Cás C-227/23
Kwantum Nederland BV
agus
Kwantum België BV
v
Vitra Collections AG
(iarraidh ar réamhrialú ó Hoge Raad der Nederlanden)
Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 24 Deireadh Fómhair 2024
(Tarchur chun réamhrialú – Maoin intleachtúil agus thionsclaíoch – Cóipcheart – Treoir 2001/29/CE – Airteagail 2 go 4 – Cearta eisiacha – Cosaint cóipchirt ar ábhair ealaíne feidhmí i dtír nach Ballstát í a dtír thionscnaimh – Coinbhinsiún Bheirn – Airteagal 2(7) – Tástáil cómhalartachta ábhartha – Roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit – Cur i bhfeidhm na tástála cómhalartachta ábhartha ag na Ballstáit – An chéad mhír d'Airteagal 351 CFAE)
Comhfhogasú dlíthe – Cóipcheart agus cearta gaolmhara – Treoir 2001/29 – Comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise – Raon feidhme – Saothar ealaíne feidhmí ar tríú tír a thír thionscnaimh agus ar náisiúnach tríú tír dá leithéid é a údar – Cuimsiú
(Airteagal 52 CAE; Treoir 2001/29 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, aithrisí 6, 9 agus 15, Airteagal 2, (a), 3, § 1, 4, § 1, agus 10, § 1)
(féach míreanna 45-47, 51, 59-66 an chuid oibríochtúil 1)
Comhfhogasú dlíthe – Cóipcheart agus cearta gaolmhara – Treoir 2001/29 – Comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise – Raon feidhme – Saothar – Coincheap – Léiriú uathrialach agus aonfhoirmeach – Aicmiú ábhar mar shaothar – Coinníollacha carnacha
(Treoir 2001/29 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 2, § 4)
(féach míreanna 48-50, 56)
Comhfhogasú dlíthe – Cóipcheart agus cearta gaolmhara – Treoir 2001/29 – Comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise – Cearta atáirgthe agus dáilte – Eisceachtaí agus teorainneacha – Raon feidhme – Eisceacht nó teorainn seachas na cinn dá bhforáiltear sa Treoir – Eisiamh – Neamh-infheidhmeacht na tástála cómhalartachta ábhartha dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún Bheirn chun Saothair Litríochta agus Ealaíon a Chosaint – Inniúlacht eisiach an Aontais teorainn den sórt sin a bhunú
(an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 17, § 2 agus 52 § 1; Treoir 2001/29 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 2, (a), 4, § 1, agus 5)
(féach míreanna 68-79, an chuid oibríochtúil 2)
Comhaontuithe idirnáisiúnta – Comhaontuithe na mBallstát – Comhaontuithe roimh aontachas Ballstáit leis an Aontas – Comhaontú lena dtugtar saoirse don Bhallstát beart a dhéanamh atá contrártha le dlí an Aontais – Oibleagáid an Bhallstáit staonadh ó bheart den sórt sin a dhéanamh – Neamh-chomhoiriúnacht de thoradh forbairt ar dhlí an Aontais – Dodhéantacht don Bhallstát brath ar an gcomhaontú sin chun é féin a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a eascraíonn as an bhforbairt sin – Neamh-infheidhmeacht na tástála cómhalartachta ábhartha dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún Bheirn chun Saothair Litríochta agus Ealaíon a Chosaint
(An chéad fhomhír d’Airteagal 351 CFAE)
(féach míreanna 83-91, an chuid oibríochtúil 3)
Résumé
De bhun iarraidh ar réamhrialú ó Hoge Raad der Nederlanden (Cúirt Uachtarach na hÍsiltíre), rialaíonn an Chúirt maidir le hinfheidhmeacht chritéar na tástála cómhalartachta dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún Bheirn, a chuireann cosaint cóipchirt ar shaothair áirithe faoi réir an choinníll gurb ann do chosaint chomhchosúil sa tír thionscnamh ( 1 ). Dar leis an gCúirt, cuirtear cosc ar na Ballstáit an tástáil sin a chur i bhfeidhm i leith saothar ealaíne feidhmí ar tríú tír a thír thionscnaimh agus ar náisiúnach tríú tír dá leithéid é a údar.
Is é Vitra Collections AG (‘Vitra’), cuideachta atá corpraithe faoi dhlí na hEilvéise, monaróir agus dílseánach na gcearta maoine intleachtúla a bhaineann leis an gcathaoir Dining Sidechair Wood (‘DSW’). Dhear beirt náisiúnach de Stáit Aontaithe Mheiriceá an chathaoir sin mar chuid de chomórtas deartha troscáin a d’eagraigh an Museum of Modern Art i Nua Eabhrac (Stáit Aontaithe Mheiriceá) agus cuireadh ar taispeáint sa mhúsaem sin í ó 1950.
Reáchtálann Kwantum Nederland BV agus Kwantum België BV (‘Kwantum’ le chéile) slabhra siopaí d’earraí le haghaidh fearastú, san Ísiltír agus sa Bheilg, agus tá cathaoir ar an margadh acu darb ainm ‘Cathaoir Pháras’. Dar le Vitra, sáraíonn an margú sin cóipchearta atá ar an gcathaoir DSW.
Agus é ag éisteacht le caingean a thionscain Vitra, chinn an rechtbank Den Haag (Cúirt Dúiche na Háige, an Ísiltír) nár sháraigh Kwantum cóipcheart Vitra san Ísiltír agus sa Bheilg. Chuir Gerechtshof Den Haag (Cúirt Achomhairc na Háige, an Ísiltír) an breithiúnas sin ar neamhní, agus chinn sí gur sháraigh Kwantum cóipcheart Vitra i leith na cathaoireach DSW sa dá thír sin.
Ar achomharc, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, an dtagann an staid atá i gceist sna príomhimeachtaí faoi raon feidhme dhlí an Aontais. Uaidh sin, ba mhian léi a fháil amach, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 2(a) agus Airteagal 4(1) de Threoir 2001/29 ( 2 ), arna léamh i bhfianaise na Cairte ( 3 ) chomh maith le hAirteagal 351 CFAE, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar chúirt náisiúnta a bheith ag cur i bhfeidhm na tástála cómhalartachta ábhartha a leagtar síos sa dara habairt d’Airteagal 2(7) de Choinbhinsiún Bheirn ( 4 ) (‘tástáil cómhalartachta ábhartha’) sna príomhimeachtaí.
Measúnú na Cúirte Breithiúnais
Sa chéad áit, tugann an Chúirt faoi deara nach sainítear raon feidhme na Treorach 2001/29 i gcomhréir le critéar thír thionscnaimh an tsaothair ná náisiúntacht a údair, ach trí thagairt a dhéanamh don mhargadh inmheánach, arb ionann é agus raon feidhme críochach na mBallstát. Dá bhrí sin, tagann cás ina n-éilíonn cuideachta cosaint cóipchirt d’ábhar ealaíne feidhmí a mhargaítear i mBallstát, amhail an chathaoir DSW, a mhéid is féidir é a aicmiú mar ‘shaothar’ de réir bhrí na Treorach sin, faoi raon feidhme ábhartha dhlí an Aontais.
Sa dara háit, ar an gcéad dul síos, soiléiríonn an Chúirt nach mór a mheas go bhfuil feidhm ag Airteagal 2(a) agus Airteagal 4(1) de Threoir 2001/29 maidir le saothair ealaíne feidhmí de thionscnamh tríú tíortha nó ar náisiúnaigh de na tíortha sin é a n-údair. Go bunúsach, de réir na bhforálacha sin, forálfaidh na Ballstáit chun cearta eisiacha a thabhairt d’údair chun atáirgeadh agus dáileadh a saothar ar an bpobal a údarú nó a thoirmeasc. Ní bhunaítear aon choinníoll a bhaineann le tír thionscnaimh an tsaothair atá i gceist ná le náisiúntacht údar an tsaothair sin leis an Treoir sin. I dtaca leis sin, áitíonn an Chúirt, agus raon feidhme Threoir 2001/29 á shainiú trí chritéar críochach, gur chuir reachtas an Aontais Eorpaigh san áireamh na saothair go léir a n‑iarrtar cosaint ina leith ar chríoch an Aontais Eorpaigh, beag beann ar thír thionscnaimh na saothar sin nó ar náisiúntacht a n‑údair. Cuireann sí leis an méid sin go bhfuil an léiriú sin i gcomhréir leis na cuspóirí a shaothraítear le Treoir 2001/29 ( 5 ), arb é atá i gceist leo ná comhchuibhiú cóipchirt sa mhargadh inmheánach.
Ar an dara dul síos, scrúdaíonn an Chúirt an gcuirtear cosc leis na forálacha sin ar an tástáil cómhalartachta ábhartha a chur i bhfeidhm sa dlí náisiúnta. Tugann sí chun cuimhne, ar thaobh amháin, le cur i bhfeidhm na tástála úd, go bhféadfaí caitheamh le saothair ealaíne feidhmí de thionscnamh tríú tíortha ar bhealach éagsúil i mBallstáit éagsúla. Ar an dara dul síos, ós rud é go gcosnaítear na cearta maoine intleachtúla faoi Airteagal 17(2) den Chairt, ní mór foráil le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart sin, i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt. Go bunúsach, d’fhéadfadh cur i bhfeidhm na tástála cómhalartachta ábhartha ag Ballstát a bheith ina theorannú den sórt sin a chaithfear a leagan síos le dlí. I ndáil leis sin, tugann an Chúirt chun cuimhne, i gcás ina gcomhchuibhítear cosaint cóipchirt le riail de chuid dhlí an Aontais, gur faoi reachtas an Aontais amháin, agus ní faoi na reachtais náisiúnta, atá sé a chinneadh ar cheart deonú an chirt a theorannú, san Aontas Eorpach, maidir le saothair ar tríú tír a dtír thionscnaimh nó ar náisiúnach tríú tír é a n-údar ( 6 ). Anois, níor chuir reachtas an Aontais teorainn san áireamh – i dTreoir 2001/29 ná in aon fhoráil eile de dhlí an Aontais – ar na cearta eisiacha a dheonaítear d’údair le hAirteagal 2(a) agus le hAirteagal 4(1) den Treoir sin i bhfoirm tástáil cómhalartachta ábhartha.
Chinn an Chúirt dá réir sin, leis na hAirteagail de Threoir 2001/29 sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 17(2) agus Airteagal 52(1) den Chairt, cuirtear cosc ar na Ballstáit na tástála cómhalartachta ábhartha a chur i bhfeidhm sa dlí náisiúnta i leith saothar ealaíne feidhmí ar tríú tír a thír thionscnaimh agus ar náisiúnach tríú tír é a údar. Is faoi reachtas an Aontais amháin atá sé foráil a dhéanamh, le reachtaíocht an Aontais, ar cheart teorainn a chur le deonú na gceart dá bhforáiltear sna hAirteagail seo den Treoir.
Ar deireadh, tá an Chúirt den tuairim nach gceadaítear do Bhallstáit, leis an gcéad mhír d’Airteagal 351 CFAE, de mhaolú ar fhorálacha dhlí an Aontais, an tástáil cómhalartachta ábhartha a chur i bhfeidhm i leith saothair arb é Stáit Aontaithe Mheiriceá a thír thionscnaimh. Soiléirítear leis an Airteagal sin nach ndéanann cur i bhfeidhm an Chonartha difear do ghealltanas an Bhallstáit lena mbaineann cearta tríú tíortha a urramú faoi chomhaontú roimh a aontachas leis an Aontas. I dtaca leis sin, tugann an Chúirt chun cuimhne nach féidir leis na Ballstáit brath a thuilleadh ar an rogha na tástála sin a chur i bhfeidhm, fiú má tháinig an coinbhinsiún sin i bhfeidhm roimh an 1 Eanáir 1958. Go bunúsach, i gcás ina gceadaítear le comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag na Ballstát roimh a aontachas dó beart a ghlacadh ar cosúil go bhfuil sé contrártha le dlí an Aontais, gan a cheangal air é sin a dhéanamh, áfach, ní mór don Bhallstát staonadh ó bheart den sórt sin a ghlacadh. Ní chuirtear toirmeasc le Coinbhinsiún Bheirn, ar Stát atá in pháirtí dó saothar ealaíne feidhmí a chosaint le cóipcheart nach bhfuil, i dtír thionscnaimh an tsaothair sin, cosanta ach amháin faoi chóras speisialta mar dhearadh nó mar mhúnla. Go bunúsach, tá corrlach lánroghnach ag páirtithe an choinbhinsiúin sin i dtaca leis sin.
( 1 ) An Coinbhinsiún chun Saothair Litríochta agus Ealaíne a Chosaint, arna shíniú i mBeirn an 9 Meán Fómhair 1886 (Acht Pháras an 24 Iúil 1971), sa leagan de thoradh leasú an 28 Meán Fómhair 1979 (‘Coinbhinsiún Bheirn’).
( 2 ) Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO 2001, L 167, lch. 10).
( 3 ) Airteagal 17(2) agus Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).
( 4 ) Foráiltear leis an dara habairt d’Airteagal 2(7) de Choinbhinsiún Bheirn, ‘gur faoi reachtaíocht i dtíortha an Aontais [arna mbunú leis an gcoinbhinsiún sin] atá sé rialáil a dhéanamh ar raon feidhme na ndlíthe a bhaineann le saothair ealaíne feidhmí agus dearaí tionsclaíocha agus ar na coinníollacha chun na saothair, na dearaí agus na múnlaí sin a chosaint [...] Maidir le saothair nach gcosnaítear ach mar dhearaí agus múnlaí sa thír thionscnaimh, ní fhéadfar leas a bhaint as an gcosaint speisialta a dheonaítear sa tír sin do dhearaí agus múnlaí i dtír eile de chuid an Aontais [arna bhunú leis an gCoinbhinsiún sin]; mura ndeonaítear an chosaint speisialta sin sa tír sin, áfach, beidh cosaint ag na saothair sin mar shaothair ealaíne. ’
( 5 ) Aithrisí 6, 9 agus 15 de Threoir 2001/29.
( 6 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Meán Fómhair 2020, Recorded Artists Actors Performers (C-265/19, EU:C:2020:677, mír 88).