BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Chéad Dlísheomra)

24 Deireadh Fómhair 2024 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Maoin intleachtúil agus thionsclaíoch – Cóipcheart – Treoir 2001/29/CE – Airteagail 2 go 4 – Cearta eisiacha – Cosaint cóipchirt ar ábhair ealaíne feidhmí i dtír nach Ballstát í a dtír thionscnaimh – Coinbhinsiún Bheirn – Airteagal 2(7) – Tástáil cómhalartachta ábhartha – Roinnt na n‑inniúlachtaí idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit – Cur i bhfeidhm na tástála cómhalartachta ábhartha ag na Ballstáit – An chéad mhír d’Airteagal 351 CFAE)

I gCás C‑227/23,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó Hoge Raad der Nederlanden (Cúirt Uachtarach na hÍsiltíre), trí bhreith an 31 Márta 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 11 Aibreán 2023, sna himeachtaí

Kwantum Nederland BV,

Kwantum België BV

v

Vitra Collections AG,

tugann AN CHÚIRT (an Chéad Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: T. von Danwitz, Leas-Uachtarán na Cúirte, ag feidhmiú mar Uachtarán an Chéad Dlísheomra, A. Arabadjiev agus I. Ziemele (Rapóirtéir), Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,

Cláraitheoir: C. Di Bella, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 20 Márta 2024,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Kwantum België BV agus Kwantum Nederland BV, ag C. Garnitsch, S. M. Kingma, M. Rijks agus van Gerwen, advocaten,

Vitra Collections AG, ag S. A. Klos, A. Ringnalda, advocaten, agus M. A. Ritscher, Rechtsanwalt,

Rialtas na hÍsiltíre, ag M. K. Bulterman agus E. M. Besselink, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Beilge, ag P. Cottin agus A. Van Baelen, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó A. Strowel, avocat

Rialtas na Fraince, ag R. Bénard agus E. Timmermans, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag M. Afonso, O. Glinicka agus J. Samnadda agus ag P.-J. Loewenthal, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 5 Meán Fómhair 2024

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagail 2 go 4 de Threoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO 2001 L 167, lch. 10), ar Airteagal 17(2) agus Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), arna léamh i bhfianaise Airteagal 2(7) den Choinbhinsiúin chun Saothair Litríochta agus Ealaíne a Chosaint, arna shíniú i mBeirn an 9 Meán Fómhair 1886 (Acht Pháras an 24 Iúil 1971), sa leagan de thoradh leasú an 28 Meán Fómhair 1979 (‘Coinbhinsiún Bheirn’), agus an chéad mhír d’Airteagal 351 CFAE.

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Vitra Collections AG (‘Vitra’), cuideachta atá corpraithe faoi dhlí na hEilvéise, agus Kwantum Nederland BV agus Kwantum België BV (‘Kwantum’ le chéile), a reáchtálann slabhra siopaí d’earraí le haghaidh fearastú, san Ísiltír agus sa Bheilg, lena n‑áirítear troscán, ar an bhforas gur chuir Kwantum cathaoir ar an margadh a sháraíonn cóipcheart atá aige dar le Vitra.

An dlí lena mbaineann

Dlí idirnáisiúnta

Coinbhinsiún Bheirn;

3

Foráiltear le hAirteagal 2(7) den Choinbhinsiún Bheirn mar seo a leanas:

‘Forchoimeádtar do dhlíthe thíortha an Aontais [arna bhunú leis an gCoinbhinsiún seo] raon feidhme na ndlíthe a rialáil a bhaineann le saothair ealaíne feidhmí agus dearthaí agus múnlaí tionsclaíocha, chomh maith leis na coinníollacha chun saothair, dearaí agus múnlaí den sórt sin a chosaint, agus forálacha Airteagal 7(4) den Choinbhinsiún seo á gcur san áireamh. Maidir le saothair nach gcosnaítear ach mar dhearaí agus múnlaí sa thír thionscnaimh, ní fhéadfar leas a bhaint as an gcosaint speisialta a dheonaítear sa tír sin do dhearaí agus múnlaí i dtír eile de chuid an Aontais [arna bhunú leis an gCoinbhinsiún seo]; mura ndeonaítear an chosaint speisialta sin sa tír sin, áfach, cosnaítear na saothair sin mar shaothair ealaíne.’

4

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 5(1) den Choinbhinsiún sin:

‘Beidh ag na hÚdaráis, i leith saothar dá dtugtar cosaint dóibh faoin gCoinbhinsiún seo, i dtíortha an Aontais [arna mbunú leis an gCoinbhinsiún sin] seachas tír thionscnaimh na hoibre, na cearta a dheonaítear faoi láthair nó a dheonófar ina dhiaidh leis na dlíthe faoi seach do náisiúnaigh, mar aon leis na cearta ar leith a dheonaítear leis an gCoinbhinsiún seo.’

5

Foráiltear le hAirteagal 7(8) den dlí sin:

‘I ngach cás, rialaítear tréimhse na cosanta le dlí na tíre ina n‑éileofar an chosaint; mar sin féin, mura bhforáiltear a mhalairt i reachtaíocht na tíre sin, ní rachaidh an téarma thar an téarma a shocraítear i dtír thionscnaimh an tsaothair.’

6

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 14b(2) den Choinbhinsiún sin:

‘Ní fhéadfar an chosaint dá bhforáiltear sa mhír roimhe seo a éileamh i dtír de chuid an Aontais [arna bunú leis an gCoinbhinsiún seo] ach amháin má cheadaítear an chosaint sin le reachtaíocht náisiúnta an údair agus a mhéid a cheadaítear le reachtaíocht na tíre ina n‑iarrtar an chosaint sin.’

7

Foráiltear in Airteagal 19 de Choinbhinsiún Bheirn:

‘Ní chuirfidh forálacha an Choinbhinsiúin seo bac ar éileamh ar chur i bhfeidhm forálacha níos leithne a leagtar síos le reachtaíocht de thír an Aontais Eorpaigh [arna bhunú leis an gCoinbhinsiún sin].’

Comhaontú TRIPS

8

Foráiltear le hAirteagal 3 den Chomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (‘Comhaontú TRIPS’), atá in Iarscríbhinn 1C a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), a síníodh in Marrakech an 15 Aibreán 1994 agus a formheasadh le Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, na gcomhaontuithe a baineadh amach i mBabhta Uragua den chaibidlíocht iltaobhach (1986-1994) (IO 1994 L 336, lch. 1), dar teideal ‘Cóir náisiúnta’, mar a leanas:

‘1.   Tabharfaidh gach Comhalta cóir do náisiúnaigh na gComhaltaí eile nach lú fabhar ná an chóir a thugann sé dá náisiúnaigh féin maidir le maoin intleachtúil a chosaint, faoi réir na n‑eisceachtaí dá bhforáiltear cheana, faoi seach, i gCoinbhinsiún Pháras (1967), i gCoinbhinsiún Bheirn (1971), i gCoinbhinsiún na Róimhe nó sa Chonradh um Maoin Intleachtúil i leith Ciorcaid Chomhtháite. Maidir le taibheoirí, táirgeoirí fónagram agus eagraíochtaí craoltóireachta, níl feidhm ag an oibleagáid sin ach amháin i leith na gceart dá bhforáiltear faoin gComhaontú seo. Déanfaidh aon Chomhalta a bhainfidh leas as na féidearthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Choinbhinsiún Bheirn (1971) nó i mír 1(b) d’Airteagal 16 de Choinbhinsiún na Róimhe, fógra do Chomhairle TRIPS mar a fhoráiltear sna forálacha sin.

2)   Ní fhéadfaidh na Comhaltaí leas a bhaint as na heisceachtaí a cheadaítear faoi mhír 1 maidir le nósanna imeachta riaracháin agus breithiúnacha, lena n‑áirítear seoladh le haghaidh seirbheáil a ainmniú nó gníomhaire a cheapadh laistigh de dhlínse Feisire, ach amháin i gcás ina bhfuil gá leis na heisceachtaí sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlíthe agus rialacháin nach bhfuil ar neamhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo agus i gcás nach gcuirtear cleachtais den sórt sin i bhfeidhm ar bhealach arbh ionann é agus srian faoi cheilt ar thrádáil.’

9

Foráiltear le hAirteagal 9(1) de Chomhaontú TRIPS, dar teideal ‘Ceangal leis an gCoinbhinsiún Bheirn’:

‘Comhlíonfaidh na comhaltaí Airteagail 1 go 21 de Choinbhinsiún Bheirn (1971) agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis. Mar sin féin, ní bheidh cearta ná oibleagáidí faoin gComhaontú seo ag na Comhaltaí i leith na gceart a thugtar faoi Airteagal 6a den Choinbhinsiún sin ná i leith na gceart a eascraíonn as.’

WCT

10

Rinneadh an Conradh um Chóipcheart de chuid na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI), a glacadh sa Ghinéiv an 20 Nollaig 1996, a fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 2000/278/CE ón gComhairle an 16 Márta 2000 (IO 2000 L 89, lch. 6).

11

Foráiltear le hAirteagal 1(4) de WCT, dar teideal ‘Ceangal leis an gCoinbhinsiún Bheirn’:

‘Comhlíonfaidh Páirtithe Conarthacha Airteagail 1 go 21 agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún Bheirn.’

Dlí an Aontais

Treoir 2001/29

12

Foráiltear le haithrisí 6, 9 agus 15 de Threoir 2001/29 an méid seo a leanas:

‘(6)

Gan comhchuibhiú ar leibhéal an Chomhphobail, d’fhéadfadh an toradh a bheith ar ghníomhaíochtaí reachtacha, gníomhaíochtaí a tionscnaíodh cheana féin ar an leibhéal náisiúnta i líon áirithe Ballstát chun freagairt do dhúshláin theicneolaíocha, go mbeadh difríochtaí móra ann ó thaobh cosanta de agus ar an dóigh sin ó thaobh srian a chur ar shaorghluaiseacht seirbhísí agus táirgí lena ndéantar maoin intleachtúil a ionchorprú, nó bunaithe uirthi, rud a d’fhágfadh go mbeadh an margadh inmheánach ilroinnte agus go mbeadh neamhréireacht reachtach ann. [...]

[...]

(9)

Ní mór leibhéal ard cosanta a bheith mar bhunús maidir le haon chomhchuibhiú cóipchirt agus cearta gaolmhara, ó tharla a ríthábhachtaí atá cearta den sórt sin maidir le maoin intleachtúil a chruthú. Má dhéantar iad a chosaint, cuidíonn sin chun cruthaíocht a choinneáil agus a fhorbairt, rud a théann chun sochair d’údair, taibheoirí, táirgeoirí, tomhaltóirí, cultúr, tionsclaíocht agus don phobal i gcoitinne. Dá bhrí sin, sainaithníodh maoin intleachtúil mar chuid dhílis de mhaoin.

[...]

(15)

Mar thoradh ar an gComhdháil Taidhleoireachta a reáchtáladh i mí na Nollag 1996, faoi choimirce [EDMI], glacadh dhá chonradh nua, eadhon [WCT] agus Conradh EDMI um Thaibhithe agus Fónagraim [a glacadh sa Ghinéiv an 20 Nollaig 1996 agus a formheasadh thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 2000/278], lena ndéileáiltear, faoi seach, le cosaint údar agus taibheoirí agus táirgeoirí fónagram. [...] Leis an Treoir seo, féachtar freisin le cuid de na hoibleagáidí idirnáisiúnta nua sin a chur chun feidhme.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

13

Foráiltear le hAirteagal 1(1) de Threoir 2001/29, dar teideal ‘Raon feidhme’:

‘Baineann an Treoir seo le cosaint dhlíthiúil cóipchirt agus cearta gaolmhara i gcomhthéacs an mhargaidh inmheánaigh, le béim ar leith curtha ar an tsochaí faisnéise.’

14

Foráiltear le hAirteagal 2 den Treoir sin, dar teideal ‘ceart atáirgthe’:

‘Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis an gceart eisiach chun atáirgeadh díreach nó indíreach, sealadach nó buan a údarú nó a thoirmeasc ar aon mhodh agus in aon fhoirm, ina iomláine nó i bpáirt:

a)

d’údair, ar a gcuid saothar;

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

15

Leagtar an méid seo a leanas amach in Airteagal 3(1) den Treoir sin, dar teideal ‘An ceart cumarsáide maidir le saothair a chur in iúl don phobal agus an ceart ábhar eile a chur ar fáil don phobal’:

‘Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis an gceart eisiach ag na húdair aon chur i láthair dá saothair don phobal, trí mheán sreinge nó gan sreang, lena n‑áirítear a saothair a chur ar fáil don phobal ar bhealach trína bhféadfadh duine den phobal rochtain a fháil orthu ón áit agus ag an am dá rogha féin, a údarú nó a thoirmeasc.’

16

Foráiltear le hAirteagal 4(1) den Treoir sin, dar teideal ‘ceart dáileacháin’:

‘Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis an gceart eisiach ag na húdair, bunchóip a saothar nó cóipeanna, aon chineál dáilte ar an bpobal trí dhíolachán nó ar shlí eile, a údarú nó a thoirmeasc.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

17

Liostaítear in Airteagal 5 de Threoir 2001/29 na cásanna ina bhféadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí agus teorainneacha ar na cearta eisiacha dá bhforáiltear in Airteagail 2 go 4 den Treoir sin.

18

Foráiltear in Airteagal 10(1) den Treoir sin, dar teideal ‘Cur i bhfeidhm ó thaobh ama de’:

‘Beidh feidhm ag forálacha na Treorach seo maidir le gach saothar agus ábhar eile a chumhdaítear leis an Treoir seo atá, ón 22 Nollaig 2002, faoi chosaint ag dlíthe na mBallstát i réimse an chóipchirt agus cearta gaolmhara, nó a chomhlíonann na critéir le haghaidh cosaint de bhun fhorálacha na Treorach seo nó na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Treoir 2001/84/CE

19

Foráiltear le hAirteagal 7(1) de Threoir 2001/84/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 maidir leis an gceart athdhíola ar mhaithe le húdar bunsaothair ealaíne (IO 2001 L 272, lch. 32), dar teideal ‘Tairbhithe ó thríú tíortha’:

‘Forálfaidh na Ballstáit nach mbeidh an ceart athdhíola ag údair ar náisiúnaigh tríú tír iad agus, atá faoi réir Airteagal 8(2), ag a gcomharbaí i dteideal i gcomhréir leis an Treoir seo agus le reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann ach amháin má cheadaítear le reachtaíocht sa tír inar náisiúnach é an t‑údar nó a chomharba i dteideal cosaint ceart athdhíola sa tír sin d’údair ó na Ballstáit agus dá gcomharbaí i dteideal.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Treoir 2006/116/CE

20

Foráiltear le hAirteagal 7(1) de Threoir 2006/116/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an téarma cosanta do chóipcheart agus do chearta gaolmhara áirithe (IO 2006 L 372, lch. 12), dar teideal ‘Cosaint vis-à-vis tríú tíortha’:

‘I gcás inar tríú tír í tír thionscnaimh saothair, de réir bhrí Choinbhinsiún Bheirn, agus nach náisiúnach den Chomhphobal é an t‑údar, tiocfaidh deireadh leis an téarma cosanta a dheonaítear sna Ballstáit ar dháta éaga na cosanta a dheonaítear i dtír thionscnaimh an tsaothair, ach ní fhéadfaidh sé dul thar an tréimhse a leagtar amach in Airteagal 1.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

21

Monaraíonn Vitra troscán dearthóra, lena n‑áirítear cathaoireacha a dhear na céilí a fuair bás ó shin, Charles agus Ray Eames, náisiúnaigh de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus ar leis cearta maoine intleachtúla sna cathaoireacha sin.

22

Ceann de na cathaoireacha a mhonaraigh Vitra ná an Dining Sidechair Wood (‘DSW), a dhear na céilí sin mar chuid de chomórtas deartha troscáin a d’eagraigh an Museum of Modern Art i Nua Eabhrac (Stáit Aontaithe Mheiriceá) in 1948 agus a cuireadh ar taispeáint sa mhúsaem sin ó 1950.

23

Oibríonn Kwantum sraith de shiopaí d’earraí tí san Ísiltír agus sa Bheilg, ina ndíoltar troscán tí go háirithe.

24

In 2014, fuair Vitra amach go raibh cathaoir, ar a dtugtar ‘cathaoir Pháras’, á mhargú ag Kwantum de shárú, dar le Vitra, ar chóipcheart a bhí aige i leith na cathaoireach DSW.

25

Agus é ag éisteacht le caingean a thionscain Vitra, chinn an rechtbank Den Haag (Cúirt Dúiche na Háige, an Ísiltír) nár sháraigh Kwantum cóipcheart Vitra san Ísiltír agus sa Bheilg agus nár ghníomhaigh sé go neamhdhleathach trí chathaoir Pháras a mhargú. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an chúirt d’iarratais Vitra agus chuaigh sí i bhfabhar éilimh Kwantum den chuid is mó.

26

Chuir Gerechtshof Den Haag (Cúirt Achomhairc na Háige, an Ísiltír) an breithiúnas sin ar neamhní, agus chinn sí, trí chathaoir Pháras a mhargú, gur sháraigh Kwantum cóipcheart Vitra i leith na cathaoireach DSW san Ísiltír agus sa Bheilg.

27

Ar achomharc, measann Hoge Raad der Nederlanden (Cúirt Uachtarach na hÍsiltíre), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, go mbaineann an díospóid le hinfheidhmeacht agus raon feidhme an dara habairt d’Airteagal 2(7) de Choinbhinsiún Bheirn lena bhforáiltear maidir le saothair a chosnaítear sa tír thionscnaimh mar dhearaí agus mar mhúnlaí amháin, go háirithe nach mbeidh saothair den sórt sin i dteideal, i dtír eile de chuid an Aontais arna bunú leis an gcoinbhinsiún sin, ach cosaint speisialta den sórt sin a dheonaítear sa tír sin do dhearaí agus múnlaí, agus ar an gcaoi sin critéar maidir le tástáil cómhalartachta ábhartha a leagan síos.

28

I ndáil leis sin, tugann an chúirt sin dá haire, ar an gcéad dul síos, cé nach bhfuil an tAontas Eorpach ina pháirtí don Choinbhinsiún Bheirn gur gheall sé, trí chonarthaí idirnáisiúnta, Airteagail 1 go 21 den Choinbhinsiún sin a chomhlíonadh. Thairis sin, níl aon fhoráil i reachtaíocht an Aontais a bhaineann le tástáil cómhalartachta ábhartha dá dtagraítear sa dara habairt d’Airteagal 2(7) den choinbhinsiún sin, agus mar thoradh air sin tagann an cheist sin chun cinn an bhféadfadh leis na Ballstáit féin a chinneadh an ndéanfaidh siad an critéar sin a fhágáil gan feidhm i ndáil le saothar ar tríú tír a thír thionscnaimh agus ar náisiúnach tríú tír a údar.

29

Ar an dara dul síos, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire gur dlúthchuid den cheart chun maoine intleachtúla a chosaint a chumhdaítear in Airteagal 17(2) den Chairt é cóipcheart ar shaothar ealaíne feidhmí. Tá sí den tuairim go n‑ardaítear le breithiúnas an 8 Meán Fómhair 2020, Recorded Artists Actors Performers (C‑265/19, EU:C:2020:677), lenar léirmhínigh an Chúirt Bhreithiúnais foráil de Chonradh EDMI um Thaibhithe agus Fónagraim, a bhfuil an tAontas Eorpach ina pháirtí ann, an cheist an gceanglaítear le dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 52(1) den Chairt, maidir le feidhmiú an chóipchirt ar shaothar ealaíne feidhmí a theorannú le tástáil cómhalartachta ábhartha dá dtagraítear sa dara habairt d’Airteagal 2(7) de Choinbhinsiún Bheirn, go bhforáiltear do theorannú den sórt sin le dlí, eadhon le riail shoiléir bheacht. I ndáil leis sin, d’fhéadfaí a thuiscint ón mbreithiúnas sin gur faoi reachtas an Aontais amháin, agus ní faoi na reachtais náisiúnta, atá sé a chinneadh an féidir, san Aontas Eorpach, cóipcheart ar shaothar ealaíne feidhmí a theorannú trí Airteagal 2(7) de Choinbhinsiún Bheirn a chur i bhfeidhm ar shaothar ealaíne feidhmí a thagann ó thríú tír agus nach náisiúnach de Bhallstát den Aontas é a údar agus, más amhlaidh, an teorannú sin a shainiú go soiléir agus go beacht. Dar leis, mar atá dlí an Aontais faoi láthair, níl foráil déanta ag reachtas an Aontais maidir le teorannú den sórt sin.

30

Ar an tríú dul síos, os comhair na cúirte a rinne an tarchur, mhaígh Kwantum go dtagann tástáil cómhalartachta ábhartha dá dtagraítear sa dara habairt d’Airteagal 2(7) de Choinbhinsiún Bheirn faoi raon feidhme na chéad mhíre d’Airteagal 351 CFAE. Is gá a chinneadh a mhéid a d’fhéadfadh an fhoráil sin difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm an dara habairt d’Airteagal 2(7), i ndáil le héilimh Ríocht na Beilge.

31

Sna himthosca sin, chinn an Hoge Raad der Nederlanden (Cúirt Uachtarach na hÍsiltíre) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:

‘1)

An dtagann an cás atá i gceist sna himeachtaí seo faoi raon feidhme ábhartha dhlí an Aontais Eorpaigh?

Má thugtar freagra dearfach ar an gceist roimhe seo, cuirtear na ceisteanna seo a leanas isteach freisin.

2)

An gciallaíonn an fíoras gur cuid dhílis den cheart chun maoine intleachtúla a chosaint atá cumhdaithe in Airteagal 17(2) den Chairt é cóipcheart ar shaothar ealaíne [feidhmí] go bhfuil dlí an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 52(1) den Chairt, chun feidhmiú an chóipchirt a theorannú (de réir bhrí Threoir 2001/29/CE) ar shaothar ealaíne [feidhmí] trí thástáil cómhalartachta ábhartha Airteagal 2(7) CB a chur i bhfeidhm, gur gá foráil le dlí don teorannú seo?

3)

An gá Airteagail 2, 3 agus 4 de Threoir 2001/29/CE agus Airteagail 17(2) agus 52(1) den Chairt, arna léamh i bhfianaise Airteagal 2(7) CB, a léiriú sa chaoi gur le haghaidh reachtas an Aontais Eorpaigh amháin é (agus ní le haghaidh reachtais náisiúnta) chun a chinneadh an féidir feidhmiú an chóipchirt (de réir bhrí Threoir 2001/29/CE) san Aontas Eorpach a theorannú trí chur i bhfeidhm na tástála cómhalartachta ábhartha dá bhforáiltear in Airteagal 2(7) CB maidir le saothar ealaíne [feidhmí] ar tríú tír a thír thionscnaimh de réir bhrí Choinbhinsiún Bheirn agus nach náisiúnach de Bhallstát an Aontais Eorpaigh é agus, más amhlaidh, an teorannú sin a shainiú go soiléir agus go beacht [...]?

4)

An gá Airteagail 2, 3 agus 4 de Threoir 2001/29/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 17(2) agus 52(1) den Chairt, a léiriú sa chaoi go gciallaíonn, fad nach bhfuil foráil déanta i reachtas an Aontais Eorpaigh do theorannú maidir le feidhmiú cóipchirt (de réir bhrí Threoir 2001/29/CE) ar shaothar ealaíne [feidhmí] trí thástáil cómhalartachta ábhartha Airteagal 2(7) CB a chur i bhfeidhm, ní fhéadfaidh Ballstáit an Aontais Eorpaigh an tástáil sin a chur i bhfeidhm maidir le saothar ealaíne [feidhmí] ar tríú tír a thír thionscnaimh de réir bhrí Choinbhinsiún Bheirn agus nach náisiúnach de Bhallstát an Aontais Eorpaigh é a údar?

5)

Sna himthosca atá i gceist sna himeachtaí seo agus i bhfianaise an ama a bunaíodh (réamhtheachtaí) Airteagal 2(7) BC, an bhfuil coinníollacha na chéad mhíre d’Airteagal 351 CFAE comhlíonta don Bheilg, rud a chiallaíonn go bhfuil an Bheilg saor dá bhrí sin an tástáil cómhalartachta ábhartha dá bhforáiltear in Airteagal 2(7) CB a chur i bhfeidhm, ag cur san áireamh gur aontaigh an tír thionscnaimh sa chás seo le Coinbhinsiún Bheirn an 1 Bealtaine 1989?’

Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

Inghlacthacht

32

Ar an gcéad dul síos, áitíonn Kwantum nár mhínigh an chúirt a rinne an tarchur conas a thagann an ‘staid atá i gceist sna himeachtaí seo’, nath a úsáideann sí ina céad cheist gan í a shainiú, faoi raon feidhme ábhartha dhlí an Aontais agus nach bhfuil gá leis an iarraidh ar réamhrialú chun go mbeidh sí in ann breithiúnas a thabhairt sna príomhimeachtaí, agus mar thoradh air sin tá na ceisteanna a chuir Kwantum hipitéiseach.

33

De réir chásdlí socair na Cúirte, is ionstraim comhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta é an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, trína gcuireann an Chúirt na léirmhínithe ar dhlí an Aontais atá de dhíth ar fáil do na cúirteanna náisiúnta, chun na díospóidí atá os a gcomhair a chinneadh (breithiúnas an 27 Aibreán 2023, Castorama Polska agus Knor, C‑628/21, EU:C:2023:342, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).

34

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, sna himeachtaí sin, gur faoin gcúirt náisiúnta amháin ar tugadh an díospóid os a comhair, agus nach mór di freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach ina dhiaidh sin, a chinneadh, i bhfianaise imthosca sonracha gach cáis, an gá atá le réamhrialú chun go mbeidh sí in ann breithiúnas a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuirfidh sí faoi bhráid na Cúirte araon. Dá bhrí sin, i gcás ina mbaineann na ceisteanna a chuirtear le léiriú dhlí an Aontais, tá sé de cheangal ar an gCúirt, i bprionsabal, rialú a thabhairt. Dá bhrí sin, tá toimhde ábharthachta ann maidir le ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais. Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnas diúltú do rialú a thabhairt ar iarraidh arna déanamh ag cúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais le fíricí iarbhír nó cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, gur fadhb de chineál hipitéiseach í nó nach bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 27 Aibreán 2023, Castorama Polska et Knor, C‑628/21, EU:C:2023:342, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear).

35

Is léir freisin ó chásdlí socair go gceanglaítear leis an ngá atá le léiriú ar dhlí an Aontais a bheidh úsáideach don chúirt a rinne an tarchur go ndéanfaidh an chúirt sin comhthéacs fíorasach agus reachtach na gceisteanna atá á gcur aici a shainiú nó, ar a laghad, na himthosca fíorasacha ar a bhfuil na ceisteanna sin bunaithe a mhíniú. Ní mór a lua san ordú tarchuir freisin na cúiseanna beachta nach bhfuil an chúirt náisiúnta cinnte maidir le léiriú dhlí an Aontais agus na cúiseanna a mheasann sí gur gá ceist a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú (breithiúnas an 27 Aibreán 2023, Castorama Polska et Knor, C‑628/21, EU:C:2023:342, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear).

36

Sa chás seo, is léir ó na breithnithe a leagtar amach i míreanna 28 go 30 den bhreithiúnas seo gur leag an chúirt a rinne an tarchur amach go soiléir comhthéacs dlíthiúil agus fíorasach na díospóide sna príomhimeachtaí, ós rud é go bhféachann an chéad cheist le haghaidh réamhrialú go sonrach lena chinneadh an dtagann an díospóid sin faoi raon feidhme ábhartha dhlí an Aontais. Thairis sin, is léir ó na míreanna sin gur leag an chúirt sin amach, de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá, na cúiseanna nach bhfuil sí cinnte maidir le léiriú forálacha áirithe a mheasann sí a bheith riachtanach chun go mbeidh sí in ann cinneadh a dhéanamh, agus mar thoradh air sin nach féidir a mheas nach bhfuil baint ag an léiriú atá á lorg le hábhar na díospóide sna príomhimeachtaí nó gur fadhb hipitéiseach í an fhadhb a ardaíodh. Sna himthosca sin, ní féidir an toimhde ábharthachta dá dtagraítear i mír 34 den bhreithiúnas seo a thabhairt faoi cheist.

37

Ar an dara dul síos, ina mbarúlacha i scríbhinn, áitíonn Kwantum agus Rialtas na hÍsiltíre nach mbaineann na ceisteanna atá le réiteach ag an gcúirt a rinne an tarchur sa díospóid sna príomhimeachtaí ach le hAirteagal 2(7) agus le hAirteagal 5(1) de Choinbhinsiún Bheirn, agus mar thoradh air sin nach gceanglaítear léiriú ar aon fhoráil de dhlí an Aontais ar an gCúirt Bhreithiúnais.

38

Ní féidir glacadh le hargóint den sórt sin, a bhaineann, go bunúsach, leis an ngá atá leis na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú d’fhonn breithiúnas a thabhairt sa díospóid sna príomhimeachtaí. Mar is léir ón ordú tarchuir, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur den Chúirt Bhreithiúnais an gcuirtear cosc le dlí an Aontais, go háirithe Treoir 2001/29, arna léamh i bhfianaise fhorálacha ábhartha na Cairte, agus Airteagal 351 CFAE, ar chur i bhfeidhm Airteagal 2(7) de Choinbhinsiún Bheirn ag an gcúirt náisiúnta, sa díospóid sna príomhimeachtaí.

39

Baineann an tsaincheist sin le substaint na gceisteanna a tharchuirtear.

40

Ina theannta sin, mar a chuir an chúirt a rinne an tarchur in iúl, agus an ceart aici, cé nach bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach don Choinbhinsiún Bheirn, tá sé de cheangal air Airteagail 1 go 21 den Choinbhinsiún sin a chomhlíonadh, faoi, ar an gcéad dul síos, Airteagal 1(4) de WCT, a bhfuil sé ina pháirtí ann, (breithiúnais an 13 Samhain 2018, Levola Hengelo, C‑310/17, EU:C:2018:899, mír 38, agus an 12 Meán Fómhair 2019, Cofemel, C‑683/17, EU:C:2019:721, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus, ar an dara dul síos, Airteagal 9 de Chomhaontú TRIPS, agus mar thoradh air sin tá éifeachtaí indíreacha ag an gcoinbhinsiún sin laistigh den Aontas Eorpach. (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Márta 2012, SCF, C‑135/10, EU:C:2012:140, mír 50, agus an 18 Samhain 2020, Atresmedia Corporación de Medios de Comunicación, C‑147/19, EU:C:2020:935, mír 36) agus go bhféadfadh an Chúirt a chinneadh gur gá forálacha an Airteagail sin a léiriú (féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Iúil 2009, Infopaq International, C‑5/08, EU:C:2009:465, mír 34; an 16 Márta 2017, AKM, C‑138/16, EU:C:2017:218, míreanna 21 go 44, agus an 12 Meán Fómhair 2019, Cofemel, C‑683/17, EU:C:2019:721, mír 42).

41

Dá bhrí sin, tá na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú inghlactha.

Substaint

An chéad cheist

42

Sa chomhthéacs sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, an dtagann an staid atá i gceist sna príomhimeachtaí faoi raon feidhme dhlí an Aontais.

43

Sa chás seo, tá comhthuiscint ann go mbaineann an díospóid sna príomhimeachtaí le caingean a thionscain Vitra os comhair chúirteanna na hÍsiltíre, ina maíonn an chuideachta sin, san Ísiltír agus sa Bheilg, cosaint cóipchirt i leith na cathaoireach DSW, arna ceapadh ag náisiúnaigh de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá agus de thionscnamh an tríú tír sin, a bhfuil aithrisí curtha ar an margadh ag Kwantum.

44

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, mar is léir ó Airteagal 1(1) de Threoir 2001/29, go mbaineann an Treoir sin le cosaint dhlíthiúil cóipchirt agus cearta gaolmhara i gcomhthéacs an mhargaidh inmheánaigh.

45

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i míreanna 31 agus 33 dá Thuairim, ní shainítear raon feidhme na Treorach sin i gcomhréir le critéar thír thionscnaimh an tsaothair nó náisiúntacht a údair, ach trí thagairt a dhéanamh don mhargadh inmheánach, arb ionann é agus raon feidhme críochach na gconarthaí mar a leagtar amach in Airteagal 52 CAE. Faoi réir Airteagal 355 CFAE, tá an raon feidhme sin comhdhéanta de chríocha na mBallstát (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Meán Fómhair 2020, Recorded Artists Actors Performers, C‑265/19, EU:C:2020:677, mír 59 agus an cásdlí dá dtagraítear).

46

Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Threoir 2001/29, beidh feidhm ag forálacha na Treorach sin, lena gcomhchuibhítear gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise, maidir le gach saothar agus ábhar eile a chumhdaítear leis an Treoir sin a chomhlíonann, ar an dáta dá bhforáiltear dá trasuí, na critéir maidir le cosaint de bhun a forálacha. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an Treoir sin a bheith infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí.

47

Go háirithe, chinn an Chúirt cheana féin go sainmhínítear gan débhrí in Airteagal 2(a) agus in Airteagal 3(1) de Threoir 2001/29 na cearta eisiacha atáirgthe agus cumarsáide don phobal atá ag sealbhóirí cóipchirt san Aontas, ós rud é go soláthraítear leis na forálacha sin creat dlíthiúil comhchuibhithe lena n‑áirithítear leibhéal ard agus aonchineálach cosanta do na cearta atáirgthe agus cumarsáide leis an bpobal agus arb ionann iad agus bearta chun inneachar ábhartha na gceart dá dtagraítear ann a chomhchuibhiú go hiomlán (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Iúil 2019, Funke Medien NRW, (C‑469/17, EU:C:2019:623, míreanna 35 go 38). Ina theannta sin, maidir le hAirteagal 4(1) de Threoir 2001/29, is léir óna foclaíocht go sainítear leis an bhforáil sin freisin i dtéarmaí aonchiallacha an ceart eisiach dáileacháin ar an bpobal dá dtagraítear inti, arb ionann an beart sin, cosúil leis na forálacha thuasluaite, agus beart lán‑chomhchuibhithe ar an dlí substainteach comhfhreagrach.

48

Ní mór a lua freisin, maidir leis an gceist an bhfuil feidhm ag na forálacha sin maidir le hábhar ealaíne feidhmí, amhail an chathaoir DSW atá i gceist sna príomhimeachtaí, gur chinn an Chúirt go bhféadfaí ábhar den sórt sin a aicmiú mar ‘shaothar’, de réir bhrí Threoir 2001/29, i gcás ina gcomhlíontar dhá choinníoll charnacha. Ar an gcéad dul síos, ní mór an t‑ábhar lena mbaineann a bheith ina bhunsaothar, sa chiall gurb é cruthú intleachtúil an údair féin é. Ar an dara dul síos, forchoimeádtar aicmiú mar ‘shaothar’, de réir bhrí Threoir 2001/29, do na heilimintí is léiriú ar chruthú intleachtúil den sórt sin (breithiúnas an 13 Samhain 2018, Levola Hengelo, C‑310/17, EU:C:2018:899, míreanna 35 go 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

49

I gcás ina bhfuil na saintréithe a thuairiscítear sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo ag ábhar ealaíne feidhmí agus gur saothar é dá bhrí sin, ní mór dó, sa cháil sin, leas a bhaint as cosaint cóipchirt, i gcomhréir leis an Treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, Cofemel, C‑683/17, EU:C:2019:721, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear).

50

Sna himthosca sin, ní mór a mheas, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha substainteacha a leagtar síos le Treoir 2001/29 agus, go háirithe, gur féidir ábhar ealaíne feidhmí amhail an t‑ábhar atá i gceist sna príomhimeachtaí a aicmiú mar ‘shaothar’ de réir bhrí na Treorach sin, go bhfuil forálacha na Treorach sin infheidhme.

51

I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist ná go dtagann cás ina n‑éilíonn cuideachta cosaint cóipchirt d’ábhar ealaíne feidhmí a mhargaítear i mBallstát, a mhéid is féidir é a aicmiú mar ‘shaothar’ de réir bhrí Threoir 2001/29, faoi raon feidhme ábhartha dhlí an Aontais.

An dara ceist go dtí an ceathrú ceist

52

De réir cásdlí socair, faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, lena bhforáiltear do chomhar idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra a thabhairt ar an gcúirt náisiúnta a bheidh úsáideach di agus lena gcuirfear ar a cumas cinneadh a dhéanamh sa díospóid atá roimpi. Chuige sin, is féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais, i gcás inarb iomchuí, na ceisteanna a chuirtear faoina bráid a chur i bhfocail eile. Is faoin gCúirt atá sé, i ndáil leis sin, i bhfianaise ábhar na díospóide, na heilimintí de dhlí an Aontais is gá a léiriú a bhaint as an bhfaisnéis go léir a chuireann an chúirt náisiúnta ar fáil, go háirithe as forais an ordaithe tarchuir (breithiúnas an 30 Aibreán 2024, M.N. (EncroChat), C‑670/22, EU:C:2024:372, mír 78 agus an cásdlí dá dtagraítear].

53

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 22 dá Thuairim, is léir ón gcomhad os comhair na Cúirte Breithiúnais, sna príomhimeachtaí, go mbaineann an iompar atá i gceist le margú Kwantum ar ábhar, eadhon cóipeanna cathaoireach, de shárú ar chóipcheart atá ag Vitra, agus mar thoradh air sin go bhfuil Airteagal 2(a) agus Airteagal 4(1) de Threoir 2001/29, lena dtugtar, faoi seach, cearta eisiacha atáirgthe agus dáilte an tsaothair sin d’údar saothair ábhartha. Ar an taobh eile, ní léir ón gcomhad sin go bhféadfadh an t‑iompar sin a bheith ina chumarsáid leis an bpobal ar shaothar, de réir bhrí Airteagal 3(1) den Treoir sin.

54

Sna himthosca sin, ní mór a mheas, leis an dara ceist go dtí an ceathrú ceist, ar cheart iad a scrúdú le chéile, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 2(a) agus Airteagal 4(1) de Threoir 2001/29, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 17(2) agus le hAirteagal 52(1) den Chairt, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar chur i bhfeidhm na tástála cómhalartachta ábhartha ag na Ballstáit a leagtar síos sa dara habairt d’Airteagal 2(7) de Choinbhinsiún Bheirn, maidir le saothar ealaíne feidhmí ar tríú tír a thír thionscnaimh agus gur náisiúnach triú tír í a údar.

55

Chun na ceisteanna sin a fhreagairt, ní mór a chinneadh, ar an gcéad dul síos, an bhfuil feidhm ag na forálacha thuasluaite maidir le saothar ealaíne feidhmí ar tríú tír a thír thionscnaimh nó ar náisiúnach triú tír í a údar agus ar an dara dul síos, an gcuirtear cosc leis na forálacha sin ar thástáil cómhalartachta ábhartha, a leagtar síos sa dara habairt d’Airteagal 2(7) de Choinbhinsiún Bheirn, a chur i bhfeidhm sa dlí náisiúnta.

56

Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú nach mór léiriú uathrialach agus aonfhoirmeach a thabhairt de ghnáth ar théarmaí forála de chuid dhlí an Aontais nach ndéantar aon tagairt shainráite do dhlí na mBallstát inti chun críche a bhrí agus a raon feidhme a chinneadh ar fud an Aontais Eorpaigh, rud nach mór foclaíocht na forála sin a chur san áireamh leis, ach a comhthéacs agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha ar cuid díobh í a chur san áireamh (breithiúnas an 8 Meán Fómhair 2020, Recorded Artists Actors Performers, C‑265/19, EU:C:2020:677, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

57

Sa chéad áit, maidir le foclaíocht Airteagal 2(a) agus Airteagal 4(1) de Threoir 2001/29, ba cheart a thabhairt faoi deara, de réir na bhforálacha sin, go dtabharfaidh na Ballstáit cearta eisiacha d’údair chun atáirgeadh díreach nó indíreach, sealadach nó buan a údarú nó a thoirmeasc, ar an gcéad dul síos, ar aon mhodh agus in aon fhoirm, go hiomlán nó go páirteach, dá saothair agus, ar an taobh eile, aon chineál dáilte ar an bpobal, trí dhíolachán nó ar shlí eile, ar an mbunchóip dá saothair nó ar chóipeanna díobh.

58

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, nach sonraítear go sainráite sna forálacha sin an gcumhdaítear leis an gcoincheap ‘saothar’ dá dtagraítear ann, saothar ealaíne feidhmí ar tríú tír a thír thionscnamh, nó an gcumhdaítear leis an gcoincheap ‘údar’, údar saothair den sórt sin ar náisiúnach triú tír í a údar.

59

Is amhlaidh fós gur chinn an Chúirt cheana féin, mar a cuireadh in iúl i míreanna 48 agus 49 den bhreithiúnas seo, i gcás ina bhféadfaí ábhar a aicmiú mar ‘shaothar’ de réir bhrí Threoir 2001/29, ní mór dó, sa cháil sin, leas a bhaint as chosaint cóipchirt, i gcomhréir leis an Treoir sin nach leagtar síos léi, thairis sin, aon choinníoll a bhaineann le tír thionscnaimh an tsaothair atá i gceist ná le náisiúntacht údar an tsaothair sin.

60

Sa dara háit, maidir le comhthéacs na bhforálacha sin, ar an gcéad dul síos, i bhfianaise an méid a luaitear i míreanna 44 agus 45 ní mór a thabhairt faoi deara, agus raon feidhme Threoir 2001/29 á shainiú trí chritéar críochach, gur chuir reachtas an Aontais Eorpaigh san áireamh na saothair go léir a n‑iarrtar cosaint ina leith ar chríoch an Aontais Eorpaigh, beag beann ar thír thionscnaimh na saothar sin nó ar náisiúntacht a n‑údair.

61

Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhforáiltear le hionstraimí áirithe de reachtaíocht chomhchuibhithe cóipchirt do chóras sonrach le haghaidh saothair a bhfuil a dtír thionscnaimh, de réir bhrí Choinbhinsiún Bheirn, ina tríú tír agus nach náisiúnach de Bhallstát an Aontais é a n‑údar. Dá bhrí sin, foráiltear le Treoir 2006/116, go háirithe le hAirteagal 7(1), go dtiocfaidh deireadh leis an gcosaint cóipchirt a dheonaítear, sna Ballstáit, do shaothair den sórt sin ar dháta éaga na cosanta a dheonaítear i dtír thionscnaimh an tsaothair, ach ní fhéadfaidh sé dul thar an tréimhse a leagtar amach sa Treoir sin. Mar a chuireann Vitra in iúl, ní bheadh aon chuspóir ag córas den sórt sin, a bhaineann go sonrach le cosaint chearta na n‑údar agus na saothar ar tríú tír a dtír thionscnaimh, mura n‑áiritheofaí cosaint na saothar atá i gceist faoi Threoir 2001/29.

62

Sa triú háit, tá an léiriú a leagtar amach i mír 60 den bhreithiúnas seo i gcomhréir leis na gcuspóirí a shaothraítear le Treoir 2001/29.

63

I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, mar a luaitear in aithris 6 den Treoir sin, féachtar leis an Treoir sin, inter alia, le héagothromaíochtaí suntasacha sa chosaint a sheachaint agus, ar an gcaoi sin, le srianta ar shaorghluaiseacht seirbhísí agus táirgí lena n‑ionchorpraítear nó atá bunaithe ar mhaoin intleachtúil, as a n‑eascraíonn ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus neamhréireacht reachtach, agus ní mór ardleibhéal cosanta a bheith mar bhonn ag aon chomhchuibhiú cóipchirt, de réir aithris 9 den Treoir sin. Dhéanfaí neamhaird ar chuspóir den sórt sin mura rialófaí le Treoir 2001/29, san Aontas Eorpach, ach cosaint cóipchirt do shaothair de thionscnamh Ballstáit nó do shaothair ar náisiúnach de Bhallstát a n‑údar.

64

Ar an dara dul síos, luaitear in aithris 15 de Threoir 2001/29 go bhfeidhmíonn an treoir sin freisin chun cuid de na hoibleagáidí idirnáisiúnta a eascraíonn as an WTC a chur chun feidhme. I ndáil leis sin, i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Chomhaontú TRIPS agus le hAirteagal 1(4) den WTC, ní mór don Aontas Eorpach Airteagail 1 go 21 de Choinbhinsiún Bheirn a chomhlíonadh, mar a luaitear i mír 40 den bhreithiúnas seo, agus ar an dara dul síos, an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcoinbhinsiún sin a chomhlíonadh. Is léir ó Airteagal 5(1) den Choinbhinsiún Bheirn go mbainfidh údar leas, i leith saothair a bhfuil siad faoi chosaint ina leith faoin gCoinbhinsiún sin, i dtíortha den Aontas Eorpach arna mbunú ag an Aontas Eorpach seachas tír thionscnaimh an tsaothair, as na cearta a dheonaítear faoi láthair nó a dheonófar ina dhiaidh sin do náisiúnaigh faoina ndlíthe faoi seach.

65

Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 30 dá Thuairim, bheadh sé contrártha d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh, arna gcur chun feidhme le Treoir 2001/29 i réimse na maoine intleachtúla, don Treoir sin comhchuibhiú a dhéanamh ar chóipcheart i ndáil le saothair ar Ballstát í a dtír thionscnaimh nó ar náisiúnach de Bhallstát a n‑údar, agus ag an am céanna é a fhágáil faoi dhlí náisiúnta na mBallstát an córas dlí is infheidhme maidir le saothair ar tríú tír a dtír thionscnaimh nó ar náisiúnach tríú tír a n‑údar a chinneadh.

66

Dá réir sin, ní mór a mheas go bhfuil feidhm ag Airteagal 2(a) agus Airteagal 4(1) de Threoir 2001/29 maidir le saothair ealaíne feidhmí de thionscnamh tríú tíortha nó ar náisiúnaigh de na tíortha sin é a n‑údair.

67

Maidir leis an gceist an gcuirtear cosc leis na forálacha sin ar na Ballstáit na tástála cómhalartachta ábhartha a leagtar síos sa dara habairt d’Airteagal 2(7) de Choinbhinsiún Bheirn a chur i bhfeidhm sa dlí náisiúnta i leith saothar ealaíne feidhmí ar tríú tír a thír thionscnaimh nó ar náisiúnach tríú tír é a údar, meabhraíodh i mír 57 den bhreithiúnas seo, de réir Airteagal 2(a) agus Airteagal 4(1) de Threoir 2001/29, go bhforálfaidh na Ballstáit chun cearta eisiacha a thabhairt d’údair chun atáirgeadh agus dáileadh a saothar ar an bpobal a údarú nó a thoirmeasc. Ina theannta sin, mar is léir ón mír roimhe seo den bhreithiúnas seo, tá feidhm ag na forálacha sin maidir le saothair ealaíne feidhmí de thionscnamh tríú tíortha nó ar náisiúnaigh de na tíortha sin é a n‑údair.

68

Ar an gcéad dul síos, ní hamháin go mbeadh cur i bhfeidhm na tástála cómhalartachta ábhartha ag Ballstát contrártha d’fhoclaíocht na bhforálacha sin, mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 53 dá Thuairim, ach bhainfí an bonn freisin de chuspóir na Treorach sin, arb é atá ann ná comhchuibhiú cóipchirt sa mhargadh inmheánach. Faoin gcritéar sin, d’fhéadfaí caitheamh le saothair ealaíne feidhmí de thionscnamh tríú tíortha ar bhealach éagsúil i mBallstáit éagsúla, faoi fhorálacha de dhlí na gconarthaí is infheidhme go déthaobhach idir Ballstát agus tríú tír.

69

Ar an dara dul síos, in aon chás, ós rud é go gcosnaítear na cearta maoine intleachtúla dá dtagraítear i mír 66 den bhreithiúnas seo faoi Airteagal 17(2) den Chairt, ní mór foráil le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart sin, i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt, agus ní mór ábhar bunriachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú.

70

Sa chás seo, ní mór a mheas go bhféadfadh cur i bhfeidhm na tástála cómhalartachta ábhartha ag Ballstát a leagtar síos sa dara habairt d’Airteagal 2(7) de Choinbhinsiún Bheirn a bheith ina theorannú den sórt sin, a mhéid a d’fhéadfadh an cur i bhfeidhm sin na cearta sin a bhaint de shealbhóir féideartha na gceart sin i gcuid den mhargadh inmheánach, eadhon i gcríoch an Bhallstáit a chuireann an clásal sin i bhfeidhm.

71

Mar is léir ó Airteagal 52(1) den Chairt, ní mór foráil a dhéanamh do theorannú den sórt sin le dlí.

72

I ndáil leis sin, chinn an Chúirt, i gcás ina gcomhchuibhítear cosaint cóipchirt le riail de chuid dhlí an Aontais, gur faoi reachtas an Aontais amháin, agus ní faoi na reachtais náisiúnta, atá sé a chinneadh ar cheart deonú an chirt a theorannú, san Aontas Eorpach, maidir le saothair ar tríú tír a dtír thionscnaimh nó ar náisiúnach tríú tír é a n‑údar (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Meán Fómhair 2020, Recorded Artists Actors Performers, C‑265/19, EU:C:2020:677, mír 88).

73

Trí Threoir 2001/29 a ghlacadh, meastar gur fheidhmigh reachtas an Aontais an inniúlacht a tugadh roimhe seo do na Ballstáit sa réimse lena mbaineann. Dá bhrí sin, laistigh de raon feidhme na Treorach sin, ní mór a mheas gur ghlac an tAontas áit na mBallstát, nach bhfuil inniúil a thuilleadh chun na coinníollacha ábhartha i gCoinbhinsiún Bheirn a chur chun feidhme (breithiúnas an 26 Aibreán 2012, DR and TV2 Danmark, C‑510/10, EU:C:2012:244, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear).

74

Sa chás seo, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 40 dá Thuairim, mar atá dlí an Aontais faoi láthair, níl teorainn amhail an teorainn dá dtagraítear i mír 70 den bhreithiúnas seo in Airteagal 2(a) ná in Airteagal 4(1) ná in aon fhoráil eile de Threoir 2001/29.

75

Ina theannta sin, is fíor gurb é is cuspóir do Threoir 2001/29 gan ach gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú, agus léiríonn roinnt dá forálacha freisin rún reachtas an Aontais corrlach lánroghnach a dheonú do na Ballstáit i gcur chun feidhme na treorach (breithiúnais an 29 Iúil 2019, Funke Medien NRW, C‑469/17, EU:C:2019:623, mír 34, agus an 29 Iúil 2019, Spiegel Online, C‑516/17, EU:C:2019:625, mír 23 agus an cásdlí dá dtagraítear).

76

É sin ráite, chinn an Chúirt freisin go bhfuil liosta na n‑eisceachtaí agus na dteorainneacha, atá in Airteagal 5 de Threoir 2001/29, maidir leis na cearta eisiacha dá bhforáiltear in Airteagail 2 go 4 den Treoir sin uileghabhálach, ionas nach mbainfear an bonn d’éifeachtacht chomhchuibhiú an chóipchirt agus na gceart gaolmhar a chuirtear i bhfeidhm leis an Treoir sin agus de chuspóir na deimhneachta dlíthiúla a shaothraítear, chomh maith leis an gceanglas maidir le comhsheasmhacht i gcur chun feidhme na n‑eisceachtaí agus na dteorainneacha sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Iúil 2019, Funke Medien NRW, (C‑469/17, EU:C:2019:623, míreanna 56, 62, 63 agus an cásdlí dá dtagraítear). Níl aon teorainn in Airteagal 5, mar atá dlí an Aontais faoi láthair, atá cosúil le teorainn tástála cómhalartachta ábhartha dá dtagraítear sa dara habairt d’Airteagal 2(7) de Choinbhinsiún Bheirn.

77

Dá bhrí sin, is féidir Treoir 2001/29 a idirdhealú i ndáil leis sin ó ionstraimí eile lena gcomhchuibhítear cóipcheart a ghlac reachtas an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le forálacha an choinbhinsiúin sin.

78

Go háirithe, foráiltear leis an gcoinbhinsiún sin, inter alia, d’eisceachtaí teoranta a bhaineann le saothair ealaíne feidhmí, leis an téarma cosanta agus leis an gceart athdhíola, faoina bhfuil an deis ag na páirtithe sa choinbhinsiún sin tástáil cómhalartachta ábhartha a chur i bhfeidhm agus, dá réir sin, nach gceanglaítear orthu cóir náisiúnta a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) den choinbhinsiún sin.

79

Cé gur chinn reachtas an Aontais tástáil cómhalartachta ábhartha a chur i bhfeidhm, ar an gcéad dul síos, ar Airteagal 7(1) de Threoir 2006/116 maidir leis an tréimhse cosanta, agus, ar an dara dul síos, ar Airteagal 7(1) de Threoir 2001/84 maidir leis an gceart athdhíola, i gcomhréir le hAirteagal 7(8) agus Airteagal 14b(2) de Choinbhinsiún Bheirn, níor chuir an reachtas sin, os a choinne sin, teorainn ar na cearta eisiacha a dheonaítear d’údair le hAirteagal 2(a) agus le hAirteagal 4(1) den Treoir sin i bhfoirm tástála cómhalartachta ábhartha amhail an tástáil a leagtar síos sa dara habairt d’Airteagal 2(7) de Choinbhinsiún Bheirn san áireamh sa Treoir sin nó in aon fhoráil eile de dhlí an Aontais. I ndáil leis sin, mar a luaitear i mír 72 den bhreithiúnas seo, is faoin reachtas sin amháin agus ní faoi na reachtais náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt, foráil a dhéanamh, le reachtaíocht an Aontais, ar cheart teorainn a chur le deonú na gceart dá bhforáiltear in Airteagal 2(a) agus in Airteagal 4(1) den Chairt san Aontas Eorpach (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Meán Fómhair 2020, Recorded Artists Actors Performers, C‑265/19, EU:C:2020:677, míreanna 88 agus 91).

80

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an dara ceist go dtí an ceathrú ceist ná nach mór Airteagal 2(a) agus Airteagal 4(1) de Threoir 2001/29, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 17(2) agus Airteagal 52(1) den Chairt, a léiriú sa chaoi mar atá dlí an Aontais faoi láthair, go gcuirtear cosc leo ar na Ballstáit na tástála cómhalartachta ábhartha a leagtar síos sa dara habairt d’Airteagal 2(7) de Choinbhinsiún Bheirn a chur i bhfeidhm sa dlí náisiúnta i leith saothar ealaíne feidhmí ar tríú tír a thír thionscnaimh agus ar náisiúnach tríú tír é a údar. Is faoi reachtas an Aontais amháin atá sé, i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt, foráil a dhéanamh, le reachtaíocht an Aontais, ar cheart teorainn a chur le deonú na gceart dá bhforáiltear in Airteagal 2(a) agus in Airteagal 4(1) san Aontas Eorpach.

An cúigiú ceist

81

Lena cúigiú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá an chéad mhír d’Airteagal 351 CFAE a léiriú sa chaoi go gceadaítear do Bhallstát, de mhaolú ar fhorálacha dhlí an Aontais, an tástáil cómhalartachta ábhartha atá sa dara habairt d’Airteagal 2(7) de Choinbhinsiún Bheirn a chur i bhfeidhm maidir le saothar arb é na Stáit Aontaithe Mheiriceá a thír thionscnaimh.

82

De réir na chéad mhíre d’Airteagal 351 CFAE, ní dhéanfaidh forálacha na gConarthaí difear do na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as comhaontuithe a tugadh i gcrích roimh an 1 Eanáir 1958 nó, i gcás Stát aontach, roimh dháta a n‑aontachais, idir Ballstát amháin nó níos mó ar thaobh amháin agus tríú tír amháin nó níos mó ar an taobh eile.

83

Mar a chinn an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin, tá saintréithe coinbhinsiúin idirnáisiúnta ag Coinbhinsiún Bheirn de réir bhrí Airteagal 351 CFAE (breithiúnas an 9 Feabhra 2012, Luksan, C‑277/10, EU:C:2012:65, mír 58).

84

Is é is cuspóir don chéad mhír d’Airteagal 351 CFAE a shoiléiriú, i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta, nach ndéanann cur i bhfeidhm an Chonartha difear do ghealltanas an Bhallstáit lena mbaineann cearta tríú tíortha a urramú faoi chomhaontú roimh a aontachas agus a oibleagáidí comhfhreagracha a chomhlíonadh (breithiúnas an 9 Feabhra 2012, Luksan, C‑277/10, EU:C:2012:65, mír 61).

85

I ndáil leis sin, i bhfianaise an fhreagra a tugadh ar an dara ceist go dtí an ceathrú ceist, ní mór a mheas nach féidir leis na Ballstáit brath a thuilleadh ar an rogha critéar na cómhalartachta substaintí dá dtagraítear sa dara habairt d’Airteagal 2(7) de Choinbhinsiún Bheirn a chur i bhfeidhm, fiú má tháinig an coinbhinsiún sin i bhfeidhm roimh an 1 Eanáir 1958.

86

Mar is léir ó chásdlí na Cúirte, i gcás ina gceadaítear le comhaontú idirnáisiúnta a thug Ballstát i gcrích roimh a aontachas leis an Aontas Eorpach dó, mar atá sa chás seo, beart a ghlacadh ar cosúil go bhfuil sé contrártha le dlí an Aontais, gan a cheangal air é sin a dhéanamh, áfach, ní mór don Bhallstát staonadh ó bheart den sórt sin a ghlacadh (breithiúnais an 28 Márta 1995, Evans Medical agus Macfarlan Smith, C‑324/93, EU:C:1995:84, mír 32, agus an 9 Feabhra 2012, Luksan, C‑277/10, EU:C:2012:65, mír 62).

87

Ina theannta sin, más rud é, mar thoradh ar fhorbairt i ndlí an Aontais, go bhfuil beart reachtach arna ghlacadh ag Ballstát i gcomhréir leis an gcumhacht a thugtar le comhaontú idirnáisiúnta níos luaithe contrártha do dhlí an Aontais, ní féidir leis an mBallstát lena mbaineann brath ar an gcomhaontú sin chun é féin a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a tháinig chun cinn ina dhiaidh sin ó dhlí an Aontais (breithiúnas an 9 Feabhra 2012, Luksan, C‑277/10, EU:C:2012:65, mír 63).

88

Ba cheart a lua freisin, sa chás seo, go dtugtar, leis an gcéad abairt d’Airteagal 2(7) de Choinbhinsiún Bheirn, lánrogha do na páirtithe sa choinbhinsiún sin trí fhoráil a dhéanamh, inter alia, gur faoi reachtaíocht i dtíortha an Aontais arna mbunú leis an gcoinbhinsiún sin atá sé rialáil a dhéanamh ar raon feidhme na ndlíthe a bhaineann le saothair ealaíne feidhmí agus dearaí tionsclaíocha agus ar na coinníollacha chun na saothair, na dearaí agus na múnlaí sin a chosaint.

89

Mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i míreanna 59 go 62 dá Thuairim, ar an gcéad dul síos, ní léir ó fhoclaíocht na forála sin go gcuirtear toirmeasc léi ar Stát ina pháirtí don Choinbhinsiún Bheirn saothar ealaíne feidhmí a chosaint le cóipcheart nach bhfuil, i dtír thionscnaimh an tsaothair sin, cosanta ach amháin faoi chóras speisialta mar dhearadh nó mar mhúnla. Ar an dara dul síos, bheadh toirmeasc den sórt sin contrártha do chuspóir an choinbhinsiúin sin, arna léiriú i bprionsabal na ‘cóireála náisiúnta’ agus an t‑íosleibhéal cosanta a eascraíonn as a fhorálacha substainteacha, is é sin cosaint a áirithiú d’údair lasmuigh de thír thionscnaimh saothair. Ar an tríú dul síos agus ar deireadh, in aon chás luaitear go sainráite in Airteagal 19 de Choinbhinsiún Bheirn nach gcuirfidh a fhorálacha bac ar éileamh a dhéanamh chun tairbhe aon chosaint níos mó a d’fhéadfaí a thabhairt le reachtaíocht i Stát ina pháirtí don choinbhinsiún sin.

90

Sna himthosca sin, ní féidir le Ballstát brath ar Airteagal 2(7) de Choinbhinsiún Bheirn chun é féin a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a eascraíonn as Treoir 2001/29.

91

I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar an gcúigiú ceist ná nach mór an chéad mhír d’Airteagal 351 CFAE a léiriú sa chaoi nach gceadaítear do Bhallstát, de mhaolú ar fhorálacha dhlí an Aontais, critéar na cómhalartachta atá sa dara habairt d’Airteagal 2(7) de Choinbhinsiún Bheirn a chur i bhfeidhm i leith saothair arb é Stáit Aontaithe Mheiriceá a thír thionscnaimh.

Costais

92

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Chéad Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Féadfar cás ina n‑éilíonn cuideachta cosaint cóipchirt d’ábhar ealaíne feidhmí a mhargaítear i mBallstát, a mhéid is féidir é a aicmiú mar ‘shaothar’ de réir bhrí Threoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise, faoi raon feidhme ábhartha dhlí an Aontais.

 

2.

Maidir le hAirteagal 2(a) agus Airteagal 4(1) de Threoir 2001/29, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 17(2) agus Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

mar atá dlí an Aontais faoi láthair, cuirtear cosc ar na Ballstáit leo tástáil cómhalartachta ábhartha a chur i bhfeidhm, sa dlí náisiúnta, dá bhforáiltear sa dara habairt d’Airteagal 2(7) den Choinbhinsiún chun Saothair Litríochta agus Ealaíon a Chosaint, arna shíniú i mBeirn an 9 Meán Fómhair 1886 (Acht Pháras an 24 Iúil 1971), arna leasú an 28 Meán Fómhair 1979, i leith saothar ealaíne feidhmí ar tríú tír a thír thionscnaimh agus ar náisiúnach tríú tír é a údar. Is faoi reachtas an Aontais amháin atá sé, i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha, foráil a dhéanamh, le reachtaíocht an Aontais, ar cheart srian a chur le deonú na gceart dá bhforáiltear in Airteagal 2(a) agus in Airteagal 4(1) san Aontas Eorpach.

 

3.

Ní mór an chéad mhír d’Airteagal 351 CFAE a léiriú sa chaoi nach gceadaítear do Bhallstát, de mhaolú ar fhorálacha dhlí an Aontais, tástáil cómhalartachta ábhartha atá sa dara habairt d’Airteagal 2(7) den Choinbhinsiún chun Saothair Litríochta agus Ealaíon a Chosaint, arna shíniú i mBeirn an 9 Meán Fómhair 1886 (Acht Pháras an 24 Iúil 1971), arna leasú an 28 Meán Fómhair 1979, a chur i bhfeidhm maidir le saothar arb í Stáit Aontaithe Mheiriceá a thír thionscnaimh.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Ollainnis.