BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Dara Dlísheomra)

28 Samhain 2024 ( *1 )

(Achomharc – An comhbheartas tráchtála – Cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ó thríú tíortha – Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) maidir le Fóirdheontais agus le Bearta Frithchúitimh – Airteagail 1 agus 2 – Rialachán (AE) 2016/1037 – Airteagail 2 go 4 – Na coincheapa maidir le ‘fóirdheontas’, ‘rialtas’, ‘sainiúlacht’ agus ‘sochar’ – Ranníocaíochtaí airgeadais arna ndeonú ag comhlachtaí poiblí na Síne d’fhiontair dhlí na hÉigipte atá faoi úinéireacht eintiteas Síneach atá bunaithe i gCrios Comhair Eacnamaíoch agus Trádála Síne-Éigipte Shuais – An fhéidearthacht ranníocaíochtaí airgeadais den sórt sin a aicmiú mar fhóirdheontais arna ndeonú ag Rialtas na hÉigipte, ag féachaint dá iompar féin – Inghlacthacht – Coinníollacha – Ranníocaíocht airgeadais arb é atá inti ioncam rialtais ligthe thar ceal a bheadh dlite murach sin – Sochar a bhronntar do na fiontair is faighteoirí – Rogha an cháis tagartha ábhartha chun a thréithriú gurb ann don ranníocaíocht airgeadais agus don sochar airgeadais sin – Airteagail 5 agus 6 – Sochar a ríomh – Na coincheapa ‘faighteoir’ agus ‘fiontar’)

I gCásanna Uamtha C‑269/23 P agus C‑272/23 P,

DHÁ ACHOMHARC faoi Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a tionscnaíodh an 25 agus an 27 Aibreán 2023 faoi seach,

Hengshi Egypt Fiberglass Fabrics SAE, a bunaíodh in Ain Soukhna (an Éigipt) (C‑269/23 P),


Jushi Egypt for Fiberglass Industry SAE, a bunaíodh in Ain Soukhna (C‑269/23 P agus C‑272/23 P),

achomharcóirí,

dá ndéanann V. Crochet agus B. Servais, avocats, ionadaíocht,

na páirtithe eile sna himeachtaí:

an Coimisiún Eorpach, dá ndéanann P. Kienapfel, G. Luengo agus P. Němečková, i gcáil Gníomhairí, ionadaíocht,

cosantóir ag an gcéad chéim,

Tech-Fab Europe eV, a bunaíodh in Frankfurt am Main (an Ghearmáin),

idiragraí ag an gcéad chéim (C‑269/23 P),


Association des producteurs de fibres de verre européens (APFE), a bunaíodh in Ixelles (an Bheilg),

idiragraí ag an gcéad chéim (C‑272/23 P),

dá ndéanann J. Beck, advocaat, agus L. Ruessmann, avocat, ionadaíocht,

tugann AN CHÚIRT (an Dara Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: F. Biltgen, Uachtarán an Chéad Dlísheomra, ag feidhmiú mar Uachtarán an Dara Dlísheomra, M. L. Arastey Sahún, Uachtarán an Chúigiú Dlísheomra, agus J. Passer (Rapóirtéir), Breitheamh,

Abhcóide Ginearálta: T. Ćapeta,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 16 Bealtaine 2024,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Trína n‑achomharc i gCás C‑269/23 P, iarrann Hengshi Egypt Fiberglass Fabrics SAE (‘Hengshi’) agus Jushi Egypt for Fiberglass Industry SAE (‘Jushi’) go ndéanfaí breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 1 Márta 2023, Hengshi Egypt Fiberglass Fabrics agus Jushi Egypt for Fiberglass Industry v an Coimisiún, (T‑480/20, ‘an breithiúnas in T‑480/20’, EU:T:2023:90) a chur ar neamhní, lenar dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta a gcaingean le haghaidh neamhniú, a mhéid a bhain sí leo, maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon‑Phoblacht na Síne agus na hÉigipte agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon‑Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO 2020 L 189, lch. 1, ‘an Rialachán atá faoi dhíospóid i gCás T‑480/20’).

2

Trína achomharc i gCás C‑272/23 P, iarrann Jushi go ndéanfaí breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Márta 2023, Jushi Egypt for Fiberglass Industry v an Coimisiún (T‑540/20, ‘an breithiúnas in T‑540/20’ agus, in éineacht leis an mbreithiúnas in T‑480/20, ‘na breithiúnais faoi achomharc’, EU:T:2023:91) a chur ar neamhní, lenar dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta a chaingean le haghaidh neamhniú, a mhéid a bhain sí leis, maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/870 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht frithchúitimh shealadach arna forchur ar tháirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh na hÉigipte, agus lena ndéantar an dleacht frithchúitimh chinntitheach a thobhach ar allmhairí cláraithe táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh na hÉigipte (IO 2020 L 201, lch. 10; ‘an Rialachán atá faoi dhíospóid i gCás T‑540/20’ agus, in éineacht leis an Rialachán atá faoi dhíospóid i gCás T‑480/20, ‘na Rialacháin atá faoi dhíospóid’).

An dlí lena mbaineann

Dlí idirnáisiúnta

3

Formheastar an Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), arna shíniú in Marrakech an 15 Aibreán 1994, le Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 i ndáil le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, a mhéid a bhaineann le hábhair laistigh dá inniúlacht, na gcomhaontuithe ar ar thángthas orthu faoi Bhabhta Uragua de chaibidlíochtaí iltaobhacha (1986-1994) (IO 1994 L 336, lch. 1) (‘Comhaontú EDT’). Áirítear in Iarscríbhinn 1A a ghabhann leis an gComhaontú sin, inter alia, comhaontú maidir le fóirdheontais agus bearta frithchúitimh.

4

Foráiltear le hAirteagal 1 den Chomhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh, dar teideal ‘Sainmhíniú ar fhóirdheontas’:

‘1.1   Chun críocha an Chomhaontaithe seo, measfar fóirdheontas a bheith ann:

(a)

(1)

gur ranníocaíocht airgeadais ó rialtas nó ó aon chomhlacht poiblí laistigh de chríoch Feisire atá ann (dá ngairtear ‘rialtas’ sa Chomhaontú seo), is é sin le rá, i gcás ina dtarlaíonn an méid seo a leanas:

(i)

baineann cleachtas rialtais le haistriú díreach cistí (mar shampla, deontais, iasachtaí, instealladh cothromais), le haistrithe ionchasacha díreacha cistí nó dliteanas (mar shampla, ráthaíochtaí iasachta);

(ii)

ligtear ioncam rialtais a bheadh dlite murach sin thar ceal nó ní bhailítear é (mar shampla, dreasachtaí fioscacha amhail creidmheasanna cánach) [...]

(iii)

soláthraíonn rialtas earraí nó seirbhísí seachas an bonneagar ginearálta, nó ceannaíonn sé earraí;

(iv)

déanann rialtas a chur de chúram ar chomhlacht príobháideach nó a ordú dó cineál amháin nó níos mó de na feidhmeanna atá léirithe i bpointe (i), i bpointe (ii) agus i bpointe (iii) a dhéanamh, feidhmeanna a chuirfí de chúram de ghnáth ar an rialtas, agus níl aon difríocht ann i ndáiríre idir an cleachtas agus na cleachtais a leanann rialtais de ghnáth;

[...]

agus

(b)

go mbronntar sochar ar an gcaoi sin.

[...]’

5

Foráiltear le hAirteagal 2 den Chomhaontú sin, dar teideal ‘Sainiúlacht’:

‘2.1   Lena chinneadh cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann fóirdheontas, mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), go sainiúil le fiontar nó tionscal nó le grúpa fiontar nó tionscal (dá ngairtear ‘fiontair áirithe’ sa Chomhaontú seo) laistigh de dhlínse an údaráis deonúcháin, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

(a)

I gcás ina ndéanann an t‑údarás deonúcháin, nó an reachtaíocht ar dá bun a fheidhmíonn an t‑údarás deonúcháin, teorannú sainráite ar rochtain ar fhóirdheontas i gcás fiontair áirithe, is fóirdheontas sainiúil a bheidh san fhóirdheontas sin.

(b)

I gcás ina mbunaíonn an t‑údarás deonúcháin, nó an reachtaíocht ar dá bun a fheidhmíonn an t‑údarás deonúcháin, critéir nó coinníollacha oibiachtúla [...] lena rialaítear incháilitheacht le haghaidh fóirdheontas nó méid an fhóirdheontais, ní bheidh sainiúlacht i gceist, ar choinníoll go bhfuil an incháilitheacht uathoibríoch agus go gcloítear go docht le critéir agus coinníollacha den sórt sin. [...]

(c)

Más rud é, d’ainneoin chuma na neamh-shainiúlachta a bheith ann de thoradh chur i bhfeidhm na bprionsabal atá leagtha síos i bhfomhíreanna (a) agus (b), go bhfuil cúiseanna lena chreidiúint gur fóirdheontas sainiúil atá ann i ndáiríre, is féidir fachtóirí eile a chur san áireamh. [...]

2.2   Fóirdheontas sainiúil a bheidh i bhfóirdheontas atá teoranta d’fhiontair áirithe atá suite laistigh de réigiún geografach ainmnithe laistigh de dhlínse an údaráis deonúcháin. [...]

[...]’

6

Foráiltear le hAirteagal 5 den Chomhaontú sin, dar teideal ‘Éifeachtaí díobhálacha’:

‘Níor cheart go mbeadh éifeachtaí díobhálacha ag aon Fheisire, trí úsáid a bhaint as aon cheann de na fóirdheontais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 1, ar leasanna na bhFeisirí eile, [...]

[...]’

7

Foráiltear le hAirteagal 11(8) den Chomhaontú sin, dar teideal ‘Imeachtaí a thionscnamh agus imscrúdú a dhéanamh ina dhiaidh sin’:

‘I gcásanna nach n‑allmhairítear táirgí go díreach ón tír thionscnaimh ach ina n‑onnmhairítear iad ó thír idirmheánach chuig an bhFeisire is allmhaireoir, beidh forálacha an Chomhaontaithe seo infheidhme go hiomlán, agus measfar, chun críocha an Chomhaontaithe seo, gur tharla an t‑idirbheart nó na hidirbhearta idir an tír thionscnaimh agus an Feisire is allmhaireoir.’

Dlí an Aontais Eorpaigh

8

Rinneadh cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad a rialú i ndiaidh a chéile, ó 1968 go 1994, le sraith rialachán coiteann sa réimse sin agus maidir le dumpáil, agus ina dhiaidh sin le sraith rialachán sonrach. Is é an ceann is déanaí de na rialacháin shonracha sin Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO 2016 L 176, lch. 55), arna leasú le Rialachán (AE) 2018/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 (IO 2018 L 143, lch. 1) (‘Rialachán 2016/1037’).

9

Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 2 go 5 de Rialachán 2016/1037:

‘(2)

In Iarscríbhinn 1A a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála [...] tá, inter alia, [...] Comhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh [...]

(3)

D’fhonn cur chun feidhme leormhaith agus trédhearcach na rialacha dá bhforáiltear sa Chomhaontú maidir le Fóirdheontais [agus Bearta Frithchúitimh] a áirithiú, ba cheart teanga an chomhaontaithe sin a léiriú a mhéid is fearr is féidir i reachtaíocht an Aontais.

(4)

Ina theannta sin, i gcás ina ndéantar a mheas go bhfuil fóirdheontas ann, is iomchuí a mhíniú go mionsonraithe, na prionsabail ar dá réir a bheidh sé le bheith in‑fhrithchúitithe (go háirithe i dtaobh ar bronnadh an fóirdheontas go sonrach), agus na critéir ar dá réir a bheidh méid an fhóirdheontais in‑fhrithchúitithe le ríomh.

(5)

Agus é á chinneadh gurb ann d'fhóirdheontas, is gá a thaispeáint go raibh ranníocaíocht airgeadais ó rialtas nó ó chomhlacht poiblí éigin laistigh de chríoch tíre, [...], agus gur bronnadh sochar ar an bhfiontar is faighteoir dá bhrí sin’.

10

Foráiltear le hAirteagal 1 den Rialachán sin, dar teideal ‘Prionsabail’, don mhéid seo a leanas:

‘1.   Féadfar dleacht frithchúiteamh a fhorchur chun aon fhóirdheontas a tugadh a fhrithchúiteamh, go díreach nó go hindíreach, le haghaidh monarú, táirgeadh, onnmhairiú nó iompair aon táirge a bhfuil a scaoileadh chun saorchúrsaíochta san Aontas ina chúis díobhála.

2.   D’ainneoin mhír 1, i gcás nach n‑allmhairítear táirgí go díreach ón tír thionscnaimh ach ina n‑onnmhairítear isteach san Aontas ó thír idirmheánach iad, beidh forálacha an Rialacháin seo infheidhme go hiomlán agus measfar gur tharla an t‑idirbheart nó na hidirbhearta, nuair is iomchuí, idir an tír thionscnaimh agus an Aontas’.

11

Foráiltear le hAirteagal 2 den Rialachán sin, go háirithe, chun críocha an Rialacháin sin:

‘(a)

maidir le táirge, meastar gur táirge ar tugadh fóirdheontas ina leith é má bhaineann sé tairbhe as fóirdheontas in‑fhrithchúitithe mar atá sainmhínítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4. Féadfaidh rialtas thír thionscnaimh an táirge allmhairithe, nó rialtas tíre idirmheánaí óna n‑onnmhairítear an táirge isteach san Aontas, dá ngairtear “an tír is onnmhaireoir” chun críocha an Rialacháin seo, fóirdheontas den sórt sin a thabhairt;

(b)

ciallaíonn “rialtas” rialtas nó aon chomhlacht poiblí laistigh de chríoch na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir’.

12

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 3 den Rialachán sin, dar teideal ‘Sainmhíniú ar fhóirdheontas’:

‘Measfar go bhfuil fóirdheontas ann más rud é:

1.

(a)

go bhfuil ranníocaíocht airgeadais ó rialtas sa tír thionscnaimh nó sa tír is onnmhaireoir, is é sin le rá, i gcás ina dtarlaíonn an méid seo a leanas:

(i)

baineann cleachtas rialtais le haistriú díreach cistí (mar shampla, deontais, iasachtaí, instealladh cothromais), le haistrithe ionchasacha díreacha cistí nó dliteanas (mar shampla, ráthaíochtaí iasachta);

(ii)

ligtear ioncam rialtais a bheadh dlite murach sin thar ceal nó ní bhailítear é (mar shampla, dreasachtaí fioscacha amhail creidmheasanna cánach). [...]

(iii)

soláthraíonn rialtas earraí nó seirbhísí seachas an bonneagar ginearálta, nó ceannaíonn sé earraí;

(iv)

déanann rialtas:

íocaíochtaí le sásra maoiniúcháin, nó

a chur de chúram ar chomhlacht príobháideach nó a ordú dó cineál amháin nó níos mó de na feidhmeanna atá léirithe i bpointe (i), i bpointe (ii) agus i bpointe (iii) a dhéanamh, feidhmeanna a chuirfí de chúram de ghnáth ar an rialtas, agus níl aon difríocht ann i ndáiríre idir an cleachtas agus na cleachtais a leanann rialtais de ghnáth;

[...]

[...] agus

2.

go mbronntar sochar ar an gcaoi sin’.

13

Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 4 de Rialachán 2016/1037, dar teideal ‘Fóirdheontais in‑fhrithchúitithe’:

‘1.   Ní bheidh fóirdheontais faoi réir bearta frithchúitimh ach amháin más fóirdheontais shainiúla iad, mar atá sainmhínithe i mír 2, i mír 3 agus i mír 4.

2.   Lena chinneadh cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann fóirdheontas go sainiúil le fiontar nó tionscal nó le grúpa fiontar nó tionscal (“fiontair áirithe”) laistigh de dhlínse an údaráis deonúcháin, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

(a)

i gcás ina ndéanann an t‑údarás deonúcháin, nó an reachtaíocht ar dá bun a fheidhmíonn an t‑údarás deonúcháin, teorannú sainráite ar rochtain ar fhóirdheontas i gcás fiontair áirithe, is fóirdheontas sainiúil a bheidh san fhóirdheontas sin;

(b)

i gcás ina mbunaíonn an t‑údarás deonúcháin, nó an reachtaíocht ar dá bun a fheidhmíonn an t‑údarás deonúcháin, critéir nó coinníollacha oibiachtúla lena rialaítear incháilitheacht le haghaidh fóirdheontas nó méid an fhóirdheontais, ní bheidh sainiúlacht i gceist, ar choinníoll go bhfuil an incháilitheacht uathoibríoch agus go gcloítear go docht le critéir agus coinníollacha den sórt sin;

(c)

más rud é, d'ainneoin cuma na neamh-shainiúlachta a bheith ann de thoradh chur i bhfeidhm na bprionsabal atá leagtha síos i bpointe (a) agus i bpointe (b), go bhfuil cúiseanna lena chreidiúint gur fóirdheontas sainiúil atá ann i ndáiríre, is féidir fachtóirí eile a chur san áireamh. Is iad na fachtóirí sin: clár fóirdheontais a bheith in úsáid ag líon teoranta fiontar áirithe; úsáid fhorleathan ag fiontair áirithe; méideanna fóirdheontas atá díréireach mór a thabhairt d'fhiontair áirithe; an modh inar fheidhmigh an t‑údarás deonúcháin rogha sa chinneadh fóirdheontas a thabhairt. [...]

[...]

3.   Fóirdheontas sainiúil a bheidh i bhfóirdheontas atá teoranta d'fhiontair áirithe atá suite laistigh de réigiún geografach ainmnithe laistigh de dhlínse an údaráis deonúcháin. [...]

[...]’

14

De réir Airteagal 5 den Rialachán sin, dar teideal ‘Méid an fhóirdheontais in‑fhrithchúitithe a ríomh’:

‘Déanfar méid na bhfóirdheontas in‑fhrithchúitithe a ríomh i dtéarmaí an tsochair a bhronntar ar an bhfaighteoir sa tréimhse imscrúdaithe le haghaidh fóirdheontas a thabhairt. De ghnáth is éard a bheidh sa tréimhse seo bliain chuntasaíochta is déanaí an tairbhí, ach d’fhéadfadh aon tréimhse eile sé mhí ar a laghad roimh thionscnamh an imscrúdaithe a bheith i gceist a bhfuil sonraí airgeadais iontaofa agus sonraí ábhartha eile ar fáil fúithi’.

15

Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 6 den Rialachán sin, dar teideal ‘Sochar don fhaighteoir a ríomh’:

‘Maidir leis an sochar don fhaighteoir a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

ní mheasfar gurb ionann cothromas caipitil arna soláthar ag rialtas agus sochar a bhronnadh, mura féidir a mheas go bhfuil an infheistíocht ar neamhréir leis an ngnáthchleachtas infheistíochta, lena n‑áirítear soláthar caipil riosca, infheisteoirí príobháideacha i gcríoch na tíre tionscnaimh agus/nó na tíre is onnmhaireoir;

(b)

ní mheasfar gurb ionann iasacht ó rialtas agus sochar a bhronnadh, mura bhfuil difríocht idir an méid a íocann an chuideachta a fhaigheann an iasacht ar an iasacht rialtais agus an méid a d'íocfadh an chuideachta ar iasacht tráchtála inchomparáide a d'fhéadfadh an cuideachta a fháil ar an margadh. Sa chás sin is ionann an sochar agus an difríocht idir an dá mhéid sin:

(c)

ní mheasfar gurb ionann ráthaíocht iasachta ó rialtas agus sochar a bhronnadh, mura bhfuil difríocht idir an méid a íocann an chuideachta a fhaigheann an ráthaíocht ar iasacht arna ráthú ag an rialtas agus an méid a d’íocfadh an chuideachta ar iasacht tráchtála inchomparáide mura mbeadh an ráthaíocht rialtais ann. Sa chás sin is ionann an sochar agus an difríocht idir an dá shuim sin, coigeartaithe le haghaidh aon difríochta i dtáillí;

(d)

ní mheasfar gurb ionann soláthar earraí nó seirbhísí nó ceannach earraí ag rialtas agus sochar a bhronnadh, mura ndéantar iad a sholáthar ar luach saothair neamhleor nó má dhéantar an ceannach ar luach saothair atá níos mó ná leordhóthanach. Déanfar leordhóthanacht an luach saothair a chinneadh i ndáil le coinníollacha margaidh atá i réim an tráth sin don táirge nó don tseirbhís i dtír an tsoláthair nó an cheannaigh, lena n‑áirítear praghas, cáilíocht, infhaighteacht, indíoltacht, iompar agus coinníollacha eile ceannaigh nó díola.

[...]’

16

Thairis sin, foráiltear le forálacha éagsúla den Rialachán sin, go háirithe Airteagal 9(3), Airteagal 10(7) agus (13), Airteagal 11(6), (7) agus (10), Airteagal 13(1) go (3), Airteagal 18(3), Airteagal 29a(1) agus Airteagal 30(1) agus (2) de, do chumhachtaí éagsúla chun tairbhe, inter alia, ‘na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir’, ‘rialtas na tíre tionscnaimh agus/nó tíre is onnmhaireoir’, ‘rialtas na tíre tionscnaimh agus/nó tíre is onnmhaireoir’ agus ‘[an rialtais] a bhronnann fóirdheontais in‑fhrithchúitithe’.

Cúlra na ndíospóidí

17

Is féidir achoimre a dhéanamh ar na fíorais is cúis leis na díospóidí, mar a leagtar amach iad sna breithiúnais atá faoi achomharc, mar seo a leanas.

18

Is dhá chuideachta iad Hengshi agus Jushi a bunaíodh san Éigipt agus a corpraíodh de réir reachtaíocht na tíre sin. Tá gach ceann acu ina fhochuideachta de mháthairchuideachta atá bunaithe sa tSín. Tá an dá mháthairchuideachta seo faoi lánúinéireacht agus á rialú go hiomlán ag máthairchuideachta deiridh atá bunaithe sa tSín freisin, ar a dtugtar ‘China National Building Materials Co. Ltd’. Is cuideachta Stáit í an chuideachta dheireanach sin atá faoi úinéireacht indíreach agus á rialú go hiomlán ag Coimisiún Maoirseachta agus Riaracháin Sócmhainní na Comhairle Stáit faoi úinéireacht an Stáit, agus tá an t‑údarás sin ceangailte leis an gComhairle Stáit agus á rialú aici.

19

Tá Hengshi agus Jushi gníomhach, ar bhealaí éagsúla, i monarú, i margú agus in onnmhairiú, lena n‑áirítear chuig an Aontas, táirgí snáithíní gloine a úsáidtear, inter alia, chun ábhair chomhchodacha éadroma a chruthú lena n‑úsáid i réimsí amhail tionscal na ngluaisteán, tionscal na longthógála, tionscal na haerloingseoireachta, cumhacht ghaoithe agus tógáil.

20

Tá siad bunaithe i réigiún geografach ar a dtugtar ‘Crios Comhair Eacnamaíoch agus Trádála Síne-Éigipte Shuais’ (‘Crios-CETS’).

21

I gcomhréir le comhaontú comhair a síníodh an 21 Eanáir 2016 idir Rialtas na Síne agus Rialtas na hÉigipte, tar éis sraith tionscnamh comhpháirteach, tá Crios-CETS faoi réir comhriaracháin agus comhfhorbartha. Chuige sin, deonaíonn Rialtas na hÉigipte díolúintí cánach áirithe d’fhiontair ar le heintitis de chuid na Síne nó na Síne-Éigipte iad atá bunaithe sa chrios sin agus a sholáthraíonn talamh agus saothar dóibh, faoi na coinníollacha a leagtar síos leis an reachtaíocht is infheidhme san Éigipt. Ó thaobh Rialtas na Síne de, cuireann sé acmhainní airgeadais éagsúla ar fáil go díreach nó go hindíreach do na fiontair sin, i gcomhthéacs cur chun feidhme tionscadail fhoriomláin dar teideal ‘Crios agus Bóthar’, a ndéantar foráil ina leith, inter alia, maidir leis an bhféidearthacht d’fhiontair Shíneacha iad féin a bhunú i dtríú tíortha chun tairbhe a bhaint as bearta éagsúla cánach agus airgeadais amhail iasachtaí, infheistíochtaí agus árachas creidmheasa.

22

I mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh 2019, thionscain an Coimisiún Eorpach, de bhun Airteagail 10 agus 11 de Rialachán 2016/1037, dhá nós imeachta imscrúdaithe maidir le fóirdheontais a d’fhéadfadh a bheith ann a rachadh chun tairbhe d’allmhairí táirgí snáithíní gloine áirithe isteach san Aontas, tar éis gearáin a rinne Tech-Fab Europe eV (‘Tech-Fab Europe’) agus Association des producteurs de fibres de verre européens (APFE) (Comhlachas Táirgeoirí Snáithíní Gloine na hEorpa) a thaisceadh, faoi seach.

23

Ag deireadh na n‑imscrúduithe sin, ghlac an Coimisiún i ndiaidh a chéile, i mí an Mheithimh 2020, an Rialachán atá faoi dhíospóid i gCás T‑480/20 agus an Rialachán atá faoi dhíospóid i gCás T‑540/20. Leis na rialacháin atá faoi dhíospóid, forchuirtear an dá dhleacht frithchúitimh ar na táirgí snáithíní gloine a chumhdaítear leis na himscrúduithe sin arna n‑allmhairiú isteach san Aontas ag Hengshi agus Jushi, faoi seach, a mhéid a bhaineann leis an gcéad cheann, agus ag Jushi, a mhéid a bhaineann leis an dara ceann. Sna rialacháin sin, mheas an Coimisiún gur bhain Hengshi agus Jushi tairbhe, i gcomhthéacs chur chun feidhme na dtionscnamh éagsúil dá dtagraítear i mír 21 thuas, as sraith fóirdheontas arna ndeonú ag Rialtas na hÉigipte. Go bunúsach, de réir an Choimisiúin, tá cuid de na bearta a aicmíodh amhlaidh mar thoradh ar chomhar idir Rialtas na hÉigipte agus Rialtas na Síne.

Na caingne os comhair na Cúirte Ginearálta agus na breithiúnais atá faoi achomharc

24

Le hiarratas a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 28 Iúil 2020, thug Hengshi agus Jushi caingean chun an Rialachán atá faoi dhíospóid a chur ar neamhní i gCás T‑480/20. Mar thaca leis an gcaingean sin, mhaígh siad sé fhoras achomhairc lena n‑éilítear sárú ar Rialachán 2016/1037 agus, i gcás ceann amháin acu, sárú ar a gcearta cosanta.

25

Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 20 Deireadh Fómhair 2020, rinne Tech-Fab Europe iarratas ar idiragairt mar thaca leis an ordú atá á lorg ag an gCoimisiún.

26

Le hordú an 26 Eanáir 2021, thug Uachtarán Chéad Dlísheomra na Cúirte Ginearálta cead don idiragairt sin.

27

An 1 Márta 2023, ghlac an Chúirt Ghinearálta an breithiúnas in T‑480/20, lenar dhiúltaigh sí don chaingean toisc í a bheith gan bhunús.

28

Ag an am céanna, le hiarratas a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 27 Lúnasa 2020, thionscain Jushi caingean chun an Rialachán atá faoi dhíospóid a chur ar neamhní i gCás T‑540/20. Mar thaca leis an gcaingean sin, mhaígh sí cúig fhoras achomhairc lena n‑éilítear sárú ar Rialachán 2016/1037 agus, i gcás dhá cheann acu, sárú ar a chearta cosanta agus ar chearta cosanta Rialtas na hÉigipte. Faoi réir na gné deiridh sin, is ionann na forais achomhairc sin, go substaintiúil, agus an dara go dtí an séú foras achomhairc arna mhaíomh i gCás T‑480/20.

29

Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2020, rinne APFE iarratas ar idiragairt mar thaca leis an ordú atá á lorg ag an gCoimisiún.

30

Le hordú an 28 Aibreán 2021, thug Uachtarán Chéad Dlísheomra na Cúirte Ginearálta cead don idiragairt sin.

31

An 1 Márta 2023, ghlac an Chúirt Ghinearálta an breithiúnas in T‑540/20, lenar dhiúltaigh sí don chaingean toisc í a bheith gan bhunús.

32

Is iad seo a leanas na forais achomhairc ag an gcéad chéim a bhaineann leis na hachomhairc reatha. Ar an gcéad dul síos, leis an gcéad chuid den dara foras achomhairc i gCás T‑480/20 agus leis an dara cuid den chéad fhoras achomhairc i gCás T‑540/20, d’áitigh na hachomharcóirí, i dtéarmaí comhionanna, gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 2(a) agus (b) agus Airteagal 3(1) de Rialachán 2016/1037 trína mheas, go bunúsach, nach mór ranníocaíochtaí airgeadais áirithe arna ndeonú dóibh ag Rialtas na Síne a mheas mar fhóirdheontais arna ndeonú ag Rialtas na hÉigipte nó a d’fhéadfaí a chur ina leith. Mar thaca leis an argóint sin, chuir siad trí ghearán ar leith ar aghaidh go raibh réasúnaíocht an Choimisiúin bunaithe, ar an gcéad dul síos, ar léiriú mícheart ar théarmaí na bhforálacha sin de Rialachán 2016/1037 agus ar a gcomhthéacs, ar an dara dul síos, ar an mbreithniú mícheart ar an gComhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh chun an Rialachán sin a léiriú agus, ar an tríú dul síos, ar an toimhde nach mór an Comhaontú sin a chur san áireamh, ar léiriú mícheart ar an Rialachán sin i bhfianaise Airteagal 31 de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí an 23 Bealtaine 1969 (Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, Iml. 1155, lch. 331, ‘Coinbhinsiún Vín’), agus Airteagal 11 de na hAirteagail maidir le Dliteanas Stáit i leith Gníomhartha Éagóracha Idirnáisiúnta, arna dtarraingt suas ag Coimisiún Dlí Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe. Scrúdaigh agus dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta an argóint sin ina hiomláine i míreanna 71 go 103 den bhreithiúnas in T‑480/20 agus i míreanna 38 go 70 den bhreithiúnas in T‑540/20.

33

Ar an dara dul síos, rialaigh an Chúirt Ghinearálta ar an dara cuid den dara foras achomhairc arna mhaíomh ag Hengshi agus Jushi i gCás T‑480/20 agus ar an tríú cuid den chéad fhoras achomhairc arna mhaíomh ag Jushi i gCás T‑540/20. Sa chomhthéacs sin, d’áitigh na hachomharcóirí, i dtéarmaí comhionanna, gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 4(2) agus (3) de Rialachán 2016/1037 trína mheas gur fóirdheontais shonracha de réir bhrí na bhforálacha sin iad ranníocaíochtaí airgeadais áirithe arna ndeonú dóibh ag Rialtas na Síne. Mar thaca leis an argóint sin, d’áitigh siad, go bunúsach, i bhfianaise a bhfoclaíochta agus a gcomhthéacs ar cuid dóibh iad, nach mór na forálacha sin a léiriú amhail, chun go n‑aicmeofaí mar fhóirdheontas sonrach iad, nach mór, dá bhrí sin, d’údarás ar leith fóirdheontas a dheonú d’fhiontair laistigh dá dhlínse. Ina theannta sin, d’áitigh siad, sa chás seo, gur cuireadh cosc le ceanglas den sórt sin ar ranníocaíochtaí airgeadais arna ndeonú ag Rialtas na Síne d’fhiontair atá bunaithe sa tSín agus a atarchuireann siad chuig a bhfochuideachtaí atá bunaithe san Éigipt, chomh maith le ranníocaíochtaí airgeadais arna ndeonú go díreach ag an Rialtas sin do na fochuideachtaí sin, a aicmiú mar fhóirdheontais shonracha arna ndeonú ag údarás de chuid na hÉigipte. Dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don argóint sin i míreanna 106 go 109 den bhreithiúnas in T‑480/20 agus i míreanna 73 go 76 den bhreithiúnas in T‑540/20.

34

Ar an dara dul síos, rialaigh an Chúirt Ghinearálta ar an gceathrú foras achomhairc arna mhaíomh ag Hengshi agus Jushi i gCás T‑480/20 agus ar an tríú foras achomhairc arna mhaíomh ag Jushi i gCás T‑540/20. Sa chomhthéacs sin, d’áitigh na hachomharcóirí, i dtéarmaí comhionanna, gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 3(1)(a)(ii) agus (2) agus Airteagal 5 de Rialachán 2016/1037 trína mheas gur dheonaigh Rialtas na hÉigipte fóirdheontas dóibh agus, tríd an méid sin a dhéanamh, gur bhronn sé sochar orthu, trí mhainneachtain dleachtanna custaim áirithe a bhailiú a bheadh dlite murach sin nuair a d’allmhairigh Jushi ábhair isteach san Éigipt a bhí beartaithe lena n‑úsáid, mar ionchuir, chun táirgí snáithíní gloine a tháirgeadh lena n‑onnmhairiú ag Hengshi chuig an Aontas. Dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don argóint sin i míreanna 162 go 171 den bhreithiúnas in T‑480/20 agus i míreanna 129 go 138 den bhreithiúnas in T‑540/20.

35

Ar an dara dul síos, rialaigh an Chúirt Ghinearálta ar an gcúigiú foras achomhairc arna mhaíomh ag Hengshi agus Jushi i gCás T‑480/20 agus ar an gceathrú foras achomhairc arna mhaíomh ag Jushi i gCás T‑540/20. Sa chomhthéacs sin, d’áitigh na hachomharcóirí, i dtéarmaí comhionanna, gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 3(2) agus Airteagal 4(2)(c) de Rialachán 2016/1037 trína mheas gurbh ionann an chóireáil cánach a thug Rialtas na hÉigipte chun caillteanais ráta malairte tar éis dhíluacháil phunt na hÉigipte in 2016 agus fóirdheontas lena mbronntar sochar sonrach de facto do líon teoranta fiontar atá dírithe ar onnmhairiú a dhéanann formhór a ngníomhaíochtaí airgeadra eachtraigh, lena n‑áirítear Hengshi agus Jushi. Dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don argóint sin i míreanna 175 go 179 den bhreithiúnas in T‑480/20 agus i míreanna 142 go 146 den bhreithiúnas in T‑540/20.

36

Sa chúigiú háit agus ar deireadh, i gCás T‑480/20, rialaigh an Chúirt Ghinearálta ar an gcéad chuid den chéad fhoras achomhairc arna mhaíomh ag Hengshi agus Jushi. Sa chomhthéacs sin, d’áitigh na hachomharcóirí gur sháraigh an Coimisiún, inter alia, Airteagail 1(1) agus Airteagail 5 agus 6 de Rialachán 2016/1037 trí mhéid na bhfóirdheontas in‑fhrithchúitithe arna ndeonú do gach ceann acu a ríomh. Dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don argóint sin i míreanna 32 go 58 den bhreithiúnas in T‑480/20.

An t‑ordú atá á lorg ag na páirtithe agus an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

37

Lena n‑achomharc i gCás C‑269/23 P, iarrann Hengshi agus Jushi ar an gCúirt:

an breithiúnas in T‑480/20 a chur ar neamhní;

an Rialachán atá faoi dhíospóid i gCás T‑480/20 a chur ar neamhní, tar éis tagairt a dhéanamh don chás sin; agus

a ordú don Choimisiún agus d’aon idiragraí na costais arna dtabhú ag an gcéad chéim agus ag céim an achomhairc araon a íoc.

38

Lena achomharc i gCás C‑272/23 P, iarrann Jushi ar an gCúirt:

an breithiúnas in T‑540/20 a chur ar neamhní;

an Rialachán atá faoi dhíospóid i gCás T‑540/20 a chur ar neamhní, tar éis tagairt a dhéanamh don chás sin; agus

a ordú don Choimisiún agus d’aon idiragraí na costais arna dtabhú ag an gcéad chéim agus ag céim an achomhairc araon a íoc.

39

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt an dá achomharc a dhíbhe agus a ordú do na hachomharcóirí na costais a íoc.

40

Iarrann Tech-Fab Europe ar an gCúirt an t‑achomharc i gCás C‑269/23 P a dhíbhe agus a ordú do Hengshi agus Jushi na costais a íoc.

41

Iarrann APFE ar an gCúirt an t‑achomharc i gCás C‑272/23 P a dhíbhe agus a ordú do Jushi na costais a íoc.

42

Le cinneadh a ghlac Uachtarán na Cúirte an 8 Nollaig 2023, i ndiaidh na páirtithe a éisteacht, rinneadh an dá chás a uamadh chun críocha na coda ó bhéal den nós imeachta agus an bhreithiúnais.

Maidir leis an achomharc

43

Mar thaca lena n‑ordú atá á lorg i gCás C‑269/23 P, mhaígh Hengshi agus Jushi cúig fhoras achomhairc.

44

Mar thaca lena ordú atá á lorg i gCás C‑272/23 P, maíonn Jushi ceithre fhoras achomhairc atá comhionann, go bunúsach, leis an dara foras achomhairc go dtí an ceathrú foras achomhairc i gCás C‑269/23 P.

An chéad fhoras achomhairc is coiteann don dá chás

Argóintí na bpáirtithe

45

Leis an dara foras achomhairc dá gcuid i gCás C‑269/23 P, lena n‑éilítear, go bunúsach, míthuiscint agus mífheidhmiú Airteagal 2(a) agus (b) agus Airteagal 3(1) de Rialachán 2016/1037, déanann Hengshi agus Jushi agóid i gcoinne bhreithnithe na Cúirte Ginearálta i míreanna 81 go 103 den bhreithiúnas in T‑480/20. Is ionann an tsaincheist dlí sin agus an chéad fhoras achomhairc i gCás C‑272/23 P, lena ndéanann Jushi agóid i gcoinne bhreithnithe na Cúirte Ginearálta i míreanna 48 go 70 den bhreithiúnas in T‑540/20.

46

Leis an bhforas achomhairc sin is coiteann don dá chás, a fhreagraíonn do na forais achomhairc ag an gcéad chéim a bhfuil achoimre déanta orthu i mír 32 den bhreithiúnas seo, áitíonn na hachomharcóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í á mheas go raibh an Coimisiún i dteideal a mheas nach mór ranníocaíochtaí airgeadais áirithe arna ndeonú dóibh ag Rialtas na Síne, go díreach nó trína mháthairchuideachtaí, a mheas freisin mar fhóirdheontais arna ndeonú ag Rialtas na hÉigipte nó a d’fhéadfaí a chur ina leith.

47

I ndáil leis sin, maíonn siad, ar an gcéad dul síos, go bhfuil an t‑aicmiú dlíthiúil sin agus an léiriú atá mar bhunús leis, mar a leagtar amach i míreanna 81 go 85 agus 92 go 95 den bhreithiúnas in T‑480/20 agus i míreanna 48 go 52 agus 59 go 62 den bhreithiúnas in T‑540/20, ar neamhréir le foclaíocht Airteagal 2(a) agus (b) agus Airteagal 3(1) de Rialachán 2016/1037, arna meas i bhfianaise chomhthéacs na bhforálacha sin agus an chuspóra atá á shaothrú leis an Rialachán sin.

48

Ar an gcéad dul síos, sonraítear go soiléir agus go beacht in Airteagal 2(a) agus (b) agus in Airteagal 3(1) de Rialachán 2016/1037, ina leaganacha teanga éagsúla, nach n‑áirítear leis an gcoincheap ‘fóirdheontas’ ach ranníocaíochtaí airgeadais ó ‘rialtas na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir’, a thuigtear, mar riail ghinearálta, mar ‘aon chomhlacht poiblí laistigh de chríoch’ na tíre sin, faoi réir eisceacht amháin, a bhaineann leis an gcás ina gcuireann comhlachtaí den sórt sin de chúram ar ‘chomhlacht príobháideach’ nó ina n‑ordaíonn siad dó feidhmeanna a chuirfí de chúram de ghnáth ar an rialtas a dhéanamh. Dá bhrí sin, ní fhágann na forálacha sin gur féidir ranníocaíochtaí airgeadais ó rialtas tíre eile a áireamh sa choincheap sin. Thairis sin, tagraíonn na forálacha sin d’fhóirdheontais ‘arna ndeonú ag’ na rialtais atá i gceist agus ní d’fhóirdheontais atá ‘inchurtha’ ina leith. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí a áireamh sa choincheap sin ach fóirdheontais a thagann go díreach ó na rialtais sin, faoi réir na heisceachta a leagtar síos, go sainráite agus go sriantach, i láthair comhlachtaí príobháideacha atá ag gníomhú thar a gceann.

49

Ina dhiaidh sin, tacaítear leis an léiriú sin le comhthéacs Airteagal 2(a) agus (b) agus Airteagal 3(1) de Rialachán 2016/1037. Go háirithe, le hAirteagal 10(7) agus Airteagal 13(1) den Rialachán sin, deonaítear sraith dualgas agus cumhachtaí don tír thionscnaimh nó don tír is onnmhaireoir. Ar an taobh eile, ní dhéanfaí aon fhoráil den sórt sin ar mhaithe le tíortha eile, dá nglacfaí leis an léiriú arna ghlacadh ag an gCúirt Ghinearálta.

50

Ar deireadh, luaitear in aithris 4 de Rialachán 2016/1037 gurb é is cuspóir don ghníomh sin, inter alia, míniú a thabhairt, i bhfoirm atá mionsonraithe go leor, ar na coinníollacha lena gcinntear gurb ann d’fhóirdheontas, nach n‑áirítear leo na coinníollacha a bhaineann leis an bhféidearthacht ranníocaíocht airgeadais ó rialtas na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir, arna deonú acu ar an gcaoi sin, a chur i leith rialtas tíre eile. Ar bhonn níos ginearálta, ní raibh sé i gceist ag reachtas an Aontais infheistíocht dhíreach choigríche a thabhairt faoi raon feidhme an Rialacháin sin.

51

Ar an dara dul síos, ní féidir a mheas go bhfuil bonn cirt le léiriú na Cúirte Ginearálta ar Rialachán 2016/1037 i bhfianaise an Chomhaontaithe maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh.

52

Murab ionann agus an méid a luaigh an Chúirt Ghinearálta i míreanna 96 go 100 den bhreithiúnas in T‑480/20 agus i míreanna 63 go 67 den bhreithiúnas in T‑540/20, tá foclaíocht Airteagal 2(a) agus (b) agus Airteagal 3(1) de Rialachán 2016/1037 éagsúil go páirteach le téarmaí Airteagal 1 den Chomhaontú sin. Go háirithe, murab ionann agus an ceann deireanach, lena bhforáiltear go gcuimsíonn an coincheap ‘rialtas’ go ginearálta ‘aon chomhlacht poiblí laistigh de chríoch Feisire’, foráiltear le hAirteagal 2(b) nach n‑áirítear leis an gcoincheap sin ach ‘aon chomhlacht poiblí laistigh de chríoch na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir’. Mar sin féin, ba cheart brí a thabhairt don difríocht sin san fhoclaíocht.

53

In aon chás, contrártha leis an méid a luaigh an Chúirt Ghinearálta i míreanna 101 agus 102 den bhreithiúnas in T‑480/20 agus i míreanna 68 agus 69 den bhreithiúnas in T‑540/20, in Airteagal 1 den Chomhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh, nach mór a bhfoclaíocht a léiriú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 31 de Choinbhinsiún Vín, is léir nach gceadaítear leis an gComhaontú sin, ach oiread, ranníocaíocht airgeadais ó rialtas Fheisire EDT a aicmiú mar fhóirdheontas atá inchurtha i leith rialtas Fheisire eile EDT. Is léir ó Airteagal 1 gurb ionann fóirdheontas ‘arna déanamh ag “rialtas Feisire”’ agus ranníocaíocht airgeadais ‘a thagann’ ó chomhlacht feidhmiúcháin nó ó chomhlacht poiblí ‘laistigh de chríoch’ an fheisire sin. Ina theannta sin, ní dhéantar foráil san Airteagal sin maidir leis an bhféidearthacht ranníocaíocht airgeadais den sórt sin a chur i leith rialtas feisire eile. Ar deireadh, tacaíonn an comhthéacs nach mór an fhoclaíocht sin a thuiscint agus an aidhm a shaothraítear leis an gComhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh le léiriú den sórt sin.

54

Cuireann an Coimisiún, le tacaíocht ó APFE agus Tech-Fab Europe, i gcoinne fhiúntas na n‑argóintí sin go léir.

Measúnú na Cúirte Breithiúnais

– Réamhbharúlacha

55

A mhéid a mhaíonn na hachomharcóirí go bhfuil na breithiúnais atá faoi achomharc curtha ó bhail mar gheall ar earráidí dlí arb é atá iontu, go bunúsach, athbhreithniú na Cúirte Ginearálta ar dhlíthiúlacht na rialachán atá faoi dhíospóid ar bhonn ní hamháin léiriú mícheart ar Rialachán 2016/1037 ach freisin ar mhíthuiscint ar an gcaidreamh dlíthiúil idir an Rialachán sin agus an Comhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh agus ar mhíthuiscint ar an gComhaontú sin, is gá a chinneadh, mar réamhphointe, an gá don Chúirt Bhreithiúnais an Comhaontú sin a chur san áireamh agus, más gá, cén bunús nach mór di é a chur san áireamh.

56

I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, is cásdlí socair é nach féidir brath ar fhorálacha comhaontaithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí ann mar thaca le caingean chun gníomh de dhlí tánaisteach an Aontais a chur ar neamhní, agóid lena n‑éilítear neamhbhailíocht gnímh den sórt sin nó caingean le haghaidh damáistí ach amháin ar choinníollacha nach gcuireann cineál agus scéim ghinearálta an chomhaontaithe idirnáisiúnta sin bac air, ar an gcéad dul síos, agus, ar an dara dul síos, is cosúil go bhfuil forálacha an chomhaontaithe idirnáisiúnta sin a bhfuiltear ag brath orthu, maidir lena n‑ábhar, neamhchoinníollach agus beacht go leor (breithiúnais an 3 Meitheamh 2008, Intertanko agus páirtithe eile, C‑308/06, EU:C:2008:312, míreanna 43 agus 45; an 4 Feabhra 2016, C & J Clark International agus Puma, C‑659/13 agus C‑34/14, EU:C:2016:74, mír 84, agus an 28 Meán Fómhair 2023, Changmao Biochemical Engineering v an Coimisiún, C‑123/21 P, EU:C:2023:708, mír 69).

57

Chinn an Chúirt Bhreithiúnais go comhsheasmhach, i bhfianaise a gcineáil agus a struchtúir, nach rialacha iad an Comhaontú lena mbunaítear EDT agus na comhaontuithe a leagtar amach in Iarscríbhinní 1 go 4 a ghabhann leis an gComhaontú sin, i bprionsabal, ar dá réir is féidir athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht ghníomhartha dhlí tánaisteach an Aontais (breithiúnais an 16 Iúil 2015, an Coimisiún v Rusal Armenal, C‑21/14 P, EU:C:2015:494, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear; an 4 Feabhra 2016, C & J Clark International agus Puma, C‑659/13 agus C‑34/14, EU:C:2016:74, mír 85, agus an 28 Meán Fómhair 2023, Changmao Biochemical Engineering v an Coimisiún, C‑123/21 P, EU:C:2023:708, mír 71).

58

Dá bhrí sin, ní hionann, i bprionsabal, an Comhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh, atá in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT, agus riail den sórt sin.

59

É sin ráite, in dhá chás eisceachtúla, lena léirítear go bhfuil sé ar intinn ag reachtas an Aontais a lánrogha a theorannú agus rialacha EDT á gcur i bhfeidhm, is faoi Chúirteanna an Aontais atá sé athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht gnímh de dhlí tánaisteach an Aontais nó na ngníomhartha lena gcuirtear chun feidhme é i bhfianaise an Chomhaontaithe lena mbunaítear EDT nó na gcomhaontuithe atá in Iarscríbhinní 1 go 4 a ghabhann leis an gComhaontú sin. Is é sin, ar an gcéad dul síos, an staid ina raibh sé beartaithe ag an Aontas éifeacht a thabhairt, sa ghníomh sin, d’oibleagáid ar leith a glacadh i gcomhthéacs na gcomhaontuithe sin agus, ar an dara dul síos, an cás ina dtagraítear go sainráite leis an ngníomh sin d’fhorálacha sonracha na gcomhaontuithe sin (breithiúnais an 16 Iúil 2015, an Coimisiún v Rusal Armenal, C‑21/14 P, EU:C:2015:494, míreanna 40 agus 41; an 4 Feabhra 2016, C & J Clark International agus Puma, C‑659/13 agus C‑34/14, EU:C:2016:74, mír 87, agus an 28 Meán Fómhair 2023, Changmao Biochemical Engineering v an Coimisiún, C‑123/21 P, EU:C:2023:708, míreanna 74 agus 75).

60

Mar is léir ó chásdlí na Cúirte, aon rún atá ag an Aontas oibleagáid ar leith arna glacadh i gcomhthéacs na gcomhaontuithe atá i gceist a chur chun feidhme, tá sé éagsúil leis an dualgas atá ar aon fheisire EDT a áirithiú, faoi chuimsiú a dhlíchórais náisiúnta agus ar fud a chríche, go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as dlí EDT (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, an Coimisiún v an Ungáir(Ardoideachas), C‑66/18, EU:C:2020:792, mír 85). Dá bhrí sin, ní mór an rún sin agus an oibleagáid ar leith lena mbaineann sé a bheith soiléir ó fhoráil shonrach den ghníomh de dhlí tánaisteach an Aontais lena mbaineann i gcás ar leith (féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Iúil 2015, an Coimisiún v Rusal Armenal, C‑21/14 P, EU:C:2015:494, míreanna 45 agus 46, agus an 28 Meán Fómhair 2023, Changmao Biochemical Engineering v an Coimisiún, C‑123/21 P, EU:C:2023:708, mír 79).

61

Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, nach léirítear in aon cheann d’fhorálacha Rialachán 2016/1037 ar a mbraitheann na hachomharcóirí i gcomhthéacs an fhorais achomhairc seo aon rún atá ag reachtas an Aontais oibleagáid ar leith a chur chun feidhme, sa ghníomh sin, ar oibleagáid í a glacadh i gcomhthéacs an Chomhaontaithe maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh nó, ar bhonn níos leithne, an Chomhaontaithe lena mbunaítear EDT agus na gcomhaontuithe in Iarscríbhinní 1 go 4 a ghabhann leis.

62

Ina dhiaidh sin, ní thagraíonn aon cheann de na forálacha sin go sainráite d’fhorálacha sonracha na gcomhaontuithe sin.

63

Ar deireadh, cé gur fíor go luaitear in aithris 3 de Rialachán 2016/1037 gur cheart ‘teanga [an Chomhaontaithe maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh] a léiriú a mhéid is fearr is féidir i reachtaíocht an Aontais’, ní mór an léiriú sin a thuiscint amhail, cé go raibh sé beartaithe ag reachtas an Aontais forálacha an Chomhaontaithe sin a chur chun feidhme nuair a ghlac sé an Rialachán sin, nach raibh sé i gceist aige riail a dhéanamh den Chomhaontú sin ar dá réir a d’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht gníomhartha de dhlí tánaisteach an Aontais (féach, de réir analaí, breithiúnais an 16 Iúil 2015, an Coimisiún v Rusal Armenal, C‑21/14 P, EU:C:2015:494, mír 52, agus an 28 Meán Fómhair 2023, Changmao Biochemical Engineering v an Coimisiún, C‑123/21 P, EU:C:2023:708, mír 78).

64

Dá bhrí sin, bhí an Chúirt Ghinearálta mícheart ag cinneadh, i mír 99 den bhreithiúnas in T‑480/20 agus i mír 66 den bhreithiúnas in T‑540/20, go raibh sé i gceist le hAirteagal 3(1)(a) de Rialachán 2016/1037 oibleagáid ar leith a ghlac an tAontas air féin i gcomhthéacs EDT a chur chun feidhme. É sin ráite, ós rud é go ndearna an Chúirt Ghinearálta an measúnú sin, a tugadh isteach leis an bhfrása ‘ina theannta sin’, ar mhaithe le hiomláine, ní fhéadfaí an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní mar thoradh ar an earráid dlí a rinneadh dá bhrí sin.

65

Ar an dara dul síos, is léir mar sin féin ó chásdlí socair na Cúirte go gceanglaítear le tosaíocht comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas ar ghníomhartha de dhlí tánaisteach an Aontais go léireofar na gníomhartha sin, a mhéid is fearr is féidir, i gcomhréir leis na comhaontuithe sin, go háirithe i gcás ina bhfuil na gníomhartha sin beartaithe chun comhaontuithe den sórt sin a chur chun feidhme, ar choinníoll go bhfuil a bhforálacha comhionann go substaintiúil (féach, chuige sin, breithiúnais an 8 Meán Fómhair 2015, Philips Lighting Poland agus Philips Lighting v an Chomhairle, C‑511/13 P, EU:C:2015:553, míreanna 60 agus 63, agus an 20 Eanáir 2022, an Coimisiún v Hubei Xinyegang Special Tube, C‑891/19 P, EU:C:2022:38, míreanna 30 agus 31). Ina theannta sin, ní mór an léiriú sin a dhéanamh, a mhéid is fearr is féidir, i gcomhréir le rialacha agus prionsabail ábhartha an dlí idirnáisiúnta ghinearálta, a gceanglaítear ar an Aontas a chumhachtaí a fheidhmiú agus na gníomhartha sin á nglacadh aige (féach, chuige sin, breithiúnais an 3 Meán Fómhair 2008, Kadi agus Al Barakaat International Foundation v an Chomhairle agus an Coimisiún, C‑402/05 P agus C‑415/05 P, EU:C:2008:461, mír 291, agus an 1 Lúnasa 2022, Sea Watch, C‑14/21 agus C‑15/21, EU:C:2022:604, mír 92).

66

Go háirithe, ciallaíonn prionsabal an dlí idirnáisiúnta ghinearálta maidir le conarthaí (pacta sunt servanda) a chumhdaítear in Airteagal 26 de Choinbhinsiún Vín a urramú agus a fhorfheidhmiú de mheon macánta nach mór do Chúirteanna an Aontais, chun críocha léiriú a dhéanamh ar an gComhaontú lena mbunaítear EDT agus ar na comhaontuithe in Iarscríbhinní 1 go 4 a ghabhann leis, léiriú na gcomhaontuithe sin arna nglacadh ag an gComhlacht um Réiteach Díospóidí (‘CRD’) EDT a chur san áireamh. In éagmais léiriú den sórt sin, is faoin gCúirt Bhreithiúnas atá sé na comhaontuithe sin a léiriú ina n‑aonar i gcomhréir leis na gnáthrialacha maidir le léiriú ar an dlí idirnáisiúnta atá ina gceangal ar an Aontas (féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Ardoideachas), C‑66/18, EU:C:2020:792, mír 92, agus an 20 Eanáir 2022, an Coimisiún v Hubei Xinyegang Special Tube, C‑891/19 P, EU:C:2022:38, mír 32).

67

Sa chás seo, tá foclaíocht Airteagal 3(1) de Rialachán 2016/1037 comhionann go substaintiúil, ar go leor bealaí, le téarmaí Airteagal 1 den Chomhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh, ach tá difríochtaí ann nach mór a chur san áireamh. Tá sé tábhachtach a áirithiú, dá bhrí sin, a mhéid is fearr is féidir, go bhfuil léiriú na forála sin comhsheasmhach leis an Airteagal sin nó, maidir leis na pointí ar a bhfuil an fhoráil sin éagsúil leis an Airteagal sin, nach bhfuil sí ag teacht salach ar oibleagáidí an Aontais faoi EDT (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Iúil 1988, Fediol v an Coimisiún, 188/85, EU:C:1988:400, mír 13).

68

Thairis sin, ós rud é, de réir mar a aontaíonn na páirtithe é a aithint, nár shonraigh CRD fós brí agus raon feidhme Airteagal 1 den Chomhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh i gcás amhail an cás dá dtagraítear sna breithiúnais atá faoi achomharc agus, os a gcomhair, leis na rialacháin atá faoi dhíospóid, is faoin gCúirt atá sé an tAirteagal sin amháin a léiriú, i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a leagtar amach i mír 66 den bhreithiúnas seo, a mhéid is gá rialú a thabhairt ar na forais achomhairc arna n‑ardú ag na hachomharcóirí.

– Léiriú ar Airteagal 2(a) agus (b) agus Airteagal 3(1) de Rialachán 2016/1037

69

Baineann an t‑easaontas idir na páirtithe, go bunúsach, le céannacht na ndaoine nach mór fóirdheontas a thabhairt uathu chun go n‑aicmeofar amhlaidh iad faoi Rialachán 2016/1037. Dá bhrí sin, ní mór a chinneadh an rialaítear an fhéiniúlacht sin leis an ngníomh sin agus, má rialaítear amhlaidh, conas a rialaítear í, agus é á mheabhrú nach mór forálacha an ghnímh sin a léiriú, i gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, ní hamháin trína bhfoclaíocht a chur san áireamh ach freisin an comhthéacs ina dtarlaíonn siad agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha ar cuid díobh iad (breithiúnais an 7 Meitheamh 2005, VEMW agus páirtithe eile, C‑17/03, EU:C:2005:362, mír 41, agus an 1 Lúnasa 2022, Sea Watch, C‑14/21 agus C‑15/21, EU:C:2022:604, mír 115), mar a mheabhraigh an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, i mír 78 den bhreithiúnas in T‑480/20 agus i mír 45 den bhreithiúnas in T‑540/20.

70

Ar an gcéad dul síos, maidir le foclaíocht fhorálacha Rialachán 2016/1037, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go sainmhínítear in Airteagal 3(1)(a) den Rialachán sin an coincheap ‘fóirdheontas’ ó thaobh ábharthacht agus pearsanta de araon.

71

Go bunúsach, is léir ó Airteagal 3(1)(a) gurb é atá i bhfóirdheontas ranníocaíocht airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ina chleachtas lena mbaineann aistriú díreach cistí, ioncam rialtais ligthe thar ceal nó nach mbailítear, a bheadh dlite murach sin, soláthar nó ceannach earraí nó seirbhísí, nó íocaíocht le sásra maoiniúcháin.

72

Ó dhearcadh pearsanta, luaitear in Airteagal 3(1)(a), go bunúsach, ina leaganacha éagsúla teanga, is cuma cén fhoirm agus cineál, nach mór don ranníocaíocht airgeadais sin i ngach cás teacht ón ‘rialtas’ (nó ón ‘gcomhlacht poiblí’) ón ‘tír thionscnaimh’ nó ón ‘tír is onnmhaireoir’, faoi réir eisceacht aonair, a bhaineann leis an gcás ina gcuireann an rialtas sin de chúram ar chomhlacht príobháideach nó ina n‑ordaíonn sé dó ranníocaíocht airgeadais a sholáthar thar a cheann. Dá bhrí sin, faoi réir na heisceachta sin, ní féidir a aicmiú mar fhóirdheontas, de réir bhrí Rialachán 2016/1037, ach ranníocaíocht airgeadais ina bhfuil rialtas na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir mar dheontóirí, dá bhrí sin a bhfuil a dtionscnamh in iompar na rialtas sin.

73

Ina dhiaidh sin, sainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán 2016/1037, i measc coincheapa eile, an coincheap ‘rialtas’ agus sonraítear ann cineál an naisc idir iad agus na cineálacha éagsúla ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(a) den Rialachán sin chun iad a aicmiú mar ‘fhóirdheontais’, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha eile maidir le haicmiú den sórt sin. Maidir leis an gcoincheap ‘rialtas’, sonraítear in Airteagal 2(b) den Rialachán sin go n‑áirítear ann ‘aon chomhlacht poiblí laistigh de chríoch’ na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir, arb í an tír idirmheánach í ar onnmhairíodh táirge chuici ón tír thionscnaimh agus ansin ónar allmhairíodh isteach san Aontas é. Maidir leis an nasc idir rialtas ceann amháin nó ceann eile de na tíortha sin agus ranníocaíocht airgeadais i gcás ar leith, sonraítear in Airteagal 2(a) den Rialachán sin gurb é atá ann, don rialtas sin, an ranníocaíocht airgeadais sin a ‘thabhairt’. Ag féachaint don abairt ina n‑úsáidtear é, ní mór an fhoclaíocht sin a thuiscint, de réir a gnáthbhrí, mar thagairt d’iompar trína dtugann nó trína leithdháileann duine rud éigin do dhuine eile, cibé acu trína dheonú go foirmiúil nó trína chur ar a chumas sa chleachtas tairbhe a bhaint as.

74

Ar deireadh, ní shonraítear ná ní theorannaítear go sainráite in aon cheann de na forálacha sin, ná in aon fhoráil eile de Rialachán 2016/1037, ó dhearcadh eile, na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe dlíthiúla agus praiticiúla faoina bhféadfar nó faoina gcaithfear a mheas gur dheonaigh rialtas na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir ranníocaíocht airgeadais.

75

Sna himthosca sin, ní mór a mheas, i bhfianaise fhoclaíocht Airteagal 2(a) agus (b) agus Airteagal 3(1)(a) de Rialachán 2016/1037, chun bheith in ann ranníocaíocht airgeadais a aicmiú mar ‘fhóirdheontas’, go gceanglaítear leis na forálacha éagsúla sin a thaispeáint, i gcás ar bith, gur deonaíodh an ranníocaíocht airgeadais sin do dhuine amháin nó níos mó arna chinneadh nó arna gcinneadh ag rialtas na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir táirge áirithe, sa chiall gur ghabh comhlacht poiblí laistigh de chríoch ceann amháin nó ceann eile de na tíortha sin d’iompar arbh é a bhí i gceist leis an ranníocaíocht airgeadais sin a dheonú go foirmiúil do na daoine sin nó a chur ar a gcumas sa chleachtas tairbhe a bhaint aisti. I gceachtar cás, ní mór ról cinntitheach a bheith ag an iompar sin i leithdháileadh ranníocaíochta airgeadais den sórt sin.

76

Os a choinne sin, níl aon treoir ná chúis in Airteagal 2(a) agus (b) ná in Airteagal 3(1)(a) de Rialachán 2016/1037 lena gceanglaítear nó lena gceadaítear fiú a mheas nach mór an t‑iompar sin a bheith mar bhunús eisiach ag fóirdheontas a bheith ann.

77

Go háirithe, ó thaobh pearsanta de, níl aon eilimint sna forálacha sin lena dtoirmisctear aicmiú mar fhóirdheontas i láthair ranníocaíochta airgeadais ó rialtas tíre seachas an tír thionscnaimh nó an tír is onnmhaireoir, ar choinníoll go dtaispeántar, i bhfianaise iompar rialtas na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir, go bhféadfar a mheas gur dheonaigh na rialtais sin an ranníocaíocht airgeadais sin.

78

Thairis sin, ó thaobh na hábharthachta de, d’fhéadfadh sé a bheith ina shaintréith de chineálacha áirithe ranníocaíochtaí airgeadais a liostaítear in Airteagal 3(1)(a) de Rialachán 2016/1037 gurb ann do chás den sórt sin, amhail na cinn lena gceadaítear do rialtas na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir, trína n‑iompar, cistí nó earraí ó rialtas tíre eile a sholáthar do dhuine sonraithe amháin nó níos mó. Is amhlaidh an cás maidir le cineálacha áirithe ranníocaíochtaí airgeadais a liostaítear in Airteagal 6 den Rialachán sin, amhail cothromas caipitil, iasacht agus ráthaíocht iasachta.

79

Ar an dara dul síos, maidir le comhthéacs Airteagail 2 agus 3 de Rialachán 2016/1037, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán sin, mar is léir óna theideal féin, dhá phrionsabal a bhfuil tábhacht thrasearnálach ag baint leo chun críocha léiriú agus chur i bhfeidhm an Rialacháin sin.

80

Dá bhrí sin, foráiltear le hAirteagal 1(1) go bhféadfar dleacht frithchúitimh a fhorchur chun fritháireamh a dhéanamh ar ‘aon fhóirdheontas a tugadh [...], go díreach nó go hindíreach’, do mhonarú, do tháirgeadh, d’onnmhairiú nó d’iompar táirge. Glactar sainmhíniú leathan leis an bhforáil sin ar an gcoincheap ‘fóirdheontas’, a léirítear ní hamháin trí úsáid a bhaint as an bhfoclaíocht ‘aon’ ach freisin as an bhfoclaíocht ‘go díreach nó go hindíreach’, a d’fhéadfadh baint a bheith acu leis an mbealach a dheonaítear fóirdheontas, leis an duine a bhaineann tairbhe as agus leis an duine a dheonaíonn é. Tacaíonn an fhoráil sin, sa mhéid sin, leis an smaoineamh go bhféadfaí a áireamh i raon feidhme an choincheapa ‘fóirdheontas’ a úsáidtear i Rialachán 2016/1037, inter alia, an cás ina ndeonaíonn rialtas na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir do dhuine amháin nó níos mó go foirmiúil, nó ina gcuireann sé ar a chumas nó ar a gcumas sa chleachtas tairbhe a bhaint as ranníocaíocht airgeadais a fuarthas ar dtús, go hiomlán nó go páirteach, ó rialtas tíre eile.

81

Ina theannta sin, is léir ó Airteagal 1(2) de Rialachán 2016/1037 go bhfuil an Rialachán sin infheidhme i gcás ina bhfuil fóirdheontas á dheonú ag rialtas thír thionscnaimh an táirge agus ag rialtas thír is onnmhaireoir an táirge sin araon. Cé go n‑eisiatar leis an bprionsabal sin an fhéidearthacht go n‑aicmeofaí mar fhóirdheontas, mar sin, ranníocaíocht airgeadais ó thír eile, ceadaítear leis, ar an taobh eile, aicmiú den sórt sin a ghlacadh má chomhlíontar an ceanglas a thuairiscítear i mír 77 den bhreithiúnas seo.

82

Ar an dara dul síos, luaitear freisin in aithris 5 de Rialachán 2016/1037, i bhfianaise nach mór Airteagail 1 go 3 den Rialachán sin a léiriú, gur gá a thaispeáint, chun fóirdheontas a thréithriú, inter alia, ‘go raibh ranníocaíocht airgeadais ó rialtas nó ó chomhlacht poiblí éigin laistigh de chríoch tíre’, rud is féidir a dhéanamh, inter alia, trína chruthú, trína iompar, gur dheonaigh nó gur chuir an rialtas sin ar chumas duine amháin nó níos mó go foirmiúil sa chleachtas tairbhe a bhaint as ranníocaíocht airgeadais a fuarthas ar dtús, go hiomlán nó go páirteach, ó rialtas tíre eile.

83

Ar an tríú dul síos agus ar deireadh, maidir le cuspóir Rialachán 2016/1037, is léir ó mhír 80 den bhreithiúnas seo go gceadaítear don Aontas aon fhóirdheontas arna dheonú, go díreach nó go hindíreach, ag rialtas tríú tíortha óna dtionscnaíonn earraí nó óna n‑allmhairítear earraí a fhritháireamh, faoi na coinníollacha a leagtar síos leis an Rialachán sin.

84

Go háirithe, ní mór a mheas, ag féachaint don fhoclaíocht a úsáidtear in Airteagail 2 agus 6 den Rialachán sin, go bhféadfadh fóirdheontas den sórt sin a bheith i bhfoirm infheistíocht eachtrach, arna déanamh ag rialtas tríú tír ar leith, i bhfiontar amháin nó níos mó atá bunaithe i dtríú tír eile, ar choinníoll go gceadaítear le hiompar na bhfiontar sin a mheas gur dheonaigh siad an ranníocaíocht airgeadais sin don fhiontar nó do na fiontair sin, trína dheonú go foirmiúil nó trína chur ar a gcumas, sa chleachtas, tairbhe a bhaint aisti.

85

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú go dtagann infheistíochtaí eachtracha, eadhon infheistíochtaí d’aon chineál a dhéanann infheisteoirí atá bunaithe i dtír ar leith i bhfiontair nó i gcomhlachtaí atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch i dtíortha eile, d’fhonn caidreamh marthanach a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil leis na fiontair nó leis na comhlachtaí sin, i gcás inarb iomchuí trína rialú nó trí thionchar a imirt orthu, faoi inniúlacht eisiach an Aontais, agus go sonrach an comhbheartas tráchtála, lena gcumhdaítear Rialachán 2016/1037, i gcás ina bhfuil siad díreach agus laistigh d’inniúlacht chomhroinnte an Aontais nuair nach bhfuil siad díreach (féach, chuige sin, breithiúnais an 18 Iúil 2013, Daiichi Sankyo agus Sanofi-Aventis Deutschland, C‑414/11, EU:C:2013:520, mír 45, agus an 2 Meán Fómhair 2021, Poblacht na Moldóive, C‑741/19, EU:C:2021:655, mír 26).

86

Dá bhrí sin, ní mór Airteagal 2(a) agus (b) agus Airteagal 3(1)(a) de Rialachán 2016/1037 a léiriú, ag féachaint dá bhfoclaíocht, dá gcomhthéacs agus don chuspóir atá á shaothrú leis an Rialachán sin, sa chaoi go gceadaítear don Choimisiún an t‑aicmiú dlíthiúil ‘fóirdheontais’ a chur i bhfeidhm maidir le ranníocaíocht airgeadais a fuarthas ar dtús, go hiomlán nó go páirteach, ó rialtas tríú tír eile seachas tír thionscnaimh nó tír is onnmhaireoir do tháirge áirithe, i gcás ina léirítear gur féidir a thaispeáint gur dheonaigh rialtas na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir sin an ranníocaíocht airgeadais sin, i bhfianaise a iompair féin. Dá bhrí sin, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a rialaigh sí, go bunúsach, chuige sin i míreanna 81 go 84 agus 95 den bhreithiúnas in T‑480/20 agus i míreanna 48 go 51 agus 62 den bhreithiúnas in T‑540/20.

87

Ní chaitheann argóint na n‑achomharcóirí amhras ar an léiriú sin bunaithe ar Airteagal 10(7) agus Airteagal 13(1) de Rialachán 2016/1037. In aon chás a chumhdaítear leis an Rialachán sin, féadfaidh rialtas na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir a bhféadfaí a mheas gur dheonaigh siad fóirdheontas na cumhachtaí éagsúla dá bhforáiltear leis na forálacha sin a fheidhmiú, agus, ina theannta sin, na cumhachtaí dá bhforáiltear leis na forálacha eile a liostaítear i mír 16 thuas. Ina theannta sin, is féidir leo, ar mhaithe leis an bhfeidhmiú sin nó i ndáil leis, dul i gcomhairle le rialtas an tríú tír as a n‑eascraíonn an ranníocaíocht airgeadais ar fad nó cuid di a fhéadfar a aicmiú mar ‘fhóirdheontas’ i dtosach. Ar deireadh, is fúthu féin atá sé deireadh a chur leis an bhfóirdheontas sin nó teorainn a chur leis, mar shampla trína n‑iompar a athrú, nó bearta eile a dhéanamh a bhaineann lena éifeachtaí.

– Léiriú ar an gComhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh

88

I gcomhréir leis an gcásdlí a luaitear i míreanna 65 agus 66 den bhreithiúnas seo, is gá freisin, chun a fháil amach an bhfuil an léiriú a glacadh i mír 86 den bhreithiúnas sin i gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh agus le hoibleagáidí an Aontais i ndlí EDT, a chinneadh an bhfuil an léiriú sin, mura bhfuil sé comhsheasmhach, ar a laghad ag luí leis an gComhaontú sin agus leis na hoibleagáidí sin. Ós rud é go bhfuil an tAontas mar chuid den chomhaontú idirnáisiúnta sin, ní mór léiriú an chomhaontaithe sin a dhéanamh é féin, i gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, trí dhul ar iontaoibh rialacha ábhartha dhlí idirnáisiúnta an ghnáis, mar a léirítear in Airteagal 31 de Choinbhinsiún Vín, atá ina gceangal ar institiúidí an Aontais agus atá ina gcuid de dhlíchóras an Aontais (breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Western Sahara Campaign UK, C‑266/16, EU:C:2018:118, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear).

89

De réir Airteagal 31(1), ní mór Conradh a léiriú de mheon macánta i gcomhréir leis an ngnáthbhrí atá le tabhairt dá fhoclaíocht, ina chomhthéacs, mar a shainmhínítear i mír 3 den Airteagal sin, agus i bhfianaise a chuspóra agus a aidhme.

90

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go bunúsach, mar a luaigh an Chúirt Ghinearálta i mír 98 den bhreithiúnas in T‑480/20 agus i mír 65 den bhreithiúnas in T‑540/20, go bhfuil an fhoclaíocht in Airteagal 1(1.1)(a)(1) den Chomhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh comhionann go substaintiúil le foclaíocht Airteagal 3(1) de Rialachán 2016/1037, faoi réir mír ar leith. Murab ionann agus an Rialachán sin, sainmhínítear in Airteagal 1(1.1)(a)(1), sa leagan Fraincise de, an coincheap ‘fóirdheontas’ mar ‘ranníocaíocht airgeadais ó rialtas nó ó aon chomhlacht poiblí laistigh de chríoch Feisire’. Tá an fhoclaíocht chéanna sna leaganacha Spáinnise agus Béarla den Airteagal sin, atá chomh barántúil céanna. Is é sin le rá, i bhfianaise a fhoclaíochta, go bhféadfar an Rialachán sin, arna léamh ina aonar, a léiriú, murab ionann agus Airteagal 3(1) de Rialachán 2016/1037, sa chaoi go bhféadfar aon ranníocaíocht airgeadais ó rialtas fheisire EDT, is cuma cad é, a aicmiú mar fhóirdheontas, gan beann ar aon nasc idir an rialtas sin agus an tír as a dtionscnaíonn nó as a n‑onnmhairítear táirgí áirithe.

91

Ar an dara dul síos, maidir le comhthéacs Airteagal 1(1.1)(a)(1) den Chomhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go bhforáiltear le hAirteagal 2(2.1) agus (2.2) den Chomhaontú sin, ina leagan Fraincise, nach mór, thairis sin, fóirdheontas a bheith sonrach d’fhiontar, do ghrúpa fiontar, do thionscal nó do ghrúpa tionscal ‘relevant de la juridiction de l’autorité qui accorde cette subvention (laistigh de dhlínse an údaráis deonúcháin)’ nó ‘certaines entreprises situées à l’intérieur d’une région géographique déterminée relevant de la juridiction de l’autorité qui accorde cette subvention (d’fhiontair áirithe atá suite laistigh de réigiún geografach ainmnithe laistigh de dhlínse an údaráis deonúcháin)’. Sna leaganacha Spáinnise agus Béarla d’Airteagal 2, úsáidtear an fhoclaíocht ‘within the jurisdiction of the granting authority’ agus ‘dentro de la jurisdicción de la autoridad otorgante’. Dá bhrí sin, bunaítear le hAirteagal 2 nasc idir an rialtas a dheonaíonn fóirdheontas agus an fiontar nó na fiontair dá ndeonaítear fóirdheontas den sórt sin agus, dá bhrí sin, na táirgí a eascraíonn as an bhfiontar nó as na fiontair sin.

92

I dteannta a chéile, is cosúil, dá bhrí sin, go ndéantar le hAirteagal 1(1.1)(a)(1) agus le hAirteagal 2 den Chomhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh, i ndáiríre, raon feidhme an choincheapa ‘fóirdheontas’ a theorannú do ranníocaíochtaí airgeadais arna ndeonú ag rialtas thír thionscnaimh na dtáirgí sin, ar choinníoll gur feisire de EDT í an tír sin. Deimhnítear an léiriú sin le hAirteagal 11(8) den Chomhaontú sin, agus leathnaítear raon feidhme an choincheapa sin chuig ranníocaíochtaí airgeadais arna ndeonú ag rialtas na tíre idirmheánaí a n‑onnmhairítear na táirgí sin chuici ón tír thionscnaimh agus ansin óna n‑allmhairítear isteach sa tír cinn scríbe iad, mar a dhéantar le Rialachán 2016/1037.

93

É sin ráite, níl aon treoir ná chúis in aon cheann de na trí fhoráil dá dtagraítear sa mhír roimhe seo lena dtugtar bonn cirt le ranníocaíochtaí airgeadais a eisiamh ó raon feidhme an choincheapa sin, ar ranníocaíochtaí iad, cé go bhféadfaí a mheas gur dheonaigh rialtas den sórt sin iad, ag féachaint dá iompar féin, a thionscnaíonn mar sin féin, go hiomlán nó go páirteach, ó rialtas fheisire eile EDT. Sa mhéid sin freisin, dealraíonn sé go bhfuil na forálacha sin comhsheasmhach le heilimintí téacsúla agus comhthéacsúla Rialachán 2016/1037 atá mar bhonn leis an léiriú a leagtar amach i mír 86 den bhreithiúnas seo.

94

Is amhlaidh atá, ar an taobh eile, maidir le hAirteagal 5 den Chomhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh, ina luaitear nár cheart d’aon fheisire EDT, trí dhul ar iontaoibh fóirdheontais, dochar a dhéanamh do leasanna aon fheisire eile EDT. Féadfar an tAirteagal sin a léiriú freisin sa chaoi go bhfuil toirmeasc ar fheisire den sórt sin é sin a dhéanamh ní hamháin trí fhóirdheontas den sórt sin a dheonú ina aonar, ach freisin trí iompar a ghlacadh lena gcuirtear ar chumas fiontair amháin nó níos mó atá bunaithe ina chríoch nó faoina dhlínse tairbhe a bhaint as fóirdheontas a fuarthas ar dtús, go hiomlán nó go páirteach, ó fheisire eile EDT. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, go háirithe, i gcás ina bhfuil gá le reachtaíocht a bhunú, le cinneadh a ghlacadh, le húdarú a dheonú nó le haon bheart eile a bheith á úsáid ag feisire EDT, chun a chur ar chumas an fhiontair nó na bhfiontar sin tairbhe a bhaint, ina chríoch, as ranníocaíocht airgeadais ón bhfeisire eile sin, cibé acu an ceanglas dlíthiúil é an gá sin nó an eascraíonn sé as go bhfuil tairbhe na ranníocaíochta airgeadais sin, sa chleachtas, coinníollach ar reachtaíocht, ar chinneadh, ar údarú nó ar bheart eile den sórt sin.

95

Thairis sin, d’fhéadfadh staid den sórt sin a bheith i gceist le roinnt de na cineálacha ranníocaíochtaí airgeadais a liostaítear in Airteagal 1(1.1)(a)(1)(i) go (iv) den Chomhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh, a chomhfhreagraíonn dóibh siúd a liostaítear in Airteagal 3(1)(a) de Rialachán 2016/1037, mar a tugadh faoi deara i mír 78 den bhreithiúnas seo.

96

Dá bhrí sin, is léir nach dtagann coincheap an fhóirdheontais, mar a léirítear é i mír 86 den bhreithiúnas seo, salach ar oibleagáidí an Aontais a eascraíonn as foclaíocht an Chomhaontaithe maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh, a mheastar ina gcomhthéacs.

97

Ar an tríú dul síos, cé nach bhfuil aon fhoráil sa Chomhaontú sin lena leagtar amach a chuspóir agus a aidhm, ar thaobh amháin, agus nach bhfuil brollach ann ina bhfuil tásca ina leith sin, ar an taobh eile, is léir ón Tuarascáil ó Chomhlacht Achomhairc EDT an 28 Samhain 2002, dar teideal ‘Na Stáit Aontaithe – Dleachtanna frithchúitimh ar tháirgí comhréidhe cruach carbóin áirithe cóireáilte i gcoinne creimeadh ón nGearmáin’ (WT/DS213/AB/R, mír 73), chomh maith leis an 11 Márta 2011, dar teideal ‘Na Stáit Aontaithe – Dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh cinntitheacha ar tháirgí áirithe de thionscnamh na Síne’ (WT/DS379/AB/R, mír 543), a ghlac CRD an 19 Nollaig 2002 agus an 25 Márta 2001 faoi seach, gurb é príomhchuspóir agus príomhaidhm an Chomhaontaithe sin ‘disciplíní GATT maidir le húsáid fóirdheontas agus beart frithchúitimh a mhéadú agus a fheabhsú’, faoi na coinníollacha agus na teorainneacha a leagtar síos sa Chomhaontú sin.

98

Tá an cuspóir agus an aidhm sin maidir le disciplín iltaobhach a neartú agus a fheabhsú i réimse na bhfóirdheontas de chineál a chomhthacaíonn le léiriú téacsúil agus comhthéacsúil an Chomhaontaithe maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh a leagtar amach i míreanna 90 go 95 den bhreithiúnas seo, seachas é a thabhairt faoi cheist. Spreagann siad léiriú ar fhoclaíocht an Chomhaontaithe sin, agus go háirithe ar an gcoincheap ‘fóirdheontas arna dheonú ag rialtas’, lena gcuirtear san áireamh idirnáisiúnú méadaithe fiontar a bhfuil baint acu leis an trádáil dhomhanda agus an tacaíocht, a bhfuil cinntitheach ó am go chéile, a d’fhéadfaidís tairbhe a bhaint as sa chomhthéacs sin, i bhfoirm ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuil a ndeonú mar thoradh ar thacaíocht nó ar ghníomhaíocht ó rialtais roinnt tíortha ar fheisirí de EDT iad.

99

Ar a laghad, níl an cuspóir agus an aidhm sin ag teacht salach ar léiriú ar Rialachán 2016/1037 chuige sin.

100

Dá bhrí sin, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag rialú chuige sin i mír 103 den bhreithiúnas in T‑480/20 agus i mír 70 den bhreithiúnas in T‑540/20.

101

Dá bhrí sin, ní mór diúltú don fhoras achomhairc seo toisc í a bheith gan bhunús.

An chéad fhoras achomhairc is coiteann don dá chás

Argóintí na bpáirtithe

102

Leis an tríú foras achomhairc dá gcuid i gCás C‑269/23 P, lena n‑éilítear, go bunúsach, míthuiscint agus mífheidhmiú Airteagal 4(2) agus (3) de Rialachán 2016/1037, déanann Hengshi agus Jushi agóid i gcoinne bhreithnithe na Cúirte Ginearálta i míreanna 106 go 109 den bhreithiúnas in T‑480/20. Is ionann an tsaincheist dlí sin agus an chéad fhoras achomhairc i gCás C‑272/23 P, lena ndéanann Jushi agóid i gcoinne bhreithnithe na Cúirte Ginearálta i míreanna 73 go 76 den bhreithiúnas in T‑540/20.

103

Leis an bhforas achomhairc sin is coiteann don dá chás, a fhreagraíonn do na forais achomhairc ag an gcéad chéim a bhfuil achoimre orthu i mír 33 den bhreithiúnas seo, áitíonn na hachomharcóirí, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag cinneadh go raibh an Coimisiún i dteideal a mheas gur údaráis iad údaráis na hÉigipte a dheonaigh na fóirdheontais atá faoi dhíospóid, ós rud é gurbh éard a bhí iontu ranníocaíochtaí airgeadais a dheonaigh Rialtas na Síne do na hachomharcóirí, go díreach nó trína máthairchuideachtaí atá bunaithe sa tSín.

104

Cé gurb é is cuspóir d’Airteagal 4(2) agus (3) de Rialachán 2016/1037 soiléiriú a dhéanamh ní ar bhrí an choincheapa ‘fóirdheontas’ ann féin, ach ar bhrí an choinníll ‘sainiúlacht’, nach mór a chomhlíonadh, inter alia, chun go bhféadfadh fóirdheontas a bheith ina chúis le dleachtanna frithchúitimh a fhorchur, léirítear leis na forálacha sin freisin nach féidir ranníocaíocht airgeadais arna deonú ag rialtas tíre áirithe a aicmiú mar fhóirdheontas atá inchurtha i leith údaráis laistigh de rialtas tíre eile nó atá inchurtha i leith údaráis den sórt sin. Go háirithe, tagraíonn na forálacha sin, ina leaganacha teanga éagsúla, don ‘údarás a dheonaíonn’ fóirdheontas den sórt sin, is é sin le rá don údarás a thugann é nó a leithdháileann é ar dhuine amháin nó níos mó. Agus an méid sin á dhéanamh acu, cuirtear cosc leo ar údarás a mheas, trína chur ina leith, gur dheonaigh sé fóirdheontas i gcás nach é an t‑údarás sin ach údarás eile, a thagann faoi rialtas tíre eile, a leithdháil an fóirdheontas sin nó a thug é. Sa chás seo, ní fhéadfaí ach údaráis na Síne a aicmiú ar an mbealach sin, d’eisiamh údarás amhail údaráis na hÉigipte.

105

Cuireann an Coimisiún, le tacaíocht ó APFE agus Tech-Fab Europe, i gcoinne na n‑argóintí sin.

Measúnú na Cúirte Breithiúnais

106

Luaitear in Airteagal 4(1) de Rialachán 2016/1037 nach bhfuil fóirdheontais in‑fhrithchúitithe ach amháin i gcás ina bhfuil siad sonrach de réir bhrí mhíreanna 2 go 4 den fhoráil sin. Dá bhrí sin, leagtar síos in Airteagal 4(2) agus (3) na prionsabail agus na rialacha atá le cur i bhfeidhm chun a chinneadh an mbaineann fóirdheontas go sonrach le fiontar, tionscal, grúpa fiontar nó tionscal, nó le fiontair áirithe atá lonnaithe laistigh de réigiún geografach ar leith, agus sonraítear, go bunúsach, nach mór do na cineálacha éagsúla faighteoirí sin teacht faoi dhlínse an údaráis deonúcháin ar aon chuma.

107

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go n‑úsáidtear in Airteagal 4 de Rialachán 2016/1037 an fhoclaíocht ‘údarás’, is é sin le rá, foclaíocht atá éagsúil leis an téarma ‘rialtas’ in Airteagal 2(a) den Rialachán sin. Mar sin féin, chun cineál an naisc idir ranníocaíocht airgeadais a d’fhéadfadh aicmiú mar ‘fhóirdheontas’ do rialtas nó d’údarás tríú tír ar leith a shoiléiriú, úsáidtear an briathar céanna sa dá fhoráil sin, is é sin an briathar ‘deonaigh’.

108

Ní mór, dá bhrí sin, an briathar sin a thuiscint ar an mbealach céanna i ndáil le gach ceann de na forálacha sin, mar thagairt d’iompar trína dtugann nó trína leithdháileann duine rud éigin do dhuine eile, cibé acu trína dheonú go foirmiúil nó trína chur ar a chumas tairbhe a bhaint as sa chleachtas, mar a luaitear i mír 73 den bhreithiúnas seo.

109

Leanann sé ó mhíreanna 86 agus 94 den bhreithiúnas seo nach mór an fhoclaíocht sin a léiriú sa chaoi go n‑áirítear leis iompar trína ndeonaíonn rialtas tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir táirge ar leith ranníocaíocht airgeadais a fuarthas ar dtús, go hiomlán nó go páirteach, ó rialtas tíre eile, go foirmiúil do dhuine sonraithe amháin nó níos mó, agus iompar trína gcuireann rialtas na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir sin ar chumas na ndaoine sin sa chleachtas tairbhe a bhaint as an ranníocaíocht airgeadais sin, amhail reachtaíocht a bhunú, cinneadh a ghlacadh, údarú a dheonú nó aon bheart eile is gá chun na críche sin a úsáid.

110

Dá bhrí sin, tá feidhm ag an bhfoclaíocht sin freisin maidir leis an údarás sonrach, laistigh de rialtas na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir lena mbaineann, arb é déantóir an iompair atá i gceist é.

111

Dá bhrí sin, agus í á mheas, i míreanna 107 agus 108 den bhreithiúnas in T‑480/20 agus i míreanna 74 agus 75 den bhreithiúnas in T‑540/20, go bhféadfadh an Coimisiún údaráis amhail, sa chás seo, údaráis na hÉigipte a aicmiú mar údaráis a dheonaigh na fóirdheontais atá faoi dhíospóid, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí.

112

Dá bhrí sin, ní mór diúltú don fhoras achomhairc seo toisc í a bheith gan bhunús.

An chéad fhoras achomhairc is coiteann don dá chás

Argóintí na bpáirtithe

113

Leis an gceathrú foras achomhairc dá gcuid i gCás C‑269/23 P, lena n‑éilítear, go bunúsach, míthuiscint agus mífheidhmiú Airteagal 3(1) (a)(ii) agus Airteagal 3(2) agus Airteagal 5 de Rialachán 2016/1037, déanann Hengshi agus Jushi agóid i gcoinne bhreithnithe na Cúirte Ginearálta i míreanna 167 go 169 den bhreithiúnas in T‑480/20. Is ionann an tsaincheist dlí sin agus an chéad fhoras achomhairc i gCás C‑272/23 P, lena ndéanann Jushi agóid i gcoinne bhreithnithe na Cúirte Ginearálta i míreanna 134 go 136 den bhreithiúnas in T‑540/20.

114

Leis an bhforas achomhairc sin is coiteann don dá chás, a fhreagraíonn go páirteach do na forais achomhairc ag an gcéad chéim a bhfuil achoimre orthu i mír 34 den bhreithiúnas seo, maíonn na hachomharcóirí, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína mheas go raibh an Coimisiún i dteideal a mheas gur dheonaigh Rialtas na hÉigipte fóirdheontas dóibh agus, tríd an méid sin a dhéanamh, gur bhronn sé sochar orthu, trí mhainneachtain dleachtanna custaim áirithe a bhailiú a bheadh dlite murach sin nuair a d’allmhairigh Jushi ábhair isteach san Éigipt a bhí beartaithe lena n‑úsáid, mar ionchuir, chun táirgí snáithíní gloine a tháirgeadh lena n‑onnmhairiú ag Hengshi chuig an Aontas.

115

Mar a thug an Chúirt Ghinearálta le fios i gceart i mír 164 den bhreithiúnas in T‑480/20 agus i mír 131 den bhreithiúnas in T‑540/20, léiríonn Comhlacht Achomhairc EDT forálacha an Chomhaontaithe maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 3(1)(a)(ii) agus d’Airteagal 3(2) de Rialachán 2016/1037 sa chaoi, chun a chinneadh an bhfuil ioncam rialtais ‘a bheadh dlite murach sin’ ligthe thar ceal agus ar bhronn an ligean thar ceal nó an neamhbhailiú sin ‘sochar’ d’fhiontair áirithe, gur gá staid na bhfiontar sin a chur i gcomparáid le cás cáiníocóirí atá i gcás inchomparáide. Go comhsheasmhach, ní mór a mheas, ag féachaint d’fhoclaíocht Airteagal 5 de Rialachán 2016/1037, gur gá méid an tsochair sin a ríomh trí staid na bhfiontar sin a ghlacadh mar phointe tagartha. Sa chás seo, contrártha leis an méid a chinn an Chúirt Ghinearálta, rinne an Coimisiún réasúnú i ndáil le cás tagartha nach mór a mheas a bheith neamhleor ag féachaint, ar an gcéad dul síos, do chineál na n‑idirbheart ba chúis, dar leis, le neamhbhailiú dleachtanna custaim, ar an dara dul síos, do staid dhlíthiúil agus eacnamaíoch na bhfiontar a líomhnaítear a bhain tairbhe as an neamhbhailiú sin, ar an tríú dul síos, do reachtaíocht ábhartha na hÉigipte agus, ar an gceathrú dul síos, don chleachtas riaracháin comhfhreagrach, eadhon cleachtas fiontair a bunaíodh i gCrios-CETS seachas fiontar a bunaíodh lasmuigh den chrios sin.

116

Cuireann an Coimisiún, le tacaíocht ó APFE agus Tech-Fab Europe, i gcoinne inghlacthacht cuid den argóint sin agus fiúntas na hargóinte sin ina hiomláine.

Measúnú na Cúirte Breithiúnais

117

Leis an bhforas achomhairc seo, cuireann na hachomharcóirí i gcoinne, go bunúsach, ceann de na tosca ar a raibh an Chúirt Ghinearálta ag brath sna breithiúnais atá faoi achomharc, amhail an Coimisiún sna rialacháin atá faoi dhíospóid, chun scrúdú a dhéanamh an raibh, sa chás seo, fóirdheontas i bhfoirm ioncam rialtais ligthe thar ceal, mar a fhoráiltear in Airteagal 3(1)(a)(ii) de Rialachán 2016/1037. Is é an tosca sin an cás tagartha atá le cur san áireamh chun críocha scrúdaithe den sórt sin.

118

I ndáil leis sin, leanann sé ó Airteagal 3(1) agus (2) de Rialachán 2016/1037, chun bheith aicmithe mar ‘fhóirdheontas’, gur gá a thaispeáint ní hamháin gurb ann do ranníocaíocht airgeadais ó rialtas na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir, ach freisin go mbronntar sochar dá bhrí sin.

119

Maidir leis an gcéad cheann den dá choinníoll sin, foráiltear le hAirteagal 3(1)(a)(ii) den Rialachán sin go bhféadfadh sé gurb éard a bheadh i ranníocaíocht airgeadais den sórt sin, inter alia, ioncam rialtais a bheadh dlite murach sin a ligean thar ceal nó gan é a bhailiú.

120

Ós rud é go bhfuil foclaíocht na forála sin i dtéarmaí atá comhionann le foclaíocht Airteagal 1(1.1)(a)(1)(ii) den Chomhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh, ní mór í a léiriú, a mhéid is féidir, ar bhealach lena n‑áiritheofar a comhréireacht leis an gComhaontú sin agus lena gcuirfear san áireamh an bealach a bhféadfadh CRD í a léiriú, i gcomhréir leis an gcásdlí a luaitear i míreanna 65 agus 66 den bhreithiúnas seo.

121

Mar a luaigh an Chúirt Ghinearálta i gceart i mír 164 den bhreithiúnas in T‑480/20 agus i mír 131 den bhreithiúnas in T‑540/20, is léir, go háirithe, ó Thuarascálacha Chomhlacht Achomhairc EDT an 12 Márta 2012 agus an 28 Márta 2019, dar teideal ‘Na Stáit Aontaithe – Bearta a dhéanann difear don trádáil in aerárthaí sibhialta móra (an dara gearán)’ (WT/DS353/AB/R, míreanna 806 go 809 agus 812, agus WT/DS353/AB/RW, míreanna 5.146 agus 5.147), ina ndearna an comhlacht sin achoimre agus soiléiriú ar a chleachtas cinnteoireachta ina leith sin, agus a ghlac CRD an 23 Márta 2012 agus an 11 Aibreán 2019 faoi seach, chun a chinneadh an raibh ioncam rialtais a bheadh dlite murach sin ligthe thar ceal nó neamhbhailithe, gur gá, mar riail ghinearálta, comparáid a dhéanamh idir an chóireáil cánach is infheidhme maidir le faighteoirí líomhnaithe birt den sórt sin agus an chóireáil cánach ar ioncam inchomparáide cáiníocóirí i gcás inchomparáide. Shonraigh an comhlacht sin freisin, go bunúsach, cé go bhféadfadh sé a bheith casta an cás tagartha atá le húsáid chun críocha comparáide den sórt sin a shainaithint, ag féachaint, go háirithe, don reachtaíocht náisiúnta is infheidhme, d’aon chleachtais riaracháin nó chánach ábhartha agus d’iompar iarbhír na n‑údarás inniúil, ní mór athbhreithniú a dhéanamh mar sin féin ar dhlisteanacht agus ar réasúntacht an cháis tagartha a ghlactar i gcás ar leith.

122

Ina theannta sin, mar a chuireann na hachomharcóirí in iúl, mar is ceart, gur cuireadh cleachtas cinnteoireachta Chomhlacht Achomhairc EDT i bhfeidhm, de réir analaí, maidir le bearta arb é atá iontu neamhbhailiú líomhnaithe dleachtanna custaim, a bhfuil comparáid i gceist lena scrúdú idir an t‑ioncam a bhailítear iarbhír i ndáil le hidirbheart amhail allmhairiú táirgí ar leith agus an t‑ioncam a bheadh dlite murach sin i gcás inchomparáide, mar is léir, inter alia, ó Thuarascáil Phainéal EDT an 31 Deireadh Fómhair 2019, dar teideal ‘An India – Bearta a bhaineann le honnmhairiú’ (WT/DS541/R, míreanna 7.297 go 7.302, 7.317 agus 7.333).

123

I bhfianaise an chleachtais cinnteoireachta sin, ní mór a mheas, chun a chinneadh an bhfuil ranníocaíocht airgeadais ann arb é atá inti, do rialtas na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir, ‘ioncam rialtais a bheadh dlite murach sin’ a ligean thar ceal nó gan é a bhailiú, de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) de Rialachán 2016/1037, gur gá, mar riail ghinearálta, comparáid a dhéanamh idir, ar thaobh amháin, an chóireáil is infheidhme maidir le faighteoirí líomhnaithe birt den sórt sin agus an t‑ioncam a fhaigheann an rialtas uathu iarbhír agus, ar an taobh eile, cóireáil ioncaim nó idirbheart inchomparáide agus an t‑ioncam a bheadh dlite murach sin i láthair ioncaim nó idirbheart inchomparáide. Ní mór an chomparáid sin a dhéanamh i bhfianaise na n‑eilimintí ábhartha uile atá ar fáil.

124

É sin ráite, ós rud é go bhféadfadh sainaithint an cháis tagartha atá le húsáid chun críocha comparáide den sórt sin a bheith casta, sa mhéid is go bhféadfadh sí a bheith ag brath ní hamháin ar an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme ach freisin ar aon chleachtais ábhartha riaracháin, chánach nó chustaim agus ar iompar iarbhír na n‑údarás inniúil, agus dá bhrí sin ar roinnt gnéithe de chóras dlí agus institiúideach tríú tír, ní mór an oibríocht sin a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach agus an chastacht sin á cur san áireamh.

125

I ndáil leis sin, is léir ó chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais go bhfuil lánrogha leathan ag institiúidí an Aontais, i réimse an chomhbheartais tráchtála agus go háirithe na bearta chun trádáil a chosaint, mar gheall ar chastacht na staideanna eacnamaíocha agus polaitiúla nach mór dóibh a scrúdú, agus mar thoradh air sin nach mór athbhreithniú breithiúnach ar an lánrogha leathan sin a theorannú d’fhíorú ar comhlíonadh na rialacha nós imeachta, ar luadh na fíorais ar a bhfuiltear ag brath go cruinn, an ndearnadh earráid fhollasach mheasúnaithe ar na fíorais sin, an ndearnadh aon earráid in aicmiú dlíthiúil na bhfíoras agus an ndearnadh aon mhí-úsáid cumhachtaí (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Bealtaine 2022, an Coimisiún v Hansol Paper, C‑260/20 P, EU:C:2022:370, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear).

126

Go sonrach, maidir leis an athbhreithniú ar cibé an ndearnadh earráid fhollasach mheasúnaithe ar na fíorais sin, ní hamháin nach mór do Chúirteanna an Aontais a shuíomh an bhfuil an fhianaise a chuirtear chun cinn cruinn ó thaobh fíricí de, iontaofa agus comhsheasmhach, ach ní mór di a fháil amach freisin an raibh an fhaisnéis ábhartha uile san fhianaise sin nach mór a chur san áireamh chun staid chasta a mheas agus an raibh sí in ann bunús a thabhairt leis na conclúidí ar thángthas orthu (breithiúnas an 12 Bealtaine 2022, an Coimisiún v Hansol Paper, C‑260/20 P, EU:C:2022:370, mír 59 agus an cásdlí dá dtagraítear).

127

Maidir leis an dara coinníoll dá dtagraítear i mír 118 den bhreithiúnas seo, cé nach luaitear in Airteagal 3(1)(b) de Rialachán 2016/1037 ach, chun go n‑aicmeofaí mar ‘fhóirdheontas’ í, nach mór do ranníocaíocht airgeadais sochar a bhronnadh, leanann sé ó Airteagal 5 den Rialachán sin gurb é an sochar nach mór a léiriú ná an sochar a d’fhéadfadh a bheith bronnta leis an mbeart sin don fhiontar is faighteoir an bhirt sin. Thairis sin, liostaítear in Airteagal 6 den Rialachán sin sraith rialacha atá le cur i bhfeidhm chun méid an tsochair sin a ríomh i gcás cineálacha éagsúla ranníocaíochtaí airgeadais, nach n‑áirítear iontu, áfach, sin a bhaineann, do rialtas na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir, le hioncam rialtais a bheadh dlite murach sin a ligean thar ceal nó gan é a bhailiú.

128

É sin ráite, is léir ó chleachtas cinnteoireachta CRD, mar a mheabhraítear, go háirithe, i dTuarascáil Phainéal EDT an 31 Deireadh Fómhair 2019, dar teideal ‘An India – Bearta a bhaineann le honnmhairiú’ (WT/DS541/R, míreanna 7.445 agus 7.446), i láthair beart den sórt sin, gur féidir an sochar a bhronntar leis an mbeart sin a shaintréithriú tráth a fhaightear amach go bhfuil ioncam rialtais a bheadh dlite murach sin ligthe thar ceal nó nár bailíodh é, agus dá bhrí sin gurb ann do ranníocaíocht airgeadais de réir bhrí an Chomhaontaithe maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh. Cé go bhfuil na coincheapa ‘ranníocaíocht airgeadais’ agus ‘sochar’ éagsúil lena chéile, is féidir a thaispeáint, i gcás ar leith, gurb ann dóibh faoi seach, i bhfianaise gnéithe fíorasacha comhionanna nó gaolmhara, a mhéid a chomhfhreagraíonn méid an tsochair a bhronntar le ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm ioncam rialtais ligthe thar ceal nó neamhbhailithe, mar riail ghinearálta, don difríocht idir ioncam rialtais a bheadh dlite murach sin sa chás bonnlíne ábhartha agus an méid a fuarthas, i gcás inarb iomchuí, ón bhfiontar is faighteoir nó ó na fiontair lena mbaineann.

129

Sa chás seo, ag féachaint don mhéid atá díreach tar éis a bheith meabhraithe, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, i míreanna 167 go 169 den bhreithiúnas in T‑480/20 agus i míreanna 134 go 136 den bhreithiúnas in T‑540/20, gur léirigh an Chúirt Ghinearálta i gceart brí agus raon feidhme Airteagal 3(1)(a)(ii), Airteagal 3(2) agus Airteagal 5 de Rialachán 2016/1037, ag meabhrú, go bunúsach, chun a chinneadh ar chinn an Coimisiún i gceart gur tharscaoil Rialtas na hÉigipte dleachtanna custaim áirithe a bhailiú a bheadh dlite murach sin nuair a d’allmhairigh Jushi ábhair isteach san Éigipt a bhí beartaithe lena n‑úsáid, mar ionchuir, chun táirgí snáithíní gloine a tháirgeadh lena n‑onnmhairiú ag Hengshi chuig an Aontas, agus dá mbronnfaí sochar den sórt sin, go raibh sé riachtanach an cás tagartha iomchuí a shainaithint.

130

Ar an dara dul síos, is gné fhíorasach é an cás tagartha a ghlac an Coimisiún sa chás seo, i bhfianaise na faisnéise ábhartha uile atá ar fáil. Is cuid den mheasúnú ar na fíricí é an rogha an cás sin a ghlacadh seachas cás eile. Mar sin, ní mór an dá thoisc sin a bheith faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Ghinearálta lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 125 agus 126 den bhreithiúnas seo agus, dá bhrí sin, lena dtugtar le tuiscint, go háirithe, nach mór don chúirt sin a fhíorú nach ndearna an Coimisiún earráid ábhartha ná earráid fhollasach mheasúnaithe.

131

Thairis sin, leanann sé ó Airteagal 256 CFAE agus ón gcéad mhír d’Airteagal 58 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhfuil dlínse eisiach ag an gCúirt Ghinearálta, ar an gcéad dul síos, chun na fíorais a chinneadh, seachas i gcás inar léir míchruinneas substainteach a cinntí ó na doiciméid a cuireadh faoina bráid, agus, ar an dara dul síos, chun measúnú a dhéanamh ar na fíorais sin agus ar an bhfianaise chomhfhreagrach. Dá bhrí sin, ní hionann measúnú na bhfíoras agus na fianaise sin, ach amháin i gcás ina ndéantar iad a shaobhadh, agus pointe dlí a d’fhéadfadh a bheith, sa cháil sin, faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais (breithiúnas an 12 Bealtaine 2022, an Coimisiún v Hansol Paper, C‑260/20 P, EU:C:2022:370, mír 132 agus an cásdlí dá dtagraítear).

132

Dá bhrí sin, ní féidir leis na hachomharcóirí, nach maíonn saobhadh na bhfíoras nó na fianaise a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Ginearálta, agóid a dhéanamh i gcoinne chinntí na cúirte sin maidir leis an gcás tagartha a ghlac an Coimisiún sa chás seo, eadhon fiontar a bunaíodh i gCrios-CETS.

133

Ar an tríú dul síos, ós rud é go mbaineann argóintí na n‑achomharcóirí go heisiach leis na measúnuithe sin, ní féidir leo amhras a chaitheamh ar chonclúid na Cúirte Ginearálta nach ndearna an Coimisiún earráid, go bunúsach, maidir le haicmiú dlíthiúil na bhfíoras agus é á mheas go raibh fóirdheontas ann de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) de Rialachán 2016/1037, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

134

Dá bhrí sin, ní mór diúltú don fhoras achomhairc seo toisc í a bheith do-ghlactha, go páirteach, agus gan bhunús, go páirteach.

An ceathrú foras achomhairc is coiteann don dá chás

Argóintí na bpáirtithe

135

Leis an dara foras achomhairc dá gcuid i gCás C‑269/23 P, lena n‑éilítear, go bunúsach, míthuiscint agus mífheidhmiú Airteagal 3(2) agus Airteagal 4(2)(c) de Rialachán 2016/1037, déanann Hengshi agus Jushi agóid i gcoinne bhreithnithe na Cúirte Ginearálta i míreanna 176 go 179 den bhreithiúnas in T‑480/20. Is ionann an tsaincheist dlí sin agus an chéad fhoras achomhairc i gCás C‑272/23 P, lena ndéanann Jushi agóid i gcoinne bhreithnithe na Cúirte Ginearálta i míreanna 143 go 146 den bhreithiúnas in T‑540/20.

136

Leis an bhforas achomhairc sin atá i gcoiteann ag an dá chás, a chomhfhreagraíonn go páirteach do na forais achomhairc ag an gcéad chéim a bhfuil achoimre orthu i mír 35 den bhreithiúnas seo, cáineann na hachomharcóirí na cinntí ar bhraith an Chúirt Ghinearálta orthu chun a chinneadh go bhféadfadh an Coimisiún a mheas, gan Airteagal 3(2) agus Airteagal 4(2)(c) de Rialachán 2016/1037 a shárú, gurbh ionann an chóireáil cánach a thug Rialtas na hÉigipte chun caillteanais ráta malairte tar éis dhíluacháil phunt na hÉigipte in 2016 agus fóirdheontas lena mbronntar sochar sonrach de facto do líon teoranta fiontar atá dírithe ar onnmhairiú agus a dhéanann formhór a ngníomhaíochtaí airgeadra eachtraigh, lena n‑áirítear Hengshi agus Jushi.

137

I ndáil leis sin, maíonn siad, ar an gcéad dul síos, go ndearna an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, na rialacháin atá faoi dhíospóid a shaobhadh trína mheas nár aicmigh an Coimisiún mar fhóirdheontas na rialacha cánacha agus cuntasaíochta arna nglacadh ag Rialtas na hÉigipte d’fhonn a chur ar chumas fiontar a bhfuil dliteanais airgeadra eachtraigh acu na caillteanais ráta malairte a theorannú tar éis dhíluacháil phunt na hÉigipte in 2016, a ghlactar amhlaidh, ach an sochar a bhronn an rialtas sin de facto, ar bhonn na rialacha sin, do chatagóir shonrach fiontar. Is léir ó na rialacháin sin nach ndearna an Coimisiún amhlaidh. Agus é sin á dhéanamh aici, chuir an Chúirt Ghinearálta a réasúnaíocht féin in ionad réasúnaíocht an Choimisiúin freisin.

138

Ar an dara dul síos, thug an cur chuige sin ar an gCúirt Ghinearálta diúltú go mícheart d’argóintí na n‑achomharcóirí maidir le measúnuithe an Choimisiúin ina leith sin agus maidir leis na haicmithe dlíthiúla a glacadh i bhfianaise na measúnuithe sin.

139

Déanann an Coimisiún, le tacaíocht ó APFE agus Tech-Fab Europe, inghlacthacht agus fiúntas na n‑argóintí sin a dhíospóid.

Measúnú na Cúirte Breithiúnais

140

Ar an gcéad dul síos, maidir le hargóintí na n‑achomharcóirí a bhaineann le sainaithint an bhirt, ag an gCúirt Ghinearálta, arna aicmiú mar ‘fhóirdheontas’ ag an gCoimisiún sna rialacháin atá faoi dhíospóid, ba cheart a thabhairt faoi deara gur cosúil ó léamh ar na rialacháin sin nár shaobh an Chúirt Ghinearálta ábhar na rialachán sin sna breithiúnais atá faoi achomharc ná nár chuir sí a réasúnaíocht féin agus a measúnuithe féin in ionad mheasúnuithe an Choimisiúin.

141

Cé gur fíor, mar a mhaíonn na hachomharcóirí, gur chuir an Coimisiún tús lena scrúdú ar an mbeart sin trí thagairt a dhéanamh do dhá riail de dhlí na hÉigipte a bheith ann, ceann de chúrsaí cánach agus an ceann eile de chúrsaí cuntasaíochta, is léir freisin gur luaigh an institiúid sin láithreach gur bhain an scrúdú sin leis an gcaoi ar cuireadh na rialacha sin i bhfeidhm, sa chomhthéacs sonrach as ar eascair a nglacadh, arb é is príomhthréith dó, go príomha, díluacháil phunt na hÉigipte in 2016. Ina theannta sin, is léir gur tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, ag deireadh an scrúdaithe sin, gur bronnadh sochar d’fhiontair áirithe le cur i bhfeidhm na rialacha sin, sa chomhthéacs sonrach sin, agus, dá réir sin, gur de chineál sonrach de facto é. Ar deireadh, tá sé chomh soiléir céanna gur shainaithin an Coimisiún na fiontair sin, lena n‑áirítear Hengshi agus Jushi, mar fhiontair atá dírithe ar onnmhairiú agus a dhéanann an chuid is mó dá ngníomhaíochtaí in airgeadra eachtrach.

142

Ar an dara dul síos, maidir le hargóintí na n‑achomharcóirí a bhaineann le measúnuithe an Choimisiúin ina leith sin, ar thaobh amháin, agus leis na haicmithe dlíthiúla a glacadh i bhfianaise na measúnuithe sin, ar an taobh eile, ní mór a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, mar is léir ó mhír 131 den bhreithiúnas seo, go bhfuil na hachomharcóirí do-ghlactha chun agóid a dhéanamh i gcoinne measúnuithe fíorasacha ina n‑achomhairc.

143

Ar an dara dul síos, i bhfianaise na measúnuithe sin, bhí an Chúirt Ghinearálta go hiomlán i dteideal a chinneadh, tar éis di teacht ón gCoimisiún, go raibh fóirdheontas de chineál sonrach ann lena mbronntar sochar do Hengshi agus Jushi, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) agus Airteagal 4(2)(c) de Rialachán 2016/1037.

144

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, go háirithe, go bhfuil Airteagal 4(2)(c) de Rialachán 2016/1037 beartaithe go sonrach chun cur ar chumas an Choimisiúin cineál sonrach na mbeart ar fóirdheontais iad a shuíomh, go háirithe bearta maidir le cúrsaí rialála, cánach nó cuntasaíochta, i gcás ina bhféadfadh sé gur bearta sonracha iad na bearta sin, cé go bhfuil cuma ghinearálta nó neamhshonrach orthu. Chuige sin, leagtar amach san fhoráil sin roinnt fachtóirí atá beartaithe chun scrúdú an Choimisiúin a threorú i láthair na mbeart sin. Áirítear leis na fachtóirí sin, a bhféadfadh a n‑ábharthacht aonair nó chomhcheangailte a bheith éagsúil i ngach cás aonair ag brath, go háirithe, ar an mbeart atá i gceist, ar an gcomhthéacs inar cuireadh i bhfeidhm agus inar cuireadh chun feidhme é agus ar iompar na n‑údarás as a n‑eascraíonn sé, inter alia, ‘clár fóirdheontais a bheith in úsáid ag líon teoranta fiontar áirithe’ agus ‘méideanna fóirdheontas atá díréireach mór a thabhairt d’fhiontair áirithe’.

145

Sa chás seo, ba ar an gcéad cheann den dá fhachtóir sin ar bhraith an Chúirt Ghinearálta, tar éis an Choimisiúin, agus í ag cinneadh go raibh an beart atá i gceist sonrach de facto. Tá an cur chuige sin saor ó aon earráid dlí.

146

Dá bhrí sin, ní mór diúltú don fhoras achomhairc seo toisc í a bheith do-ghlactha, go páirteach, agus gan bhunús, go páirteach.

An chéad fhoras achomhairc i gCás C‑269/23 P

Argóintí na bpáirtithe

147

Lena gcéad fhoras achomhairc i gCás C‑269/23 P, lena n‑éilítear míthuiscint agus mífheidhmiú Airteagal 1(1) agus Airteagail 5 agus 6 de Rialachán 2016/1037, déanann Hengshi agus Jushi agóid i gcoinne bhreithnithe na Cúirte Ginearálta i míreanna 32, 37, 42 agus 43, 46 go 48, 51 go 55 agus 58 den bhreithiúnas in T‑480/20.

148

Leis an bhforas achomhairc sin, a fhreagraíonn don fhoras achomhairc ag an gcéad chéim a achoimrítear i mír 36 den bhreithiúnas seo, maíonn na hachomharcóirí, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí maidir leis an modh a d’úsáid an Coimisiún, dar léi, chun méid na bhfóirdheontas in‑fhrithchúitithe arna ndeonú do gach ceann acu a ríomh faoi na bearta éagsúla dá dtagraítear sa Rialachán atá faoi dhíospóid i gCás T‑480/20.

149

I ndáil leis sin, áitíonn na hachomharcóirí, ar an gcéad dul síos, go ndearna an Chúirt Ghinearálta míbhrí a bhforas achomhairc ag an gcéad chéim a shaobhadh trína mheas, go mícheart, gur cháin siad an Coimisiún, i ndáiríre, as sárú ar Airteagal 7 de Rialachán 2016/1037 trína láimhdeachas comhiomlán a úsáid, i gcás na dtáirgí go léir le chéile, mar ainmneoir chun méid na bhfóirdheontas sin a ríomh. Is éard a bhí i gceist leis an bhforas achomhairc sin ag an gcéad chéim, inar éilíodh go heisiach sárú ar Airteagail 5 agus 6 den Rialachán sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(1) den Rialachán sin, ná a shonrú gur cheart don Choimisiún brath ar dtús ar láimhdeachas aonair gach ceann acu, i gcás na dtáirgí go léir le chéile, chun méid a bhfóirdheontas faoi seach a ríomh.

150

Ar an dara dul síos, maíonn na hachomharcóirí, beag beann ar an saobhadh sin, nach féidir diúltú don fhoras achomhairc ag an gcéad chéim ar an bhforas, mar a ghlac an Chúirt Ghinearálta sa bhreithiúnas in T‑480/20, gur fiontair iad atá nasctha nó a bhaineann leis an ngrúpa céanna. Is léir ó Airteagail 5 agus 6 de Rialachán 2016/1037, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(1) den Rialachán sin, nach mór méid na bhfóirdheontas atá le ríomh a ríomh ‘i dtéarmaí an tsochair a bhronntar ar an bhfaighteoir’ agus, dá bhrí sin, i gcás amhail an cás seo, ar gach ceann de na fiontair ‘is faighteoirí’ d’fhóirdheontais den sórt sin, fiú má tá baint ag na fiontair sin leis an ngrúpa céanna nó má bhaineann siad leis.

151

Déanann an Coimisiún, le tacaíocht ó Tech-Fab Europe, na hargóintí sin a dhíospóid.

Measúnú na Cúirte Breithiúnais

152

Leanann sé ó Airteagal 5 de Rialachán 2016/1037 nach mór méid fóirdheontais in‑fhrithchúitithe a ríomh i dtéarmaí an tsochair a bhronntar ar fhaighteoir an fhóirdheontais sin. Ina theannta sin, leanann sé ó Airteagal 6 den Rialachán sin nach mór ríomh an tsochair sin a dhéanamh trí rialacha áirithe a chur i bhfeidhm, atá éagsúil de réir an chineáil fóirdheontais atá i gceist i gcás ar leith ach a thagraíonn, ag brath ar an gcás, do ‘fhaighteoir’ an fhóirdheontais sin, don ‘fhiontar is faighteoir’ an fhóirdheontais sin nó don ‘fhiontar’.

153

Os a choinne sin, ní shainmhínítear leis an Rialachán sin an coincheap ‘faighteoir’ ná an coincheap ‘fiontar’. Ní mór, dá bhrí sin, na coincheapa sin a thuiscint i bhfianaise a gcomhthéacs agus an chuspóra a shaothraítear leis na forálacha lena n‑úsáidtear iad agus, ar bhonn níos ginearálta, le Rialachán 2016/1037, nach mór, thairis sin, a léiriú, a mhéid is féidir, i gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh.

154

I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, mheabhraigh an Chúirt Ghinearálta, i mír 47 den bhreithiúnas in T‑480/20, cé nach bhfuil sainmhíniú sa Chomhaontú sin ach oiread ar na daoine a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as fóirdheontas agus, dá bhrí sin, gur bronnadh sochar leis, nach mór a mhéid a bheith mar bhonn chun an fóirdheontas sin a ríomh, go ndearna Comhlacht Achomhairc EDT anailís mhionsonraithe ar an gceist sin agus gur shoiléirigh sé í ina Thuarascáil an 9 Nollaig 2002, dar teideal ‘Na Stáit Aontaithe – Bearta frithchúitimh a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh na gComhphobal Eorpach’ (WT/DS212/AB/R, míreanna 108 go 119), a ghlac CRD an 8 Eanáir 2003.

155

Is léir ón Tuarascáil sin ó Chomhlacht Achomhairc EDT, go bunúsach, go mbraitheann sainaithint an duine nó na ndaoine is faighteoirí d’fhóirdheontas ar imthosca sonracha gach cáis aonair agus, ag féachaint d’fhorálacha ábhartha éagsúla an Chomhaontaithe sin, dá struchtúr agus dá chuspóir, ní mór a mheas nach gcuirtear bac leis an gComhaontú sin ar an gcinneadh, ag brath ar na himthosca, gur duine nádúrtha, duine dlítheanach, grúpa daoine nádúrtha, grúpa daoine dlítheanacha nó fiú grúpa daoine nádúrtha amháin nó níos mó agus duine dlítheanach amháin nó níos mó, mar shampla cuideachtaí agus a n‑úinéirí, é faighteoir fóirdheontais. Níl sé ábhartha go bhfuil na daoine sin leithleach go dlíthiúil chun faighteoir fóirdheontais a shainaithint, ar fóirdheontas é a chomhfhreagraíonn don eintiteas eacnamaíoch a dtugtar cúnamh saorga dá tháirgí leis an bhfóirdheontas sin.

156

I gcomhréir le cleachtas cinnteoireachta CRD, leis an bhfoclaíocht arna húsáid ag reachtas an Aontais i Rialachán 2016/1037 agus le comhthéacs na foclaíochta sin, ní mór an coincheap ‘faighteoir’ dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 6 den Rialachán sin a léiriú mar thagairt, i gcás ar leith, do gach fiontar dá mbronntar fóirdheontais. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 90 dá Tuairim, comhfhreagraíonn an coincheap ‘fiontar’ féin don aonad eacnamaíoch, a d’fhéadfadh a bheith comhdhéanta de roinnt daoine dlítheanacha atá leithleach go dlíthiúil, a dhéanann gníomhaíocht eacnamaíoch de mhonarú, margaíocht, iompar nó onnmhairiú táirgí lena mbronnann an fóirdheontas sin sochar dóibh, beag beann ar stádas dlíthiúil an aonaid eacnamaíoch sin agus ar an gcaoi a maoinítear é (féach, de réir analaí, breithiúnais an 14 Samhain 1984, Intermills v an Coimisiún, 323/82, EU:C:1984:345, mír 11, agus an 6 Samhain 2018, Scuola Elementare Maria Montessori v an Coimisiún, an Coimisiún v Scuola Elementare Maria Montessori agus an Coimisiún v Ferracci, C‑622/16 P go C‑624/16 P, EU:C:2018:87, mír 103).

157

Ar an dara dul síos, bhraith an Chúirt Ghinearálta, mar is ceart, ar an sainmhíniú sin ar na coincheapa ‘faighteoir’ agus ‘fiontair’, i míreanna 48 agus 51 den bhreithiúnas in T‑480/20, chun an modh ríofa arna chur i bhfeidhm ag an gCoimisiún a fhormheas, ós rud é gur leis an ngrúpa céanna Henghsi agus Jushi, chun méid na mbeart frithchúitimh a fhéadfar a fhorchur sa chás seo a ríomh.

158

Ar an tríú dul síos agus ar deireadh, is féidir leis na hachomharcóirí agóid a dhéanamh, ar achomharc, i gcoinne na measúnuithe a rinne an Chúirt Ghinearálta ina leith sin, i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach sa Rialachán atá faoi dhíospóid agus na n‑argóintí fíorais agus fianaise sa chomhad ag an gcéad chéim.

159

Dá bhrí sin, ní mór diúltú don fhoras achomhairc seo toisc é a bheith do-ghlactha, go páirteach, agus gan bhunús, go páirteach, gan gá a bheith ann rialú a thabhairt ar an tarchur a rinne an Chúirt Ghinearálta, ar mhaithe le hiomláine, chuig Airteagal 7 de Rialachán 2016/1037.

160

Dá bhrí sin, ní mór na hachomhairc a dhíbhe.

Costais

161

Faoi Airteagal 138(1) de na Rialacha Nós Imeachta, a bhfuil feidhm aige maidir le hachomhairc de bhua Airteagal 184(1) de na Rialacha sin, ní mór a ordú don pháirtí nár éirigh leis na costais a íoc, más rud é go ndearna an páirtí ar éirigh leis é sin a iarraidh.

162

Ós rud é nár éirigh le Hengshi agus Jushi i gCás C‑269/23 P, agus nár éirigh le Jushi i gCás C‑272/23 P, ní mór a ordú dóibh na costais faoi seach sna cásanna sin a íoc, i gcomhréir leis an ordú atá á lorg ag an gCoimisiún, Tech-Fab Europe agus APFE.

163

Faoi Airteagal 184(4) de na Rialacha Nós Imeachta, i gcás nach ndearna idiragraí ag an gcéad chéim an t‑achomharc, ní ordófar dó na costais sna himeachtaí achomhairc a íoc ach amháin má ghlac sé páirt sa chuid i scríbhinn nó ó bhéal den nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais. I gcás ina nglacfaidh idiragraí ag an gcéad chéim páirt sna himeachtaí, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a ordú go n‑íocfaidh sé as a chostais féin.

164

Sa chás seo, íocfaidh Tech-Fab Europe agus APFE, idirghabhálaithe ag an gcéad chéim a ghlac páirt sna himeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais, a gcostais féin.

 

Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dara Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Diúltaítear do na hachomhairc.

 

2.

Ordaítear do Hengshi Egypt Fiberglass Fabrics SAE agus Jushi Egypt for Fiberglass Industry SAE a gcostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach i gCás C‑269/23 P, a íoc.

 

3.

Ordaítear do Jushi Egypt for Fiberglass Industry SAE a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach i gCás C-272/23 P, a íoc.

 

4.

Ordaítear do Tech-Fab Europe eV a chostais féin a iompar i gCás C 269/23 P.

 

5.

Ordaítear do Association des producteurs de fibres de verre européens (APFE) a chostais féin a íoc i gCás C‑272/23 P.

 

[Sínithe]


( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.