‘1. Ní bheidh na clásail chonarthacha arna dtabhairt i gcrích le tomhaltóir nach ndearnadh caibidlíocht aonair orthu ina gceangal ar an tomhaltóir nuair a shainítear leo cearta agus oibleagáidí an tomhaltóra ar bhealach atá contrártha leis an moráltacht phoiblí, agus dochar follasach á dhéanamh dá leasanna (clásail neamhdhleathacha). Ní bhaineann an fhoráil seo le clásail lena sainítear príomhoibleagáidí na bpáirtithe, lena n‑áirítear praghas nó luach saothair, má dhéantar iad a fhoirmliú ar bhealach aonchiallach. 2. I gcás nach bhfuil clásal conarthach ina cheangal ar an tomhaltóir faoi mhír 1, tá forálacha eile de chuid an chonartha fós ina gceangal ar na bpáirtithe.’ |
8 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 3852 den Chód Sibhialta: ‘Déantar comhréireacht clásail de chuid conartha leis an moráltacht phoiblí a mheas i bhfianaise na staide tráth a tugadh an conradh i gcrích, agus ábhar, an comhthéacs ina ndéantar an conradh sin agus conarthaí eile atá nasctha leis an gconradh sin a thabhairt i gcrích agus ina ndéantar na forálacha a bhfuil measúnú á dhéanamh orthu a leagan amach.’ |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear
9 |
In 2008, bhí na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, LB agus JL, pósta agus ina gcónaí i Londain (an Ríocht Aontaithe), áit nach raibh siad ag gabháil d’aon ghníomhaíocht tráchtála. Ba oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha é LB agus stiúrthóir scoile ab ea í JL. |
10 |
Le linn na bliana sin, thug na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí comhaontú creidmheasa morgáiste i gcrích le réamhtheachtaí i dteideal de chuid Getin Noble Bank, a bhí innéacsaithe ar fhranc na hEilvéise (CHF), inar sonraíodh ráta úis comhlúthach agus go ndéanfaí an iasacht a aisíoc i zloty na Polainne (PLN) (‘an comhaontú creidmheasa morgáiste’). |
11 |
Thug na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí comhaontú creidmheasa morgáiste i gcrích d’fhonn réadmhaoin chónaithe a fháil a bhí suite i Vársa (an Pholainn), a raibh sé beartaithe é a chur ar cíos ar íocaíocht. Úsáideadh an cíos, go príomha, chun íocaíochtaí míosúla an chomhaontaithe creidmheasa morgáiste a aisíoc. Níor chuir na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí aon réadmhaoin eile ar cíos. |
12 |
D’fhonn tionscadal den sórt sin a thabhairt i gcrích, bhain na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí úsáid as seirbhísí JP, bainisteoir maoine a bhí i mbun a ghníomhaíochta gairmiúla sa Pholainn, a tháinig chun bheith ina ghníomhaire dóibh agus a rinne ionadaíocht orthu tráth a tugadh an comhaontú creidmheasa morgáiste i gcrích, an conradh chun an mhaoin sin a cheannach, an comhaontú léasa a bhaineann leis an maoin sin a chur ar cíos agus an comhaontú seirbhíse do thionóntaí. |
13 |
In 2019, rinne na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí a gcreidmheas morgáiste go léir a aisíoc agus dhíol siad an mhaoin sin. |
14 |
An 27 Nollaig 2019, rinne na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí caingean a thionscnamh os comhair an Sąd Okręgowy w Warszawie (an Chúirt Réigiúnach i Vársá, an Pholainn), an chúirt a rinne an tarchur, ag iarraidh aisíocaíocht a fháil i leith na suimeanna uile arna n‑íoc i gcomhlíonadh an chomhaontaithe creidmheasa morgáiste. Maíonn siad go bhfuil téarmaí éagóracha sa chomhaontú creidmheasa morgáiste sin lena gcuirtear é ar neamhní. |
15 |
I ndáil leis sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl go bhfuil téarmaí an chomhaontaithe creidmheasa morgáiste sin lena bhforáiltear d’innéacsú an chreidmheasa sin le praghas fhranc na hEilvéise, lena sainítear príomhchuspóir an chomhaontaithe creidmheasa morgáiste sin, éagórach ar an bhforas nár caibidlíodh ar leithligh iad, nár dréachtaíodh iad i dtéarmaí soiléire agus sothuigthe agus go bhfuil siad ar neamhréir le ceanglais an mheoin mhacánta, rud a chruthaíonn, chun aimhleasa na n‑iarratasóirí sna príomhimeachtaí, éagothroime shuntasach i gcearta agus in oibleagáidí na bpáirtithe a eascraíonn as an gcomhaontú creidmheasa morgáiste sin. |
16 |
Mar sin féin, ceistíonn an chúirt a rinne an tarchur an fhéidearthacht na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí a cháiliú mar ‘thomhaltóirí’, de réir Threoir 93/13. Más féidir, bheadh feidhm ag forálacha Threoir 93/13, sa mhéid go bhféadfadh leis an gcúirt sin a dhearbhú go bhfuil an comhaontú creidmheasa morgáiste neamhbhailí. |
17 |
I ndáil leis sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara gurb é an cuspóir atá le maoin a chur ar cíos brabúis a ghiniúint, arb é sin an príomhchuspóir atá le fiontar a oibriú. |
18 |
Mar sin féin, d’fhéadfaí a mheas, trí creidmheas urraithe a fháil d’fhonn maoin aonair a fháil a bhfuil sé beartaithe é a chur ar cíos, gníomhaíonn an iasachtaí chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó nó gairm an duine sin agus, dá bhrí sin, ba cheart iasachtaí a cháiliú mar ‘thomhaltóir’ de réir bhrí Airteagal 2(b) de Threoir 93/13. |
19 |
Mar sin, i bhfianaise raon feidhme teoranta na gníomhaíochta lena mbaineann, ní bheadh sé sin ina shaintréith de ghníomhaíocht de chuid fiontair. Thairis sin, ós rud é go raibh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí fostaithe, tráth a cuireadh an comhaontú creidmheasa morgáiste i gcrích, trí chonarthaí fostaíochta agus nach raibh gairm an ‘bhainisteora maoine’ ar bun acu, ní raibh sé ina chuspóir proifisiúnta tábhachtach dóibh réadmhaoin a chur ar cíos agus ní raibh siad beartaithe a bheith ina bpríomhfhoinse ioncaim ach an oiread, ach dhéanfadh siad cineál infheistíochta nach mbeadh, sa cháil sin, nasctha le fiontar. Ar deireadh, tá aitheantas do stádas ‘tomhaltóra’ don iasachtaí, i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, saincheaptha le cuspóir Threoir 93/13 maidir le cosaint a thabhairt do thomaltóirí in aghaidh téarmaí éagóracha conartha. |
20 |
Is sa chomhthéacs sin a chinn an Sąd Okręgowy w Warszawie (an Chúirt Réigiúnach, Vársá) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú: ‘An gá go ndéanfaí Airteagal 2(b) agus (c) de Threoir [93/13] maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a léiriú sa chaoi go gciallaíonn [sé] go measfar gur ‘tomhaltóir’ de réir bhrí na Treorach sin duine nádúrtha a thugann comhaontú iasachta morgáiste chun críche [cistí] a chruinniú chun maoin aonair a cheannach atá le ligean ar cíos (ceannach le ligean ar cíos)?’ |
An cheist a tharchuirtear
21 |
Leis an gceist uaithi, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, ar cheart Airteagal 2(b) de Threoir 93/13 a léiriú sa chaoi go dtagann duine nádúrtha a thugann comhaontú creidmheasa morgáiste i gcrích d’fhonn a sholáthar chun réadmhaoin chónaithe amháin a cheannach chun é a ligean ar cíos ar mhaithe le leas airgid, faoin gcoincheap ‘tomhaltóir’ de réir bhrí na forála sin. |
22 |
Mar réamhbharúil, ní mór a mheabhrú, mar a luaitear in aithris 10 de Threoir 93/13, ní mór go mbeadh feidhm ag na rialacha aonfhoirmeacha maidir le téarmaí éagóracha, faoi réir na n‑eisceachtaí a leagtar amach san aithris sin, i leith ‘aon chonradh’ arna thabhairt i gcrích idir trádálaí agus tomhaltóir, mar a shainmhínítear le hAirteagal 2(b) agus (c) den Treoir sin (breithiúnas an 8 Meitheamh 2023, YYY. (An coincheap tomhaltóir), C‑570/21, EU:C:2023:456, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
23 |
I gcomhréir le hAirteagal 2(b), ciallaíonn ‘tomhaltóir’: aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gconarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó nó gairm an duine sin. Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(c), is ‘soláthróir’ é aon duine nádúrtha nó dlítheanach, i gconarthaí a chumhdaítear leis an Treoir chéanna, a ghníomhaíonn ina cháil ghairmiúil, bíodh sin poiblí nó príobháideach. |
24 |
Dá bhrí sin, is faoi threoir stádas na gconraitheoirí, ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil siad ag gníomhú ina gcáil ghairmiúil, a shainmhínítear i dTreoir 93/13 na conarthaí a bhfuil feidhm aici maidir leo (breithiúnas an 8 Meitheamh 2023, YYY (An coincheap tomhaltóir), C‑570/21, EU:C:2023:456, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
25 |
Mar sin, ní mór stádas ‘tomhaltóra’ an duine lena mbaineann a chinneadh i ndáil le critéar feidhmiúil, ina ndéanfar a mheas an bhfuil an gaol conarthach lena mbaineann mar chuid d’oibríochtaí eachtracha atá lasmuigh de thrádáil, de ghnó nó de ghairm. Thairis sin, bhí deis ag an gCúirt Bhreithiúnais a shoiléiriú go bhfuil an coincheap ‘tomhaltóir’ oibiachtúil agus go bhfuil feidhm aige beag beann ar an eolas nithiúil a d’fhéadfadh a bheith ag an duine lena mbaineann nó an t‑eolas atá ag an duine sin go hiarbhír (breithiúnas an 8 Meitheamh 2023, Lyoness Europe, C‑455/21, EU:C:2023:455, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
26 |
I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú go bhfuil seasamh lag ag an tomhaltóir i leith an díoltóra nó an tsoláthróra maidir lena chumhacht margála agus leibhéal na faisnéise araon, cás a fhágann go gcloífidh sé le téarmaí arna dtarraingt suas roimh ré ag an díoltóir nó ag an soláthróir gan bheith in ann tionchar a imirt ar inneachar na dtéarmaí agus na gcoinníollacha sin (breithiúnas an 21 Márta 2019, Pouvin et Dijoux, C‑590/17, EU:C:2019:232, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
27 |
Chinn an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin, áfach, go gceadaítear, le léiriú leathan ar an gcoincheap ‘tomhaltóir’ de réir bhrí Airteagal 2(b) de Threoir 93/13, sa chás seo, an chosaint a thugtar leis an Treoir sin do gach duine nádurtha a bhfuil seasamh lag acu i leith an díoltóra nó an tsoláthróra a áirithiú (breithiúnas an 8 Meitheamh 2023, YYY. (An coincheap tomhaltóir), C‑570/21, EU:C:2023:456, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
28 |
Sna himthosca sin, ceanglaítear le cineál sainordaitheach na bhforálacha a leagtar amach i dTreoir 93/13 agus leis na ceanglais shonracha maidir le cosaint tomhaltóirí a bhaineann leo go dtabharfaí tús áite do léirmhíniú leathan ar an gcoincheap ‘tomhaltóir’, de réir bhrí Airteagal 2(b) den Treoir sin, chun éifeachtacht na Treorach sin a áirithiú (breithiúnas an 8 Meitheamh 2023, YYY. (An coincheap tomhaltóir), C‑570/21, EU:C:2023:456, mír 38). |
29 |
Ní mór, thairis sin, a mheabhrú, i gcomhthéacs chonradh creidmheasa morgáiste arna thabhairt i gcrích le soláthróir nó díoltóir, i gcás ina bhfuil comhfhéichiúnaí i staid atá comhchosúil le ceann an fhéichiúnaí, i dtéarmaí oibleagáidí conarthacha, maidir leis an soláthróir agus an díoltóir lenar shínigh siad an conradh, níor cheart idirdhealú a dhéanamh idir an féichiúnaí agus an comhfhéichiúnaí maidir le cur i bhfeidhm Threoir 93/13 maidir leis an gconradh sonrach sin. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs conartha den sórt sin, cumhdaítear freisin leis an gcoincheap ‘tomhaltóir’ de réir bhrí Airteagal 2(b) de Threoir 93/13, duine nádúrtha atá i staid comhfhéichiúnaí agus é ag gníomhú ina cháil ghairmiúil (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Meitheamh 2023, YYY. (An coincheap tomhaltóir), C‑570/21, EU:C:2023:456, mír 52 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
30 |
I gcomhréir le cásdlí socair, is faoin gcúirt náisiúnta a bhfuil caingean os a comhair a d’fhéadfadh a bheith faoi raon feidhme Threoir 93/13 atá sé a fhíorú, agus an fhianaise go léir á cur san áireamh, agus go háirithe téarmaí an chonartha, an féidir an duine lena mbaineann a cháiliú mar ‘thomhaltóir’ de réir bhrí na Treorach sin. Chun na críche sin, ní mór don chúirt náisiúnta imthosca uile an cháis a chur san áireamh, agus go háirithe cineál an earra nó na seirbhíse is ábhar don chonradh i gceist, a d’fhéadfadh an chríoch dá bhfaightear na hearraí nó an tseirbhís sin a léiriú (breithiúnas an 8 Meitheamh 2023, Lyoness Europe, C‑455/21, EU:C:2023:455, mír 49 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
31 |
Dá thoradh sin, nuair a thugann beirt daoine nádúrtha comhaontú creidmheasa morgáiste i gcrích d’fhonn réadmhaoin chónaithe a mhaoiniú, is faoin gcúirt náisiúnta atá sé, agus cineál an earra is cuspóir don chomhaontú, go háirithe, á chur san áireamh, a bhunú cibé an raibh na daoine nádúrtha ag gníomhú ina gcáil ghairmiúil nó an raibh siad ag gníomhú chun críoch eile seachas críocha na gníomhaíochta sin. |
32 |
Sa chás seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú gur daoine nádúrtha iad na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, a bhí fostaithe, tráth ar tugadh an comhaontú creidmheasa morgáiste i gcrích, mar oifigeach de chuid na bpóilíní breithiúnacha agus mar stiúrthóir scoile, faoi seach. Os a choinne sin, níor fheidhmigh siad aon ghníomhaíocht tráchtála i bhfeidhm ghairmiúil i réimse an bhainistithe maoine. Is léir ón méid sin chomh maith gur thug siad an comhaontú creidmheasa morgáiste sin i gcrích d’fhonn réadmhaoin chónaithe a mhaoiniú, lonnaithe i Vársa, a raibh sé beartaithe é a chur ar cíos ar íocaíocht, agus gur úsáideadh an t‑ioncam ó chíos chun na híocaíochtaí míosúla a íoc. Ní raibh aon mhaoin réadach eile curtha ar cíos ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí. |
33 |
Dá bhrí sin, faoi réir na seiceálacha a bheidh le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, is cosúil nach raibh cuspóir gnó ag baint le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa morgáiste atá i gceist, do na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, ach go raibh sé beartaithe a sócmhainní príobháideacha a chomhdhlúthú, ós rud é gur cineál infheistíochta dóibh é an réadmhaoin chónaithe arna maoiniú leis an gcreidmheas sin a fháil. |
34 |
Ní féidir amhras a chaitheamh ar an gconclúid sin toisc go raibh sé ar intinn ag na hiarratasóirí an réadmhaoin chónaithe sin a chur ar cíos chun sochair airgeadais a fháil, nó fiú toisc gur úsáid siad seirbhísí speisialtóra chun léas na maoine sin a cheannach agus a bhainistiú. |
35 |
Go háirithe, mar is léir ón gcásdlí, b’ionann léirmhíniú ar an gcoincheap ‘tomhaltóir’, de réir bhrí Airteagal 2(b) de Threoir 93/13, lena n‑eisiatar ón gcoincheap sin duine nádúrtha atá ag gníomhú ina cháil ghairmiúil ar an bhforas go bhfaigheann sé buntáistí airgeadais áirithe ón ngníomhaíocht sin, agus cosc a chur ar an gcosaint a thugtar leis an Treoir sin do gach duine nádúrtha atá níos laige i leith díoltóra nó soláthróra agus a bhaineann úsáid neamhghairmiúil as na seirbhísí a thairgeann an díoltóir nó an soláthróir sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Meitheamh 2023, Lyoness Europe, C‑455/21, EU:C:2023:455, mír 53). |
36 |
I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, is é freagra na ceiste a tharchuirtear ná gur cheart Airteagal 2(b) de Threoir 93/13 a léiriú sa chaoi go dtagann duine nádúrtha a thugann comhaontú creidmheasa morgáiste i gcrích d’fhonn a sholáthar chun réadmhaoin chónaithe amháin a cheannach chun é a ligean ar cíos ar mhaithe le leas airgid, faoin gcoincheap ‘tomhaltóir’ de réir bhrí na forála sin i gcás ina ghníomhaíonn an duine nádúrtha sin chun críoch atá lasmuigh dá ghníomhaíocht ghairmiúil. Ní fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar an gcaoi go bhféachann an duine nádúrtha sin le hioncam a dhíorthú ó bhainistiú na réadmhaoine sin, go ndéanfaí an duine céanna a eisiamh ón gcoincheap ‘tomhaltóir’ de réir bhrí na forála sin. |
Costais
37 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé rialú a dhéanamh ar chostais. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Deichiú Dlísheomra) mar seo a leanas: |
Maidir le hAirteagal 2(b) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, |
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: |
tagann duine nádúrtha a thugann comhaontú creidmheasa morgáiste i gcrích d’fhonn a sholáthar chun réadmhaoin chónaithe amháin a cheannach chun é a ligean ar cíos ar mhaithe le leas airgid, faoin gcoincheap ‘tomhaltóir’ de réir bhrí na forála sin i gcás ina ngníomhaíonn an duine nádúrtha sin chun críoch atá lasmuigh dá ghníomhaíocht ghairmiúil. Ní fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar an gcaoi go bhféachann an duine nádúrtha sin le hioncam a dhíorthú ó bhainistiú na réadmhaoine sin, go ndéanfaí an duine céanna a eisiamh ón gcoincheap ‘tomhaltóir’ de réir bhrí na forála sin. |
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Pholainnis.
( i ) Is ainm dlítheanach é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.