BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór‑Dhlísheomra)

28 Eanáir 2025 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Iomaíocht – Airteagal 101 CFAE – Treoir 2014/104/AE – Caingne i leith damáistí as sáruithe ar dhlí na hiomaíochta – Airteagal 2, pointe (4) – An coincheap ‘caingean i leith damáistí’ – Airteagal 3(1) – An ceart chun lánchúitimh as an díobháil arna déanamh – Éilimh le haghaidh cúitimh a shannadh do sholáthróir seirbhísí dlí – Dlí náisiúnta lena gcuirtear cosc ar aithint locus standi a leithéide de sholáthróir ar mhaithe leis na héilimh sin a aisghabháil i ngrúpa – Airteagal 4 – Prionsabal na héifeachtachta – An chéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Ceart chun cosaint dlí éifeachtach a fháil)

I gCás C‑253/23,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Landgericht Dortmund (Cúirt Réigiúnach Dortmund, an Ghearmáin), trí bhreith an 13 Márta 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 20 Aibreán 2023, sna himeachtaí

ASG 2 Ausgleichsgesellschaft für die Sägeindustrie Nordrhein‑Westfalen GmbH

v

Land Nordrhein‑Westfalen,

páirtithe leasmhara:

Otto Fuchs Beteiligungen KG,

Bundeskartellamt,

tugann AN CHÚIRT (an Mór‑Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, F. Biltgen, K. Jürimäe (Rapóirtéir), C. Lycourgos, I. Jarukaitis, A. Kumin, N. Jääskinen agus D. Gratsias, Uachtaráin Dlísheomra, E. Regan, I. Ziemele, J. Passer, Z. Csehi agus O. Spineanu‑Matei, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,

Cláraitheoir: D. Dittert, Ceann Aonaid,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 7 Bealtaine 2024,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

ASG 2 Ausgleichsgesellschaft für die Sägeindustrie Nordrhein‑Westfalen GmbH, ag R. Lahme agus A. Ruster, Rechtsanwälte,

Land Nordrhein‑Westfalen, ag J. Haereke, D. Hamburger, C. Kusulis, S.O. Nündel, G. Schwendinger, F. Süß, agus K. Teitscheid, Rechtsanwälte,

Otto Fuchs Beteiligungen KG, ag J.H. Allermann agus C. Thiel von Herff, Rechtsanwälte,

an Bundeskartellamt, ag J. Nothdurft agus K. Ost, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus R. Kanitz, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag A. Keidel agus G. Meeβen, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 19 Meán Fómhair 2024,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 101 CFAE, arna léamh i bhfianaise Airteagal 4(3) CAE agus na chéad mhíre d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) chomh maith le hAirteagal 2(4), Airteagal 3(1) agus Airteagal 9 de Threoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le rialacha áirithe lena rialaítear caingne i leith damáistí faoin dlí náisiúnta as sáruithe ar fhorálacha dlí iomaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (IO 2014 L 349, lch. 9).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir ASG 2 Ausgleichsgesellschaft für die Sägeindustrie Nordrhein‑Westfallen GmbH (‘ASG 2’) agus Land Nordrhein‑Westfalen (Stát na Réine Thuaidh‑Viostfáile, an Ghearmáin) (‘an Stát’) maidir le comhchaingean i leith damáistí arna tionscnamh ag ASG 2 ar bhonn cearta chun cúitimh arna sannadh dó ag 32 mhuileann sábhadóireachta i ndiaidh sárú ar Airteagal 101 CFAE a líomhnaítear a rinne an Stát agus úinéirí foraoise eile.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais

An Chairt

3

Foráiltear don mhéid seo a leanas sa chéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt, ar Airteagal é dar teideal ‘An ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil’:

‘Tá ag gach duine a ndéantar a chearta nó a cearta agus a shaoirsí nó a saoirsí, arna ráthú le dlí an Aontais, a shárú, an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair binse i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.’

Rialachán (CE) Uimh. 1/2003

4

De réir aithris 13 a ghabhann le Rialachán ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail [101 agus 102 CFAE] (IO 2003 L 1, lch. 1):

‘I gcás, i gcomhthéacs imeachtaí a d’fhéadfaí a bheith mar thoradh orthu toirmeasc a chur ar chomhaontú nó chleachtas, ina dtugann gnóthais gealltanais don Choimisiún [Eorpach] chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní atá aige, ní mór don Choimisiún a bheith in ann, trí chinneadh, na gealltanais sin a chur de cheangal ar na gnóthais lena mbaineann. I gcinntí maidir le gealltanais, ba cheart a dhearbhú nach gá don Choimisiún gníomhú níos mó, gan a shuíomh an raibh sárú ann nó an ann do shárú fós. Beidh na cinntí sin gan dochar don cheart atá ag údaráis iomaíochta agus cúirteanna na mBallstát a leithéid de chinntí a dhéanamh agus rialú ar an gcás. Ní bheidh na cinntí sin iomchuí i gcásanna ina bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún fíneáil a fhorchur.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 9(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Gealltanais’:

‘I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear deireadh a chur le sárú agus ina dtugann na gnóthais lena mbaineann gealltanais chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní arna gcur in iúl dóibh ag an gCoimisiún ina réamh‑mheasúnú, féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, na gealltanais sin a chur de cheangal ar na gnóthais. Féadfar an cinneadh a ghlacadh ar feadh tréimhse shocraithe ama agus cinnfear leis nach gá don Choimisiún gníomhú níos mó.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Treoir 2014/104/CE

6

Leagtar amach an méid seo a leanas le haithrisí 4, 12 agus 13 a ghabhann le Treoir 2014/104:

‘(4)

Leis an gceart i ndlí an Aontais chun cúiteamh a fháil as díobháil de dheasca sáruithe ar dhlí iomaíochta an Aontais agus ar an dlí iomaíochta náisiúnta, ceanglaítear ar gach Ballstát rialacha nós imeachta a bheith acu lena n‑áirithítear go bhfeidhmeofar an ceart sin go héifeachtach. Eascraíonn an gá atá le leigheasanna nós imeachta éifeachtacha freisin as an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil mar a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) [CAE] agus sa chéad mhír d’Airteagal 47 den [Chairt]. Ba cheart do na Ballstáit cosaint dlí éifeachtach a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais.

[...]

(12)

Athdhearbhaítear leis an Treoir seo an acquis communautaire maidir leis an gceart chun cúiteamh a fháil i ndíobháil de dheasca sáruithe ar dhlí iomaíochta an Aontais, go háirithe maidir le seasamh agus sainiú an damáiste, mar a luaitear i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais, agus ní thagann sé sin roimh aon fhorbairt eile air sin. Duine ar bith ar bhain díobháil dó de dheasca sárú den sórt sin, is féidir leis cúiteamh a éileamh as caillteanas iarbhír (damnum emergens), as gnóthachan nach bhfuair an duine sin (caillteanas brabúis nó lucrum cessans), móide ús, is cuma cé acu atá nó nach bhfuil na catagóirí sin bunaithe ar leithligh nó i gcomhcheangal le chéile sa dlí náisiúnta. [...]

(13)

Aithnítear an ceart chun cúitimh d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach – tomhaltóirí, gnóthais agus údaráis phoiblí araon – is cuma an ann nó nach ann do ghaol conarthach díreach leis an ngnóthas sáraitheach, agus cibé acu ar chinn nó nár chinn údarás iomaíochta cheana go ndearnadh sárú. Leis an Treoir seo, níor cheart a cheangal ar na Ballstáit sásraí comhshásaimh a thabhairt isteach chun Airteagail 101 agus 102 [CFAE] a fhorfheidhmiú. Gan dochar do chúiteamh as deis a chailleadh, níor cheart róchúiteamh teacht as lánchúiteamh faoin Treoir seo, cibé acu trí bhíthin damáistí pionósacha, ildamáistí nó damáistí eile.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 1(1) den Treoir sin:

‘Leis an Treoir seo, leagtar síos rialacha áirithe atá riachtanach chun a áirithiú gur féidir le haon duine ar bhain díobháil dó de dheasca sárú arna dhéanamh ag gnóthas nó ag comhlachas gnóthas ar an dlí iomaíochta, gur féidir leis an duine sin ceart a fheidhmiú go héifeachtach, is é sin, an ceart chun lánchúiteamh a éileamh ón ngnóthas nó ón gcomhlachas sin as an díobháil sin. Leagtar síos rialacha inti lena gcothaítear iomaíocht neamhshaofa sa mhargadh inmheánach agus lena mbaintear bacainní ar a fheidhmiú ceart, trína áirithiú go bhfaighidh gach duine ar bhain díobháil den sórt dó sin cosaint choibhéiseach ar fud an Aontais [Eorpaigh].’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 2 den Treoir sin:

‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

4)

ciallaíonn “caingean i leith damáistí” caingean faoin dlí náisiúnta faoina dtugann páirtí díobhálaithe líomhainte éileamh ar dhamáistí os comhair cúirt náisiúnta, nó faoina dtugann duine éigin atá ag gníomhú ar son páirtí díobhálaithe líomhainte amháin nó níos mó ná sin an t‑éileamh sin os a comhair i gcás ina bhforálfar le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta maidir leis an bhféidearthacht sin, nó faoina dtugann duine nádúrtha nó dlítheanach, ar tugadh ceart an pháirtí dhíobhálaithe líomhainte dó, an t‑éileamh sin os a comhair, lena n‑áirítear an duine a fuair an t‑éileamh;

[...]

12)

ciallaíonn “cinneadh críochnaitheach maidir le sárú” cinneadh maidir le sárú nach féidir a achomharc ar ghnáthmhodhanna, nó nach féidir a achomharc ar ghnáthmhodhanna a thuilleadh;

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 3(1) den Treoir sin, ar Airteagal é dar teideal ‘An ceart chun lánchúitimh’:

‘Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar bhain díobháil dó de dheasca sárú ar an dlí iomaíochta lánchúiteamh a éileamh agus a fháil as an díobháil sin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10

De réir Airteagal 4 den Treoir sin, dar teideal ‘Prionsabail na héifeachtachta agus na coibhéise’:

‘I gcomhréir le prionsabal na héifeachtachta, áiritheoidh na Ballstáit, i ndáil leis an gceart a fheidhmiú chun damáistí a éileamh, go ndéanfar gach riail agus nós imeachta náisiúnta a cheapadh agus a chur i bhfeidhm ar bhealach nach bhfágann go bhfuil sé beagnach dodhéanta nó ró‑deacair an ceart arna dheonú ag an Aontas chun lánchúitimh a fheidhmiú as díobháil a rinneadh de dheasca sárú ar an dlí iomaíochta. I gcomhréir le prionsabal na coibhéise, maidir le rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le caingne i leith damáistí de dheasca sáruithe ar Airteagail 101 nó 102 [CFAE], ní lú an fabhar a bhaineann leo do na páirtithe díobhálaithe líomhainte ná na rialacha agus na nósanna imeachta lena rialaítear caingne i leith damáistí den chineál céanna de dheasca sáruithe ar an dlí náisiúnta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

11

Tá Airteagal 9(1) den Treoir sin sna focail seo a leanas:

‘Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar sárú ar dhlí iomaíochta arna chinneadh le cinneadh críochnaitheach údaráis iomaíochta náisiúnta nó ag cúirt athbhreithnithe a mheas mar shárú bunaithe nach féidir a bhréagnú chun críocha caingean i leith damáistí a thugtar os comhair a gcúirteanna náisiúnta faoi Airteagail 101 nó 102 [CFAE] nó faoin dlí iomaíochta náisiúnta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na Gearmáine

12

Foráiltear don mhéid seo a leanas le Airteagal 1(1) den Gesetz über außergerichtliche Rechtsdienstleistungen (Rechtsdienstleistungsgesetz) (Dlí maidir le Seirbhísí Dlí seachbhreithiúnacha) an 12 Nollaig 2007 (BGBl. 2007 I, lch. 2840), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘RDG’):

‘Rialaítear leis an Dlí seo an t‑údarú chun seirbhísí dlí seachbhreithiúnacha a sholáthar i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine. An cuspóir atá leis ná dlíthithe, idirbhearta dlí agus an dlíchóras a chosaint ar sheirbhísí dlí arna soláthar ag daoine gan cháilíocht.’

13

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 2 de RDG, dar teideal ‘Coincheap na seirbhísí dlí’:

‘(1)   Is seirbhís dlí í aon ghníomhaíocht i ngnóthaí sonracha daoine eile, fad is gá scrúdú dlí a dhéanamh ar an gcás áirithe sin mar chuid di.

(2)   Gan beann ar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, is ionann seirbhís dlí agus aisghabháil éilimh daoine eile nó aisghabháil éilimh arna sannadh lena n‑aisghabháil thar ceann daoine eile, i gcás inar gníomhaíocht ar leithligh í gníomhaíocht bailithe na bhfiach, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le scrúdú agus comhairle dlí maidir le haisghabháil (seirbhís aisghabhála). Ní dhéanfar éilimh arna sannadh, maidir leis an gcéad éilitheoir, a mheas mar éilimh daoine eile.

[...]’

14

De réir Airteagal 3 de RDG, dar teideal ‘Údarú chun seirbhísí dlí seachbhreithiúnacha a sholáthar’:

‘Ní cheadófar seirbhísí dlí seachbhreithiúnacha a sholáthar ar bhonn neamhspleách ach amháin a mhéid a cheadaítear leis an dlí seo, le dlíthe eile nó ar bhonn dlíthe eile.’

15

Tá Airteagal 10 de RDG sna focail seo a leanas:

‘(1)   Féadfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha agus cuideachtaí nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu, atá cláraithe leis an údarás inniúil (daoine atá ar an gclár), ar bhonn saineolas speisialta, seirbhísí dlí a sholáthar sna réimsí seo a leanas:

1. seirbhísí aisghabhála [...]

[...]’

16

Le hAirteagal 11(1) de RDG, dar teideal ‘Saineolas speisialta, ainmníocht gairme’, foráiltear mar seo a leanas:

‘Le haghaidh seirbhísí aisghabhála, teastaíonn saineolas sonrach sna réimsí dlí is ábhartha don ghníomhaíocht atá á hiarraidh, go háirithe sa dlí sibhialta, dlí tráchtála, dlí na n‑urrús agus dlí na gcuideachtaí, dlí an nós imeachta shibhialta, lena n‑áirítear dlí an fhorfheidhmiúcháin agus an dlí dócmhainneachta, chomh maith leis an dlí a bhaineann le costais agus speansais.’

17

Leagtar amach in Airteagal 12 de RDG na coinníollacha maidir le clárú ar mhaithe le seirbhísí dlí a sholáthar agus foráiltear leis do chumhacht rialaitheach chun na mionsonraí a bhaineann leo a rialú, inter alia, cruthúnas ar an saineolas dá dtagraítear in Airteagal 10 den Dlí sin de dhíth uirthi.

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

18

An 31 Márta 2020, thug ASG 2 comhchaingean os comhair Landgericht Dortmund (Cúirt Réigiúnach Dortmund, an Ghearmáin) i gcoinne an Stáit i leith damáistí as an díobháil arna déanamh ag cairtéal, ar bhonn na gceart arna sannadh dó ag 32 mhuileann sábhadóireachta atá bunaithe sa Ghearmáin, sa Bheilg agus i Lucsamburg (‘na muilte sábhadóireachta’).

19

Cuireadh i leith an Stáit, ar a laghad le linn na tréimhse idir an 28 Meitheamh 2005 agus an 30 Meitheamh 2019, praghsanna na lomán roisín (‘lomáin chruinne’) a chaighdeánú dó féin agus d’úinéirí foraoise eile atá bunaithe sa Stát sin, de shárú ar Airteagal 101 CFAE (‘an cairtéal atá i gceist’).

20

Rinne an Bundeskartellamt (an tÚdarás Cónaidhme Iomaíochta, an Ghearmáin) fiosrúchán ar an gcleachtas sin agus, in 2009, ghlac sé cinneadh gealltanais ar bhonn Airteagal 32b den Gesetz gegen Wettbewerbsbeschränkungen (‘Dlí i gcoinne Srianta ar an Iomaíocht’) agus ar Airteagal 101 CFAE, dírithe ar an Stát agus ar Stáit eile a bhí bainteach sa chaoi chéanna i margú lómán cruinne (‘cinneadh 2009’).

21

Tá na muilte sábhadóireachta lena mbaineann ag féachaint le cúiteamh a fháil ón Stát as an díobháil a mheasann siad go ndearnadh dóibh fad a bhíothas i mbun an chairtéil atá i gceist mar thoradh ar na praghsanna, a líomhnaítear a bheith iomarcach, ar a cheannaigh siad lomáin chruinne de thionscnamh an Stáit sin.

22

Chuige sin, shann gach ceann de na muilte sábhadóireachta do ASG 2 a cheart chun cúitimh a éileamh i leith na díobhála arna déanamh dóibh leis an gcairtéal atá i gceist. Mar sin, tá cúiteamh as an dochar sin á éileamh i ngrúpa os comhair na cúirte a rinne an tarchur ag ASG 2, a bhfuil údarú aige de réir an Dlí sin, mar ‘sholáthróir seirbhísí dlí’, de réir bhrí RDG, ní hamháin thar a cheann féin agus ar a chostais féin ach thar ceann na sannóirí ar tháillí i gcás ina n‑éiríonn leis.

23

Cúpla céad míle de cheannacháin lomán cruinn arna ndéanamh ag na muilte sábhadóireachta a mheastar a bheith san éileamh ar dhamáistí as an díobháil a rinne an cairtéal lena mbaineann. Le haghaidh gach ceann acu, b’ionann méid na gceannachán sin agus na mílte idirbheart, nó agus dosaenacha mílte idirbheart fiú.

24

Os comhair na cúirte a rinne an tarchur, cuireann an Stát i gcoinne fhiúntas na caingne agus locus standi ASG 2 araon. I ndáil leis sin, maíonn sé gur shann na muilte sábhadóireachta lena mbaineann a gcearta chun cúitimh do ASG 2 de shárú ar RDG, ar dá réir a bhfuil na sannta sin ar neamhní. Go deimhin, ní údaraítear do ASG 2 trína chumhacht faoi RDG aisghabháil éilimh a lorg i leith damáistí de dheasca sárú líomhainte ar dhlí na hiomaíochta.

25

Soiléiríonn an chúirt a rinne an tarchur, i ndlí na Gearmáine, ó thaobh damáistí a bhaineann le líon mór daoine nó damáistí atá ar bheagluach a bhaineann le líon mór daoine, gurb intugtha le chéile caingne dlíthithe trí shásra sannta éilimh (‘Abtretungsmodell’), rud a thugtar ‘comhchaingean le haghaidh aisghabhála’ air chomh maith (‘Sammelklage‑Inkasso’) (‘comhchaingean le haghaidh aisghabhála’). De réir an tsásra sin, déanann na daoine a líomhnaítear go ndearnadh díobháil dóibh a gcuid éileamh líomhainte a shannadh do sholáthróir seirbhísí dlí ar tugadh an chumhacht dá dtagraítear le RDG dó, lena n‑údaraítear dó, i bprionsabal, aisghabháil na n‑éileamh i ngrúpa sin a lorg, thar a cheann féin agus ar a chostais féin ach thar ceann na sannóirí ar tháillí i gcás ina n‑éiríonn leis.

26

De réir na cúirte a rinne an tarchur, glacadh leis an gcleachtas sin i gcásdlí an Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme, an Ghearmáin) maidir le cineálacha éagsúla caingne i leith damáistí, go háirithe in imeachtaí maidir le réadmaoin a ligean ar cíos nó le haerphaisinéirí a chúiteamh. Os a choinne sin, tá léiriú déanta ag na híoschúirteanna ar RDG sa chaoi nach nglactar le comhchaingean le haghaidh aisghabhála i gcás díobháil a chúiteamh a dhéantar trí shárú líomhainte ar dhlí na hiomaíochta, go háirithe i gcás caingean ‘neamhspleách’, i.e. caingean i leith damáistí nach dtagann i ndiaidh cinneadh críochnaitheach ceangailteach, go háirithe ó thaobh na fíorais a chinneadh, ó údarás iomaíochta a chinneann go ndearnadh a leithéid de shárú (‘caingean neamhspleách i leith damáistí’). Ní raibh deis fós ag an Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme) an cheist sin a réiteach.

27

De réir thuairim na cúirte a rinne an tarchur, ní chuirtear ar fáil i ndlí na Gearmáine aon leigheas dlí atá coibhéiseach le comhchaingean le haghaidh aisghabhála lena bhféadfaí a áirithiú go gcuirfí chun feidhme go héifeachtach an ceart chun cúitimh i gcásanna cairtéil.

28

Dá bhrí sin, ní ráthaítear éifeachtacht an chirt chun cúiteamh a fháil i leith díobháil arna déanamh ag cairtéal, go háirithe maidir le damáistí atá ar bheagluach a bhaineann le líon mór daoine. Go deimhin, i gcás mar sin, bheadh an tsuim aonair atá ag baint leis an damáiste chomh beag sin go spreagfaí leis do dhlíthithe gan an ceart chun cúitimh a éileamh a thugtar dóibh le dlí an Aontais.

29

Sna himthosca sin, níorbh inéilithe a leithéid de chúiteamh go réasúnach praiticiúil ó thaobh na heacnamaíochta de ach le comhchaingean le haghaidh aisghabhála. Tá an chúirt a rinne an tarchur den tuairim, áfach, i gcomhréir leis na forálacha de RDG, arna léiriú ag cúirteanna náisiúnta áirithe, nach mór di a mheas go bhfuil na sannta atá i gceist sna príomhimeachtaí ar neamhní, sa chaoi gur cheart an chaingean os a comhair a dhíbhe.

30

Mar sin féin, fiafraíonn sí an gcuirtear cosc le dlí an Aontais ar a leithéid de léiriú ar RDG, a mhéid, trí chosc a chur le dul i muinín na comhchaingne le haghaidh aisghabhála ag daoine atá díobhálaithe ag an gcairtéal i gceist, an bhféadfadh an léiriú sin ar an dlí náisiúnta a bheith ar neamhréir le Treoir 2014/104, le prionsabal éifeachtacht dhlí an Aontais agus leis an gceart chun cosaint dlí éifeachtach a fháil.

31

Ar an gcéad dul síos, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil a leithéid de neamhréireacht intugtha le tuiscint ó Airteagal 3(1) de Threoir 2014/104 lena leagtar amach, dar léi, an ceart, a chumhdaítear le cásdlí comhsheasmhach na Cúirte, atá ag daoine atá díobhálaithe ag cairtéal lánchúiteamh a fháil i leith na díobhála arna déanamh ag an gcairtéal sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2, pointe (4) den Treoir sin. Go deimhin, is é atá i gceist go sainráite leis an bhforáil sin ná an chomhchaingean le haghaidh aisghabhála, ós rud é go dtagann caingean arna tionscnamh ag ‘duine nádúrtha nó dlítheanach, ar tugadh ceart an pháirtí dhíobhálaithe líomhainte dó, lena n‑áirítear an duine a cheannaigh an t‑éileamh’ faoin gcoincheap ‘caingean i leith damáistí’, de réir bhrí na forála sin.

32

Ar an dara dul síos, is ábhar amhrais don chúirt a rinne an tarchur an bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 4(3) CAE agus Airteagal 101 CFAE nach féidir le daoine díobhálaithe dul i muinín na comhchaingne le haghaidh aisghabhála de réir an léirithe ar an dlí náisiúnta a luaitear i mír 29 den bhreithiúnas seo. Dar léi, mar is léir ó chásdlí na Cúirte agus ó fhorálacha Theoir 2014/104, is féidir le haon duine lánchúiteamh a iarraidh i leith na díobhála arna baint dó de dheasca sárú ar dhlí na hiomaíochta. Mar sin, ní mór do na Ballstáit a áirithiú gurb éifeachtach an ceart chun cúiteamh a fháil i leith an damáiste sin gan a dhéanamh go bhfuil sé do‑dhéanta nó ró‑dheacair é fheidhmiú. Chuirfí trí sin le cosaint an leasa phoiblí trí iomaíocht éifeachtach a áirithiú san Aontas.

33

Ar an tríú dul síos, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an sáraítear an ceart atá ag daoine díobhálaithe chun cosaint dlí éifeachtach a fháil, a chumhdaítear sa chéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt, in Airteagal 6(3) CAE agus in Airteagal 13 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, arna shíniú sa Róimh an 4 Samhain 1950, trí chosc a chur ar an léiriú ar an dlí náisiúnta a luaitear i mír 29 den bhreithiúnas seo le dul i muinín na comhchaingne le haghaidh aisghabhála ag na daoine sin. Go deimhin, i gcúinsí amhail na cúinsí i gceist sa chás seo atá os a comhair, arbh éard a bhí i gceist leis ná damáistí a bhaineann le líon mór daoine nó damáistí atá ar bheagluach a bhaineann le líon mór daoine, fágadh nach féidir leis na daoine díobhálaithe dul i muinín an t‑aon leigheas dlí éifeachtach dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta lena gceart chun cúitimh a éileamh.

34

Ar deireadh, deir an chúirt a rinne an tarchur nach bhféadfadh sí léiriú a dhéanamh atá i gcomhréir le dlí an Aontais i gcás ina gcinnfí go bhfuil an dlí náisiúnta ar neamhréir le dlí an Aontais, ó ba contra legem a leithéid de léiriú.

35

Sna himthosca sin, chinn Landgericht Dortmund (an Chúirt Réigiúnach, Dortmund) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur le haghaidh réamhrialú:

‘(1)

An gcaithfear dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 101 CFAE, Airteagal 4(3) CAE, Airteagal 47 den [Chairt] agus Airteagal 2, pointe 4, agus Airteagal 3(1) de [Threoir 2014/104] a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar léiriú agus cur i bhfeidhm de dhlí Ballstáit lena gcuirtear bac ar dhuine a d’fhéadfadh díobháil a bhaint dó mar gheall ar shárú ar Airteagal 101 CFAE – arna suíomh, le héifeacht cheangailteach, ar bhonn Airteagal 9 de [Threoir 2014/104] nó na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuítear an tAirteagal sin – a éilimh le haghaidh cúitimh a shannadh ar bhonn muiníne – go háirithe i gcás comhdhíobháil nó díobháil scaipthe – do sholáthróir ceadúnaithe seirbhísí dlí, ionas go bhfuil an soláthróir in ann éileamh a dhéanamh in éineacht le héilimh páirtithe díobhálaithe eile arna líomhain, trí chaingean leantach mura bhfuil aon bhealaí dlí nó conarthacha coibhéiseacha eile ann chun éilimh le haghaidh damáistí a chomhdhlúthú, go háirithe toisc nach gceadaítear breithiúnas i leith sásaimh a lorg, nó nach bhfuil siad praiticiúil mar gheall ar chúiseanna nós imeachta eile nó má tá siad míréasúnta go hoibiachtúil de bharr cúiseanna eacnamaíocha, agus an toradh air sin, go háirithe, go mbeadh sé beagnach dodhéanta, nó ar aon chaoi ró-dheacair, caingean le haghaidh damáistí a thionscnamh maidir le suim bheag?

(2)

An gcaithfear dlí an Aontais a léiriú ar aon nós sa chaoi sin más gá na héilimh le haghaidh damáistí faoi cheist a shaothrú gan cinneadh roimh ré ón gCoimisiún Eorpach nó ó húdaráis náisiúnta maidir leis an sárú arna líomhain ag a bhfuil éifeacht cheangailteach de réir bhrí forálacha náisiúnta atá bunaithe ar Airteagal 9 de Threoir 2014/104/AE (ar a dtugtar “caingean neamhspleách”), mura bhfuil ann do bhealaí dlí nó conarthacha coibhéiseacha eile chun éilimh le haghaidh damáistí faoin dlí sibhialta a chomhdhlúthú mar gheall ar na cúiseanna arna leagan amach i gCeist 1, agus, go háirithe, os a choinne sin, toisc nach dtionscnófar caingean bunaithe ar shárú ar Airteagal 101 CFAE, bíodh sin trí fhorfheidhmiúchán poiblí nó trí fhorfheidhmiúchán príobháideach?

(3)

I gcás go dtabharfar freagra dearfach ar a laghad [ar cheann] amháin de na ceisteanna sin, an gcaithfear na forálacha ábhartha i ndlí na Gearmáine a fhágáil gan feidhm má chuirtear as an áireamh léiriú atá i gcomhréir le dlí an Aontais, agus an toradh air sin ná go bhfuil, ón taobh sin, éifeacht ar aon chaoi ag sannta agus bheadh forfheidhmiúchán éifeachtach an dlí indéanta?’

Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

Inghlacthacht na chéad cheiste

36

Leis an gcéad cheist dá cuid, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 101 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2, pointe (4), Airteagal 3(1), Airteagal 4 agus Airteagal 9(1) de Threoir 2014/104, agus an chéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar léiriú ar reachtaíocht náisiúnta a bhfuil sé d’éifeacht aige cosc a chur ar dhaoine a líomhnaítear go ndearnadh díobháil dóibh de dheasca sárú ar dhlí na hiomaíochta a gcearta chun cúitimh a shannadh do sholáthróir seirbhísí dlí ionas go n‑éileoidh sé na cearta sin, i ngrúpa, i gcomhthéacs caingean ‘leantach’, is é sin le rá, caingean i leith damáistí a dhéantar i ndiaidh cinneadh críochnaitheach ó údarás iomaíochta lena gcinntear go ndearnadh a leithéid de shárú (‘caingean leantach i leith damáistí’).

37

Áitíonn Otto Fuchs Beteiligungen, an Stát agus an Coimisiún gur do‑ghlactha an cheist seo. Tá anailís le déanamh ar an bpríomhchaingean mar chaingean nach bhfuil leantach ach atá neamhspleách i leith damáistí.

38

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne, i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach, nach mór baint a bheith ag an gceist arna tarchur chuig an Chúirt le haghaidh réamhrialú le léiriú ar dhlí an Aontais lena bhfreastalaítear ar riachtanas oibiachtúil i ndáil leis an gcinneadh atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur (breithiúnais an 12 Eanáir 2023, DOBELES HES, C‑702/20 agus C‑17/21, EU:C:2023:1, mír 81, agus an 9 Eanáir 2024, G. agus páirtithe eile (Breithiúna gnáthchúirteanna a cheapadh sa Pholainn), C‑181/21 agus C‑269/21, EU:C:2024:1, mír 65).

39

Is faoin gcúirt náisiúnta amháin, a bhfuil an cás os a comhair agus ar a bhfuil freagracht dhéanamh an chinnidh cúirte atá le glacadh, measúnú a dhéanamh, i bhfianaise shainghnéithe an cháis, ar an ngá le réamhrialú ionas go bhféadfaidh sí breithiúnas a thabhairt agus ar ábharthacht na gceisteanna arna gcur aici ar an gCúirt. Dá bhrí sin, ós rud é go mbaineann na ceisteanna arna gcur le léiriú ar riail dhlí an Aontais, tá sé de cheangal ar an gCúirt, i bprionsabal rialú a thabhairt (breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2021, Sumal, C‑882/19, EU:C:2021:800, mír 27, agus an 19 Meán Fómhair 2024, Booking.com agus Booking.com (Deutschland), C‑264/23, EU:C:2024:764, mír 34).

40

Tugtar le tuiscint, toisc go bhfuil toimhde ábharthachta ag na ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais, nach féidir leis an gCúirt diúltú do bhreith a thabhairt i leith ceist arna tarchur ag cúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2021, Sumal, C‑882/19, EU:C:2021:800, mír 28, agus an 19 Meán Fómhair 2024, Booking.com agus Booking.com (Deutschland), C‑264/23, EU:C:2024:764, mír 35).

41

Sa chás seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú gur follasach nach bhfuil baint leis na fíricí ná le cuspóir na bpríomhimeachtaí ag an gcéad cheist a mhéid arb éard atá i gceist léi ná caingean leantach i leith damáistí.

42

Go deimhin, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur gur tugadh caingean os a comhair i leith damáistí arna tionscnamh ag ASG 2 ionas go gcúiteofaí an díobháil arna baint go líomhainte do na muilte sábhadóireachta lena mbaineann leis an gcairtéal atá i gceist. Sonraíonn an chúirt sin, sna príomhimeachtaí, nach bhfuil aon chinneadh eile ann seachas cinneadh ó 2009.

43

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 55 dá Thuairim, glacadh an cinneadh sin ar bhonn Airteagal 32b den Gesetz gegen Wettbewerbsbeschränkungen (an Dlí i gcoinne Srianta ar an Iomaíocht), atá ar chomhfhocal le hAirteagal 9 de Rialachán Uimh. 1/2003, rud a dhearbhaigh an tÚdarás Cónaidhme Iomaíochta ina bharúlacha i scríbhinn.

44

Ní luaitear go críochnaitheach sárú ar Airteagail 101 agus 102 CFAE ar chor ar bith i gcinneadh maidir leis na gealltanais arna nglacadh de bhun Airteagal 9 den Rialachán sin.

45

Go deimhin, foráiltear le hAirteagal 9 den Rialachán sin, i bhfianaise aithris 13 den Rialachán sin, i gcomhthéacs na n‑imeachtaí arna dtionscnamh de réir na forála sin, go bhfuil an Coimisiún saor ón oibleagáid an sárú a aicmiú a chinneadh go ndearnadh é, ós é is ról amháin aige na gealltanais arna moladh ag na gnóthais lena mbaineann a scrúdú agus, b’fhéidir, glacadh leo, ag féachaint do na fadhbanna arna sainaithint aige ina réamh‑mheasúnú agus na haidhmeanna atá á saothrú aige. Mar sin, cuirtear clabhsúr trí ghlacadh cinnidh maidir le gealltanais ar na himeachtaí maidir le sárú i ndáil leis na gnóthais sin trína chur ar a gcumas a sheachaint go gcinnfear go ndearnadh sárú ar dhlí na hiomaíochta go ngearrfar fíneáil (féach breithiúnas an 29 Meitheamh 2010, an Coimisiún v AlrosaC‑441/07 P, EU:C:2010:377, míreanna 40 agus 48).

46

Maidir leis an gcinneadh ó 2009, is léir ón bhfaisnéis arna soláthar ag an gcúirt a rinne an tarchur, gur shocraigh an tÚdarás Feidearálach Iomaíochta leis an gcinneadh sin tairseacha comhair le haghaidh an Stáit chun lomáin chruinne a mhargú agus bearta chun srian a chur ar sheasamh an Stáit ar an margadh lena mbaineann.

47

Dá bhrí sin, ní féidir a mheas gurb é atá sa chinneadh ó 2009 ná cinneadh críochnaitheach ó údarás náisiúnta iomaíochta lena gcinntear go ndearnadh sárú ar dhlí na hiomaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Threoir 2014/104, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2, pointe (12) den Treoir sin. Dá bhrí sin, ní féidir a mheas gur caingean leantach i leith damáistí í caingean ASG 2 ba bhun leis an gcás sna príomhimeachtaí.

48

Sna himthosca sin, tá an chéad cheist do‑ghlactha.

An dara agus an tríú ceist

49

Leis an dara agus an tríú ceist dá cuid, arb iomchuí iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 101 CFAE, arna léamh i gcomhar hAirteagal 2, pointe 4, Airteagal 3(1) agus Airteagal 4 de Threoir 2014/104 mar aon leis an gcéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt sa chaoi go gcuirtear cosc ar léiriú ar reachtaíocht náisiúnta a bhfuil sé d’éifeacht aige cosc a chur ar dhaoine a líomhnaítear go ndearnadh díobháil dóibh de dheasca sárú ar dhlí na hiomaíochta a gcuid ceart chun cúitimh a shannadh do soláthróir seirbhísí dlí ionas go ndearbhóidh an soláthróir sin iad, i ngrúpa, mar chuid de chaingean neamhspleách i leith damáistí.

50

Má tá freagra dearfach air sin, fiafraíonn an chúirt sin an bhfuil forálacha ábhartha na reachtaíochta náisiúnta sin le fágáil gan feidhm, i gcás nach féidir léiriú a dhéanamh air mar atá i gcomhréir le dlí an Aontais.

Inghlacthacht

51

Cuireann Otto Fuchs Beteiligungen agus an Stát inghlacthacht an dara agus an tríú ceist faoi chonspóid.

52

Sa chéad áit, líomhnaíonn siad gur ceist hipitéiseach an dara ceist nó nach gá í ar mhaithe leis an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach agus nach mbaineann an cheist sin ná an tríú ceist le léiriú ar dhlí an Aontais.

53

Is léir óna bhfuil sa cháschomhad atá ag an gCúirt, áfach, go bhfreastalaítear go follasach tríd an léiriú ar dhlí an Aontais arna iarraidh ag an gcúirt a rinne an tarchur ar riachtanas oibiachtúil a bhaineann go dlúth leis an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach.

54

Go deimhin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gcuirtear cosc leis na forálacha dhlí an Aontais dá dtagraítear i mír 49 den bhreithiúnas seo ar léiriú ar reachtaíocht náisiúnta a bhfuil sé d’éifeacht aige cosc a chur ar dhaoine a líomhnaítear go ndearnadh díobháil dóibh de dheasca an chairtéil atá i gceist dul i muinín na comhchaingne le haghaidh aisghabhála. Más amhlaidh atá, fiafraíonn sí faoi na hiarmhairtí atá le baint as a leithéid de neamhréireacht, i gcás nárbh fhéidir na forálacha de RDG a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais.

55

Sa dara háit, maíonn Otto Fuchs Beteiligungen agus an Stát, go bunúsach, gur bhunaigh an chúirt a rinne an tarchur a ceisteanna ar bhuntuiscint mhícheart. Go háirithe, bhí an chúirt sin mícheart a mheas, ar an gcéad dul síos, nach mór na forálacha de RDG a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo go huathoibríoch, ar chomhchaingean le haghaidh aisghabhála i réimse dhlí na hiomaíochta agus, ar an dara dul síos, i gcás nach féidir le daoine a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca cairtéil dul i muinín na comhchaingne sin, go mbeadh sé beagnach dodhéanta nó ar aon chaoi ró‑dheacair dóibh an ceart chun cúitimh a thugtar dóibh le dlí an Aontais a fheidhmiú, a mhéid nach gcuirtear aon rogha eile atá chomh héifeachtach céanna ar fáil le dlí na Gearmáine lena gcuirtear ar chumas na ndaoine sin an ceart sin chun cúitimh a éileamh.

56

I gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach na Cúirte, bíonn ceisteanna maidir le léiriú ar dhlí an Aontais á gcur ag an gcúirt náisiúnta mar chuid den chreat rialála agus fíorasach a shainíonn sí faoina freagracht féin, nach faoin gCúirt atá sé a chruinneas a fhíorú (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 2023EDP–Energias de Portugal agus páirtithe eile, C‑262/21, EU:C:2023:812, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

57

Ós rud é gurb í an chúirt a rinne an tarchur amháin a bhfuil dlínse aici an dlí náisiúnta a léiriú agus a chur i bhfeidhm, is faoin gCúirt atá sé comhthéacs rialála na gceisteanna le haghaidh réamhrialú a chur san áireamh, mar a shainítear leis an ordú tarchuir (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Samhain 2024, S. (Athruithe ar fhoirmíocht na cúirte, C‑197/23, EU:C:2024:956, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear). Thairis sin, ní hinfhrisnéise an toimhde ábharthachta, a thugtar chun cuimhne i mír 40 den bhreithiúnas seo, a bhaineann leis na ceisteanna sin, i gcás, agus ar an bhforas sin amháin, go gcuireann ceann de na páirtithe sna príomhimeachtaí fíorais áirithe faoi chonspóid nach faoin gCúirt atá sé a gcruinneas a fhíorú agus a bhfuil sainiú chuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí ag brath orthu (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2016, Breitsamer und Ulrich, C‑113/15, EU:C:2016:718, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear).

58

Is bun measúnú ag an gcúirt a rinne an tarchur ar chreat náisiúnta na díospóide sna príomhimeachtaí leis an mbuntuiscint dá dtagraítear i mír 55 den bhreithiúnas seo. Is faoi dhlínse na cúirte sin amháin a thagann an measúnú sin agus níl a chruinneas le fíorú ag an gCúirt.

59

Sna himthosca sin, agus gan dochar d’fhíorú dá leithéid ag an gcúirt a rinne an tarchur (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Meitheamh 2018, Altiner agus Ravn, C‑230/17, EU:C:2018:497, mír 23), ní mór a chinneadh gurb inghlactha an dara agus an tríú ceist.

Substaint an cháis

60

Bíonn éifeachtaí díreacha ag Airteagal 101(1) CFAE sna caidrimh idir daoine aonair agus cruthaítear cearta do dhlíthithe nach mór do na cúirteanna náisiúnta a chosaint (breithiúnais an 30 Eanáir 1974, BRT agus Société Belge des Authors, compositeurs et éditeurs, 127/73, EU:C:1974:6, mír 16, agus an 6 Deireadh Fómhair 2021, Sumal, C‑882/19, EU:C:2021:800, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear).

61

I ndáil leis sin, thabharfaí faoi cheist lán‑éifeacht Airteagal 101 CFAE agus, go háirithe, éifeachtacht an toirmisc dá dtagraítear i mír 1 de i gcás nárbh iniarrtha ag gach duine cúiteamh i leith damáistí a bhain dó de dheasca sárú ar dhlí na hiomaíochta (féach, chuige sin, breithiúnais an 20 Meán Fómhair 2001, Courage agus Crehan, C‑453/99, EU:C:2001:465, mír 26, agus an 6 Deireadh Fómhair 2021, Sumal, C‑882/19, EU:C:2021:800, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

62

Dá bhrí sin, tá sé de cheart ag gach duine a iarraidh go gcúiteofaí an díobháil arna baint i gcás ina bhfuil nasc cúisíoch idir an díobháil sin agus a leithéid de shárú (féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Iúil 2006, Manfredi agus páirtithe eile, C‑295/04, EU:C:2006:461, mír 61, agus an 6 Deireadh Fómhair 2021, Sumal, C‑882/19, EU:C:2021:800, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear).

63

Neartaíonn an ceart atá ag gach duine cúiteamh a iarraidh as díobháil den sórt sin, cineál oibríochtúil rialacha iomaíochta an Aontais agus tá sé de chineál go ndéantar iompar is minic a bhíonn i bhfolach lena bhféadfaí an iomaíocht a shrianadh nó a shaobhadh a dhíspreagadh, trí rannchuidiú le hiomaíocht éifeachtach san Aontas Eorpach a choimeád ar bun ar an gcaoi sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, SumalC‑882/19, EU:C:2021:800, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear).

64

Mar is léir ó aithris 12 de Threoir 2014/104, códaíodh an ceart sin chun cúiteamh a fháil as díobháil arna baint de dheasca sárú ar dhlí na hiomaíochta in Airteagal 3(1) den Treoir sin, lena bhforáiltear go n‑áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach lánchúiteamh a éileamh agus a fháil as an díobháil sin.

65

Sonraítear in aithris 4 den Treoir sin go gceanglaítear leis an gceart sin chun cúitimh ar gach Ballstát rialacha nós imeachta a bheith acu lena n‑áirithítear feidhmiú éifeachtach an chirt sin. De réir na haithrise sin, tá gá leis na leigheasanna nós imeachta éifeachtacha chomh maith de réir an chirt chun cosaint dlí éifeachtach a fháil a chumhdaítear sa chéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt, atá ag teacht leis an oibleagáid, dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE na leigheasanna dlí riachtanacha a bhunú ar mhaithe leis an gcosaint sin a áirithiú sna réimsí a thagann faoi dhlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Bealtaine 2017, Berlioz Investment Fund, C‑682/15, EU:C:2017:373, mír 44 agus an 6 Deireadh Fómhair 2020, Stát Lucsamburg (an ceart chun caingean a thionscnamh i gcoinne iarraidh ar fhaisnéis in ábhair chánach), C‑245/19 agus C‑246/19, EU:C:2020:795, mír 47).

66

I ndáil leis sin, mar a fhoráiltear in Airteagal 1(1) de Threoir 2014/104, leagtar síos leis an Treoir sin rialacha áirithe maidir le caingne i leith damáistí a mheas reachtóir an Aontais a bheith riachtanach chun go mbeidh aon duine díobhálaithe de dheasca sárú ar an dlí iomaíochta in ann a cheart a fheidhmiú go héifeachtach chun lánchúiteamh as an díobháil sin a éileamh ó ghnóthas nó ó chomhlachas gnóthas.

67

Sa chomhthéacs sin, sainmhínítear an coincheap ‘caingean i leith damáistí’ in Airteagal 2, pointe (4) den Treoir sin mar chaingean faoin dlí náisiúnta faoina ndéanann páirtí díobhálaithe líomhainte éileamh ar dhamáistí os comhair cúirt náisiúnta, nó faoina ndéanann duine éigin atá ag gníomhú ar son páirtí díobhálaithe líomhainte amháin nó níos mó ná sin an t‑éileamh sin os a comhair i gcás ina bhforálfar, go háirithe, leis an dlí náisiúnta maidir leis an bhféidearthacht sin, nó faoina dtugann duine nádúrtha nó dlítheanach, ar tugadh ceart an pháirtí dhíobhálaithe líomhainte dó, an t‑éileamh sin os a comhair, lena n‑áirítear an duine a fuair an t‑éileamh.

68

Mar sin, foráiltear leis an Treoir sin gur féidir le duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil an ceart aige chun cúitimh arna thabhairt le dlí an Aontais nó tríú páirtí a sannadh an ceart chun cúitimh dó atá ag an bpáirtí díobhálaithe líomhainte caingean i leith damáistí a thionscnamh.

69

É sin ráite, mar a shonraigh an tAbhcóide Ginearálta, go bunúsach, i míreanna 100 agus 101 dá Thuairim, níl aon oibleagáid in Airteagal 2, pointe (4) de Threoir 2014/24 ar na Ballstát sásra um chomhchaingean le haghaidh aisghabhála a chur i bhfeidhm amhail an sásra i gceist sna príomhimeachtaí ná ní rialaítear na coinníollacha maidir le dleathacht a chirt a shannadh ag an duine díobhálaithe, ar mhaithe lena leithéid de chomhchaingean, chun an díobháil arna déanamh trí shárú ar dhlí na hiomaíochta a chúiteamh.

70

Tugtar le tuiscint uaidh sin go dtagann faoi na nósanna imeachta chun an ceart chun cúiteamh a fheidhmiú, nach rialaítear le Treoir 2014/104, bunú sásra um chomhchaingean i leith damáistí agus na coinníollacha maidir le bailíocht shannadh an chirt chun cúitimh i leith díobháil a líomhnaítear go mbaineann sí le sárú ar dhlí na hiomaíochta do dhuine nádúrtha nó dlítheanach ar mhaithe lena leithéid de chaingean i ngrúpa a thabhairt ag an duine sin os comhair cúirt náisiúnta.

71

I gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach na Cúirte, i gcás nach bhfuil reachtaíocht an Aontais ann a bhaineann le hábhar, is faoi dhlíchóras intíre gach Ballstáit atá sé na nósanna imeachta a bhaineann leis an gceart chun cúitimh a iarraidh i leith damáiste de dheasca sáruithe ar dhlí na hiomaíochta a chinneadh, agus prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta á n‑urramú (féach, chuige sin, breithiúnais an 20 Meán Fómhair 2001, Courage agus Crehan, C‑453/99, EU:C:2001:465, mír 29, agus an 28 Márta 2019, Cogeco Communications, C‑637/17, EU:C:2019:263, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).

72

Léirítear prionsabail na héifeachtachta agus na coibhéise, sa réimse a chumhdaítear le Treoir 2014/104, in Airteagal 4 den Treoir sin, atá ar chomhfhocal, go bunúsach, le cásdlí na Cúirte. Ar mhaithe leis an scrúdú ar an dara agus an tríú ceist, áfach, ní gá féachaint ach do phrionsabal na héifeachtachta, arb é amháin atá i gceist ag an gcúirt a rinne an tarchur.

73

De réir na forála sin, i gcomhréir le prionsabal na héifeachtachta, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach riail agus nós imeachta náisiúnta i ndáil leis an gceart a fheidhmiú chun damáistí a éileamh a cheapadh agus a chur i bhfeidhm ar bhealach nach bhfágann go bhfuil sé beagnach dodhéanta nó ró‑dheacair an ceart arna dheonú ag an Aontas chun lánchúitimh a fheidhmiú as díobháil a rinneadh de dheasca sárú ar an dlí iomaíochta.

74

Rialaigh an Chúirt, go háirithe, nach ceadmhach leis an rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le dlí na hiomaíochta dochar a dhéanamh do chur i bhfeidhm éifeachtach Airteagail 101 CFAE agus 102 CFAE agus nach mór iad a chur in oiriúint do shainghnéithe na gcásanna sa réimse sin, ar cásanna iad ina bhfuil anailís fhíorasach agus eacnamaíoch le déanamh, i bprionsabal (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Aibreán 2023, Repsol Comercial de Productos Petrolíferos, C‑25/21, EU:C:2023:298, mír 60 agus an cásdlí dá dtagraítear).

75

Thairis sin, bíodh, i gcás nach bhfuil reachtaíocht an Aontais ann a bhaineann le hábhar, gur faoi dhlíchóras intíre gach Ballstáit atá sé na nósanna imeachta le haghaidh caingne lena bhféachtar le cosaint na gceart aonair a eascraíonn ó dhlíchóras an Aontais a leagan síos, tá sé de fhreagracht ar na Ballstáit, áfach, i ngach cás, a áirithiú go dtabharfaí urraim don cheart chun cosaint dlí éifeachtach a fháil do na cearta sin mar a ráthaítear sa chéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt (breithiúnas an 19 Samhain 2019, A.K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí), C‑585/18, C‑624/18 agus C‑625/18, EU:C:2019:982, mír 115 agus an cásdlí dá dtagraítear). Mar is léir ó mhír 65 den bhreithiúnas seo, tagraítear le haithris 4 de Threoir 2014/104 don cheart chun cosanta dá leithéid.

76

Sa chás seo, agus mar is léir ó mhíreanna 28 go 33 den bhreithiúnas seo, is ábhar amhrais ag an gcúirt a rinne an tarchur comhréireacht le prionsabal na héifeachtachta agus leis an gceart chun cosaint dlí éifeachtach a fháil cásdlí naisiúnta lena ndéantar léiriú ar RDG sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar dhaoine a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca sárú ar dhlí na hiomaíochta dul i muinín na comhchaingne le haghaidh aisghabhála.

77

I ndáil leis sin, cuireann an chúirt sin in iúl, ar an gcéad dul síos, gurb í an chaingean sin an t‑aon leigheas dlí ar dá réir arb inéilithe go héifeachtach ag na daoine sin, i ngrúpa, a gceart chun cúitimh. Ar an dara dul síos, bíodh gur féidir leis na daoine sin caingne i leith damáistí a thionscnamh thar a gceann féin agus ar a son féin, níorbh infheidhmithe go héifeachtúil an ceart ag a leithéid d’fhéidearthacht, áfach. Go deimhin, i bhfianaise gur casta fada costasach go mór caingean aonair a bhaineann le sárú ar dhlí na hiomaíochta, bhí claonadh ar na daoine díobhálaithe staonadh óna leithéid de chaingean aonair a thionscnamh, go háirithe i gcás inarb é atá i gceist ná díobháil a bhfuil suim bheag ag baint leis.

78

Sholáthair na páirtithe ar fad sna príomhimeachtaí, seachas ASG 2 agus na páirtithe leasmhara eile dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 23 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, áfach, ina mbarúlacha arna gcur faoi bhráid na Cúirte, roinnt ábhair lena maolaítear na ráitis san iarraidh ar réamhrialú.

79

Mar sin, ar an gcéad dul síos, caitheann na páirtithe agus na páirtithe leasmhara sin amhras ar ráiteas na cúirte a rinne an tarchur ar dá réir a chuirtear cosc go huathoibríoch leis an dlí náisiúnta air gur féidir le daoine a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca sárú ar dhlí na hiomaíochta dul i muinín na comhchaingne le haghaidh aisghabhála. Rialaíodh gur mhíchuí a leithéid de chaingean i gcomhthéacs cásanna áirithe a bhaineann le dlí na hiomaíochta amháin, inarbh amhlaidh go raibh sé de thoradh ar an gcaingean sin gur sáraíodh na forálacha de RDG lena gcuirtear cosc ar idirghabháil an tsoláthróra seirbhísí dlí i gcás coinbhleacht leasa.

80

Ar an dara dul síos, ba cheart agús a chur leis an ráiteas nár tugadh aon rogha eile faoin dlí náisiúnta ar an gcaingean sin chun a gceart chun cúitimh a éileamh ag na daoine díobhálaithe i ngrúpa. I ndáil leis sin, roghanna dealraitheacha eile a cheadaítear le cleachtas dlí na Gearmáine in imeachtaí a bhaineann le dlí na hiomaíochta a bheadh i sannadh na n‑éileamh mar fhíor-fhachtóireacht, eadhon ní sannadh ar bhonn muiníne amháin, ach sannadh iomlán an éilimh go tríú páirtí ar íocaíocht láithreach comaoine ag an duine sin leis an sannóir, agus a bheadh in litisconsortium, arb é atá ann ná caingean arna tabhairt ag roinnt iarratasóirí lena gcuirtear ar a gcumas, go háirithe, go ndéanfaí measúnuithe agus tuarascálacha saineolaithe comhchoiteanna ar mhaithe le méid a ndíobhála faoi seach a shuí.

81

Ar an tríú dul síos, caitear amhras, sa chás seo, ar chinneadh na cúirte a rinne an tarchur ar dá réir a bheadh claonadh ar na páirtithe díobhálaithe staonadh óna gceart chun cúitimh a éileamh i gcás nach bhféadfadh siad iad a éileamh ach mar chuid de chaingean aonair, leis an méid atá á éileamh ar bhonn aonair ag na muilte sábhadóireachta lena mbaineann, ar dá réir a fheictear ina ceart an táimhe a d’fhéadfadh a bheith ar na muilte sábhadóireachta i ndáil lena leithéid de chaingean.

82

I ndáil leis sin, is fíor gur faoin gcúirt a rinne an tarchur amháin atá sé a fhíorú an bhfuil sé d’éifeacht ag léiriú ar an dlí náisiúnta, faoina gcuirtear cosc ar an gcomhchaingean le haghaidh aisghabhála in imeachtaí dhlí na hiomaíochta, go bhfuil sé do-dhéanta nó ró‑dheacair an ceart chun cúitimh a thugtar le dlí an Aontais do dhaoine a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca sárú ar dhlí na hiomaíochta a fheidhmiú, agus an ceart a cheilt orthu chun cosaint dlí éifeachtach a fháil.

83

Chun na críche sin, áfach, ní mór don chúirt a rinne an tarchur gach rud a chur san áireamh atá ábhartha do na nósanna imeachta dá bhforáiltear leis an dlí naisiúnta chun an ceart chun cúitimh i leith na díobhála atá ann de thoradh ar a leithéid de shárú a fheidhmiú (féach, de réir analaí, breithiúnas an 28 Márta 2019, Cogeco CommunicationsC‑637/17, EU:C:2019:263, mír 45).

84

Níl sé le cinneadh ag an gcúirt a rinne an tarchur nach gcomhlíontar ceanglais dhlí an Aontais arna leagan amach i míreanna 71 go 75 den bhreithiúnas seo leis an dlí náisiúnta, arna léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar a leithéid de chaingean le haghaidh aisghabhála, ach i gcás, i ndiaidh an fhíoraithe sin, ina gcinnfeadh an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, nach inéilithe go héifeachtúil an ceart atá ag daoine nó ag grúpa daoine atá ag lorg cúitimh i leith díobhála arna déanamh go líomhainte ag sárú ar dhlí na hiomaíochta le haon cheann de na comhshásraí atá de mhalairt ar an gcomhchaingean le haghaidh aisghabhála dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, eadhon, sa chás seo, ag na muilte sábhadóireachta lena mbaineann agus, ar an dara dul síos, go bhfágtar leis na coinníollacha maidir le feidhmiú caingne aonair dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta go bhfuil sé do‑dhéanta nó ró‑dheacair an ceart sin a fheidhmiú, sa chaoi go ndéantar difear dá gceart chun cosaint dlí éifeachtach a fháil.

85

I ndáil leis sin, ní mór a chur i dtreis gur deimhin, i bhfianaise shainghnéithe chásanna dhlí na hiomaíochta agus, le bheith cruinn faoi, mar a thugtar chun cuimhne i mír 74 den bhreithiúnas seo, gur gá, i bprionsabal, anailís fhíorasach eacnamaíoch chasta a dhéanamh chun caingne i leith damáistí a thionscnamh i ndáil le sárú ar an gceart sin, gur féidir a dhéanamh le sásraí um thabhairt le chéile éileamh aonair sa dlí náisiúnta go bhfuil sé níos éasca do dhaoine díobhálaithe an ceart chun cúitimh a fheidhmiú. Go háirithe, is féidir lena leithéid de shásraí tionscnamh caingne neamhspleácha le haghaidh damáistí nach dtacaítear leo le haon chinneadh críochnaitheach ó údarás iomaíochta go ndearnadh sárú a éascú.

86

Níl sé inchinnte, áfach, de réir na castachta agus na gcostas nós imeachta a bhaineann lena leithéid de chaingne i leith damáistí iontu féin, go bhfuil sé beagnach do‑dhéanta nó ró‑dheacair an ceart chun cúitimh mar chuid de chaingean aonair a fheidhmiú, rud a d’fhágfadh go gceilfí ar dhaoine a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca ar dhlí na hiomaíochta a gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil, i gcás nach bhfuil sásraí ann um thabhairt le chéile éilimh na ndaoine sin. Is deimhin nárbh fhéidir leis an gcúirt náisiúnta, de réir mar a bheidh, teacht ar a leithéid de chonclúid ach i gcás, i ndiaidh measúnú a dhéanamh ar ghnéithe dlíthiúla agus fíorasacha an cháis, tháinig sí ar an gconclúid go gcuirtear bac ar thionscnamh na gcaingne aonair sin.

87

Is tábhachtach a lua chomh maith, i gcás ina gcinnfeadh an chúirt sin gurb é an sásra um chomhchaingean le haghaidh aisghabhála, sna príomhimeachtaí, an t‑aon leigheas nós imeachta ar dá réir arb inéilithe go héifeachtúil ag na muilte sábhadóireachta lena mbaineann a gceart chun cúitimh i leith na díobhála líomhainte maidir leis an gcairtéal i gceist, bheadh a leithéid de chinneadh gan dochar do chur i bhfeidhm na bhforálacha náisiúnta lena rialaítear, ar mhaithe le dlíthithe a chosaint, gníomhaíocht sholáthróirí a leithéide de sheirbhísí aisghabhála d’fhonn, go háirithe, caighdeán na seirbhísí sin a áirithiú agus a áirithiú gurb oibiachtúil comhréireach an luach saothair arna fháil ag a leithéid de sholáthróirí seirbhísí agus cosc a chur ar choinbhleachtaí leasa agus cleachtais mhí‑úsáideacha nós imeachta.

88

Ar deireadh, maidir leis na hiarmhairtí atá le baint as aon chinneadh ón gcúirt a rinne an tarchur maidir le neamhréireacht leis an gceart chun cosaint dlí éifeachtach a fháil, is léir ó mhíreanna 60 agus 64 den bhreithiúnas seo go ndíorthaítear ón éifeacht dhíreach a aithnítear a bheith ag Airteagal 101(1) CFAE an ceart chun lánchúitimh i leith na díobhála arna déanamh trí shárú ar dhlí na hiomaíochta, ar códaíodh in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/104.

89

Thairis sin, luaigh an Chúirt gur leor Airteagal 47 den Chairt ann féin agus ní gá é a shonrú le forálacha dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta chun ceart a thabhairt do dhaoine aonair ar féidir leo a agairt (breithiúnais an 17 Aibreán 2018, Egenberger, C‑414/16, EU:C:2018:257, mír 78, agus an 20 Feabhra 2024, X (Forais foirceannta gan bheith ann), C‑715/20, EU:C:2024:139, mír 80 agus an cásdlí dá dtagraítear).

90

Forchuirtear le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais ar an gcúirt náisiúnta a n‑iarrtar uirthi, laistigh d’fheidhmiú a dlínse, forálacha de dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm, i gcás nach féidir léi an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais, an oibleagáid lánéifeacht cheanglais an dlí sin a áirithiú sa díospóid atá os a comhair, agus más gá, as a stuaim féin, aon riail nó aon chleachtas náisiúnta, fiú ina dhiaidh sin, atá ar neamhréir le foráil de chuid dhlí an Aontais a bhfuil éifeacht dhíreach aici a fhágáil gan feidhm, gan bheith uirthi a iarraidh go gcuirfí an riail nó an cleachtas náisiúnta sin ar leataobh trí phróiseas reachtach nó próiseas bunreachtúil eile, ná le fanacht ar an méid sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 24 Meitheamh 2019, Popławski, C‑573/17, EU:C:2019:530, míreanna 57 agus 58, agus an 25 Eanáir 2024, Em akaunt BG, C‑438/22, EU:C:2024:71, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

91

Dá bhrí sin, sa chás dá dtagraítear i mír 84 den bhreithiúnas seo, ní mór don chúirt a rinne an tarchur a chinneadh ar dtús, tríd an dlí náisiúnta a chur san áireamh ina iomláine agus trí na modhanna léirithe arna n‑aithint leis an dlí náisiúnta sin a chur i bhfeidhm, cé acu an féidir forálacha ábhartha de RDG a léiriú i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais, gan léiriú contra legem a thabhairt ar na forálacha sin, áfach (féach, de réir analaí, breithiúnas an 22 Meitheamh 2022, Volvo agus DAF Trucks, C‑267/20, EU:C:2022:494, mír 52 agus an cásdlí dá dtagraítear).

92

I ndáil leis sin, mar a luadh i mír 79 den bhreithiúnas seo, shonraigh roinnt páirtithe sna himeachtaí os comhair na Cúirte nár cuireadh cosc go huathoibríoch trí na forálacha náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí ar leas a bhaint as an sásra um chomhchaingean le haghaidh aisghabhála in imeachtaí dhlí na hiomaíochta agus rinne cúirteanna náisiúnta áirithe léiriú orthu sa chaoi go mbainfear leas as an sásra sin i gcás nithiúil faoi réir na gcoinníollacha chun caighdeán na seirbhísí arna soláthar a áirithiú, gurb iomchuí luach saothair an tsoláthróra agus nach bhfuil coinbhleacht leasa ag an soláthróir sin.

93

Níl na forálacha sin le fágáil ó fheidhm ag an gcúirt a rinne an tarchur ach i gcás inar léir nach féidir aon léiriú comhréireach a dhéanamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Eanáir 2021, Whiteland Import Export, C‑308/19, EU:C:2021:47, mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear).

94

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra atá le tabhairt ar an dara agus an tríú ceist ná go bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 101 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2, pointe 4, Airteagal 3(1) agus Airteagal 4 de Threoir 2014/104 mar aon leis an gcéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt sa chaoi go gcuirtear cosc ar léiriú ar reachtaíocht náisiúnta a bhfuil sé d’éifeacht aige cosc a chur ar dhaoine a líomhnaítear go ndearnadh díobháil dóibh de dheasca sárú ar dhlí na hiomaíochta a gcuid ceart chun cúitimh a shannadh do sholáthróir seirbhísí dlí ionas go n‑éileoidh an soláthróir sin iad, i ngrúpa, mar chuid de chaingean neamhspleách i leith damáistí, a mhéid

nach bhforáiltear leis an dlí náisiúnta d’éilimh aonair na ndaoine díobhálaithe sin a bheith intugtha le chéile ar chor ar bith ar dá réir a d’fhéadfaí a áirithiú go gcuirfí i bhfeidhm na cearta chun cúitimh sin go héifeachtach, agus

inar léir, i bhfianaise imthosca uile an cháis, go bhfuil sé do‑dhéanta nó ró‑dheacair ar na daoine sin caingean i leith damáistí aonair a thionscnamh, sa chaoi go gceiltear orthu a gceart chun cosaint dlí éifeachtach a fháil.

Ós doléirithe an reachtaíocht náisiúnta sin i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais, ceanglaítear leis na forálacha sin de dhlí an Aontais ar an gcúirt náisiúnta an reachtaíocht náisiúnta sin a fhágáil gan feidhm.

Costais

95

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór‑Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir le hAirteagal 101 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2, pointe 4, Airteagal 3(1), agus Airteagal 4 de Threoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le rialacha áirithe lena rialaítear caingne i leith damáistí faoin dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

 

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

 

cuirtear cosc ar léiriú ar reachtaíocht náisiúnta a bhfuil sé d’éifeacht aici cosc a chur ar dhaoine a líomhnaítear go ndearnadh díobháil dóibh de dheasca sárú ar dhlí na hiomaíochta a gcuid ceart chun cúitimh a shannadh do soláthróir seirbhísí dlí ionas go n‑éileoidh an soláthróir sin iad, i ngrúpa, mar chuid de chaingean neamhspleách i leith damáistí, nach dtionscnaítear i ndiaidh cinneadh críochnaitheach ceangailteach, go háirithe ó thaobh na fíorais a chinneadh, ó údarás iomaíochta lena gcinntear go ndearnadh a leithéid de shárú, a mhéid

 

nach bhforáiltear leis an dlí náisiúnta d’éilimh aonair na ndaoine díobhálaithe sin a bheith intugtha le chéile ar chor ar bith ar dá réir a d’fhéadfaí a áirithiú go gcuirfí i bhfeidhm na cearta chun cúitimh sin go héifeachtach, agus

inar léir, i bhfianaise imthosca uile an cháis, go bhfuil sé do‑dhéanta nó ró‑dheacair ar na daoine sin caingean i leith damáistí aonair a thionscnamh, sa chaoi go gceiltear orthu a gceart chun cosaint dlí éifeachtach a fháil.

 

Ós doléirithe an reachtaíocht náisiúnta sin i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais, ceanglaítear leis na forálacha sin de dhlí an Aontais ar an gcúirt náisiúnta an reachtaíocht náisiúnta sin a fhágáil gan feidhm.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.