Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

an 29 Iúil 2024 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – An tríú fomhír d’Airteagal 19(2), CAE – an dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE – Ceapachán breithiúna chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh – Ráthaíochtaí neamhspleáchais – Cáilíochtaí is gá acu chun a gceaptha d’oifigí breithiúnacha arda – Nós imeachta náisiúnta maidir le hiarrthóir a mholadh d’oifig breithimh de chuid Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh – Painéal saineolaithe neamhspleácha chun measúnú a dhéanamh ar iarrthóirí – Liosta rangaithe na n‑iarrthóirí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus sa dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE – Togra iarrthóra ar an liosta rangaithe seachas an t‑iarrthóir is fearr rangú – Tuairim ón bpainéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 CFAE maidir le hoiriúnacht na n‑iarrthóirí)

I gCás C‑119/23,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ón Vilniaus apygardos administracinis teismas (Cúirt Réigiúnach Riaracháin Vilniaus, an Liotuáin), trí bhreith an 9 Feabhra 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 28 Feabhra 2023, sna himeachtaí idir

Virgilijus Valančius

v

Lietuvos Republikos Vyriausybė,

idiragraithe:

Lietuvos Respublikos Seimo kanceliarija,

Lietuvos Respublikos Prezidento kanceliarija,

Saulius Lukas Kalėda,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, C. Lycourgos, E. Regan, F. Biltgen agus N. Piçarra, Uachtaráin Dlísheomra, P. G. Xuereb, L. S. Rossi (Rapóirtéir), A. Kumin, N. Wahl, I. Ziemele agus J. Passer, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: N. Emiliou,

Cláraitheoir: M. Aleksejev, Ceann Aonaid,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 16 Eanáir 2024,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        M. Valančius, ag D. Poška, advokatas,

–        Rialtas na Liotuáine, ag K. Dieninis, R. Dzikovič, V. Kazlauskaitė-Švenčionienė agus E. Kurelaitytė, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Seice, ag L. Dvořáková, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

–        Éire, ag M. Browne, Chief State Solicitor, agus M. Lane, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó D. Fennelly, BL,

–        Rialtas na hUngáire, ag M. Z. Fehér agus G. Koós, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hÍsiltíre, ag M. K. Bulterman agus C. S. Schillemans, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna agus S. Żyrek, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Sualainne, ag C. Meyer-Seitz agus A. M. Runeskjöld, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag F. Erlbacher, A. Steiblytė agus P. J. O. Van Nuffel, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 18 Aibreán 2024,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léiriú ar an tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus ar an dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE.

2        Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs imeachtaí idir Virgilijus Valančius agus Lietuvos Republikos Vyriausybė (Rialtas Phoblacht na Liotuáine) maidir le dlíthiúlacht na gcinntí lena ndéantar an t‑iarrthóir ó Phoblacht na Liotuáine a mholadh d’oifig mar Bhreitheamh de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

3        Foráiltear i mír 6 de rialacha oibriúcháin an phainéil dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2010/124/AE ón gComhairle an 25 Feabhra 2010 maidir le rialacha oibriúcháin an phainéil dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO 2010 L 50, lch. 18), mar a leanas:

‘A luaithe a mholann Rialtas Ballstáit iarrthóir, cuirfidh Ardrúnaíocht na Comhairle an togra sin chuig Uachtarán an phainéil.

Féadfaidh an painéal a iarraidh ar an rialtas atá ag déanamh an togra faisnéis bhreise nó ábhar eile a mheasann an painéal a bheith riachtanach le haghaidh a phléití a sheoladh chuige.’

 Dlí na Liotuáine

 An Dlí maidir leis an Rialtas

4        Foráiltear le hAirteagal 52(3) de Lietuvos Respublikos Vyriausybės įstatymas (Dlí Phoblacht na Liotuáine maidir leis an Rialtas) an 19 Bealtaine 1994 (Žin., 1994, Uimh. 43-772), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘an Dlí maidir leis an Rialtas’), go molfaidh Rialtas na Liotúaine na hiarrthóirí do phoist bhreithiúna na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta tar éis toiliú a fháil ó Uachtarán na Poblachta agus tar éis dul i gcomhairle le Lietuvos Respublikos Seimas (Parlaimint Phoblacht na Liotuáine, ‘Parlaimint na Liotuáine’) i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna leagan síos ag Lietuvos Respublikos Seimo statutas (Reacht Pharlaimint Phoblacht na Liotuáine).

 Tuairisc ar an nós imeachta roghnúcháin

5        Foráiltear an méid seo a leanas i míreanna 1 go 3, 13, 15, 19 agus 21 go 23 den Pretendento į Europos Sąjungos Bendrojo Teismo teisėjus atrankos tvarkos aprašas (Tuairisc ar an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh iarrthóirí d’oifig bhreitheamh na Cúirte Ginearálta), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, arna ghlacadh le Foraithne Uimh. 1R-65 ó Aire Dlí agus Cirt Phoblacht na Liotuáine an 9 Márta 2021 (‘Tuairisc ar an nós imeachta roghnúcháin’):

‘1.      Cuirfear [tuairisc ar an nós imeachta roghnúcháin] i bhfeidhm agus roghnú an iarrthóra ó Phoblacht na Liotuáine d’oifig breithimh de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh (“an roghnú”) á eagrú. Is é is cuspóir don roghnú sin cuidiú leis an Rialtas, a mholann, de bhun Airteagal 52(3) (den Dlí maidir le Rialtas), iarrthóirí d’oifig bhreitheamh na Cúirte Ginearálta, togra a dhéanamh maidir le hiarrthóir ar leith.

2.      Bunaítear an Mheitheal Roghnúcháin [...] le hOrdú ó Phríomh-Aire Phoblacht na Liotuáine. Tá seachtar ar an meitheal. Áirítear leis seo, Aire Dlí agus Cirt Phoblacht na Liotuáine (ceann na Meithle) agus ionadaí ó Pharlaimint Phoblacht na Liotuáine, ionadaí ó Uachtarán Phoblacht na Liotuáine, ionadaí ón Teisėjų taryba [(an Chomhairle Bhreithiúnach)], ionadaí ó Dhámh an Dlí in Ollscoil Mykolas Romeris, ionadaí ó Dhámh an Dlí in Ollscoil Vilniaus agus ionadaí ó Dhámh an Dlí in Ollscoil Vytautas Didysis. Ceaptar oifigeach d’Aireacht Dlí agus Cirt Phoblacht na Liotuáine ina rúnaí ar an meitheal.

3.      Cuireann an mheitheal, ag féachaint do na sé chritéar maidir le roghnú iarrthóirí d’oifig breithimh de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh a leagtar amach sna Conarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe agus a shonraítear sa séú tuarascáil ar ghníomhaíochtaí de chuid Airteagal 255 [CFAE], arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste sin [...], an pobal ar an eolas maidir le tús an nós imeachta roghnúcháin trí bhíthin fógra a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin na hAireachta Dlí agus Cirt, ina n‑iarrtar orthu siúd a chomhlíonann na critéir roghnúcháin sin comhad iarratais a chur isteach le haghaidh an nós imeachta roghnúcháin (lena n‑áirítear iarratas scríofa ar rannpháirtíocht, curriculum vitae agus litir chlúdaigh).

[...]

13.      Áirítear sa nós imeachta roghnúcháin measúnú i dtaobh an gcomhlíonann iarrthóirí na critéir a leagtar amach i mír 3 den tuairisc, ar bhonn na ndoiciméad a chuir na hiarrthóirí isteach, agus agallamh roghnúcháin. Is é is cuspóir don agallamh roghnúcháin ná measúnú a dhéanamh ar iarrthóirí ar bhonn na ndoiciméad atá curtha isteach acu.

[...]

15.      Ag an gcéim roghnúcháin, déanfar measúnú ar iarrthóirí ar bhonn na sé chritéar atá leagtha amach i mír 3: cumas dlíthiúil, taithí ghairmiúil, oiriúnacht do dhualgais bhreithiúnacha, scileanna teanga, cumas oibriú mar chuid d’fhoireann i dtimpeallacht idirnáisiúnta ina bhfuil ionadaíocht ar thraidisiúin dlí éagsúla, agus ráthaíochtaí maidir le neamhspleáchas, neamhchlaontacht, cuibheas agus ionracas atá ag na hiarrthóirí.

[...]

19.      Ag deireadh an nós imeachta roghnúcháin, tugann gach ball den mheitheal marc idir 1 agus 10 don iarrthóir. Is é 1 phointe an scór is ísle agus 10 bpointe an scór is airde. Suimítear le chéile na scóir aonair a thugann comhaltaí na meithle. Leagtar amach an rangú i liosta a bhunaítear ar bhonn na dtorthaí a fhaightear. Ní mór gach iarrthóir a measann an mheitheal ina leith go gcomhlíonann sé na critéir roghnúcháin lena cheapadh mar bhreitheamh de chuid na Cúirte Ginearálta a bheith ar an liosta, gan beann ar an líon pointí a fuair an t‑iarrthóir.

[...]

21.      Ag deireadh an nós imeachta roghnúcháin, cuireann ceann na meithle dréachtreachtaíocht faoi bhráid Rialtas na Liotuáine maidir leis an iarrthóir do cheapachán mar bhreitheamh i gCúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh is airde rangú a cheapadh, ina mbíonn miontuairiscí chruinniú na meithle le hiarscríbhinn (an liosta rangaithe arna tharraingt suas ag an meitheal ina léirítear líon na bpointí a fuair gach iarrthóir) agus curriculum vitae an iarrthóra is airde rangú.

22.      Is moladh é seo maidir leis an iarrthóir is airde rangú don phost mar bhreitheamh na Cúirte Ginearálta an Aontais Eorpaigh agus is chuig Rialtas na Liotuáine a dhírítear é, rialtas a mholann iarrthóir don phost mar bhreitheamh na Cúirte Ginearálta an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Roinn 52(3) den Dlí maidir leis an Rialtas.

23.      Tráth nach déanaí ná cúig lá oibre ó dheireadh an nós imeachta roghnúcháin, foilseofar liosta fiúntais na n‑iarrthóirí arna tharraingt suas ag an meitheal ar shuíomh gréasáin na hAireachta Dlí agus Cirt, gan líon na bpointí a fuair na hiarrthóirí a léiriú.’

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

6        Trí chinneadh arna ghlacadh de thoil a chéile, cheap rialtais na mBallstát ar thogra ó rialtas na Liotuáine, Valančius ina bhreitheamh de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Ghinearálta’), le héifeacht ón 13 Aibreán 2016. Chuaigh téarma oifige an iarratasóra in éag an 31 Lúnasa 2019, ach d’fhan sé i seilbh a oifige tar éis an dáta sin, ar bhonn an tríú fomhír d’Airteagal 5 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Reacht’).

7        I mí an Mhárta 2021, foilsíodh glao ar iarrthóireachtaí d’fhonn iarrthóir ó Phoblacht na Liotuáine a roghnú i gcáil breitheamh de chuid na Cúirte Ginearálta. Glacadh leis an tuairisc ar an nós imeachta roghnúcháin le Foraithne Uimh. 1R–65 agus meitheal atá comhdhéanta go príomha de shaineolaithe neamhspleácha (‘meitheal’), a bhí freagrach as an roghnú seo a dhéanamh. Lean an mheitheal ar aghaidh ansin leis an roghnú sin a dhéanamh, agus ag deireadh an phróisis dhréachtaigh sí liosta fiúntais d’iarrthóirí, agus iad sórtáilte in ord íslitheach de réir an scóir a fuarthas (‘an liosta fiúntais’).

8        An 11 Bealtaine 2021, chuir an tAire Dlí agus Cirt dréachtchinneadh faoi bhráid Rialtas na Liotuáine d’fhonn iarrthóireacht an duine is fearr rangú ar an liosta rangaithe, Valančius, a mholadh don phost mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta.

9        Le cinneadh an 6 Aibreán 2022, mhol Rialtas na Liotuáine go bhformheasfadh Uachtarán Phoblacht na Liotuáine agus Parlaimint na Liotuáine iarrthóireacht an duine a rangaíodh sa dara háit ar an liosta rangaithe a fhormheas.

10      Le cinneadh an 4 Bealtaine 2022, tar éis toiliú a fháil ó Uachtarán Phoblacht na Liotuáine agus ó Pharlaimint na Liotuáine, mhol Rialtas na Liotuáine an duine sin mar iarrthóir d’oifig bhreitheamh na Cúirte Ginearálta.

11      An 18 Bealtaine 2022, thionscain Valančius caingean os comhair Vilniaus apygardos administracinis teismas (Cúirt Réigiúnach Riaracháin Vilniaus, an Liotuáin) arb í an chúirt a rinne an tarchur í, sa chéad áit, an cinneadh sin a chur ar neamhní, agus sa dara háit, go n‑ordófar don rialtas na nósanna imeachta maidir le comhairliúchán agus moladh iarrthóra le haghaidh oifig breithimh de chuid na Cúirte Ginearálta a athoscailt i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear leis an dlí, trí ainm an iarrthóra is airde rangaithe ag an meitheal a chur isteach le haghaidh comhairliúcháin agus togra, agus, sa tríú háit, go n‑ordófar do Rialtas na Liotuáine na costais a íoc.

12      An 5 Iúil 2022, thug an painéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 CFAE tuairim a bhí neamhfhabhrach don iarrthóir a mhol Rialtas na Liotuáine.

13      Le cinneadh an 14 Meán Fómhair 2022, chuir Rialtas na Liotuáine faoi bhráid Uachtarán Phoblacht na Liotuáine agus Pharlaimint na Liotuáine iarrthóireacht an duine a rangaíodh sa tríú háit ar an liosta rangaithe, eadhon Saulius Lukas Kalėda, d’oifig bhreitheamh na Cúirte Ginearálta.

14      Sa chomhthéacs sin, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur maidir le léiriú an tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus an dara mír d’Airteagal 254 CFAE, go háirithe maidir le tionchar na bhforálacha sin ar na nósanna imeachta náisiúnta maidir le hiarrthóirí a mholadh d’oifig bhreitheamh na Cúirte Ginearálta.

15      Áitíonn an chúirt sin gur aithníodh i gcásdlí na Cúirte, a d’eascair go háirithe as breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses (C‑64/16, EU:C:2018:117), go bhfuil nasc idir na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht breithiúna náisiúnta agus cosaint bhreithiúnach éifeachtach sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais, de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

16      Is é an cúram beacht atá ar bhreithiúna na Cúirte Ginearálta cosaint bhreithiúnach éifeachtach den sórt sin a áirithiú. Thairis sin, faoin tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus faoin dara mír d’Airteagal 254 CFAE, ní mór do na breithiúna sin ceanglas an neamhspleáchais a chomhlíonadh freisin, ar ceanglas é nach féidir a thuiscint go bhfuil raon feidhme níos teoranta aige ná an raon feidhme a eascraíonn, i gcás breithiúna náisiúnta, as an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, mar a léiríonn an Chúirt é.

17      Maidir le, go háirithe, cinntí lena gceaptar breithiúna, áitíonn an chúirt a rinne an tarchur go n‑eascraíonn cásdlí na Cúirte Breithiúnais, go háirithe as breithiúnais an 26 Márta 2020, Athbhreithniú Simpson v an Chomhairle agus HG v an Coimisiún (C‑542/18 RX–II agus C‑543/18 RX–II, EU:C:2020:232), agus an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um rialú urghnách agus gnóthaí poiblí na Cúirte Uachtaraí Ceapachán) (C‑487/19, EU:C:2021:798), agus ceapachán na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, a d’eascair go háirithe as breithiúnas an 1 Nollaig 2020, Ástráðsson v an Íoslainn (CE:ECHR:2020:1201JUD002637418), nasc díreach a bhunú idir rialtacht na nósanna imeachta roghnúcháin agus ceapacháin do bhreithiúna náisiúnta, mar ghné bhunúsach den cheart chun binse arna bhunú roimhe sin le dlí, agus na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna sin.

18      Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, leanann sé as an nasc díreach sin go bhfuil oibleagáid ann a fhíorú an gcruthaíonn neamhrialtacht arna déanamh agus breithiúna á gceapadh fíorbhaol go bhféadfadh brainsí eile cumhachta, go háirithe an feidhmeannas, discréid mhíchuí a fheidhmiú, rud a chuirfeadh sláine thoradh an phróisis ceapacháin i mbaol agus, ar an gcaoi sin, amhras dlisteanach in aigne daoine aonair maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna lena mbaineann, rud a d’fhágfadh go sárófaí an ceart sin.

19      Dá bhrí sin, maidir le ceapachán breithimh de chúirt de chuid an Aontais, nó maidir le moladh iarrthóra d’oifig breithimh de chúirt den sórt sin, tá an cheist an gcomhlíonann an comhlacht ag a bhfuil an chumhacht cheapacháin nó togra na coinníollacha substainteacha agus na rialacha nós imeachta fíor-riachtanacha le haghaidh ceapachán nó togra den sórt sin ríthábhachtach, sa mhéid is gur féidir a chinneadh an ráthaítear neamhchlaontacht agus neamhspleáchas na cúirte lena mbaineann de chuid an Aontais.

20      I bhfianaise na gcúinsí sin, chinn Vilniaus apygardos administracinis teismas (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin, Vilniaus) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1)      An léitear Airteagal 254 [CFAE] i gcomhar le hAirteagal 19(2) [CAE], lena bhforáiltear go roghnófar comhaltaí [na Cúirte Ginearálta] as daoine “nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu an ábaltacht is gá chun feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú”, ar chaoi go gceanglaítear orthu iarrthóir atá le ceapadh chuig [an gCúirt Ghinearálta] a roghnú i mBallstát den Aontas Eorpach go heisiach ar bhonn ábaltacht phroifisiúnta?

2)      An bhfuil cleachtas náisiúnta, amhail an ceann atá i gceist sa chás sin, ina dtarlaíonn sé, d’fhonn trédhearcacht roghnaithe iarrthóra áirithe a áirithiú, go mbunaíonn Rialtas Ballstáit, atá freagrach as iarrthóir a mholadh lena cheapadh [i gcáil breitheamh de chuid na Cúirte Ginearálta], grúpa saineolaithe neamhspleácha chun na hiarrthóirí a mheasúnú, grúpa a chuireann liosta rangaithe ar aghaidh, tar éis agallamh a chur ar na hiarrthóirí go léir, de na hiarrthóirí ar bhonn critéir roghnúcháin atá soiléir agus oibiachtúil a leagtar síos roimh ré agus, i gcomhréir leis na coinníollacha a fógraíodh roimh ré, a chuireann ar aghaidh chuig an Rialtas an t‑iarrthóir a bheidh ar an rang is airde ar bhonn a chumais agus a inniúlachta gairmiúla, ach go mbeartaíonn an Rialtas iarrthóir seachas an t‑iarrthóir atá sa chéad áit ar an liosta rangaithe a cheapadh ina bhreitheamh den Aontas Eorpach, ag luí leis an gceanglas nach mbeidh neamhspleáchas an bhreithimh inchurtha in amhras agus leis na ceanglais eile maidir le hoifig bhreithiúnach atá leagtha síos in Airteagal 254 [CFAE], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 19(2) [CAE], ag cur san áireamh go bhféadfadh tionchar a bheith ag breitheamh a ceapadh go neamhdhleathach ar chinntí Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh?’

 Na fíorais i ndiaidh na hiarrata ar réamhrialú agus an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

21      Le cinneadh an 19 Aibreán 2023, tar éis toiliú a fháil ó Uachtarán Phoblacht na Liotuáine agus ó Pharlaimint na Liotuáine, mhol Rialtas na Liotuáine Kalėda mar iarrthóir d’oifig bhreitheamh na Cúirte Ginearálta.

22      An 12 Bealtaine 2023, d’iarr Valančius go ndéanfaí an cinneadh sin a chur ar neamhní sna himeachtaí riaracháin a tionscnaíodh os comhair na cúirte a rinne an tarchur tar éis a chaingean i gcoinne chinneadh an 4 Bealtaine 2022 a thaisceadh, agus na cinn éilimh eile dá dtagraítear i mír 11 den bhreithiúnas seo á gcoinneáil ar bun ag an am céanna.

23      Le cinneadh an 15 Meán Fómhair 2023, cheap Rialtais na mBallstát Kalėda don Chúirt Ghinearálta le haghaidh téarma oifige dar críoch an 31 Lúnasa 2025.

24      Le hiarraidh ar fhaisnéis an 26 Meán Fómhair 2023, d’iarr an Chúirt Bhreithiúnais ar an gcúirt a rinne an tarchur a shoiléiriú an raibh tionchar ag ceapachán Kalėda mar bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta ar ábhar na díospóide sna príomhimeachtaí, maidir le hiarratas ar urghaire chun é sin a dhéanamh, agus ar chloígh sí lena hiarraidh ar réamhrialú.

25      Trí litir an 10 Deireadh Fómhair 2023, chuir an chúirt a rinne an tarchur in iúl nach raibh aon tionchar ag an gceapachán ar ábhar na bpríomhimeachtaí agus go raibh sé beartaithe aici a tarchur chun réamhrialú a choimeád ar bun.

 Dlínse na Cúirte

26      Tá amhras ar roinnt rialtas tar éis barúlacha scríofa a chomhdú sa chás sin faoi dhlínse na Cúirte chun rialú a dhéanamh ar an iarratas ar réamhrialú. Measann siad, go bunúsach, go bhfuil céimeanna éagsúla sa nós imeachta chun Breitheamh den Chúirt Ghinearálta a cheapadh, arb é an chéad chéim ná an chéim náisiúnta ina moltar an t‑iarrthóir don phost mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta. Ní thagann an chéim sin faoi raon feidhme dhlí an Aontais, go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus an dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE, ach rialaítear í go heisiach leis an dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, níl dlínse ag an gCúirt rialú a thabhairt ar chomhoiriúnacht aon rialacha náisiúnta lena rialaítear an chéim náisiúnta sin den togra leis na forálacha sin.

27      Thairis sin, maíonn roinnt de na rialtais sin go dtagann deireadh leis an nós imeachta chun breitheamh den Chúirt Ghinearálta a cheapadh nuair a ghlacann rialtais na mBallstát cinneadh de thoil a chéile, nach bhfuil faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais. Dá bhrí sin, ní bheadh dlínse ag an gCúirt, a fortiori, an chéim náisiúnta den togra a éisteacht i gcomhthéacs nós imeachta ceapacháin den sórt sin.

28      I ndáil leis sin, is ceart a choinneáil i gcuimhne, faoin tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus faoin dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE, go bhfuil breithiúna na Cúirte Ginearálta le ceapadh ag rialtais na mBallstát de thoil a chéile, tar éis dul i gcomhairle leis an bpainéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 CFAE. Faoin bhforáil dheireanach sin, cuirtear painéal ar bun chun tuairim a thabhairt ar oiriúnacht na n‑iarrthóirí do dhualgais bhreithimh agus abhcóide ghinearálta den Chúirt Bhreithiúnais agus den Chúirt Ghinearálta sula ndéanfaidh rialtais na mBallstát na ceapacháin i gcomhréir le hAirteagail 253 agus 254 CFAE. Mar is léir ón gcéad fhomhír de phointe 6 de rialacha oibriúcháin an phainéil dá bhforáiltear in Airteagal 255 CFAE, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2010/124, cuirtear an cheist faoi bhráid an phainéil sin ar bhonn togra iarrthóra ó Rialtas Ballstáit, a chuireann Ardrúnaíocht na Comhairle ar aghaidh chuig cathaoirleach an phainéil sin.

29      Is léir ó léamh comhcheangailte ar na forálacha sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 52 agus 53 dá Thuairim, go bhfuil trí chéim sa nós imeachta chun breitheamh den Chúirt Ghinearálta a cheapadh. Mar chéad chéim, molann rialtas an Bhallstáit lena mbaineann iarrthóir le haghaidh oifig breithimh den Chúirt Ghinearálta tríd an togra seo a chur ar aghaidh chuig Ardrúnaíocht na Comhairle. Mar dara céim, tugann an painéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 CFAE tuairim uaidh maidir le hoiriúnacht an iarrthóra sin chun feidhmeanna breithimh den Chúirt Ghinearálta a fheidhmiú, ag féachaint do na ceanglais a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE. Mar tríú céim, tar éis dul i gcomhairle leis an bpainéal sin, ceapfaidh rialtais na mBallstát, trína n‑ionadaithe, an t‑iarrthóir sin mar bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta trí chinneadh arna ghlacadh de chomhthoil ar thogra ó rialtas an Bhallstáit lena mbaineann.

30      Dá bhrí sin, is ionann an cinneadh iarrthóir a mholadh d’oifig breithimh den Chúirt Ghinearálta, arna dhéanamh ag Rialtas Ballstáit, amhail na cinntí atá i gceist sna príomhimeachtaí, agus an chéad chéim den nós imeachta ceapacháin a rialaítear leis an tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus leis an dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE. Dá bhrí sin, tagann cinneadh den sórt sin, ar an mbonn sin, faoi raon feidhme na bhforálacha sin.

31      Mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i míreanna 24, 58 agus 59 dá Thuairim, cé go dtagann an togra, mar aon le hiarrthóir ar oifig mar bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta a cheapadh, faoi inniúlacht na mBallstát, ní lú an ceangal atá ar na Ballstáit, agus an chumhacht sin á feidhmiú acu, a n‑oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh agus, go háirithe, ón tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus ón dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE (féach, de réir analaí, breithiúnais an 24 Meitheamh 2019, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas na Cúirte Uachtaraí), C‑619/18, EU:C:2019:531, mír 52, agus an 9 Eanáir 2024, G. agus páirtithe eile (Gnáthbhreithiúna a cheapadh sa Pholainn), C‑181/21 agus C‑269/21, EU:C:2024:1, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear), a dtagann a léiriú go follasach faoi dhlínse na Cúirte faoi Airteagal 267 CFAE (breithiúnas an 22 Márta 2022, Prokurator Generalny agus páirtithe eile (Dlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí Ceapachán), C‑508/19, EU:C:2022:201, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear).

32      Cé nach bhfuil cinntí lena gceaptar breithiúna den Chúirt Ghinearálta, arna nglacadh de thoil a chéile ag ionadaithe rialtais na mBallstát, ag gníomhú dóibh ní mar chomhaltaí den Chomhairle, ach mar ionadaithe dá rialtais, agus ar an gcaoi sin ag feidhmiú chumhachtaí na mBallstát i dteannta a chéile, faoi réir athbhreithniú ag Cúirteanna an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 263 CFAE (féach, chuige sin, ordú an 16 Meitheamh 2021, Sharpston v an Chomhairle agus Ionadaithe Rialtais na mBallstát, (C‑685/20 P, EU:C:2021:485, míreanna 46 agus 49 agus an cásdlí dá dtagraítear) nach mbaineann le hábhar sa chomhthéacs sin.

33      Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 26 dá Thuairim, níl aon tionchar ag easpa dlínse na Cúirte chun dlíthiúlacht na gcinntí ceapacháin sin a scrúdú ar a dlínse chun freagra a thabhairt ar na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú maidir le léiriú ar dhlí an Aontais a d’ardaigh an chúirt a rinne an tarchur i gcomhthéacs díospóid a bhaineann le dlíthiúlacht cinntí náisiúnta lena moltar iarrthóir d’oifig bhreitheamh na Cúirte Ginearálta.

34      Sna coinníollacha seo, tá dlínse ag an gCúirt rialú a dhéanamh ar an iarratas ar réamhrialú.

 Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú

35      Cuireann Rialtas na Liotuáine amhras in iúl maidir le hinghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú. Ar an gcéad dul síos, níl aon bhaint ag an léiriú a iarradh ar an tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus ar an dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE le hábhar na díospóide sna príomhimeachtaí, ós rud é go bhfuil an díospóid sin faoi rialú an dlí náisiúnta amháin agus, faoin dlí sin, nach bhfuil dlínse ag an gcúirt a rinne an tarchur an díospóid sin a éisteacht. Ina dhiaidh sin, tá na ceisteanna a tharchuirtear hipitéiseach, sa mhéid nach mbaineann an díospóid sna príomhimeachtaí le dlíthiúlacht an nós imeachta náisiúnta chun iarrthóir a mholadh d’oifig bhreitheamh na Cúirte Ginearálta ná le comhlíonadh an nós imeachta sin sa chás sin. Ar deireadh, ní gá freagra a thabhairt ar na ceisteanna a tharchuirtear a thuilleadh chun a chur ar chumas na cúirte a rinne an tarchur rialú a dhéanamh ar an díospóid sna príomhimeachtaí, ós rud é nach bhfuil aon chuspóir ag an díospóid sin mar thoradh ar cheapadh Kalėda mar bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta, rud a chuireann cosc ar éileamh an iarratasóra sna príomhimeachtaí a shásamh maidir le hathoscailt na nósanna imeachta comhairliúcháin agus togra d’iarrthóir chuig oifig bhreitheamh na Cúirte Ginearálta.

36      Is ceart a choinneáil i gcuimhne, i ndáil leis sin, de réir cásdlí socair, i gcomhthéacs an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, gur faoin gcúirt náisiúnta amháin – ar tugadh an díospóid os a comhair agus a chaithfidh freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach atá le déanamh – atá sé measúnú a dhéanamh, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, ar an ngá le réamhrialú ionas go bhféadfaidh sí breithiúnas a thabhairt agus ar ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí faoi bhráid na Cúirte araon. Dá bhrí sin, nuair a bhaineann na ceisteanna a chuirtear le léiriú dhlí an Aontais, tá an Chúirt faoi cheangal, i bprionsabal, breith a thabhairt (breithiúnas an 21 Nollaig 2023, Infraestruturas de Portugal agus Futrifer Indústrias Ferroviárias, C-66/22, EU:C:2023:1016, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

37      Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais diúltú le rialú a thabhairt ar cheist arna tarchur ag cúirt náisiúnta le haghaidh réamhrialú ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais le fíorais iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 21 Nollaig 2023, Infraestruturas de Portugal agus Futrifer Indústrias Ferroviárias, C‑66/22, EU:C:2023:1016, mír 23 agus an cásdlí dá dtagraítear).

38      Sa chás sin, maidir leis an argóint, ar an gcéad dul síos, lena líomhnaítear nach bhfuil aon nasc idir an léiriú ar dhlí an Aontais atá á lorg agus an díospóid sna príomhimeachtaí, a mhéid a rialaítear an díospóid sin leis an dlí náisiúnta amháin, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a tugadh faoi deara i mír 30 den bhreithiúnas seo, gurb é an cinneadh náisiúnta lena moltar iarrthóir d’oifig bhreitheamh na Cúirte Ginearálta an chéad chéim den nós imeachta ceapacháin a rialaítear leis an tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus leis an dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE. Baineann an díospóid sna príomhimeachtaí le dlíthiúlacht cinntí náisiúnta lena moltar iarrthóir d’oifig bhreitheamh na Cúirte Ginearálta i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos leis na forálacha sin. Sna himthosca sin, níl sé soiléir nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar na forálacha sin le hábhar na díospóide sin.

39      Maidir leis an easpa dlínse a líomhnaítear a bheith ag an gcúirt a rinne an tarchur chun an díospóid sin a éisteacht, is leor a choinneáil i gcuimhne, i gcomhthéacs an nós imeachta um réamhrialú dá dtagraítear in Airteagal 267 CFAE, nach faoin gCúirt atá sé a chinneadh ar glacadh an t‑ordú tarchuir i gcomhréir le rialacha an dlí náisiúnta lena rialaítear eagrú na gcúirteanna agus an nós imeachta nó, go háirithe, a scrúdú an bhfuil iarratas atá ar feitheamh os comhair cúirt a rinne an tarchur inghlactha faoi na rialacha sin (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um rialú urghnách agus gnóthaí poiblí na Cúirte Uachtaraí Ceapachán), C-487/19, EU:C:2021:798, mír 96 agus an cásdlí dá dtagraítear). Dá bhrí sin, ní mór don Chúirt í féin a theorannú don ordú tarchuir arna eisiúint ag cúirt de chuid Ballstáit, fad is nár cuireadh an cinneadh sin ar leataobh i gcomhthéacs aon leigheasanna dlíthiúla dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta (breithiúnas an 29 Márta 2022, Getin Noble Bank, C‑132/20, EU:C:2022:235, mír 70 agus an cásdlí dá dtagraítear). Mar sin féin, ní léir ó na doiciméid atá os comhair na Cúirte gur cuireadh an t‑ordú tarchuir i leataobh sa chás sin.

40      Ina dhiaidh sin, maidir leis an argóint atá bunaithe ar chineál hipitéiseach na gceisteanna a tharchuirtear, ní mór a chur in iúl, murab ionann agus an méid a mhaíonn Rialtas na Liotuáine, go bhfuil siad spreagtha ag amhras na cúirte a rinne an tarchur maidir le comhoiriúnacht, le forálacha dhlí an Aontais a bhfuil léiriú á lorg aici ina leith, na rialacha mionsonraithe faoina ndearnadh an nós imeachta náisiúnta chun iarrthóir Phoblacht na Liotuáine a mholadh d’oifig bhreitheamh na Cúirte Ginearálta a chur chun feidhme go sonrach chun glacadh na gcinntí atá beartaithe atá i gceist sna príomhimeachtaí a bhaint amach. A mhéid a bhaineann an díospóid sna príomhimeachtaí le dlíthiúlacht na gcinntí sin i bhfianaise na bhforálacha sin de dhlí an Aontais, ní cosúil go bhfuil an fhadhb a ardaíodh leis na ceisteanna a tarchuireadh hipitéiseach.

41      Ar deireadh, maidir leis an argóint nach bhfuil gá le freagra ar na ceisteanna sin a thuilleadh chun a chur ar chumas na cúirte a rinne an tarchur rialú a thabhairt ar an díospóid sna príomhimeachtaí mar gheall ar cheapachán Kalėda, idir an dá linn, mar bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta, ba cheart a thabhairt faoi deara, ina freagra ar iarraidh na Cúirte ar fhaisnéis an 26 Meán Fómhair 2023, gur luaigh an chúirt a rinne an tarchur nach raibh aon tionchar ag an gceapachán sin ar ábhar na díospóide sna príomhimeachtaí agus go raibh sé i gceist aici leanúint dá hiarraidh ar réamhrialú. Ina theannta sin, tá comhthuiscint ann idir na páirtithe sna príomhimeachtaí go bhfuil an díospóid sin fós ar feitheamh.

42      Ós rud é nach léir ó na doiciméid atá os comhair na Cúirte ná ó fhreagra na cúirte a rinne an tarchur ar iarraidh na Cúirte ar fhaisnéis gur tharraing an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí siar a chaingean nó gur sásaíodh a éilimh go hiomlán nó nach bhféadfaí iad a shásamh a thuilleadh, agus mar thoradh air sin go bhfuil an díospóid sna príomhimeachtaí gan chuspóir go follasach, is cosúil go bhfuil gá fós le freagra ar na ceisteanna a tarchuireadh chun a chur ar chumas na cúirte a rinne an tarchur breith a thabhairt ar an díospóid sin. (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Feabhra 2023, Towarzystwo Ubezpieczeń Ż (Conarthaí árachais caighdeánacha míthreoracha), (C‑208/21, EU:C:2023:64, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

43      Sna himthosca sin, tá an iarraidh ar réamhrialú inghlactha.

 Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

44      Lena ceisteanna, ar cheart iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá an tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus an dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar Rialtas Ballstáit, a chuir grúpa saineolaithe neamhspleácha ar bun chun measúnú a dhéanamh ar iarrthóirí d’oifig breithimh na Cúirte Ginearálta agus chun liosta fiúntais a tharraingt suas d’iarrthóirí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sna forálacha sin, iarrthóir seachas an t‑iarrthóir a mholadh as measc na n‑iarrthóirí a bheidh ar an liosta sin seachas an t‑iarrthóir.

45      Chun na ceisteanna sin a fhreagairt, ba cheart a choinneáil i gcuimhne ar dtús, faoin tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus faoin dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE, go roghnaítear breithiúna na Cúirte Ginearálta as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu an ábaltacht is gá chun feidhmeanna breithiúnacha arda a cheapadh.

46      Maidir leis an gceanglas maidir le neamhspleáchas dá bhforáiltear sna forálacha seo, go háirithe, tá sé tábhachtach a choinneáil i gcuimhne go mbaineann an ceanglas seo le hábhar bunriachtanach an chirt chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach agus chun triail chóir a fháil, a bhfuil ríthábhacht ag gabháil leis mar ráthaíocht ar chosaint na gceart uile arna dtabhairt do dhaoine aonair le dlí an Aontais agus ar chaomhnú na luachanna is coiteann do na Ballstáit, a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, go háirithe maidir le luach an smachta reachta (breithiúnais an 26 Márta 2020, Athbhreithniú Simpson v an Chomhairle agus HG v an Coimisiún, C‑542/18 RX–II agus C‑543/18 RX–II, EU:C:2020:232, míreanna 70 agus 71, agus an 21 Nollaig 2023, Krajowa Rada Sądownictwa (Breitheamh a fhanacht i seilbh a oifige), C‑718/21, EU:C:2023:1015, mír 61).

47      Dá bhrí sin, leis an gceanglas sin maidir le neamhspleáchas breithiúnach a leagtar síos go háirithe in Airteagal 19 CAE, léirítear go nithiúil ceann de luachanna bunúsacha an Aontais agus a Bhallstáit a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, ina sainítear féiniúlacht an Aontais mar dhlíchóras coiteann agus comhlíonadh an dlíchórais sin atá ceangailteach ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit araon (féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑156/21, EU:C:2022:97, míreanna 127 agus 232 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus príobháideachas na mbreithiúna), C‑204/21, EU:C:2023:442, mír 67).

48      Ós rud é go bhfuil ceanglas maidir le neamhspleáchas, lena n‑áirítear dhá ghné, neamhspleáchas sa chiall is déine agus neamhchlaontacht (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí), C‑585/18, C‑624/18 agus C‑625/18, EU:C:2019:982, míreanna 121 agus 122 agus an cásdlí dá dtagraítear), mar dhlúthchuid den chúram breithiúnas a thabhairt agus ós rud é go gcuirtear le hAirteagal 19 CAE de chúram ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus ar na cúirteanna náisiúnta i gcomhpháirt athbhreithniú breithiúnach a áirithiú i ndlíchóras an Aontais, tá an ceanglas sin chomh ceangailteach céanna ar leibhéal an Aontais, go háirithe do bhreithiúna na Cúirte Ginearálta, mar atá ar leibhéal na mBallstát, do chúirteanna náisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, (C‑64/16, EU:C:2018:117, míreanna 32 agus 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).

49      Ina theannta sin, tá dlúthbhaint ag an gceanglas a bhaineann le binse arna bhunú roimhe sin le dlí, inter alia, leis an gceanglas maidir le neamhspleáchas sa mhéid is go bhféachtar leis an dá cheanglas le bunphrionsabail an smachta reachta agus scaradh na gcumhachtaí a urramú, ar prionsabail iad atá bunriachtanach don smacht reachta agus dearbhaítear a luach in Airteagal 2 CAE. Mar bhonn de gach ceann de na ceanglais sin, tá sé riachtanach an mhuinín a chaomhnú nach mór don bhreithiúnacht a spreagadh sa dlíthí agus i neamhspleáchas na breithiúnachta sin i dtaca leis na cumhachtaí eile [féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um rialú urghnách agus gnóthaí poiblí na Cúirte Uachtaraí  Ceapachán), C‑487/19, EU:C:2021:798, mír 124, agus an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Cúirt arna bunú le dlí sa Bhallstát eisiúna), C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, mír 56).

50      Cuimsítear le ceanglas cúirte arna bunú roimhe sin le dlí, de bharr a chineáil, an próiseas chun breithiúna a cheapadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Márta 2020, Athbhreithniú Simpson v an Chomhairle agus HG v an Coimisiún, C‑542/18 RX–II agus C‑543/18 RX–II, EU:C:2020:232, mír 74 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus é á thabhairt faoi deara go dtomhaistear neamhspleáchas cúirte, go háirithe, leis an gcaoi ar ceapadh a comhaltaí [féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2023, Krajowa Rada Sądownictwa (Breitheamh a fhanacht i seilbh a oifige), C‑718/21, EU:C:2023:1015, mír 60 agus an cásdlí dá dtagraítear).

51      Dá bhrí sin, is gá go mbeadh na coinníollacha substainteacha agus na socruithe nós imeachta a bhaineann le ceapadh breithiúna a bheith de chineál nach féidir leo, in aigne na ndaoine, a bheith ina gcúis le hamhras dlisteanach ar neamh-thréscaoilteacht na mbreithiúna lena mbaineann i leith imthosca seachtracha agus ar a neodracht maidir leis na leasanna a bhíonn ag teacht salach ar a chéile (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Márta 2020, Athbhreithniú Simpson v an Chomhairle agus HG v an Coimisiún, C‑542/18 RX–II agus C‑543/18 RX–II, EU:C:2020:232, mír 71). Tá sé thar a bheith tábhachtach, chun na críche sin, go bhfuil na coinníollacha substainteacha seo agus na socruithe nós imeachta seo deartha ar bhealach a fhágann nach amháin aon tionchar díreach, i bhfoirm treoracha, ach le cineálacha tionchair níos indírí lena bhféadfaí tionchar a imirt ar chinntí na mbreithiúna lena mbaineann chomh maith, agus aon chuma a sheachaint mar sin nach bhfuil na breithiúna sin neamhspleách nó neamhchlaon, ar tionchar é atá de chineál a bhainfeadh sé an bonn ón muinín i sochaí dhaonlathach agus faoi smacht reachta nach mór a spreagadh leis an gceartas i ndaoine aonair (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Márta 2022, Getin Noble Bank, (C-132/20, EU:C:2022:235, míreanna 96 agus 97 agus an cásdlí dá dtagraítear).

52      Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh sárú ar an gceart bunúsach chun binse neamhspleách neamhchlaonta arna bhunú roimh ré le dlí a bheith mar thoradh ar neamhrialtacht a dhéantar i gcomhthéacs an nós imeachta maidir le breithiúna a cheapadh laistigh den chóras breithiúnach lena mbaineann, i gcás ina bhfuil an neamhrialtacht sin de chineál agus de thromchúis a chruthódh fíorbhaol go bhféadfadh brainsí eile cumhachta, go háirithe an feidhmeannas, lánrogha mhíchuí a fheidhmiú a chuirfeadh sláine thoradh an phróisis ceapacháin i mbaol. Bheadh neamhrialtacht den sórt sin ina cúis le hamhras dlisteanach, in aigne daoine aonair, maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an bhreithimh nó na mbreithiúna lena mbaineann. Is amhlaidh atá i gcás ina bhfuil rialacha bunúsacha atá ina gcuid dhílis de bhunú agus d’fheidhmiú an chórais bhreithiúnaigh sin i gceist (féach, chuige sin, breithiúnais an 26 Márta 2020, Athbhreithniú Simpson v an Chomhairle agus HG v an Coimisiún, C‑542/18 RX–II agus C‑543/18 RX–II, EU:C:2020:232, míreanna 75 agus 76, agus an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Cúirt arna bunú le dlí sa Bhallstát eisiúna), C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, míreanna 72 agus 73 agus an cásdlí dá dtagraítear).

53      Maidir le breithiúna na Cúirte Ginearálta, leis na coinníollacha substainteacha agus na rialacha mionsonraithe nós imeachta a bhaineann lena gceapadh, ní mór a bheith in ann aon amhras dlisteanach a chur as an áireamh, in aigne daoine aonair, go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos sa tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus sa dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE, a bhaineann le ‘ráthaíochtaí neamhspleáchais’ agus leis na ‘cáilíochtaí is gá chun a gceaptha do na hoifigí breithiúnacha is airde’ araon. Chuige sin, is gá, go háirithe, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 59 go 61 agus 65 dá Thuairim, sláine an nós imeachta iomlán chun breithiúna den Chúirt Ghinearálta a cheapadh agus, dá bhrí sin, sláine thoradh an nós imeachta sin ag gach céim dá bhfuil an nós imeachta sin comhdhéanta a áirithiú.

54      Dá bhrí sin, ar an gcéad dul síos, maidir leis an gcéim náisiúnta ina moltar iarrthóir d’oifig bhreitheamh na Cúirte Ginearálta, atá i gceist go sonrach sna príomhimeachtaí, ba cheart a thabhairt faoi deara, de pháirt, in éagmais forálacha sonracha i ndlí an Aontais chuige sin, gur faoi chóras dlí náisiúnta gach Ballstáit atá sé na socruithe nós imeachta a leagan síos chun iarrthóir den sórt sin a mholadh, ar choinníoll nach féidir leis na rialacha mionsonraithe sin a bheith ina gcúis, in aigne daoine aonair, le hamhras dlisteanach i dtaobh an gcomhlíonann an t‑iarrthóir atá beartaithe na ceanglais a leagtar síos sa tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus sa dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE.

55      Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 54 dá Thuairim, tá sé de shaoirse i gcónaí ag gach Ballstát foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta chun iarrthóir a roghnú agus a mholadh d’oifig bhreitheamh na Cúirte Ginearálta.

56      I ndáil leis sin, cé go bhfuil baint ag ionadaithe an reachtais nó an fheidhmeannais leis an bpróiseas chun breithiúna a cheapadh, ní fhágann sé sin ann féin go bhfuil amhras dlisteanach den sórt sin ann in aigne daoine aonair (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Openbaar Ministerie (Cúirt arna bunú le dlí sa Bhallstát eisiúna), C‑562/21 PPU agus C‑563/21 PPU, EU:C:2022:100, míreanna 75 agus 76 agus an cásdlí dá dtagraítear). É sin ráite, is dócha go gcuirfidh rannpháirtíocht comhlachtaí comhairleacha neamhspleácha agus oibleagáid cúiseanna a lua, sa dlí náisiúnta, le hoibiachtúlacht níos mó sa phróiseas ceapacháin tríd an lánrogha a d’fhéadfadh a bheith ag an institiúid ceapacháin a theorannú (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Aibreán 2021, Repubblika, C-896/19, EU:C:2021:311, míreanna 66 agus 71 agus an cásdlí dá dtagraítear).

57      Ar an dara dul síos, maidir leis na coinníollacha substainteacha a leagtar síos chun iarrthóirí a roghnú agus a mholadh d’oifig bhreitheamh na Cúirte Ginearálta, ní mór do na Ballstáit, cé go bhfuil lánrogha leathan acu maidir leis na coinníollacha sin a shainiú, a áirithiú, beag beann ar na rialacha nós imeachta a glacadh chun na críche sin, go gcomhlíonfaidh na hiarrthóirí a mholtar na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus inniúlacht ghairmiúil a leagtar síos sa tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus sa dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE.

58      Ar an dara dul síos, tá an painéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 CFAE freagrach freisin as oiriúnacht na n‑iarrthóirí arna moladh ag na Ballstáit chun feidhmeanna breithimh den Chúirt Ghinearálta a fheidhmiú a fhíorú, i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos sa tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus sa dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE.

59      Chun a thuairim ar an oiriúnacht sin a ghlacadh, ní mór don phainéal sin a fhíorú go gcomhlíonann an t‑iarrthóir a mholtar na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus inniúlacht ghairmiúil a cheanglaítear, i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus leis an dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE, dualgais bhreithimh den Chúirt Ghinearálta a chomhlíonadh.

60      Sa chomhthéacs sin, mar a luaigh an painéal i gceann dá thuarascálacha ar ghníomhaíochtaí, cé gur toisc ábhartha é nós imeachta roghnúcháin oscailte, trédhearcach agus dian a bheith ann chun a fhíorú ar chomhlíon an t‑iarrthóir molta na ceanglais sin, ní foras é easpa nós imeachta den sórt sin, ar an taobh eile, chun amhras a chaitheamh ar an gcomhlíonadh sin.

61      Chun críocha an fhíoraithe sin, féadfaidh an painéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 CFAE, mar a fhoráiltear sa dara fomhír de phointe 6 dá rialacha oibriúcháin, a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2010/124, a iarraidh ar an Rialtas as a dtagann an togra faisnéis bhreise nó ábhar eile a mheasann sé a bheith riachtanach dá phléití a sheoladh chuige, agus é de cheangal ar an rialtas sin, faoi phrionsabal an chomhair dhílis a leagtar síos in Airteagal 4(3) CAE, an fhaisnéis agus an fhianaise sin a sholáthar dó.

62      Ar an tríú dul síos, is faoi rialtais na mBallstát freisin, trína n‑ionadaithe, atá sé a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar síos sa tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus sa dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE nuair a chinneann siad, ag féachaint don tuairim ón bpainéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 CFAE, an t‑iarrthóir a mhol ceann de na rialtais sin a cheapadh ina bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta. A luaithe a cheapfar é, beidh an t‑iarrthóir sin ina bhreitheamh den Aontas Eorpach agus ní dhéanfaidh sé ionadaíocht thar ceann an Bhallstáit a mhol é.

63      I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ní mór a mheas, i gcás, mar atá sna príomhimeachtaí, inar bhunaigh Ballstát nós imeachta chun iarrthóirí a roghnú d’oifig bhreitheamh na Cúirte Ginearálta ina raibh grúpa saineolaithe neamhspleácha den chuid is mó freagrach as measúnú a dhéanamh ar na hiarrthóirí sin agus as liosta fiúntais a tharraingt suas de na hiarrthóirí sin a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus sa dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE, díreach nach leor ann féin gur chinn Rialtas an Bhallstáit sin iarrthóir a mholadh ar an liosta rangaithe sin seachas an t‑iarrthóir is airde rangú chun a chinneadh go bhfuil an togra sin de chineál a chruthódh amhras dlisteanach i dtaobh an gcomhlíonann an t‑iarrthóir atá beartaithe na ceanglais sin.

64      Sa chás seo, is léir ó mhíreanna 1 go 3, 13, 15, 19 agus 21 go 23 den tuairisc ar an nós imeachta roghnúcháin gur ceanglaíodh ar an ngrúpa saineolaithe sin, ar an gcéad dul síos, measúnú a dhéanamh ar na hiarrthóirí sin i bhfianaise na gceanglas dá dtagraítear sna forálacha sin, mar a thug an painéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 CFAE bunús leis ina thuarascálacha ar ghníomhaíochtaí. Ina dhiaidh sin, ní raibh sa liosta rangaithe a dhréachtaigh an grúpa sin ach iarrthóirí a mheas an grúpa sin chun na ceanglais sin a chomhlíonadh. Ar deireadh, ní ach moladh é seo ag an ngrúpa céanna, maidir leis an iarrthóir is airde rangú don phost mar bhreitheamh na Cúirte Ginearálta] do Rialtas na Liotuáine a dhírítear é, i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Dlí maidir leis an Rialtas.

65      Ós rud é gur chuir an painéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 CFAE tuairim fhabhrach in iúl maidir leis an iarrthóir arna mholadh ag Rialtas na Liotuáine a cuireadh sa tríú post ar an liosta rangaithe sin, deimhnítear leis sin go gcomhlíonann cinneadh rialtais na mBallstát an t‑iarrthóir sin a cheapadh na ceanglais a leagtar síos sa tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus sa dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE.

66      Ag féachaint do na breithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar na ceisteanna a ardaíodh ná nach mór an tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus an dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE a léiriú mar ní a chiallaíonn nach gcuirtear cosc leo ar rialtas ballstáit, a chuir grúpa saineolaithe neamhspleácha ar bun chun measúnú a dhéanamh ar iarrthóirí d’oifig bhreitheamh na Cúirte Ginearálta agus chun liosta rangaithe a tharraingt suas d’iarrthóirí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sna forálacha sin, iarrthóir seachas an t‑iarrthóir ar an liosta sin a mholadh as measc na n‑iarrthóirí ar an liosta sin, ar choinníoll go gcomhlíonann an t‑iarrthóir beartaithe na ceanglais seo.

 Costais

67      Ós rud é, i gcás na bpáirtithe sna príomhimeachtaí, gur céim iad na himeachtaí sin sa chaingean atá ar feitheamh os comhair na cúirte náisiúnta, is faoin gcúirt sin atá an cinneadh maidir le costais. Níl na costais a tabhaíodh agus barúlacha á gcur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

Maidir leis an tríú fomhír d’Airteagal 19(2), CAE agus an dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leo ar rialtas ballstáit, a chuir grúpa saineolaithe neamhspleácha ar bun chun measúnú a dhéanamh ar iarrthóirí d’oifig bhreitheamh Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh agus chun liosta rangaithe a tharraingt suas d’iarrthóirí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sna forálacha sin, iarrthóir seachas an tiarrthóir ar an liosta sin a mholadh as measc na niarrthóirí ar an liosta sin, ar choinníoll go gcomhlíonann an tiarrthóir beartaithe na ceanglais seo.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Liotuáinis.