Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Séú Dlísheomra)

25 Aibreán 2024 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Idirbhearta inchánach – Airteagal 16 – Earra is cuid de shóchmhainní gnó a úsáid agus an diúscairt saor ó tháille chuig duine inchánach eile – Triomú adhmaid agus téamh gort asparagais ó ghléasra comhghiniúna atá nasctha le saoráid táirgthe bithgháis – Airteagal 74 – Bonn cánach – Costasphraghas – Teorainn le costais faoi réir CBL ar ionchur amháin)

I gCás C‑207/23,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Bundesfinanzhof (an Chúirt Chónaidhme Fhioscach, an Ghearmáin), trí bhreith an 22 Samhain 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 29 Márta 2022, sna himeachtaí

Finanzamt X

v

Y KG,

tugann AN CHÚIRT (an Séú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: T. von Danwitz, Uachtarán Dlísheomra, P. G. Xuereb (Rapóirtéir) agus A. Kumin, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta ó bhéal,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        Y KG, ag T. Streit agus A. Zawatson, Rechtsanwälte,

–        Rialtas na Gearmáine, J. Möller agus N. Scheffel, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, F. Behre agus J. Jokubauskaitė, i gcáil Gníomhairí,

tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léiriú ar Airteagail 16 agus 74(a) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1 (‘an Treoir maidir le CBL’).

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Y KG agus Finanzamnt X (Oifig Cánach X, an Ghearmáin) ('an t‑údarás cánach’) maidir le cáin bhreisluacha (CBL) a fhorchur ar sholáthar teasa saor in aisce ón ngléasra comhghiniúna atá nasctha le saoráid táirgthe bithgháis na cuideachta sin chuig, ar an gcéad dul síos, conraitheoir A chun adhmad a thriomú agus, ar an dara dul síos, cuideachta B chun a goirt asparagais a théamh.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

3        De réir Airteagal 2(1) den Treoir maidir le CBL:

‘Beidh na hidirbhearta seo a leanas faoi réir CBL:

a)      soláthar earraí arna dhéanamh ar chomaoin laistigh de chríoch Bhallstáit ag duine inchánach ag gníomhú sa cháil sin;

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4        Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 14(1) den Treoir sin:

‘Ciallóidh “soláthar earraí” aistriú an chirt chun maoin inláimhsithe a dhiúscairt mar úinéir.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        Foráiltear le hAirteagal 15(1) den Treoir sin:

‘Measfar gur earraí inláimhsithe iad leictreachas, gás, teas, fuarú agus rudaí comhchosúla.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Foráiltear le hAirteagal 16 den Treoir sin don mhéid seo a leanas:

‘Caithfear le cur i bhfeidhm earraí ag duine inchánach, ar earraí iad atá mar chuid dá shócmhainní gnó dá riachtanais phríobháideacha nó d’úsáid a fhoirne, mar sholáthar earraí ar chomaoin, i gcás ina raibh CBL ar na hearraí sin nó ar na comhpháirteanna díobh in‑asbhainte go hiomlán nó go páirteach.

Mar sin féin, ní mheastar gur soláthar earraí ar chomaoin é úsáideanna le haghaidh riachtanas gnó mar shamplaí nó mar bhronntanais ar luach beag.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7        Foráiltear le hAirteagal 73 den Treoir maidir le CBL:

‘Maidir le soláthar earraí nó seirbhísí, seachas an soláthar earraí agus seirbhísí sin dá dtagraítear in Airteagail 74 go 77, áireofar leis an méid inchánach gach aon ní a bhfuil i gceist leo comaoin a gheobhaidh an soláthraí nó atá le fáil aige, i gcomaoin soláthair, ón gcustaiméir nó ó thríú páirtí, lena n‑áirítear fóirdheontais atá nasctha go díreach le praghas an tsoláthair.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8        De réir Airteagal 74 den Treoir sin:

‘I gcás idirbhearta a bhaineann le húsáid nó cur i bhfeidhm ag duine inchánach d’earra is cuid dá shócmhainní gnó nó de shealbhú earraí ag duine inchánach nó ag a thairbhithe i gcás foirceannadh dá ghníomhaíocht eacnamaíoch inchánach, dá dtagraítear in Airteagail 16 agus 18, déantar an méid inchánach le praghas ceannaigh na n‑earraí nó earraí comhchosúla nó, in éagmais praghas ceannaigh, an costasphraghas, a chinnfear tráth an tsoláthair.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9        Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 78 den Treoir sin:

‘Áireofar ar an méid inchánach na fachtóirí seo a leanas:

a)      cánacha, dleachtanna, tobhaigh agus muirir, cé is moite de CBL féin;

b)      caiteachais theagmhasacha, ar nós costais choimisiúin, phacáistíochta, iompair agus árachais, arna ngearradh ag an soláthraí ar cheannaitheoir na n‑earraí.

Chun críocha phointe (b) den chéad mhír, féadfaidh na Ballstáit féachaint ar chaiteachas a chumhdaítear le comhaontú ar leithligh mar chaiteachas teagmhasach.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10      Foráiltear le hAirteagal 79 den Treoir sin:

‘Ní áireofar ar an méid inchánach na fachtóirí seo a leanas:

a)      laghduithe ar phraghsanna mar lascaine ar íocaíocht luath;

b)      lascainí praghais agus lacáistí arna ndeonú don cheannaitheoir agus a fuarthas tráth an idirbhirt;

c)      méideanna a fhaigheann duine inchánach ón gceannaitheoir nó ón léasaí, mar aisíocaíocht ar na costais arna dtabhú in ainm agus thar ceann an té sin, agus a iontráladh ina chuntais i gcuntas fionraí.

Ní mór don duine inchánach údar a thabhairt ar mhéid iarbhír na gcostas dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad mhír, agus ní féidir le CBL a d’fhéadfadh a bheith muirearaithe a asbhaint.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na Gearmáine

11      Faoi Airteagal 3(1)(b) den Umsatzsteuergesetz (Dlí maidir le cáin láimhdeachais, ‘UStG’):

‘Tá na nithe seo a leanas coibhéiseach le soláthar ar chomaoin:

1:      fiontraí ag baint earra as a ghnó chun críocha nach mbaineann lena ghnó;

2:      an diúscairt d’earra saor ó tháille ag fiontraí chuig a fhoireann dá riachtanas príobháideach, ach amháin i gcás bronntanais bheaga;

3:      aon diúscairt d’earra saor ó tháille eile, cé is moite de bhronntanais ar luach íseal agus samplaí chun críoch gnó. Tá an asamhlú sin faoi réir an choinníll go bhfuil an t‑earra nó na heilimintí atá ann in‑asbhainte go hiomlán nó go páirteach de CBL ar ionchar.’

12      Is é seo a leanas atá in Airteagal 10(4) de UStG:

‘Bunaítear an bonn cánach

1:      ar dhiúscairt d’earra de réir bhrí Airteagal 1a(2) agus Airteagal 3(1)(a) agus ar sholáthairtí de réir bhrí Airteagal 3(1)(b), ar bhonn an phraghais ceannaigh móide costas teagmhasach an chuspóra nó cuspóra den chineál céanna, nó fiú in éagmais praghas ceannaigh ar bhonn an phraghais costais tráth an idirbhirt;

[...]’

13      Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 8 den Erneuerbare-Energien‑Gesetz, i leagan an 7 Samhain 2006 (BGBl. 2006 I, lch. 2550) (an Dlí maidir le fuinneamh in‑athnuaite, ‘EEG’):

1.      Le haghaidh leictreachas a tháirgtear i suiteálacha a bhfuil cumhacht níos lú ná nó cothrom le 20 meigeavatanna acu agus ina n‑úsáidtear bithmhais amháin de réir bhrí an Rialacháin dhlíthiúil arna ghlacadh de bhun mhír 7, is é an cúiteamh a bheidh ann ná [...]

[...]

3.      Déanfar na táillí íosta dá dtagraítear sa chéad abairt de mhír 1 a mhéadú EUR 0,02 in aghaidh na cileavatuaire a mhéid a bhaineann sé le leictreachas de réir bhrí Airteagal 3(4) den [Gesetz für die Erhaltung, die Modernisierung und den Ausbau der Kraft‑Wärme-Kopplung (Kraft‑Wärme-Kopplungsgesetz), (an Dlí maidir le comhghiniúint leictreachais agus teasa a chothabháil, a nuachóiriú agus a leathnú), i leagan an 19 Márta 2002 (BGBl. 2002 I, lch. 1092),] agus go gcuirtear an fhianaise chomfhreagrach [...] faoi bhráid oibreoir an líonra. In ionad na fianaise dá dtagraítear sa chéad abairt, féadfar doiciméid chuí ón monaróir ina léirítear an chumhacht theirmeach agus leictreach a chur isteach, i gcás gléasraí comhghiniúna olltáirgthe a bhfuil cumhacht 2 mheigeavata nó níos lú acu.’

14      Foráiltear le hAirteagal 3(4) den Dlí maidir le comhghiniúint leictreachais agus teasa a chothabháil, a nuachóiriú agus a leathnú, i leagan an 19 Márta 2002:

‘Is ionann an leictreachas ó chomhghiniúint agus táirge uimhríochtúil an teasa úsáidigh agus comhéifeacht leictreach na suiteála comhghiniúna. I gcás suiteálacha nach bhfuil córais diúscartha teasa dramhaíola acu, is leictreachas ó chomhghiniúint an ghlanghiniúint leictreachais iomlán.’

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear

15      Déanann Y suiteáil a oibriú a tháirgeann bithghás ó bhithmhais. Baineadh úsáid as an mbithghás a táirgeadh i rith na bliana 2008 chun leictreachas agus teas a tháirgeadh. Dáileadh an leictreachas a tháirgeadh ar an gcaoi sin go príomha tríd an líonra ginearálta leictreachais mar chomaoin ar tháille a d’íoc oibreoir an líonra leictreachais. Baineadh úsáid as an teas a gineadh le linn an idirbhirt sin go páirteach i bpróiseas táirgthe Y.

16      Faoi chonradh an 29 Samhain 2007, d’aistrigh Y ‘saor ó tháille’ an chuid is mó den teas a táirgeadh ar an gcaoi sin chuig conraitheoir A ionas go bhféadfadh sé adhmad a thriomú i gcoimeádáin agus, faoi chonradh an 29 Iúil 2008, chuig cuideachta B, a théigh a goirt asparagais leis an teas sin. Sonraítear sa dá chonradh go gcomhaontaítear méid an chúitimh ina aonar ar bhonn staid eacnamaíoch an úsáideora teasa, gan an luach saothair sin a bheith socraithe sna conarthaí sin.

17      Le linn na bliana 2008, anuas ar an íoschúiteamh saothair insteallta, a fuarthas ón oibreoir líonra leictreachais, faoi Airteagal 8(1) de EEG, ar mhéid EUR 1 054 337.85, fuair Y bónas ón oibreoir sin freisin arna íoc faoi Airteagal 8(3) de EEG ar mhéid EUR 85 070.66 mar chomaoin ar 6 714 247 cileavatuaire leictreachais a sholáthar, ar an bhforas gur leictreachas ó chomhghiniúint a bhí ann, de réir bhrí Airteagal 3(4) den Dlí maidir le comhghiniúint leictreachais agus teasa a chothabháil, a nuachóiriú agus a leathnú i leagan an 19 Márta 2002. Cuireadh an bónas EUR 85,070.66 sin san áireamh, amhail an íoschúiteamh, i mbonn idirbhearta inchánach Y, i gcomhréir le dearbhú CBL Y.

18      Ós rud é nár ghearr Y muirear ar an teas a tarchuireadh chuig A agus chuig B, mheas an t‑údarás cánach, i gcomhthéacs iniúchadh ar an láthair, gur bailíodh an teas sin saor ó tháille, de réir bhrí phointe 3 den chéad abairt d’Airteagal 3(1)(b) de UStG, i bhfabhar A agus i bhfábhar B. In éagmais praghas ceannaigh don teas sin, ríomh na húdaráis sin méid inchánach na diúscartha sin ar bhonn chostasphraghas an teasa chéanna, i gcomhréir le pointe 1 den chéad abairt d’Airteagal 10(4) de UStG.

19      Ina mheasúnú CBL an 17 Samhain 2011, dheimhnigh an t‑údarás cánach na torthaí sin.

20      Le cinneadh an 1 Lúnasa 2012, dhiúltaigh an t‑údarás cánach don ghearán a thaisc Y i gcoinne an fhógra cánach sin mar ghearán gan bhunús.

21      Thionscain Y caingean i gcoinne an fhógra cánach sin os comhair an Finanzgericht (an Chúirt Fhioscach, an Ghearmáin), a sheas leis.

22      Agus achomharc ar phointe dlí os a comhair ón údarás cánach, chuir an Bundesfinanzhof (an Chúirt Chónaidhme Fhioscach, an Ghearmáin), breithiúnas an Finanzgericht (an Chúirt Fhioscach) ar neamhní agus tharchuir sí an cás ar ais chuig an Finanzgericht. Chinn an Bundesfinanzhof (an Chúirt Chónaidhme Fhioscach) nach raibh an cás sin réidh le breithiúnas a thabhairt, toisc nach bhféadfadh sí measúnú a dhéanamh ar an méid ar cheart cáin a ghearradh ar na buntáistí a dheonaigh Y saor in aisce agus gur faoin Finanzgericht (an Chúirt Fhioscach) a bhí na cinntí riachtanacha a dhéanamh ina leith sin.

23      Tar éis í a tharchur ar ais chuig an Finanzgericht (an Chúirt Fhioscach), sheas an Chúirt Fhioscach leis an gcaingean i bpáirt. Laghdaigh sé an méid CBL a socraíodh tar éis a mheas go raibh CBL maidir leis na buntáistí a deonaíodh saor ó tháille le ríomh ar bhonn chostasphraghas an teasa.

24      Rinne Y agus an t‑údarás cánach araon achomharc ar phointe dlí os comhair an Bundesfinanzhof (an Chúirt Chónaidhme Fhioscach), arb í an chúirt a rinne an tarchur í.

25      Ar an gcéad dul síos, tugann an chúirt sin dá haire, go ndéileálann an chéad mhír d’Airteagal 16 den Treoir maidir le CBL le diúscairt earra is cuid dá shócmhainní gnó ag duine inchánach mar sholáthar earraí ar chomaoin i gceithre chás, tobhach le haghaidh ‘a riachtanais phríobháideacha’, nó ‘riachtanais a fhoirne’, nó ‘aistrithe saor in aisce’ nó ‘a úsáidtear chun críoch eile seachas críocha a ghnó’. I ndáil leis sin, measann an chúirt go bhfuil na heilimintí a chomhdhéanann diúscairt earra saor ó tháille, a leagfar amach i bhfoclaíocht na forála sin, sa tríú cás, comhlíonta sa chás seo. Tugann sí dá haire freisin gur táirgeadh an teas a aistríodh saor ó tháille ag suiteáil ar thug a costais tógála agus oibriúcháin an ceart do Y CBL ar ionchur a asbhaint. Mar sin féin, fiafraíonn an chúirt céanna, áfach, ar cheart, thar théarmaí na forála sin, cás tobhaigh a dhiúscairtear saor ó tháille air a bheith teoranta ag coinníoll breise. D’fhéadfadh cás den sórt sin tomhaltas deiridh earraí nach bhfuil faoi réir CBL a chosc agus d’fhéadfaí an léiriú sriantach a thuiscint ó bhreithiúnas an 16 Meán Fómhair 2020, Mitteldeutsche HartsteinIndustrie (C‑528/19, EU:C:2020:712).

26      Mar sin féin, dá nglacfaí leis an léiriú sriantach sin ar an gcéad mhír d’Airteagal 16 den Treoir maidir le CBL, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur ar cheart a mheas nach bhfuil tomhaltas críochnaitheach neamhchánach áit a úsáideann faighteoir an aistrithe, ar duine inchánach é, ar dhiúscairt na n‑earraí chun críocha gníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh nó, ina theannta sin, an gcaithfidh sé na hearraí sin a úsáid chun gníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh a thugann ceart dó asbhaint a dhéanamh.

27      Ar an dara dul síos, measann an chúirt a rinne an tarchur, sa mhéid is gurb é cuspóir Airteagal 74 den Treoir maidir le CBL éifeacht a thabhairt do na heilimintí atá sa tobhach dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 16 den Treoir sin, gur gá a chur san áireamh, agus Airteagal 74 den Treoir sin á léiriú, an cuspóir atá á shaothrú le hAirteagal 16 den Treoir sin, lena n‑áiritheofar nach bhfuil aon bhuntáiste míchuí ag an duine inchánach ar thomhaltóir deiridh. Dá ndéanfaí an cuspóir sin a thrasuí go hAirteagal 74 den Treoir sin, d’fhéadfadh, agus costasphraghas na n‑earraí a aistrítear saor ó tháille á chinneadh, nár cheart ach na costais a bhí faoi réir CBL a chur san áireamh. Dá bhrí sin, a mhéid nár cheart don duine inchánach a mhonaraíonn earra sa chostas nach bhfuil faoi réir CBL a áireamh agus costas na n‑earraí sin á ríomh, ní bhaineann an duine inchánach sin buntáiste gan údar ar an tomhaltóir deiridh a mhonaraíonn earra.

28      Ar an tríú dul síos, fiafraíonn an chúirt sin an áirítear leis an gcostasphraghas ach na costais dhíreacha a bhaineann le déantúsaíocht nó táirgeadh an earra a tharchuirtear saor ó tháille nó costais atá inchurtha go hindíreach amhail caiteachas maoinithe. Mar sin féin, tá an chúirt den tuairim go gcuireann na deacrachtaí a d’éireodh as costais indíreacha a chur san áireamh sa chostasphraghas bac ar sin. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí costais den sórt sin a chur san áireamh dá ndéanfaí measúnú simplí ar luach na dtobhach a bhaint amach.

29      Sna himthosca sin, chinn an Bundesfinanzhof (an Chúirt Chónaidhme Fhioscach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1)      An “úsáid, ag duine inchánach, d’earraí is cuid dá shócmhainní gnó … mar dhiúscairt saor ó tháille” de réir bhrí Airteagal 16 de Threoir 2006/112/CE atá i gceist má thugann duine inchánach teas óna ghnó do dhuine inchánach eile saor ó tháille le haghaidh ghníomhaíochtaí eacnamaíocha an dara duine sin (sa chás seo: teas ó shaoráid chomhghiniúna an tsoláthróra leictreachais a thabhairt do ghnó talmhaíochta chun goirt asparagais a théamh)?

An mbraitheann an freagra ar an gceist sin ar cé acu an úsáideann an duine inchánach a fhaigheann an teas é chun críoch a mbeadh an duine sin i dteideal cáin ionchuir a asbhaint ina leith?

2)      I gcás go bhfuil ann d’úsáid earraí (faoi Airteagal 16 den Treoir maidir le CBL) an ndéanfar an costasphraghas de réir bhrí Airteagal 74 den Treoir maidir le CBL a ríomh sa chaoi nach n‑áirítear ann ach na costais atá faoi réir cáin ionchuir?

3)      An gclúdaíonn an costasphraghas na costais táirgthe nó ghiniúna dhíreacha amháin nó an gclúdaíonn sé freisin costais atá inchurtha go hindíreach amháin amhail costais mhaoiniúcháin?’

 An chéad cheist

30      Maidir leis an gcéad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear an chéad mhír d’Airteagal 16 den Treoir maidir le CBL a léiriú sa chaoi go gciallaíonn an úsáid, ag duine inchánach, d’earra is cuid dá shócmhainní gnó mar dhiúscairt saor ó tháille, de réir bhrí na forála sin, agus soláthar earraí arna dhéanamh ar chomaoin, an teas a tháirgeann an duine inchánach sin mar dhiúscairt saor ó tháille chuig daoine inchánach eile le haghaidh riachtanais a ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, cibé acu an mbaineann nó nach mbaineann na daoine inchánach eile úsáid as an teas sin le haghaidh idirbhearta a thugann ceart dóibh CBL a asbhaint, ábhartha sa chaoi seo.

31      De réir chásdlí na Cúirte, ceanglaítear leis an léiriú ar fhoráil de dhlí an Aontais go gcuirfear san áireamh, ní hamháin a foclaíocht, ach a comhthéacs agus na cuspóirí agus an cuspóir a shaothraítear leis an ngníomh ar cuid dó í (breithiúnas an 21 Nollaig 2023, Cofidis, C‑340/22, EU:C:2023:1019, mír 21 agus an cásdlí dá dtagraítear).

32      Sa tríú cás den chéad mhír d’Airteagal 16 den Treoir maidir le CBL, meastar gur soláthar earraí ar chomaoin é an úsáid, ag duine inchánach, d’earra is cuid dá shócmhainní gnó i gcás inar tháinig asbhaint iomlán nó pháirteach CBL as na hearraí nó as a gcomhpháirteanna.

33      Is léir ó fhoclaíocht na chéad mhíre d’Airteagal 16 den Treoir sin, sa chás sin, go gcaithfear le tobhach earraí ag duine inchánach ar earraí atá mar chuid dá shócmhainní gnó mar sholáthar earraí ar chomaoin i gcás, ar dtús, go n‑eascraíonn diúscairt saor ó tháille astu agus, sa dara háit, go bhfuil na hearraí lena mbaineann siad nó na comhpháirteanna lena mbaineann siad in‑asbhainte go hiomlán nó go páirteach chun tairbhe an duine inchánach sin.

34      Ar an taobh eile, ní léir ó scrúdú a dhéanamh ar fhoclaíocht na forála sin go mbeadh coinníoll breise ag baint le stádas cánach faighteoir na diúscartha sin,a bheadh ag brath ar gon‑úsáidfeadh sé an mhaoin a dhiúscairt mar sin le haghaidh idirbhearta as a dtagann ceart chun CBL a asbhaint.

35      Sa chás seo, is léir ón bhfaisnéis san iarraidh ar réamhrialú, ar dtús, gur ghlac Y, cuideachta atá faoi réir CBL, teas óna ghnó, arb ionann é agus maoin inláimhsithe de réir bhrí Airteagal 15(1) den Treoir maidir le CBL, a tháirg sé le linn a chuid ghníomhaíochtaí. Ina theannta sin, eascraíonn sé ón bhfáisnéis sin freisin go ndearna Y an teas sin a aistriú mar dhiúscairt saor ó tháille chuig A agus chuig B ionas go bhféadfadh siad a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a chur i gcrích.

36      Ar an dara dul síos, luaigh an chúirt a rinne an tarchur, i bhfianaise go raibh na soláthairtí mar chomaoin ar an leictreachas arna tháirgeadh ag gléasra comhghiniúna Y faoi réir CBL, go raibh sé de cheart ag Y CBL ar ionchur ar fad a asbhaint le haghaidh an ghléasra sin, a tháirg an teas a dhiúscairt saor ó tháille chuig A agus B freisin.

37      Maidir le cuspóirí na chéad mhíre d’Airteagal 16 den Treoir maidir le CBL agus comhthéacs na forála sin, is é is aidhm d’Airteagal 16 den Treoir maidir le CBL le cóir chomhionann a áirithiú idir, ar thaobh amháin, duine inchánach a thobhaíonn earraí dá riachtanais phríobháideacha féin nó ag a fhoireann, agus, ar an taobh eile, tomhaltóir deiridh a fhaigheann earraí den chineál céanna. Dá bhrí sin, is é is aidhm do chánachas na dtobhach a luaitear sa chéad mhír d’Airteagal 16 den Treoir sin, ná cásanna tomhaltais chríochnaithigh neamhchánach a sheachaint (féach, chuige sin, Airteagal 5(6) den Séú Treoir 77/388/CEE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1977 maidir le dlíthe na mBallstát a bhaineann le comhchuibhiú a dhéanamh agus maidir le cánacha láimhdeachais – Comhchóras cánach breisluacha: bonn aonfhoirmeach measúnachta (IO 1977 L 145, lch. 1), a fhreagraíonn d’Airteagal 16 den Treoir maidir le CBL, breithiúnas an 16 Meán Fómhair 2020, Mitteldeutsche HartsteinIndustrie, C‑528/19, EU:C:2020:712, mír 59 agus an cásdlí dá dtagraítear).

38      Chuige sin, caitheann an fhoráil sin le hidirbhearta áirithe, nach bhfaigheann an duine inchánach aon chomaoin iarbhír ina leith, mar sholáthairtí earraí ar chomaoin atá faoi réir CBL (féach, chuige sin, maidir le hAirteagal 5(6) den Séú Treoir 77/388, breithiúnas an 16 Meán Fómhair 2020, Mitteldeutsche HartsteinIndustrie, C‑528/19, EU:C:2020:712, mír 60 agus an cásdlí dá dtagraítear).

39      Chun cásanna tomhaltais chríochnaithigh neamhchánach a sheachaint, ní mór diúscairt saor ó tháille a bheith faoi réir cánachais ina dhiaidh sin, cibé tairbhí atá ann.

40      Ina theannta sin, chinn an Chúirt cheana gur eisceacht í an dara mír d’Airteagal 16 den Treoir maidir le CBL ón riail de réir a bhfuil sé mar aidhm leis an gcánachas ar thobhaigh dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 16 den Treoir sin, cásanna tomhaltais chríochnaithigh neamhchánach a eisiamh, ós rud é, mar sin féin, go n‑eisiatar leis ó chánachais tobhaigh a dhéantar chun críoch gnó chun bronntanais ar luach beag agus samplaí beaga a thabhairt (féach, chuige sin, maidir le hAirteagal 5(6) den Séú Treoir 77/388, breithiúnas an 30 Meán Fómhair 2010, EMI Group, C‑581/08, EU:C:2010:559, mír 19 agus an cásdlí dá dtagraítear).

41      Dá bhrí sin, ní mór an fhoclaíocht sa dara mír d’Airteagal 16 den Treoir maidir le CBL a léiriú go docht, ionas nach mbainfear an bonn de chuspóirí na chéad mhíre d’Airteagal 16. Dá réir sin, ní fhéadfaidh an díolúine ó CBL a bheith i gceist le cuspóir na heisceachta sin i ndáil le hearraí as a n‑eascraíonn tomhaltas deiridh seachas an tomhaltas deiridh a bhaineann le hidirbhearta a bhaineann le cur chun cinn earraí arna ndéanamh ag na samplaí (féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Meán Fómhair 2010, EMI Group, C‑581/08, EU:C:2010:559, míreanna 20 agus 25).

42      Dá bhrí sin, níl aon eisceacht ag baint le CBL a fhorchur ar earraí a dhiúscraítear saor ó tháille, dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 16 den Treoir maidir le CBL, seachas an ceann a bhaineann le hidirbhearta arb é atá iontu bronntanais ar luach íseal agus samplaí a chumhdaítear leo a thagann faoi raon feidhme an dara mír d’Airteagal 16 den Treoir maidir le CBL.

43      Sa chás seo, áfach, ní féidir a mheas gur bronntanas ar luach íseal nó samplach é an teas a ghlactar agus a dhiúscairtear de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 16 den Treoir sin.

44      Ba cheart a lua freisin gur léir ón dara mír d’Airteagal 16 den Treoir maidir le CBL nach ndéanann an Treoir aon difríocht ar bhonn stádas cánach fhaighteoir na samplaí agus, dá bhrí sin, nach bhfuil an stádas sin ábhartha chun an fhoráil sin a chur i bhfeidhm (féach, chuige sin, maidir leis an dara habairt d’Airteagal 5(6) den Séú Treoir 77/388, breithiúnas an 30 Meán Fómhair 2010, EMI Group, C‑581/08, EU:C:2010:559 míreanna 51 agus 52).

45      Ina theannta sin, d’fhéadfadh leis an léiriú ar an gcéad mhír d’Airteagal 16 den Treoir maidir le CBL ar dá réir gur cheart stádas cánach fhaighteoir na n‑earraí a bhailítear agus a dhiúscairtear saor ó tháille a chur san áireamh, deacrachtaí praiticiúla a chruthú, ar chuir an chúirt a rinne an tarchur agus an Coimisiún Eorpach araon béim orthu ina mbarúlacha i scríbhinn, sa mhéid is go bhfuil sé d’oibleagáid ar an duine inchánach a bhailíonn agus a tharchuireann earra saor ó tháille taighde a dhéanamh chun stádas cánach fhaighteoir na n‑earraí sin a fhíorú.

46      Ar deireadh, is deimhin gur rialaigh an Chúirt, i mír 68 de bhreithiúnas an 16 Meán Fómhair 2020, Mitteldeutsche HartsteinIndustrie (C‑528/19, EU:C:2020:712), a bhí ag brath go háirithe ar Y, go leathnaíonn oibreacha, ar mhaithe le bardas, bóthar bardasach atá oscailte don phobal ach a úsáideann, le linn a ghníomhaíochta eacnamaíche, an duine inchánach a rinne na hoibreacha sin saor ó tháille, agus an pobal, nach idirbheart é nach mór a láimhseáil mar sholáthar earraí ar chomaoin de réir bhrí Airteagal 5(6) den Séú Treoir 77/388 (a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 16 den Treoir maidir le CBL).

47      Ar an gcéad dul síos, áfach, bhí tairbhe ag na hoibreacha sin don duine inchánach a rinne an diúscairt agus bhí nasc díreach agus láithreach acu lena ghníomhaíocht eacnamaíoch ina hiomláine agus, ar an dara dul síos, bhí costas na seirbhísí a fuarthas in aghaidh an tsrutha agus a bhain leis na hoibreacha sin mar chuid de na gnéithe de chostas na n‑idirbheart a rinne an duine inchánach sin. Ar an láimh eile, níl aon rud le tabhairt le fios gur bhain Y úsáid as an teas a bhailigh sé agus a rinne sé diúscairt air saor ó tháille freisin.

48      Ag féachaint do na breithnithe uile roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór an chéad mhír d’Airteagal 16 den Treoir maidir le CBL a léiriú sa chaoi gur ionann úsáid earra is cuid dá shóchmhainní gnó, ag duine inchánach, mar dhiúscairt saor ó tháille, de réir bhrí na forála sin, agus soláthar earraí arna ndéanamh ar chomaoin, maidir leis an teas a tháirgeann duine inchánach sin a dhiúscairt saor ó tháille chuig daoine inchánach eile chun críocha a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, gur cheart a chaitheamh leis mar sholáthar earraí ar chomaoin, agus níl sé ábhartha cibé acu a úsáideann nó nach n‑úsáideann na daoine inchánach eile sin an teas sin chun críocha a thugann ceart dóibh CBL a asbhaint.

 An dara agus an tríú ceist

49      Leis an dara agus an tríú ceist, ar cheart iad a scrúdú in éineacht lena chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 74 den Treoir maidir le CBL a léiriú sa chaoi go n‑áirítear leis an gcostasphraghas, de réir bhrí na forála sin, ní hamháin costais dhíreacha déantúsaíochta nó táirgthe ach costais atá inchurtha go hindíreach freisin, amhail caiteachas maoinithe, agus cé acu an gá nó nach gá ach na costais atá faoi réir CBL ar ionchur a áireamh i ríomh an phraghais sin.

50      De bhun Airteagal 74 den Treoir maidir le CBL, i gcás idirbhearta a bhaineann le húsáid nó cur i bhfeidhm ag duine inchánach d’earra is cuid dá shócmhainní gnó nó de shealbhú earraí ag duine inchánach nó ag a thairbhithe i gcás foirceannadh dá ghníomhaíocht eacnamaíoch inchánach, dá dtagraítear in Airteagail 16 agus 18, déantar an méid inchánach le praghas ceannaigh na n‑earraí nó earraí comhchosúla nó, in éagmais praghas ceannaigh, an costasphraghas, a chinnfear tráth an tsoláthair.

51      Ar an gcéad dul síos, ba cheart a mheabhrú gur luaigh an Chúirt cheana féin gurb ionann Airteagal 74 den Treoir maidir le CBL agus maolú ar an riail ghinearálta a leagtar síos in Airteagal 73 den Treoir sin (breithiúnas an 8 Bealtaine 2013, Marinov, C‑142/12, EU:C:2013:292, mír 31). Thairis sin, leanann sé go neamhdhébhríoch ó Airteagal 74 den Treoir maidir le CBL gurb é an ‘costasphraghas’ amháin an bonn cánach in éagmais phraghas ceannaigh na n‑earraí nó earraí comhchosúla (féach, chuige sin, maidir le hAirteagal 11A(1)(b) den Séú Treoir 77/388, a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 74 den Treoir maidir le CBL, breithiúnas an 28 Aibreán 2016, Het Oudeland Beheer, C‑128/14, EU:C:2016:306, mír 38).

52      Chuir an Chúirt in iúl freisin gur cheart ‘praghas ceannaigh arna chinneadh tráth an bhailithe’, de réir bhrí Airteagal 74 den Treoir maidir le CBL, a thuiscint mar luach iarmharach na n‑earraí tráth a mbailithe. Maidir le hidirbheart um leithdháileadh maoine dá dtagraítear san Airteagal sin freisin, dúirt an Chúirt gurb é an méid inchánach luach na n‑earraí atá i gceist arna chinneadh tráth an leithdháilte, a fhreagraíonn don phraghas ar an margadh le haghaidh earra comhchosúil trí ghlacadh na gcostas a bhaineann leis an earra sin a phróiseáil a chur san áireamh (breithiúnas an 8 Bealtaine 2013, Marinov, C‑142/12, EU:C:2013:292, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear).

53      Chuige sin, léirigh an chúirt a rinne an tarchur go raibh sé dodhéanta praghas ceannaigh a chinneadh sa chás seo, ós rud é nach bhfuil A agus B nasctha le líonra a ligfeadh dóibh teas a fháil ó thríú páirtithe ar tháille, agus is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé é sin a fhíorú.

54      Thug an Chúirt dá haire freisin, murab ionann agus critéar an chostaisphraghais, go gceadaítear leis an gcritéar maidir le praghas ceannaigh earraí comhchosúla don údarás cánach brath ar phraghsanna margaidh den chineál earraí lena mbaineann tráth a úsáideadh na hearraí i dtrácht, gan scrúdú mionsonraithe a dhéanamh ar na gnéithe luacha a raibh na praghsanna sin mar thoradh orthu (féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Aibreán 2015, Property Development Company, C‑16/14, EU:C:2015:265, mír 40).

55      Dá bhrí sin, is faoin údarás cánach atá sé an costas a chinneadh i bhfianaise na bhfachtóirí ábhartha go léir agus is faoin údarás cánach atá sé gnéithe an luacha a scrúdú go mion chun gur féidir an praghas sin a chinneadh ar an dáta a rinneadh an t‑idirbheart bailiúcháin.

56      Ina dhiaidh sin, maidir leis na tosca atá le cur san áireamh chun na críche sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach léir ar bhealach ar bith ó fhoclaíocht Airteagal 74 den Treoir maidir le CBL gur cheart an costasphraghas a bheith bunaithe ar chostais dhíreacha mhonaraíochta nó táirgthe amháin nó ar na costais ar ar gearradh CBL ar ionchur.

57      Ina theannta sin, ní chumhdaíonn Airteagal 79 den Treoir maidir le CBL, ina liostaítear na heilimintí nach mór a áireamh sa bhonn cánach, costais indíreacha amhail caiteachas maoinithe.

58      Ar deireadh, a mhéid is léir ón gcásdlí a luaitear i mír 51 den bhreithiúnas seo, is in éagmais praghas ceannaigh ar na hearraí nó ar earraí comhchosúla amháin atá sé gurb é an méid inchánach an costasphraghas, ní mór a choinneáil gur cheart an costasphraghas sin a bheith chomh gar agus is féidir don phraghas ceannaigh agus, dá bhrí sin, go n‑áireofaí leis costais dhíreacha táirgthe agus mhonaraíochta agus costais indíreacha amhail caiteachas maoinithe, cibé acu a bhí nó nach raibh na costais sin faoi réir CBL ar ionchur.

59      Ag féachaint do na breithnithe uile roimhe seo, is é an freagra ar an dara agus ar an tríú ceist nach mór Airteagal 74 den Treoir maidir le CBL a léiriú sa chaoi is go n‑áirítear leis an gcostasphraghas, de réir bhrí na forála sin, ní hamháin costais mhonaraíochta nó táirgthe dhíreacha ach costais atá inchurtha go hindíreach freisin, amhail caiteachas maoinithe, cibé acu an raibh nó nach raibh na costais sin faoi réir CBL ar ionchur.

 Costais

60      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé rialú a dhéanamh ar chostais. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Séú Dlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Maidir leis an gcéad mhír d’Airteagal 16 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

is ionann úsáid earra is cuid dá shóchmhainní gnó, ag duine inchánach, mar dhiúscairt saor ó tháille, de réir bhrí na forála sin, agus soláthar earraí arna ndéanamh ar chomaoin, maidir leis an teas a tháirgeann duine inchánach sin a dhiúscairt saor ó tháille chuig daoine inchánach eile chun críocha a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, gur cheart a chaitheamh leis mar sholáthar earraí ar chomaoin, agus níl sé ábhartha cibé acu a úsáideann nó nach núsáideann na daoine inchánach eile sin an teas sin chun críocha a thugann ceart dóibh CBL a asbhaint.

2.      Maidir le hAirteagal 74 de Threoir 2006/112,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

áirítear leis an gcostasphraghas, de réir bhrí na forála sin, ní hamháin costais mhonaraíochta nó táirgthe dhíreacha ach costais atá inchurtha go hindíreach freisin, amhail caiteachas maoinithe, cibé acu an raibh nó nach raibh na costais sin faoi réir CBL ar ionchur.


Sínithe


*      Teanga an cháis: an Ghearmáinis.