Eagrán sealadach
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Chéad Dlísheomra)
25 Aibreán 2024 (*)
(Mainneachtain stáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh – Airteagal 258 CFAE – Cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais – Treoir (AE) 2019/1937 – Mainneachtain maidir le trasuí agus le fógra a thabhairt faoi bhearta trasuí – Airteagal 260(3) CFAE – Iarratas go n‑ordófar íocaíocht chnapshuime agus íocaíocht phionósach laethúil – Critéir maidir le méid an phionóis a dheimhniú – Cur i bhfeidhm uathoibríoch chomhéifeacht déine – Cinneadh maidir le cumas íocaíochta an Bhallstáit – Critéar déimeagrafach)
I gCás C‑147/23,
CAINGEAN mar gheall ar mhainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 258 agus faoi Airteagal 260(3) CFAE, a tionscnaíodh an 10 Márta 2023,
An Coimisiún Eorpach, dá ndéanann J. Baquero Cruz agus M. Owsiany-Hornung, ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,
iarratasóir,
v
Poblacht na Polainne, dá ndéanann B. Majczyna, ionadaíocht i gcáil Gníomhairí,
cosantóir,
tugann AN CHÚIRT (an Chéad Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas A. Arabadjiev, Uachtarán an Dlísheomra, T. von Danwitz, P.G. Xuereb, A. Kumin agus I. Ziemele (Rapóirtéir), Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: N. Emiliou,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 14 Márta 2024,
an Breithiúnas seo a leanas
Breithiúnas
1 Trína iarratas, iarrann an Coimisiún Eorpach ar an gCúirt:
– a dhearbhú, ós rud é nár ghlac sí na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun a bheith i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais a chomhlíonadh (IO 2019 L 305, lch. 17) agus nár chuir sí na forálacha sin in iúl don Choimisiún, gur mhainnigh an Pholainn na hoibleagáidí atá uirthi de bhua Airteagail 26(1) agus (3) den treoir sin a chomhlíonadh;
– íocaíocht chnapshuime de cheann amháin den dá mhéid seo a leanas a fhorchur ar Phoblacht na Polainne, cibé acu is airde:
– méid comhréidh EUR 13 700 in aghaidh an lae arna iolrú faoi líon na laethanta idir an dáta tar éis dul in éag an spriocdháta chun Treoir 2019/1937 a leagtar amach ann a thrasuí agus an dáta a dtiocfaidh deireadh leis an sárú, nó, mura gcomhlíontar é, dáta seachadta an bhreithiúnais sa chás seo;
– íosmhéid cnapshuime de EUR 3 836 000;
– i gcás gur lean an sárú arna cinneadh sa chéad fhleasc go dtí an dáta a thugtar an breithiúnas sa chás seo, a ordú don Phoblacht na Polainne íocaíocht phionósach thréimhsiúil de EUR 53 430 a íoc in aghaidh gach lá moille ó dháta an bhreithiúnais sin go dtí an dáta ar a gcomhlíonann Poblacht na Polainne na hoibleagáidí atá uirthi faoi Threoir 2019/1937; agus
– a ordú do Phoblacht na Polainne na costais a íoc.
An dlí lena mbaineann
Treoir 2019/1937,
2 Foráiltear mar seo a leanas in aithris 1 de Threoir 2019/1937:
‘[…] is minic a chuirtear sceithirí féideartha óna gcuid ábhar imní nó óna gcuid amhrais a thuairisciú mar gheall ar eagla roimh fhrithbheart. Sa chomhthéacs sin, aithnítear níos mó anois ar leibhéal an Aontais [Eorpaigh] agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon a thábhachtaí atá sé cosaint chothromaithe éifeachtach a chur ar fáil do sceithirí.’
3 Foráiltear le hAirteagal 1 den treoir sin:
‘Is é is cuspóir don Treoir seo forfheidhmiú dhlí agus bheartais an Aontais a fheabhsú i réimsí sonracha trí íoschaighdeáin choiteanna a leagan síos lena bhforáiltear d’ardleibhéal cosanta do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais.’
4 Foráiltear le hAirteagal 26 de Threoir 2019/1937:
‘1. Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 17 Nollaig 2021.
[…]
3. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, beidh tagairt sna forálacha sin don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt mar sin a dhéanamh. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.’
Teachtaireacht 2023
5 I dTeachtaireacht 2023/C 2/01 ón gCoimisiún, dar teideal ‘Smachtbhannaí airgeadais le linn imeachtaí um shárú’ (IO 2023 C 2, lch. 1) (‘Teachtaireacht 2023’), cuimsítear i bpointe 3 agus i bpointe 4 di, faoi seach, an ‘íocaíocht phionósach’’ agus ‘íocaíocht chnapshuime’.
6 Sonraítear i bpointe 3 den teachtaireacht sin, sa dara mír de:
‘Ríomhtar méid na híocaíochta pionósaí laethúla mar seo a leanas:
– méid cothromráta a iolrú faoi chomhéifeacht don tromchúis agus ar chomhéifeacht don fhad,
– iolrú ar an toradh a fhaightear faoi mhéid arna shocrú ag an mBallstát (an fachtóir n), rud a léiríonn cumas íocaíochta an Bhallstáit lena mbaineann.’
7 Tá an méid seo a leanas i bpointe 3.2 de Theachtaireacht 2023, a bhaineann le cur i bhfeidhm na comhéifeachta maidir le tromchúis agus an íocaíocht phionóis laethúil á ríomh:
‘Meastar i gcónaí gur sárú tromchúiseach é sárú a bhaineann le neamhchomhlíonadh breithiúnais ag Ballstát nó lena mhainneachtain fógra a thabhairt maidir le bearta lena dtrasuítear treoir arna glacadh faoi nós imeachta reachtach. Chun méid an phionóis a chur in oiriúint d’imthosca sonracha an cháis, cinneann an Coimisiún an chomhéifeacht thromchúiseach ar bhonn dhá pharaiméadar: tábhacht rialacha an Aontais a sáraíodh nó nár trasuíodh agus éifeachtaí an tsáraithe ar leasanna ginearálta agus ar leasanna áirithe.
I bhfianaise na gcúinsí a forbraíodh thíos, cinntear tromchúis an tsáraithe le comhéifeacht arna socrú ag an gCoimisiún de idir 1 agus 20 ar a laghad.’
8 Sonraítear i bpointe 3.2.2 den teachtaireacht sin:
‘I gcás caingne a thionscnaítear faoi Airteagal 260(3) CFAE, déanann an Coimisiún comhéifeacht 10 maidir le tromchúis a chur i bhfeidhm go córasach i gcás mainneachtana iomláine bearta trasuite a fhógairt. In Aontas atá bunaithe ar an urraim don smacht reachta, ní mór na treoracha reachtacha uile a mheas ar bhonn na tábhachta céanna agus ní mór do na Ballstáit iad a thrasuí ina n‑iomláine laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos acu.
I gcás mainneachtain pháirteach bearta trasuite a fhógairt, tá tábhacht na bearna trasuite le cur san áireamh nuair a bheidh an chomhéifeacht don tromchúis níos ísle ná 10 á socrú. Ina theannta sin, féadfar éifeachtaí an tsáraithe ar leasanna ginearálta agus ar leasanna ar leith a chur san áireamh […]’
9 Faoi phointe 3.3 de Theachtaireacht 2023, dar teideal ‘Feidhm na comhéifeachta don fhad’:
‘[…]
Léirítear an chomhéifeacht don fhad mar iolraitheoir idir 1 agus 3. Ríomhtar é ag ráta 0,10 in aghaidh na míosa ó dháta an chéad bhreithiúnais nó ón lá tar éis an dáta a dtéann an treoir atá i gceist in éag.
[…]’
10 Foráiltear le pointe 3.4 den teachtaireacht sin, dar teideal ‘Cumas an Bhallstáit íocaíocht a dhéanamh’:
‘[…]
Beidh an leibhéal pionóis is gá chun fónamh mar dhíspreagadh éagsúil ag brath ar chumas na mBallstát íocaíocht a dhéanamh. Léirítear an éifeacht dhíspreagthach sin sa[n] fhachtóir n. Sainítear é mar mheán ualaithe geoiméadrach d’olltáirgeacht intíre (OTI) […] an Bhallstáit lena mbaineann i gcomparáid le meán OTInna na mBallstát, ag a bhfuil meáchan de 2, agus de dhaonra an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomparáid le meán daonra na mBallstát, ag a bhfuil meáchan de 1. Is ionann sin agus cumas an Bhallstáit íocaíocht a dhéanamh i ndáil le cumas na mBallstát eile íocaíocht a dhéanamh:...
[…]
Tá cinneadh glactha ag an gCoimisiún […] athbhreithniú a dhéanamh ar a mhodh chun an fachtóir n a ríomh, anois ag brath go príomha ar OTI na mBallstát agus, go cúlráideach ar a ndaonra mar chritéar déimeagrafach lenar féidir diall réasúnach a choinneáil idir na Ballstáit éagsúla. Agus daonra na mBallstát á chur san áireamh le haghaidh an tríú cuid de ríomh an fhachtóra, laghdaíonn sé go dtí leibhéal réasúnta an t‑athrú ar fhachtóirí n na mBallstát, i gcomparáid le ríomh atá bunaithe ar OTI na mBallstát, agus ar an méid sin amháin. Cuireann sé freisin gné den chobhsaíocht le ríomh an fachtóir n, ós rud é nach dócha go mbeidh an daonra éagsúil go suntasach ar bhonn bliantúil. I gcodarsnacht leis sin, d’fhéadfadh luaineachtaí bliantúla níos mó a bheith ag OTI Ballstáit, go háirithe i dtréimhsí géarchéime eacnamaíochta. Ag an am céanna, ós rud é gurb ionann OTI an Bhallstáit agus dhá thrian den ríomh i gcónaí, tá sé fós ina phríomhfhachtóir chun measúnú a dhéanamh ar chumas íocaíochta.’
[…]’
11 Leagtar amach i bpointe 4.2 de Theachtaireacht 2023 an modh ríofa don chnapshuim mar seo a leanas:
‘Ríomhtar an chnapshuim ar bhealach atá cosúil, a bheag nó a mhór, leis an modh chun an íocaíocht phionósach a ríomh, is é sin:
– méid cothromráta a iolrú faoi chomhéifeacht don tromchúis,
– an toradh a iolrú faoin bhfachtóir n,
– an toradh a iolrú faoi líon na laethanta a leantar den sárú […]
[…]’
12 Foráiltear i bpointe 4.2.1 den teachtaireacht sin:
‘Chun an chnapshuim a ríomh, tá an méid laethúil le hiolrú faoi líon na laethanta a leanann an sárú ar aghaidh. Sainmhínítear an méid seo a leanas mar a leanas:
[…]
– i gcás caingne a thionscnaítearfaoi Airteagal 260(3) CFAE, is é seo líon na laethanta idir an lá tar éis dul in éag an spriocdháta don trasuí a leagtar amach sa treoir atá i gceist agus an dáta a dtagann deireadh leis an sárú, nó, mura gcomhlíontar é, dáta seachadta an bhreithiúnais faoi Airteagal 260 CFAE.
[…]’
13 Faoi phointe 4.2.2 de Theachtaireacht 2023:
‘Chun an chnapshuim a ríomh, cuireann an Coimisiún an chomhéifeacht don tromchúis chéanna i bhfeidhm agus an fachtóir n seasta céanna agus a chuireann sé i bhfeidhm chun an íocaíocht phionósach a ríomh […]
Tá méid an chothromráta don chnapshuim níos ísle ná d’íocaíochtaí pionósacha. […]
Tá méid an chothromráta is infheidhme maidir leis an gcnapshuim leagtha amach i bpointe 2 den Iarscríbhinn I.
[…]’
14 Foráiltear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an teachtaireacht sin, dar teideal ‘Sonraí a úsáidtear chun smachtbhannaí airgeadais arna moladh don Chúirt a chinneadh’, go bhfuil méid comhréidh na híocaíochta pionósaí a luaitear i bpointe 3 den Teachtaireacht socraithe ag EUR 3 000 in aghaidh an lae, foráiltear i bpointe 2 di, go bhfuil méid comhréidh na híocaíochta cnapshuime a luaitear i bpointe 4.2.2 den Teachtaireacht socraithe ag EUR 1 000 in aghaidh an lae, is é sin aon trian den ráta comhréidh d’íocaíochtaí pionóis, agus, foráiltear i bpointe 3 di, gurb’ionann an fachtóir ‘n’ do Phoblacht na Polainne agus 1.37. Sonraítear i bpointe 5 den Iarscríbhinn I sin gurb ionann an chnapshuim íosta atá socraithe do Phoblacht na Polainne agus EUR 3 836 000.
An nós imeachta réamhdhlíthíochta
15 An 27 Eanáir 2022, sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig Poblacht na Polainne, inar líomhnaíodh gur theip uirthi na bearta a glacadh chun Treoir 2019/1937 a thrasuí a chur in iúl dó. Sa fhreagra uaithi an 23 Márta 2022, níor chuir Poblacht na Polainne in iúl ach go raibh bearta den sórt sin á nglacadh.
16 An 15 Iúil 2022, chuir an Coimisiún tuairim réasúnaithe faoi bhráid Poblacht na Polainne, inar iarr sé uirthi a oibleagáidí faoi Threoir 2019/1937 a chomhlíonadh laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fhógra na tuairime sin.
17 Sa fhreagra uaithi an 15 Meán Fómhair 2022, chuir Poblacht na Polainne in iúl go raibh gá le comhairliúcháin aireachta ghrinne maidir leis na saincheisteanna a chumhdaítear le Treoir 2019/1937, agus dá bhrí sin bhí an obair Pharlaiminte beartaithe a bheith críochnaithe ag deireadh 2022 agus bhí na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin chun comhlíonadh Threoir 2019/1937 a áirithiú, beartaithe a bheith foilsithe in Iris Oifigiúil na Polainne i mí Eanáir 2023. Le ríomhphost an 11 Eanáir 2023, mhínigh an Ballstát sin go raibh an foilsiú sin le déanamh i mí Lúnasa 2023.
18 Is sna himthosca sin a chinn an Coimisiún, an 15 Feabhra 2023, na himeachtaí seo a thionscnamh os comhair na Cúirte.
Mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 258 CFAE
Argóintí na bpáirtithe
19 Cuireann an Coimisiún in iúl, i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 288 CFAE, go gceanglaítear ar na Ballstáit na forálacha is gá a ghlacadh chun treoracha a thrasuí ina gcóras dlí náisiúnta, laistigh de na tréimhsí a leagtar síos sna treoracha sin, agus na forálacha sin a chur in iúl dó láithreach.
20 Míníonn an institiúid sin nach mór an cheist ar mhainnigh Ballstát na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh a chinneadh faoi threoir an staid atá i réim sa Bhallstát sin ag deireadh na tréimhse atá leagtha síos sa tuairim réasúnaithe a chuir an Coimisiún faoi bhráid an Bhallstáit sin.
21 Sa chás seo, theip ar Phoblacht na Polainne na forálacha sin a ghlacadh nó an Coimisiún a chur ar an eolas faoina nglacadh roimh dhul in éag don tréimhse a leagtar síos sa tuairim réasúnaithe an 15 Iúil 2022.
22 Cé go n‑admhaíonn sí gur theip uirthi na hoibleagáidí atá i gceist a chomhlíonadh, tugann Poblacht na Polainne údar leis an moill maidir le Treoir 2019/1937 a thrasuí ina dlíchóras náisiúnta, ar an gcéad dul síos, toisc gur gá na hoibreacha reachtacha a leathnú i bhfianaise a raon feidhme leathan den treoir sin. Chun na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a ghlacadh is gá chun an treoir a chomhlíonadh, bhí gá le comhairliúcháin leathana phoiblí arna ndéanamh ag an Aireacht Teaghlaigh agus Beartais Shóisialta. Ina theannta sin, rinneadh go leor leasuithe ar an dréacht‑dlí a bhí beartaithe chun Treoir 2019/1937 a thrasuí le linn na gcomhairliúchán idir-aireachta.
23 Ansin, cuireadh moill ar an nós imeachta um dhréachtú an dlí lena dtrasuítear Treoir 2019/1937 mar gheall ar dheacrachtaí a tharla de bharr na paindéime COVID-19, rud a chuir isteach ar eagrú na saothar reachtach.
24 Ar deireadh, de bharr an chogaidh san Úcráin agus an t‑insreabhadh de dhídeanaithe a tháinig as a shlógadh, baineadh úsáid shuntasach as acmhainní na hAireachta Teaghlaigh agus Beartais Shóisialta, an aireacht atá freagrach as an dlí sin a dhréachtú.
25 Sa fhreagra uaidh, sonraíonn an Coimisiún, ar dtús, go raibh reachtóir an Aontais den tuairim gur leor tréimhse dhá bhliain chun a chur ar chumas na mBallstát a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh i leith Treoir 2019/1937 a thrasuí. Ina theannta sin, baineann na deacrachtaí a d’agair Poblacht na Polainne le forálacha, le cleachtais nó le staideanna laistigh dá dlíchóras náisiúnta nach féidir, i gcomhréir le cásdlí socair, údar a thabhairt le moill maidir leis an treoir sin a thrasuí.
26 Ar an dara dul síos, ní fhéadfaidh na himthosca speisialta a bhaineann leis an bpaindéim COVID-19 agus an cogadh san Úcráin a bheith ábhartha chun údar a thabhairt do mhoill den sórt sin ach amháin má fhoráiltear i ngníomh an Aontais lena mbaineann go bhféadfaí maoluithe nó eisceachtaí a dhéanamh in imthosca den sórt sin nó má tá na critéir le haghaidh staide de force majeure á gcomhlíonadh, rud nach amhlaidh atá anseo. Ina theannta sin, is féidir leis na Ballstáit force majeure a phléadáil ach amháin ar feadh na tréimhse is gá chun na constaicí a eascraíonn as an staid atá i gceist a shárú; ní fhéadfaidh an tréimhse sin a bheith níos faide ná dhá bhliain. Tionscnaíodh na himeachtaí seo breis agus trí mhí dhéag tar éis don spriocdháta de dhá bhliain le haghaidh trasuímh dá bhforáiltear i dTreoir 2019/1937 dul in éag. Ar deireadh, thosaigh an dara hionradh ar an Úcráin ag Cónaidhm na Rúise an 24 Feabhra 2022, is é sin le rá, tar éis don spriocdháta sin dul in éag.
Measúnú na Cúirte
27 Faoi Airteagal 26(1) de Threoir 2019/1937, bhí ar na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an treoir sin a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 17 Nollaig 2021. Ina theannta sin, de bhun Airteagal 26(3) den treoir sin, bhí sé de dhualgas ar na Ballstáit téacs na bhforálacha sin a chur in iúl don Choimisiún.
28 De réir chásdlí socair na Cúirte, ní mór an cheist ar mhainnigh Ballstát a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh a chinneadh faoi threoir an staid atá i réim sa Bhallstát sin ag deireadh na tréimhse atá leagtha síos i dtuairim réasúnaithe an Choimisiúin, agus níl an cumas ag an gCúirt aon athruithe ina dhiaidh sin a chur san áireamh (breithiúnais an 25 Feabhra 2021, an Coimisiún v an Spáinn (an Treoir maidir le Sonraí Pearsanta – Dlí Coiriúil), C‑658/19, EU:C:2021:138, mír 15, agus an 29 Feabhra 2024, an Coimisiún v Éire (Seirbhísí meán closamhairc), C‑679/22, EU:C:2024:178, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear).
29 Anseo, deonaíodh tréimhse dhá mhí, sa tuairim réasúnaithe dar dáta an 15 Iúil 2022, do Phoblacht na Polainne chun go gcomhlíonfadh sí a hoibleagáidí arna leagan amach sa tuairim sin.
30 Mar is léir ón gcosaint agus ón athfhreagra a thaisc Poblacht na Polainne sna himeachtaí seo, áfach, ar dhul in éag na tréimhse a leagtar síos i dtuairim réasúnaithe an 15 Iúil 2022, ní raibh na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Treoir 2019/1937 a chomhlíonadh glactha ag Poblacht na Polainne agus, dá bhrí sin, níor chuir an Ballstát sin na forálacha sin in iúl don Choimisiún ar dhul in éag na tréimhse sin.
31 Mar sin féin, mar a shonraítear i míreanna 22 go 24 thuas, de réir Phoblacht na Polainne, tugann roinnt imthosca údar leis an mainneachtain an spriocdháta chun an treoir sin a thrasuí a chomhlíonadh.
32 Ar an gcéad dul síos, díríonn an Ballstát sin ar leathnú na n‑oibreacha reachtacha i bhfianaise raon feidhme leathan na treorach.
33 Chuige sin, ba cheart a mheabhrú, de réir chásdlí socair na Cúirte, nach féidir le Ballstát forálacha, cleachtais ná cásanna atá i réim ina dhlíchóras intíre a phléadáil chun údar a thabhairt do mhainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh a eascraíonn faoi dhlí an Aontais, amhail mainneachtain treoir a thrasuí laistigh den tréimhse fhorordaithe (breithiúnas an 25 Feabhra 2021, an Coimisiún v an Spáinn (an Treoir maidir le Sonraí Pearsanta – Dlí Coiriúil), C‑658/19, EU:C:2021:138, mír 19 agus an cásdlí dá dtagraítear).
34 Ina theannta sin, faoi Airteagal 26(1) de Threoir 2019/1937, bhí reachtóir an Aontais den tuairim gur leor spriocdháta dhá bhliain le haghaidh trasuímh chun cur ar chumas na mBallstát a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh.
35 Ar an dara dul síos, áitíonn Poblacht na Polainne gur cuireadh moill ar an nós imeachta trasuite don treoir sin mar gheall ar dheacrachtaí a tharla de bharr na paindéime COVID-19 agus an t‑insreabhadh de dhídeanaithe mar thoradh ar an ionsaí in aghaidh na hÚcráine.
36 Mar sin féin, ar dtús, ag glacadh leis go bhfuil Poblacht na Polainne den tuairim gurb ionann na deacrachtaí eagraíochtúla a bhaineann leis an bpaindéim COVID-19 agus leis an insreabhadh de dhídeanaithe mar thoradh ar an ionsaí in aghaidh na hÚcráine agus cás de force majeure trínar chuir cosc uirthi Treoir 2019/1937 a thrasuí laistigh den tréimhse fhorordaithe, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go luann an Ballstát sin na teagmhais sin chun údar a thabhairt don mhoill ar an treoir sin a thrasuí den chéad uair ag an gcéim freagartha. Ina dhiaidh sin, i gcomhréir le cásdlí socair, cé nach bhfuil an coincheap force majeure bunaithe ar dhodhéantacht iomlán, tá gá mar sin féin leis an mainneachtain atá i gceist a bheith inchurtha i leith imthosca nach bhfuil smacht ag an bpáirtí atá ag éileamh force majeure, atá neamhghnách agus nach féidir a thuar agus nach bhféadfaí a n‑iarmhairtí a sheachaint in ainneoin gach díchill chuí a fheidhmiú, agus ní fhéadfar staid de force majeure a phléadáil ach amháin ar feadh na tréimhse is gá chun na deacrachtaí sin a réiteach (breithiúnas an 8 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an tSlóvaic (Ceart foirceanta gan táillí), C‑540/21, EU:C:2023:450, mír 81). Cé gur cúinsí nach bhfuil smacht ag Poblacht na Polainne orthu iad géarchéim sláinte ar scála amhail an phaindéim COVID-19 agus insreabhadh de dhídeanaithe mar thoradh ar an ionsaí in aghaidh na hÚcráine, atá neamhghnách agus nach féidir a thuar, tá an fíoras fós ann go raibh sé de dhualgas ar an mBallstát sin gníomhú le gach dícheall cuí tríd an gCoimisiún a chur ar an eolas in am trátha faoi na deacrachtaí a bhí aige, ar a laghad roimh dhul in éag don tréimhse a leagtar síos sa tuairim réasúnaithe an 15 Iúil 2022. Ar deireadh, tá sé suite nach ndearna Poblacht na Polainne dul chun cinn fós maidir le Treoir 2019/1937 a thrasuí ag deireadh na coda i scríbhinn den nós imeachta seo, is é sin le rá, beagnach bliain tar éis don tréimhse atá leagtha síos sa tuairim réasúnaithe an 15 Iúil 2022 dul in éag agus níos mó ná bliain go leith tar éis don spriocdháta dá bhforáiltear in Airteagal 26(1) den treoir sin dul in éag.
37 Sna himthosca sin, ní féidir údar a thabhairt don mhainneachtain atá i gceist mar gheall ar phaindéim a tharla i rith 2020 nó de bharr na ndeacrachtaí a bhí ag an mBallstát sin mar gheall ar an ionsaí in aghaidh na hÚcráine, imthosca ar thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara go bunúsach, i míreanna 45 agus 48 dá Thuairim, nach raibh ach tionchar indíreach acu ar an bpróiseas chun an treoir a thrasuí.
38 Dá réir sin, ní féidir le Poblacht na Polainne brath go héifeachtach ar na himthosca sin chun údar a thabhairt don mhainneachtain Treoir 2019/1937 a thrasuí laistigh den tréimhse fhorordaithe. Ní mór a chinneadh, dá bhrí sin, toisc nár ghlac sí, ar dhul in éag na tréimhse a fhorordaítear i dtuairim réasúnaithe an 15 Iúil 2022, na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Treoir 2019/1937 a chomhlíonadh agus, toisc nár thug sí fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún, gur mhainnigh Poblacht na Polainne a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 26(1) agus (3) den Treoir sin a chomhlíonadh;
Na pionóis airgeadais faoi Airteagal 260(3) CFAE
Argóintí na bpáirtithe
39 Ag glacadh leis go raibh mainneachtain líomhainte Phoblacht na Polainne maidir le hoibleagáidí a chomhlíonadh fós ann nuair a thionscain an Coimisiún an chaingean seo os comhair na Cúirte, tá sé molta ag an gCoimisiún, ar bhonn Airteagal 260(3) CFAE, cnapshuim agus íocaíocht phionós laethúil araon a fhorchur ar an mBallstát sin.
40 D’fhonn méideanna na bpionós airgeadais sin a shocrú, glacann an Coimisiún an bonn maidir leis na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear i bpointe 2 de Theachtaireacht 2023 agus maidir leis an modh ríofa a leagtar amach i bpointe 3 agus i bpointe 4 den teachtaireacht sin. Go háirithe, sonraíonn an institiúid sin nach mór na pionóis sin a chinneadh ar bhonn na gcritéar bunúsach seo a leanas: tromchúis an tsáraithe, fad an tsáraithe agus an gá atá lena áirithiú go bhfuil éifeacht dhíspreagthach ag an bpionós ionas nach dtarlóidh sáruithe arís.
41 I leith, sa chéad áit, tromchúis an tsáraithe, cuireann an Coimisiún in iúl go bhfuil an chomhéifeacht is infheidhme faoi Theachtaireacht 2023 idir 1 ar a laghad agus 20 ar a mhéad. Míníonn an institiúid sin, i gcomhréir le pointe 3.2.2 den teachtaireacht sin, go gcuireann sí i bhfeidhm go córasach comhéifeacht 10 maidir le tromchúis i gcás mainneachtain iomlán fógra a thabhairt faoi bhearta trasuite le haghaidh treorach, toisc go bhfuil aon mhainneachtain treoir a thrasuí nó fógra a thabhairt faoi na bearta sin chomh tromchúiseach, beag beann ar chineál fhorálacha na treorach lena mbaineann. Áirithítear le cur i bhfeidhm uathoibríoch den sórt sin go ráthaítear comhionannas i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) CAE.
42 Sa dara háit, maidir le fad an tsáraithe, tugann an Coimisiún dá aire, de bhun phointe 3.3 de Theachtaireacht 2023, go sloinntear an chomhéifeacht ar feadh ré mar iolraitheoir idir 1 agus 3 agus go ríomhtar í ag ráta 0.10 in aghaidh na míosa ón lá tar éis dul in éag an spriocdháta chun an treoir i dtrácht a thrasuí go dtí go gcinnfidh an Coimisiún an t‑ábhar a tharchur chuig an gCúirt. Ós rud é, sa chás seo, gur 13 mhí í an tréimhse sin, is é 1.3 an chomhéifeacht ar feadh ré a bheidh le cur i bhfeidhm.
43 Maidir leis an gcritéar, sa tríú háit, a bhaineann leis an ngá atá lena áirithiú go bhfuil éifeacht dhíspreagthach ag an bpionós agus cumas íocaíochta an Bhallstáit lena mbaineann á cur san áireamh, sloinntear an critéar sin leis an bhfachtóir ‘n’ a shocraítear do gach Ballstát i bpointe 3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Teachtaireacht 2023. Ríomhtar é ar bhonn an chóimheasa idir OTI an Stáit lena mbaineann agus meán‑OTI náisiúnta an Aontais Eorpaigh arna iolrú faoin gcóimheas idir daonra an Stáit sin agus meándaonra náisiúnta an Aontais Eorpaigh. Tugtar ualúchán dhá thrian don chéad chóimheas, ach tugtar ualúchán aon trian don dara cóimheas. Is é an toradh deiridh ná go bhfuil fachtóir ‘n’ de 1.37 ag Poblacht na Polainne. De réir an Choimisiúin, trí dhaonra an Bhallstáit lena mbaineann a chur san áireamh mar chritéar tánaisteach agus an fachtóir sin á chinneadh, féadfar diall réasúnach san fhachtóir ‘n’ idir na Ballstáit a choinneáil agus méid cobhsaíochta sa chomhéifeacht sin a ráthú, de réir chásdlí na Cúirte. Ina theannta sin, ós rud é go ndéantar na sonraí a úsáideann an Coimisiún a nuashonrú go bliantúil, tugtar aird chuí ar luaineachtaí OTI an Bhallstáit lena mbaineann.
44 Dá bhrí sin, ar dtús, maidir le méid na cnapshuime a ríomh, molann an Coimisiún, de bhun phointe 4.2 de Theachtaireacht 2023, go n‑úsáidfí comhéifeacht 10 maidir le tromchúis agus go gcuirfí fachtóir ‘n’ 1.37 i bhfeidhm. Ba cheart toradh an dá ghné sin a iolrú faoi mhéid comhréidh na cnapshuime a shocraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an teachtaireacht sin, is é sin le rá, EUR 1 000, arb ionann é agus suim EUR 13 700, atá le hiolrú faoi líon na laethanta ar mhair an sárú, i gcomhréir le pointe 4.2.1 den Teachtaireacht. Sonraíonn an Coimisiún nach mór íocaíocht na cnapshuime sin a fhorchur, ar choinníoll go bhfuil sé níos mó ná EUR 3 836 000, arb í an chnapshuim íosta atá socraithe do Phoblacht na Polainne faoi phointe 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Teachtaireacht 2023.
45 Ar an dara dul síos, maidir le méid na híocaíochta pionósaí a shocrú, molann an Coimisiún go ndéanfar méid comhréidh na híocaíochta pionósaí a shocraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Teachtaireacht 2023, arb ionann é agus EUR 3 000 in aghaidh an lae, a iolrú faoin gcomhéifeacht 10 maidir le tromchúis, an chomhéifeacht 1.3 ar feadh ré agus an fachtóir ‘n’ de 1.37, arb ionann é agus íocaíocht phionósach de mhéid EUR 53 430 in aghaidh an lae.
46 Ar deireadh, molann an Coimisiún go mbreathnófar ar dháta seachadta an bhreithiúnais atá le teacht sa chás seo mar an dáta a dtiocfaidh an oibleagáid íocaíochta i bhfeidhm.
47 Tá Poblacht na Polainne den tuairim go bhfuil méideanna na híocaíochta pionósaí agus na cnapshuime atá molta ag an gCoimisiún iomarcach agus díréireach.
48 Ar an gcéad dul síos, tugann an Ballstát sin faoi deara go seachnaítear aon bhreithniú a dhéanamh i ndáil le himthosca sonracha an phróisis reachtaigh agus le staid an dul chun cinn sa reachtaíocht náisiúnta trí chomhéifeacht 10 maidir le tromchúis a chur i bhfeidhm go córasach i gcás mainneachtana iomláine fógra a thabhairt faoi na bearta lena dtrasuítear treoir. Anseo, léirítear forálacha éagsúla Threoir 2019/1937 i rialacha atá i bhfeidhm sa reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana ar cheart, cé nár tugadh fógra dóibh amhlaidh don Choimisiún, a chur san áireamh chun an chomhéifeacht maidir le tromchúis a chinneadh. Ar dtús báire, tá foráil i gCód Saothair na Polainne lena gcuirtear Airteagal 19 de Threoir 2019/1937 i bhfeidhm. Ina dhiaidh sin, foráiltear i gCód Nós Imeachta Riaracháin na Polainne go gcruthófar bealaí chun sáruithe an dlí a thuairisciú agus chun na daoine a thuairiscíonn sáruithe den sórt sin a chosaint. Ar deireadh, ceanglaítear le dlí baincéireachta na Polainne ar bhainc córais bhainistíochta agus athbhreithnithe inmheánaigh a bhunú lena gceadaítear sáruithe an dlí a thuairisciú agus lena ráthaítear cosaint na ndaoine a thuairiscíonn na sáruithe sin.
49 Ina theannta sin, trí chomhéifeacht maidir le tromchúis a shocrú go huathoibríoch cuirtear cosc ar na gnéithe sin den reachtaíocht náisiúnta a chur san áireamh chomh maith le cosc a chur ar na hiarmhairtí sonracha atá ag an mainneachtain arna suíomh ar leasanna príobháideacha agus poiblí a chur san áireamh.
50 Ina theannta sin, cuireann Poblacht na Polainne in iúl gur chomhoibrigh sí leis an gCoimisiún ar feadh an nós imeachta réamhdhlíthíochta, agus dá bhrí sin ba cheart go gciallódh an méid sin, ina tuairim, go ndéanfar an chomhéifeacht maidir le tromchúis a laghdú.
51 Ar an dara dul síos, trí chritéar déimeagrafach a chur san áireamh sa mhodh chun an fachtóir ‘n’ a ríomh, ciallaíonn sé sin nach léiríonn an pionós airgeadais acmhainn airgeadais iarbhír an Bhallstáit lena mbaineann; tá sé seo contrártha le cásdlí na Cúirte. Ina cás ar leith, sonraíonn Poblacht na Polainne, trí chritéar déimeagrafach den sórt sin a chur i bhfeidhm, go méadaítear an fachtóir ‘n’ gan údar leis.
52 Ar aon chuma, tá Poblacht na Polainne den tuairim gur cheart méideanna na bpionós airgeadais atá á lorg ag an gCoimisiún a athbhreithniú mar gheall ar laghdú suntasach ar luas an fháis eacnamaíoch agus ardleibhéal boilscithe le linn 2023 sa Bhallstát sin.
53 Sa fhreagra uaidh, áitíonn an Coimisiún, maidir leis an bhfachtóir tromchúise, ar an gcéad dul síos, dá gcinnfeadh an Chúirt an tábhacht a bhaineann le forálacha dhlí an Aontais a chur san áireamh, mar a áitíonn Poblacht na Polainne go bunúsach, chiallódh sé sin go gcaithfí an fachtóir sin a mhéadú toisc go bhfuil Treoir 2019/1937 thar a bheith tábhachtach don leas ginearálta agus do leasanna príobháideacha araon. Ina dhiaidh sin, tá na forálacha náisiúnta atá luaite ag an mBallstát sin neamhábhartha i gcomhthéacs an fachtóir tromchúise a chinneadh ós rud é nár cuireadh in iúl don Choimisiún iad mar bhearta lena dtrasuítear an treoir sin. Ar deireadh, tá an dualgas comhair dhílis arna agairt ag an mBallstát sin neamhábhartha i gcás mainneachtana iomláine fógra a thabhairt faoi na bearta lena dtrasuítear treoir agus, ar aon chuma, ní féidir gur imthosc maolaitheach é comhar de mheon macánta leis an gCoimisiún ós rud é gur oibleagáid é faoi Airteagal 4(3) CAE.
54 Ina athfhreagra, áitíonn Poblacht na Polainne, agus an chomhéifeacht maidir le tromchúis á socrú aici, nach féidir leis an gCoimisiún neamhaird a dhéanamh ar an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme toisc nár cuireadh an reachtaíocht sin in iúl dó agus chuige sin amháin. Ina theannta sin, tá an dréacht‑dlí maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais imithe trí chéimeanna leanúnacha an phróisis reachtaigh.
Measúnú na Cúirte
Cur i bhfeidhm Airteagal 260(3) CFAE
55 Foráiltear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 260(3) den CFAE, nuair a thabharfaidh an Coimisiún cás os comhair na Cúirte de bhun Airteagal 258 CFAE ar an bhforas gur mhainnigh an Ballstát i dtrácht a oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le bearta a chur in iúl lena ndéantar treoir a glacadh i gcomhréir le nós imeachta reachtach a thrasuí, féadfaidh an institiúid sin, nuair is iomchuí leis, méid na cnapshuime nó na híocaíochta pionósaí a shonrú a bheidh le híoc ag an mBallstát i dtrácht a mheasfaidh sé is iomchuí sna himthosca. I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 260(3) CFAE, má chinneann an Chúirt go bhfuil mainneachtain ann oibleagáidí a chomhlíonadh féadfaidh sí cnapshuim nó íocaíocht phionósach a fhorchur ar an mBallstát i dtrácht nach mó ná an méid a shonróidh an Coimisiún, agus tiocfaidh an oibleagáid íocaíochta i bhfeidhm ar an dáta arna shocrú ag an gCúirt ina breithiúnas.
56 Ós rud é, mar is léir ó mhír 38 thuas, go suitear, ar dhul in éag don tréimhse a leagtar síos sa tuairim réasúnaithe an 15 Iúil 2022, nach raibh na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun na forálacha de Threoir 2019/1937 a thrasuí ina dlí náisiúnta, glactha ag Poblacht na Polainne ná, dá bhrí sin, curtha in iúl don Choimisiún aici, tagann an mhainneachtain a shuitear amhlaidh faoi raon feidhme Airteagal 260(3) CFAE.
57 Ina theannta sin, ba cheart a mheabhrú nach é an cuspóir amháin atá á shaothrú ag tabhairt isteach an chórais atá leagtha amach in Airteagal 260(3) CFAE na Ballstáit a spreagadh deireadh a chur a luaithe is féidir le sárú oibleagáidí a d’fhéadfadh maireachtáil in éagmais beart den sórt sin, ach freisin go ndéanfadh sé an nós imeachta a shimpliú agus a bhrostú chun pionóis airgeadais a fhorchur mar gheall ar mhainneachtain an oibleagáid a chomhlíonadh fógra a thabhairt faoi bheart náisiúnta lena dtrasuítear treoir arna ghlacadh trí nós imeachta reachtach (breithiúnas an 29 Feabhra 2024, an Coimisiún v Éire (Seirbhísí meán closamhairc), C‑679/22, EU:C:2024:178, mír 68 agus an cásdlí dá dtagraítear).
58 D’fhonn an cuspóir sin a bhaint amach, déantar foráil in Airteagal 260(3) CFAE maidir le dhá chineál pionóis airgeadais a fhorchur: cnapshuim agus íocaíocht phionósach laethúil.
59 Cé gur cosúil go n‑oireann íocaíocht phionósach laethúil a fhorchur go háirithe chun Ballstát a spreagadh deireadh a chur chomh luath agus is féidir le sárú oibleagáidí, tá an forchur de chnapshuim bunaithe níos mó ar mheasúnú a dhéanamh ar na hiarmhairtí ar leasanna poiblí agus príobháideacha an Aontais Eorpaigh atá ag mainneachtain an Bhallstáit lena mbaineann a oibleagáidí a chomhlíonadh, go háirithe i gcás go leantar den sárú ar feadh tréimhse fada (breithiúnas an 29 Feabhra 2024, an Coimisiún v Éire (Seirbhísí meán closamhairc), C‑679/22, EU:C:2024:178, mír 70 agus an cásdlí dá dtagraítear).
60 Chuige sin, sonraíonn an Coimisiún cúiseanna le cineál agus méid an phionóis airgeadais atá á lorg, ag cur san áireamh na treoirlínte atá glactha aige, amhail na treoirlínte sin ina chuid teachtaireachtaí a rannchuidíonn, cé nach bhfuil siad ina gceangal ar an gCúirt, lena áirithiú go mbeidh an chaingean arna tionscnamh ag an gCoimisiún trédhearcach, intuartha agus comhsheasmhach le deimhneacht dhlíthiúil (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Eanáir 2021, an Coimisiún v an tSlóivéin (MiFID II), C‑628/18, EU:C:2021:1, mír 50).
61 Sa chás seo, bhí an Coimisiún ag brath ar Theachtaireacht 2023 chun údar a thabhairt d’ordú a thabhairt do Phoblacht na Polainne íocaíocht phionósach laethúil agus cnapshuim a íoc, agus méideanna na n‑íocaíochtaí sin a shocrú.
An iomchuí na pionóis airgeadais a fhorchur mar atá molta ag an gCoimisiún
62 Is cásdlí socair gur faoin gCúirt, i bhfianaise imthosca an cháis atá os a comhair agus de réir an mhéid áitithe agus díspreagtha a fheictear dó a bheith riachtanach, d’fhonn a mheas an bhfuil sé oiriúnach pionós airgeadais a fhorchur, i ngach cás, na pionóis airgeadais is iomchuí a chinneadh, go háirithe, chun cosc a chur ar sháruithe comhchosúla ar dhlí an Aontais tarlú arís (breithiúnais an 13 Eanáir 2021, an Coimisiún v an tSlóivéin (MiFID II), C‑628/18, EU:C:2021:1, mír 71, agus an 29 Feabhra 2024, an Coimisiún v Éire (Seirbhísí meán closamhairc), C‑679/22, EU:C:2024:178, mír 72).
63 Ar an gcéad dul síos, maidir le híocaíocht cnapshuime a fhorchur, ní mór a shuíomh, d’ainneoin gur chomhoibrigh Poblacht na Polainne le seirbhísí an Choimisiúin ar feadh an nós imeachta réamhdhlíthíochta agus gur choinnigh sí ar an eolas iad faoi na deacrachtaí a bhí ag an mBallstát sin chun a áirithiú go ndéanfar Treoir 2019/1937 a thrasuí sa dlí náisiúnta, tugtar le fios leis na himthosca dlíthiúla agus fíorasacha go léir as a dtagann sárú na n‑oibleagáidí arna suíomh – is é sin, nach raibh fógra tugtha faoi aon dlíthe, rialacháin ná forálacha riaracháin riachtanach chun an treoir sin a thrasuí ag deireadh na tréimhse a leagtar síos sa tuairim réasúnaithe an 15 Iúil 2022 nó fiú nuair a scrúdaigh an Chúirt na fíorais – má táthar chun cosc a chur go héifeachtach ar atarlú de sháruithe comhchosúla ar dhlí an Aontais sa todhchaí, ní mór beart athchomhairleach a ghlacadh, amhail íocaíocht cnapshuime (féach, de réir analaí, breithiúnais an 25 Feabhra 2021, an Coimisiún v an Spáinn (an Treoir maidir le Sonraí Pearsanta – Dlí Coiriúil), C‑658/19, EU:C:2021:138, mír 70, agus an 29 Feabhra 2024, an Coimisiún v Éire (Seirbhísí meán closamhairc), C‑679/22, EU:C:2024:178, mír 73).
64 Ar an dara dul síos, maidir le híocaíocht phionósach a fhorchur, níl gá le pionós den sórt sin, i bprionsabal, ach amháin má leantar den mhainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh suas go dtí an tráth a scrúdóidh an Chúirt na fíorais, nach mór a mheas a bheith déanta ar an dáta ar thabhairt chun críche na n‑imeachtaí (breithiúnas an 29 Feabhra 2024, an Coimisiún v Éire (Seirbhísí meán closamhairc), C‑679/22, EU:C:2024:178, mír 89). Ní mór a chur in iúl i gcás ar nós an cháis seo, nár tionóladh aon éisteacht ann, gurb é an dáta atá le cur san áireamh chuige sin ná deireadh na céime i scríbhinn den nós imeachta.
65 Níl sé ina ábhar díospóide sa chás seo, ar dháta deiridh na céime i scríbhinn den nós imeachta os comhair na Cúirte, is é sin, an 9 Lúnasa 2023, nár ghlac Poblacht na Polainne na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Treoir 2019/1937 a thrasuí ina dlí náisiúnta, ná, dá bhrí sin, nár thug sí fógra fúthu. Dá réir sin, ní mór a chinneadh gur lean an Ballstát sin lena mhainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh go dtí an tráth a scrúdaigh an Chúirt na fíorais.
66 Measann an Chúirt, dá bhrí sin, gur modh airgeadais iomchuí é íocaíocht phionósach laethúil a fhorchur ar Phoblacht na Polainne, mar atá á lorg ag an gCoimisiún, lena áirithiú go gcuirfidh an Ballstát sin deireadh pras leis an mainneachtain arna suíomh agus go gcomhlíonann sé a oibleagáidí faoi Threoir 2019/1937. Os a choinne sin, ós rud é nach féidir a chur as an áireamh, ar dháta a dtabharfaidh an breithiúnas sa chás seo, go mbeidh an treoir sin trasuite ina hiomláine, is iomchuí íocaíocht phionósach a fhorchur ach amháin a mhéid a leanann den mhainneachtain amhail an dáta a dtabharfaidh an breithiúnas sin (féach, de réir analaí, breithiúnais an 25 Feabhra 2021, an Coimisiún v an Spáinn (an Treoir maidir le Sonraí Pearsanta – Dlí Coiriúil), C‑658/19, EU:C:2021:138, mír 61, agus an 29 Feabhra 2024, an Coimisiún v Éire (Seirbhísí meán closamhairc), C‑679/22, EU:C:2024:178, mír 91).
Méid na bpionós airgeadais
– An modh chun méid na bpionós airgeadais a chinneadh
67 Faoi Airteagal 260(3) CFAE, níl an chumhacht pionós airgeadais a fhorchur ar Bhallstát ach ag an gCúirt amháin. Mar sin féin, i gcomhthéacs imeachtaí arna dtionscnamh ar bhonn na forála sin, níl ach cumhacht theoranta ag an gCúirt measúnú a dhéanamh, ós rud é, i gcás ina gcinnfidh sí go bhfuil mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh, go bhfuil tograí an Choimisiúin ina gceangal uirthi maidir leis an gcineál pionóis airgeadais a fhéadfaidh an Chúirt a fhorchur agus uasmhéid an phionóis a fhéadfaidh sí a shocrú (breithiúnas an 13 Eanáir 2021, an Coimisiún v an tSlóivéin (MiFID II), C‑628/18, EU:C:2021:1, míreanna 49 agus 51).
68 Le linn di a lánrogha a fheidhmiú san ábhar, arna theorannú i dtograí an Choimisiúin, is faoin gCúirt atá sé, mar a mheabhraítear i mír 62 thuas, méid na bpionós airgeadais a fhorchuirtear ar Bhallstát de bhun Airteagal 260(3) CFAE a shocrú, i méid is iomchuí do na himthosca agus atá comhréireach leis an mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh. Áirítear ar na breithnithe ábhartha ina leith sin fachtóirí amhail tromchúis an mhainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh, an fad ama a mhair an mhainneachtain agus cumas an Bhallstáit ábhartha íocaíocht a dhéanamh (breithiúnais an 13 Eanáir 2021, an Coimisiún v an tSlóivéin (MiFID II), C‑628/18, EU:C:2021:1, mír 74, agus an 29 Feabhra 2024, an Coimisiún v Éire (Seirbhísí meán closamhairc), C‑679/22, EU:C:2024:178, míreanna 74 agus 93).
69 É sin ráite, ba cheart a mheabhrú ar bhealach comhchosúil, i gcomhthéacs na lánrogha sin, nach bhfuil treoirlínte ar nós na cinn sin i dteachtaireachtaí ón gCoimisiún, ina leagtar amach athróga matamaitice amhail rialacha táscacha, ina gceangal ar an gCúirt ach go gcuidíonn siad lena chinntiú go bhfuil gníomhartha dílse an Choimisiúin trédhearcach, intuartha agus comhsheasmhach le deimhneacht dhlíthiúil nuair a chuireann an institiúid sin tograí faoi bhráid na Cúirte (féach, chuige sin, breithiúnais an 11 Nollaig 2012, an Coimisiún v an Spáinn, C‑610/10, EU:C:2012:781, mír 116, agus an 20 Eanáir 2022, an Coimisiún v an Ghréig (Aisghabháil Státchabhrach – Ferronickel), C‑51/20, EU:C:2022:36, míreanna 95 agus 110).
70 Ar an gcéad dul síos, maidir le tromchúis na mainneachtana na hoibleagáidí arna mbunú a chomhlíonadh, leanann sé ó phointe 3.2 de Theachtaireacht 2023, de réir an Choimisiúin, go meastar i gcónaí gur mainneachtain thromchúiseach i gcónaí í an mhainneachtain fógra a thabhairt faoi na bearta lena dtrasuítear treoir arna ghlacadh faoi nós imeachta reachtach. Dá réir sin, leis an mainneachtain sin, tugtar údar le cur i bhfeidhm uathoibríoch de chomhéifeacht 10 maidir le tromchúis.
71 Cuireann Poblacht na Polainne i gcoinne leibhéal na comhéifeachta sin agus nádúr uathoibríoch a cur i bhfeidhm i gcúinsí na mainneachtana a shuitear.
72 Chuige sin, ba cheart a mheabhrú gur oibleagáidí bunúsacha ar na Ballstáit í an oibleagáid bearta a ghlacadh chun a áirithiú go ndéantar treoir a thrasuí ina hiomláine agus an oibleagáid fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na bearta sin, d’fhonn éifeachtacht optamach dhlí an Aontais a áirithiú agus ní mór, dá bhrí sin, a mheas go bhfuil an mhainneachtain sin na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh tromchúiseach go deimhin (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Feabhra 2024, an Coimisiún v Éire (Seirbhísí meán closamhairc), C‑679/22, EU:C:2024:178, mír 75 agus an cásdlí dá dtagraítear).
73 Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara gur ionstraim ríthábhachtach de dhlí an Aontais í Treoir 2019/1937 sa mhéid is go leagtar síos inti, de bhun Airteagal 1 di, arna léamh i gcomhar le haithris 1 di, caighdeáin chomhchoiteanna íosta lena bhforáiltear d’ardleibhéal cosanta cothroime agus éifeachtaí de dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais i réimsí inar dócha go ndéanfadh sáruithe den sórt sin dochar ar leith don leas ginearálta. Trí chóras a bhunú chun cosaint a thabhairt do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais i gcomhthéacs oibre, tá an treoir sin ina rannchuidiú le dochar do leas an phobail a chosc, i réimsí atá thar a bheith íogair, amhail soláthar poiblí, cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, agus cosaint an chomhshaoil nó leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh. Mar sin, foráiltear le forálacha na Treorach don oibleagáid, ar eintitis san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon, bealaí agus nósanna imeachta tuairiscithe inmheánacha a bhunú chun tuairiscí a fháil agus na gníomhartha leantacha ina leith, agus cearta na ndaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais á gcosaint ag an am céanna agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh na daoine sin cáiliú don chosaint atá leagtha síos iontu.
74 Mura ndéantar forálacha Threoir 2019/1937 a thrasuí, baintear an bonn de chomhlíonadh dhlí an Aontais agus dá chur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus éifeachtach, ós rud é nach dócha go dtuairisceofar sáruithe ar dhlí an Aontais mura bhfuil na daoine a bhfuil eolas acu ar sháruithe den sórt sin cosanta ar aon fhrithbheart.
75 É sin ráite, ní mór méid na bpionós airgeadais a fhorchuirtear ar Bhallstát de bhun Airteagal 260(3) CFAE a bheith iomchuí do na himthosca agus comhréireach leis an mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh, mar a mheabhraítear i mír 68 thuas.
76 Dá réir sin, le cur i bhfeidhm uathoibríoch na comhéifeachta céanna maidir le tromchúis i ngach cás nach ndéantar treoir a thrasuí go hiomlán agus, dá bhrí sin, na bearta lena dtrasuítear an treoir sin nach gcuirtear in iúl, is gá go gcuirfear cosc ar mhéid na bpionós airgeadais a oiriúnú do na himthosca arb iad is sainairíonna den mhainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh agus ar phionóis chomhréireacha a fhorchur.
77 Go háirithe, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 84 go 89 dá Thuairim, trína thoimhdiú nach mór a mheas go bhfuil an leibhéal céanna tromchúise ag mainneachtain comhlíonadh leis an oibleagáid fógra a thabhairt faoi na bearta lena dtrasuítear treoir, beag beann ar an treoir lena mbaineann, ní féidir leis an gCoimisiún na pionóis airgeadais a shaincheapadh de réir na n‑iarmhairtí a bhaineann leis an mainneachtain an oibleagáid sin a chomhlíonadh ar mhaithe le leasanna príobháideacha agus poiblí, dá bhforáiltear i bpointe 3.2.2 de Theachtaireacht 2023.
78 Chuige sin, ní féidir leis an gCoimisiún brath ar phrionsabal chomhionannas na mBallstát roimh na Conarthaí, mar atá cumhdaithe in Airteagal 4(2) CAE, chun údar a thabhairt le cur i bhfeidhm uathoibríoch comhéifeachta aonair maidir le tromchúis i gcás nach ndéantar treoir a thrasuí go hiomlán agus, dá bhrí sin, nach dtugtar fógra faoi na bearta is gá dá thrasuí. Tá sé sách soiléir gur féidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le mainneachtain na mBallstát a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh ar mhaithe leis na leasanna príobháideacha agus poiblí atá i gceist a bheith éagsúil, ní hamháin ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, ach freisin ag brath ar inneachar normatach na Treorach neamh-thrasuite. Ina theannta sin, de réir chásdlí socair na Cúirte, ceanglaítear leis an bprionsabal sin inter alia nach gcaithfear déileáil le cásanna éagsúla ar an mbealach céanna mura bhfuil údar oibiachtúil ag baint leis an gcóireáil sin (breithiúnas an 19 Nollaig 2018, an Coimisiún v an Ostair, C‑51/18, EU:C:2018:1035, mír 55 agus an cásdlí dá dtagraítear).
79 Dá bhrí sin, ní féidir leis an gCoimisiún a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le measúnú a dhéanamh, i ngach Ballstát agus i ngach cás ar leith, ar iarmhairtí na mainneachtana arna suíomh ar leasanna príobháideacha agus poiblí go simplí trí chomhéifeacht tromchúise a chur i bhfeidhm go huathoibríoch i gcomhthéacs pionóis airgeadais a shocrú, agus á gcur san áireamh aon imthosca maolaitheacha nó géaraitheacha. Go sonrach, sa chás seo, tá an mhainneachtain an oibleagáid a chomhlíonadh chun na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a ghlacadh is gá chun Treoir 2019/1937 a thrasuí go mór mór tromchúiseach ós rud é, mar a shonraítear i mír 73 thuas, tá forálacha na Treorach sin, a mhéid a bhfuil sé beartaithe leo cosaint a thabhairt do na daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais sna réimsí a chumhdaítear leis an treoir, ina rannchuidiú le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus éifeachtach dhlí an Aontais a áirithiú.
80 Ar an dara dul síos, agus fad an tsáraithe á mheas, ní mór a mheabhrú, maidir le tús na tréimhse nach mór a chur san áireamh chun méid na cnapshuime a shocrú, ní dáta éaga na tréimhse atá leagtha síos i dtuairim réasúnaithe an Choimisiúin atá i gceist é an dáta ábhartha chun ré an tsáraithe a mheas ach dáta éaga an spriocdháta le haghaidh trasuímh a leagtar síos sa treoir atá i gceist (breithiúnas 29 Feabhra 2024, an Coimisiún v Éire (Seirbhísí meán closamhairc), C‑679/22, EU:C:2024:178, mír 81 agus an cásdlí dá dtagraítear).
81 Ar an tríú dul síos, maidir le cumas íocaíochta an Bhallstáit atá i gceist, is léir ó chásdlí, gan dochar don fhéidearthacht atá ag an gCoimisiún pionóis airgeadais a mholadh atá bunaithe ar chritéir iolracha, d’fhonn go háirithe, ligean do bhearna réasúnach a choinneáil idir na Ballstáit éagsúla, is gá brath ar OTI an Stáit sin mar phríomhfhachtóir chun measúnú a dhéanamh ar a chumas íocaíochta agus chun pionóis atá sách athchomhairleach agus comhréireach a shocrú chun cosc a chur go héifeachtach le sáruithe comhchosúla ar dhlí an Aontais sa todhchaí (breithiúnais an 20 Eanáir 2022, an Coimisiún v an Ghréig (Aisghabháil Státchabhrach – Ferronickel), C‑51/20, EU:C:2022:36, míreanna 111, 116 agus 130, agus an 28 Meán Fómhair 2023, an Coimisiún v an Ríocht Aontaithe (Marcáil fhioscach ar ghás-ola), C‑692/20, EU:C:2023:707, mír 115).
82 Chuige sin, chinn an Chúirt arís agus arís eile go raibh sé riachtanach treochtaí le déanaí in OTI na mBallstát a chur san áireamh tráth scrúdú na Cúirte ar na fíorais (breithiúnas an 20 Eanáir 2022, an Coimisiún v an Ghréig (Aisghabháil Státchabhrach – Ferronickel), C‑51/20, EU:C:2022:36, mír 107 agus an cásdlí dá dtagraítear).
83 Anseo, déantar an fachtóir ‘n’, arb ionann é agus cumas íocaíochta an Bhallstáit lena mbaineann i gcomparáid le cumas íocaíochta na mBallstát eile agus a chuireann an Coimisiún i bhfeidhm i gcomhréir le pointe 3.4 agus pointe 4.2 de Theachtaireacht 2023, a shainmhíniú mar mheán geoiméadrach ualaithe OTI an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomparáid le meán OTI na mBallstát, arb ionann é agus dhá thrian de ríomh an fhachtóra ‘n’, agus de dhaonra an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomparáid le meán dhaonraí na mBallstát, arb ionann é agus aon trian de ríomh an fhachtóra ‘n’, mar is léir ón gcothromóid atá leagtha amach i mír 10 thuas. Tugann an Coimisiún bonn cirt leis an modh sin chun an fachtóir ‘n’ a ríomh trí thagairt a dhéanamh don chuspóir bearna réasúnach a choinneáil idir fachtóirí ‘n’ na mBallstát, i gcomparáid le ríomh atá bunaithe ar OTIanna na mBallstát amháin, agus an cuspóir leibhéal cobhsaíochta a áirithiú agus an fachtóir ‘n’ á ríomh, ós rud é nach dócha go n‑athróidh an daonra go suntasach ar bhonn bliantúil.
84 Sa chéad áit, cé gur fíor go gcuirtear OTI an Bhallstáit lena mbaineann san áireamh go príomha leis an modh chun an fachtóir ‘n’ a leagtar amach i dTeachtaireacht 2023 a ríomh, ní mór a thabhairt faoi deara mar sin féin go bhfuil an modh sin bunaithe ar an toimhde go bhfuil comhghaol idir méid dhaonra Ballstáit agus a chumas íocaíocht a dhéanamh, rud nach gá a bheith amhlaidh. Dá réir sin, agus critéar déimeagrafach amhail an critéar a eascraíonn as an modh á gcur san áireamh, bristear an nasc idir an fachtóir ‘n’ agus acmhainn iarbhír íocaíochta an Bhallstáit lena mbaineann, rud a d’fhéadfadh a bheith mar chúis leis an bhfachtóir ‘n’ a chinneadh nach bhféadfaí a bheith ina léiriú ar an gcumas sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 119 go 121 dá Thuairim.
85 Sa dara háit, agus critéar déimeagrafach á chur san áireamh chun an fachtóir ‘n’ a shocrú, d'fhonn cumas íocaíochta an Bhallstáit lena mbaineann a chinneadh, is féidir bearna áirithe a choinneáil idir na fachtóirí ‘n’ de na Ballstáit, ní féidir leis an gcuspóir sin údar a thabhairt do chumas an Bhallstáit sin íocaíocht a dhéanamh a chinneadh de réir critéar nach léiríonn an cumas sin.
86 Dá bhrí sin, agus cumas íocaíochta an Bhallstáit lena mbaineann á chinneadh, ní féidir critéar déimeagrafach a chur san áireamh i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a leagtar síos i bpointe 3.4 agus i bpointe 4.2 de Theachtaireacht 2023 mar chuid den mhodh chun an fachtóir ‘n’ a ríomh.
– An chnapshuim
87 I gcomhréir leis an gcásdlí a mheabhraítear i mír 68 thuas, chun an chnapshuim is féidir a ordú do Bhallstát a íoc de bhun Airteagal 260(3) CFAE a ríomh, is faoin gCúirt, le linn di lánrogha a fheidhmiú, méid na cnapshuime a shocrú i méid is iomchuí do na himthosca agus atá comhréireach leis an mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh. Áirítear ar na breithnithe ábhartha ina leith sin fachtóirí amhail tromchúis na mainneachtana oibleagáidí a chomhlíonadh, an fad ama a mhair an mhainneachtain agus cumas an Bhallstáit ábhartha íocaíocht a dhéanamh (breithiúnas an 29 Feabhra 2024, an Coimisiún v Éire (Seirbhísí meán closamhairc), C‑679/22, EU:C:2024:178, mír 74 agus an cásdlí dá dtagraítear).
88 I ndáil, ar an gcéad dul síos, leis an tromchúis den mhainneachtain an oibleagáid a chomhlíonadh, ní féidir an tromchúis sin a chinneadh trí chomhéifeacht tromchúise a chur i bhfeidhm go huathoibríoch, mar a léirítear i mír 79 thuas.
89 Ina theannta sin, ba cheart a mheabhrú, ar na cúiseanna atá luaite sna míreanna 72 go 74 thuas, nach mór a mheas go bhfuil an mhainneachtain an oibleagáid na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a ghlacadh is gá chun Treoir 2019/1937 a thrasuí go hiomlán agus an oibleagáid na forálacha sin a chur in iúl don Choimisiún a chomhlíonadh thar a bheith tromchúiseach.
90 Ina theannta sin, méadaítear tromchúis an mhainneachtain sin toisc nach raibh, ag deireadh na céime i scríbhinn den nós imeachta, na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Treoir 2019/1937 a thrasuí glactha ag Poblacht na Polainne , mar a d'admhaigh an Ballstát sin féin ina bharúlacha i scríbhinn.
91 É sin ráite, d’áitigh Poblacht na Polainne, ina cosaint, gan a bheith contrártha chuige sin ag an gCoimisiún, go bhfuil rialacha áirithe a chosnaíonn daoine a thuairiscíonn sáruithe ar an dlí, atá comhsheasmhach le ceanglais Threoir 2019/1937, ann cheana féin ina reachtaíocht.
92 Sna himthosca sin, ní mór a chinneadh, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 144 dá Thuairim, nach bhfuil sé suite go raibh iarmhairtí na mainneachtana a suíodh sa chás seo ar leasanna príobháideacha agus poiblí chomh diúltach céanna. amhail i gcás mainneachtain iomlán Treoir 2019/1937 a thrasuí. A mhéid a áitíonn an Coimisiún nár cheart an reachtaíocht náisiúnta sin a chur san áireamh agus an fachtóir tromchúise á measúnú aige toisc nár cuireadh an reachtaíocht in iúl dó, is leor a chinneadh go bhfuil an argóint sin neamhábhartha toisc go bhfuil an mhainneachtain fógra a thabhairt neamhábhartha maidir le cibé an bhfuil nó nach bhfuil tionchar ag an reachtaíocht ar na leasanna sin.
93 Is é fírinne an scéil fós gur admhaigh Poblacht na Polainne í féin, ina cosaint, go bhfuil na rialacha lena dtugtar cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar an dlí scaipthe ar fud dlíchóras na Polainne agus, contrártha leis an gceanglas atá leagtha síos in Airteagal 26(3) de Threoir 2019/1937, ní dhéantar tagairt shainráite iontu do chosaint daoine den sórt sin.
94 Tá an easpa rialacha soiléire agus sonracha maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais, mar a fhoráiltear i dTreoir 2019/1937, ina bhac ar chosaint éifeachtach na ndaoine sin agus, dá bhrí sin, féadfaidh sé, dá bhrí sin, amhras a chaitheamh ar chur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus éifeachtach dhlí an Aontais sna réimsí a chumhdaítear leis an treoir sin.
95 Mar a mheabhraítear i mír 73 thuas, trí chóras a bhunú chun cosaint a thabhairt do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais i gcomhthéacs oibre, tá an Treoir 2019/1937 ina rannchuidiú le dochar do leas an phobail a chosc, i réimsí atá thar a bheith íogair, amhail soláthar poiblí, cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, agus cosaint an chomhshaoil nó cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh.
96 Ina theannta sin, mar a shonraítear i mír 74 thuas, gan chosaint éifeachtach, féadfar daoine a bhfuil eolas acu ar shárú ar dhlí an Aontais i réimsí den sórt sin a dhíspreagadh iad a thuairisciú i gcás ina bhféadfaidh siad, trí amhlaidh a dhéanamh, iad féin a chur i mbaol frithbhirt.
97 Dá réir sin, i bhfianaise an chuspóra atá leagtha amach in Airteagal 1 de Threoir 2019/1937, arna léamh i gcomhar le haithris 1 di, tá an treoir sin beartaithe, mar a luaitear i mír 73 thuas, chun caighdeáin chomhchoiteanna a leagan síos lena bhforáiltear d’ardleibhéal cosanta cothrom agus éifeachtach do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais, agus dá bhrí sin is fíor-thromchúiseach an mhainneachtain na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a ghlacadh chun an treoir a thrasuí go hiomlán agus go beacht.
98 Ina theannta sin, a mhéid a áitíonn Poblacht na Polainne gur chomhoibrigh sí leis an gCoimisiún ar feadh an nós imeachta réamhdhlíthíochta, ba cheart a mheabhrú go gciallaíonn an dualgas maidir le comhar dílis leis an gCoimisiún, mar atá leagtha síos in Airteagal 4(3), CAE. go bhfuil sé de dhualgas ar gach Ballstát cur i gcrích an chúraim atá ar an gCoimisiún a éascú, arb é atá ann, i gcomhréir le hAirteagal 17 CAE, a áirithiú, mar chaomhnóir na gConarthaí, cur i bhfeidhm dhlí an Aontais faoi smacht na Cúirte Breithiúnais. Dá réir sin, ní fhéadfar ach comhar leis an gCoimisiún, arb é a phríomhthréith bearta lena léirítear rún na hoibleagáidí a eascraíonn as treoir a chomhlíonadh laistigh den tréimhse ama is giorra is féidir, a chur san áireamh mar imthosca maolaitheacha i gcomhthéacs tromchúis an tsáraithe a mheasúnú (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Meán Fómhair 2023, an Coimisiún v an Ríocht Aontaithe (Marcáil fhioscach ar ghás-ola), C‑692/20, EU:C:2023:707, míreanna 106 agus 107 agus an cásdlí dá dtagraítear).
99 Sa chás seo, mar is léir ó mhír 17 thuas, d’fhógair Poblacht na Polainne ina litir an 15 Meán Fómhair 2022 go bhfoilseofaí na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Treoir 2019/1937 a chomhlíonadh in Iris Oifigiúil na Polainne i mí Eanáir 2023, agus mura ndéanfaí é sin, i mí Lúnasa 2023, amhail mar a bhí fógartha i ríomhphost an 11 Eanáir 2023; níor tharla sé sin. Sna himthosca sin, ní fhéadtar comhar Phoblacht na Polainne leis an gCoimisiún le linn an nós imeachta réamhdlíthíochta a chur san áireamh mar imthosca maolaitheacha.
100 Ansin, maidir le fad an tsáraithe, tá sé suite nach raibh, ar dhul in éag don spriocam trasuite dá bhforáiltear in Airteagal 26(1) de Threoir 2019/1937, is é sin le rá, an 17 Nollaig 2021, na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun trasuíomh na treorach sin a áirithiú glactha ag Poblacht na Polainne agus, dá bhrí sin, gur mhainnigh sí iad a chur in iúl don Choimisiún.
101 Ó dúnadh an chéim i scríbhinn den nós imeachta os comhair na Cúirte an 9 Lúnasa 2023, mhair an mhainneachtain i gceist ar feadh beagnach bliain agus ocht mí amhail ar an dáta deiridh sin.
102 Ar deireadh, maidir le cinneadh cumas Phoblacht na Polainne íocaíocht a dhéanamh, ní gá a chur san áireamh, mar a mhínítear i míreanna 84 go 86 thuas, méid dhaonra an Bhallstáit sin a mhéid a rinne an Coimisiún de bhun Theachtaireacht 2023 maidir leis an modh chun an fachtóir ‘n’ a ríomh.
103 I bhfianaise an méid sin go léir agus ag féachaint don lánrogha a thugtar don Chúirt le hAirteagal 260(3) CFAE, lena bhforáiltear nach féidir leis an gCúirt, i leith na híocaíochta cnapshuime a fhorchuireann sí, méid is mó ná an méid a shonraíonn an Coimisiún, ní mór a bheith den tuairim, d’fhonn cosc a chur go héifeachtach ar sháruithe eile cosúil leis na sáruithe a leanann as sárú ar Airteagal 26(1) de Threoir 2019/1937 agus lena mbainfear an bonn d’éifeachtacht optamach dhlí an Aontais sa todhchaí, ní mór cnapshuim a fhorchur, agus ní mór an méid sin a shocrú ag EUR 7 000 000.
– An íocaíocht phionósach laethúil
104 Le linn di a lánrogha a fheidhmiú, is faoin gCúirt atá sé an íocaíocht phionósach laethúil a shocrú ionas go mbeidh sí, ar an gcéad dul síos, iomchuí do na himthosca agus comhréireach leis an sárú arna suíomh agus le cumas íocaíochta an Bhallstáit lena mbaineann agus, ar an dara dul síos, nach bhfuil sé níos mó, i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 260(3) CFAE, an méid arna shonrú ag an gCoimisiún (breithiúnas an 29 Feabhra 2024, an Coimisiún v Éire (Seirbhísí meán closamhairc), C‑679/22, EU:C:2024:178, mír 92 agus an cásdlí dá dtagraítear).
105 Sa mheasúnú atá le déanamh ag an gCúirt chun méid na híocaíochta pionósaí a chinneadh, is iad na critéir nach mór a chur san áireamh chun a éifeacht chomhéigneach a áirithiú ionas go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go héifeachtach, i bprionsabal, fad agus tromchúis an tsáraithe agus cumas íocaíochta an Bhallstáit i dtrácht. Agus na critéir sin á gcur i bhfeidhm aici, ní mór don Chúirt aird a thabhairt, go háirithe, ar na héifeachtaí a bheidh ag an mainneachtain a hoibleagáidí a chomhlíonadh ar na leasanna poiblí agus príobháideacha i dtrácht agus cé chomh práinneach is atá sé go spreagfaidh an Ballstát lena mbaineann a oibleagáidí a chomhlíonadh (breithiúnas an 25 Feabhra 2021, an Coimisiún v an Spáinn (an Treoir maidir le Sonraí Pearsanta – Dlí Coiriúil), C‑658/19, EU:C:2021:138, mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear).
106 Maidir le tromchúis an tsáraithe i gceist, ar an gcéad dul síos, tá sé suite, ar dhul in éag don tréimhse a leagtar síos i dtuairim réasúnaithe an 15 Iúil 2022, gur mhainnigh Poblacht na Polainne na hoibleagáidí a shonraítear in Airteagal 26 (1) de Threoir 2019/1937 a chomhlíonadh, agus dá bhrí sin, i bhfianaise arís eile na mbreithnithe atá i míreanna 91 go 97 thuas, ní mór a chinneadh nach ndearna éifeachtacht optamach dhlí an Aontais a áirithiú.
107 Maidir le fad an tsáraithe, ina dhiaidh sin, nach mór a chur san áireamh chun méid na híocaíochta pionósaí a bheidh le forchur a shocrú, ní mór a thabhairt faoi deara gur lean an mhainneachtain atá i gceist tar éis don tréimhse arna leagan síos sa tuairim réasúnaithe an 15 Iúil 2022 bheith imithe in éag.
108 Ar deireadh, maidir le cinneadh a dhéanamh ar chumas Phoblacht na Polainne íocaíocht a dhéanamh, ní gá a chur san áireamh, mar a mhínítear sna míreanna 84 go 86 thuas, méid dhaonra an Bhallstáit sin a mhéid a rinne an Coimisiún de bhun Theachtaireacht 2023 maidir leis an modh chun an fachtóir ‘n’ a ríomh.
109 I bhfianaise an mhéid sin go léir agus ag féachaint don lánrogha a thugtar don Chúirt le hAirteagal 260(3) CFAE, lena bhforáiltear nach féidir leis an gCúirt, i leith na híocaíochta cnapshuime a fhorchuireann sí, méid is mó ná an méid a shonraíonn an Coimisiún, i gcás go leanfaí den mhainneachtain na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 38 thuas a chomhlíonadh ar dháta sheachadta an bhreithiúnais seo, ní foláir a ordú do Phoblacht na Polainne, amhail ón dáta sin agus go dtí go gcuirfidh an Ballstát sin deireadh leis an mainneachtain sin, íocaíocht phionós laethúil sa mhéid de EUR 40 000 a íoc leis an gCoimisiún.
Costais
110 Faoi Airteagal 138(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n‑éireoidh leis. Ós rud é go bhfuil iarratas déanta ag an gCoimisiún go n‑íocfaidh Poblacht na Polainne as na costais agus nár éirigh léi, ní mór a ordú do Phoblacht na Polainne, chomh maith lena costais féin, na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún a íoc.
Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt (an Chéad Dlísheomra) mar seo a leanas:
1. Dearbhaítear, toisc nár ghlac sí, ar dhul in éag na tréimhse a fhorordaítear i dtuairim réasúnaithe an Choimisiúin an 15 Iúil 2022, na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais a chomhlíonadh, agus, toisc nár thug sí fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún, gur mhainnigh Poblacht na Polainne a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 26(1) agus (3) den Treoir sin a chomhlíonadh;
2. Dearbhaítear, toisc nár ghlac sí, ar dháta a scrúdaigh an Chúirt na fíorais, na bearta is gá chun forálacha Treorach 2019/1937 a thrasuí ina dlí náisiúnta, agus, toisc nár thug sí fógra faoi na bearta sin don Choimisiún Eorpach, gur mhainnigh Poblacht na Polainne a cuid oibleagáidí ar bhonn leanúnach;
3. Ordaítear do Phoblacht na Polainne na suimeanna seo a leanas a íoc leis an gCoimisiún Eorpach:
– cnapshuim de luach EUR 7 000 000;
– i gcás go leanfadh an mhainneachtain a leagtar amach i bpointe 1 den chuid oibríochtúil ar aghaidh go dtí an dáta ar a gcraoltar an breithiúnas sa chás seo, íocaíocht phionósach laethúil de luach EUR 40 000 ó dháta an bhreithiúnais sin go dtí go gcuirfidh an Ballstát sin deireadh leis an mainneachtain sin.
4. Ordaítear do Phoblacht na Polainne a costais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.
[Sínithe]
* Teanga an cháis: an Pholainnis.