Cás C-107/23 PPU[Lin] ( i )
Imeachtaí coiriúla
i gcoinne
C.I. agus páirtithe eile
(iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Braşov)
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 24 Iúil 2023
(Tarchur chun réamhrialú – Leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint – Airteagal 325(1) CFAE – Coinbhinsiún “PIF” – Airteagal 2(1) – Oibleagáid calaois a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac le bearta a bheidh mar chosc agus a bheidh éifeachtúil – Oibleagáid foráil a dhéanamh do phionóis choiriúla – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Calaois thromchúiseach CBL – Tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil – Breithiúnas ó Chúirt Bhunreachtúil lenar cinneadh foráil náisiúnta lena rialaítear cúiseanna leis an tréimhse theorann sin a bhriseadh a bheith neamhbhailí – Riosca córasach go mbeidh saoirse ó phionós ann – Cosaint na gceart bunúsach – Airteagal 49(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis – Ceanglais maidir le hintuarthacht agus beachtas an dlí choiriúil – An prionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior) – Prionsabal na deimhneachta dlíthiúla – Caighdeán náisiúnta cosanta do chearta bunúsacha – Oibleagáid ar chúirteanna Ballstáit breithiúnais Chúirt Bhunreachtúil agus/nó Chúirt Uachtarach an Bhallstáit sin a fhágáil gan feidhm i gcás neamh-chomhlíonadh dhlí an Aontais – Dliteanas araíonachta na mbreithiúna i gcás nach leantar na breithiúnais sin – Prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais)
Ceisteanna a tharchuirtear – Nós imeachta práinne um réamhrialú – Coinníollacha – Scrúdú ex officio arna dhéanamh ag an gCúirt – Duine a chaill a shaoirse – Réiteach na díospóide a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcailleadh saoirse sin
(Reacht na Cúirte Breithiúnais, Airteagal 23a; Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, Airteagal 107)
(féach míreanna 48-56)
Acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh – Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint – Calaois agus gníomhaíochtaí mídhleathacha eile a chomhrac – Oibleagáid ar na Ballstáit pionóis a bheidh éifeachtúil agus mar chosc a leagan síos – Raon feidhme – Cionta coiriúla a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais – Socrú na dtréimhsí teorann – Dlínse na mBallstát – Teorannacha
(Airteagal 4(2) agus 325 CFAE; an Coinbhinsiún maidir le Leasanna Airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint, Airteagal 2(1))
(féach míreanna 79-86)
Acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh – Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint – Calaois agus gníomhaíochtaí mídhleathacha eile a chomhrac – Oibleagáid ar na Ballstáit pionóis a bheidh éifeachtúil agus mar chosc a leagan síos – Raon feidhme – Oibleagáid ar an gcúirt náisiúnta – Urraim ar chearta bunúsacha – Caighdeán náisiúnta cosanta a bhaineann le prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis – Ceanglais maidir le hintuarthacht agus beachtas an dlí choiriúil – Breithiúnais de Chúirt Bhunreachtúil Bhallstáit lena gcinntear foráil náisiúnta lena rialaítear na forais leis an tréimhse theorann in ábhair choiriúla a bhriseadh a bheith neamhbhailí – Iarmhairt – Clabhsúr a chur le méid suntasach cásanna coiriúla, lena n-áirítear cásanna a bhaineann le cionta de chalaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais – Oibleagáid ar na cúirteanna náisiúnta na breithiúnais sin a fhágáil gan feidhm – Easnamh
(Airteagal 325(1) CFAE; an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 51(1); an Coinbhinsiún maidir le Leasanna Airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint, Airteagal 2(1))
(féach míreanna 91-101, 110-118, 125, an chuid oibríochtúil 1)
Dlí an Aontais Eorpaigh – Prionsabail – Prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le pionóis – Raon feidhme
(An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 49(1))
(féach míreanna 104-108)
Acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh – Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint – Calaois agus gníomhaíochtaí mídhleathacha eile a chomhrac – Oibleagáid ar na Ballstáit pionóis a bheidh éifeachtúil agus mar chosc a leagan síos – Raon feidhme – Oibleagáid ar an gcúirt náisiúnta – Urraim ar chearta bunúsacha – Caighdeán náisiúnta cosanta a bhaineann leis an bprionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior) – Amhras a chaitheamh ar bhriseadh na tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil i gcásanna a bhaineann le cionta de chalaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais – Caighdeán atá feidhm aige i leith gníomhartha nós imeachta a rinneadh sular aithníodh an fhoráil náisiúnta lena rialaítear na forais le briseadh den sórt sin a bheith neamhbhailí – Oibleagáid ar na cúirteanna náisiúnta an caighdeán sin a fhágáil gan feidhm
(Airteagal 325(1) CFAE; an Coinbhinsiún maidir le Leasanna Airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint, Airteagal 2(1))
(féach míreanna 119-125, an chuid oibríochtúil 1)
Dlí an Aontais – Tosaíocht – Cinntí den Chúirt Bhunreachtúil agus den Chúirt Uachtarach de Bhallstát atá ar neamhréir le forálacha de dhlí an Aontais a bhfuil éifeacht dhíreach acu – Reachtaíocht nó cleachtas náisiúnta lena gcuirtear cosc ar chúirteanna an Bhallstáit sin, ar an mbaol go gcuirfí dliteanas araíonachta ar na breithiúna lena mbaineann, na cinntí sin a fhágáil gan feidhm ex officio – Do-ghlacthacht
(Airteagal 267 agus 325(1) CFAE; an Coinbhinsiún maidir le Leasanna Airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint, Airteagal 2(1))
(féach míreanna 128-137, an chuid oibríochtúil 2)
Résumé
Le linn na bliana 2010, mhainnigh C.I., C.O., K.A., L.N. agus S.P. (“na páirtithe lena mbaineann”) a chur in iúl ina ndoiciméid chuntasaíochta na hidirbhearta tráchtála agus an t-ioncam a bhain le díol díosail do thairbhithe inmheánacha, ar díosal é arna fháil faoi scéim fionraíochta dleachtanna máil, agus trí sin rinne siad díobháil do bhuiséad an Stáit, go háirithe maidir le cáin bhreisluacha (CBL) agus dleachtanna máil ar dhíosal.
Le breithiúnas a foilsíodh an 25 Meitheamh 2018, dhearbhaigh an Curtea Constitutională (an Chúirt Bhunreachtúil, an Rómáin) foráil náisiúnta lena rialaítear briseadh na tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bheith míbhunreachtúil, ós rud é gur sáraíodh prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis léi ( 1 ). Shoiléirigh an chúirt chéanna sin, ina dhiaidh sin, i mbreithiúnas arna fhoilsiú an 9 Meitheamh 2022, ag féachaint don easpa idirghabhála ó reachtas na Rómáine díreach i ndiaidh an bhreithiúnais sin in 2018, nár foráladh, le dlí substainteach na Rómáine, d’aon fhoras leis an tréimhse theorann sin a bhriseadh idir dáta foilsithe an bhreithiúnais sin agus an dáta a tháinig an fhoráil a cuireadh in áit na forála neamhbhailí i bhfeidhm, an 30 Bealtaine 2022 ( 2 ).
Le breithiúnas arna thabhairt an 30 Meitheamh 2020, d’ordaigh Curtea de Apel Brașov (Cúirt Achomhairc Brașov, an Rómáin), an chúirt a rinne an tarchur, go gciontófar nó go gcinnteofar ciontú na bpáirtithe lena mbaineann, agus go bhforchuirfí pianbhreitheanna príosúnachta orthu mar gheall ar na cionta de chalaois chánach agus de chomhcheilg a dhéanamh. Thaisc na páirtithe lena mbaineann caingne eisceachtúla le haghaidh neamhniú i gcoinne an bhreithiúnais sin, ar an bhforas gur ciontaíodh iad cé go raibh an tréimhse theorann dá ndliteanas coiriúil imithe in éag cheana. Go sonrach, mhaígh siad gurb ionann an fíoras, le linn na tréimhse a luaitear thuas, nár foráladh leis an dlí substainteach d’aon fhéidearthacht na tréimhsí teorann a bhriseadh, ann féin, agus dlí coiriúil níos trócairí nár mhór a chur i bhfeidhm ina leith i gcomhréir leis an bprionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior). D’agair siad, sa chomhthéacs sin, breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2022 den Înalta Curte de Casație și Justiție (an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas, an Rómáin), lenar chinn an chúirt sin go bhféadfadh ciontú críochnaitheach, i bprionsabal, a bheith ina ábhar do chaingean eisceachtúil le haghaidh neamhniú bunaithe ar éifeachtaí bhreithiúnais na Cúirte Bunreachtúla mar dhlí coiriúil níos trócairí (lex mitior) ( 3 ).
Aithníonn an chúirt a rinne an tarchur, más gá glacadh le léiriú den sórt sin, go mbeadh an tréimhse theorann, sa chás seo, tar éis dul in éag sula dtiocfadh an cinneadh ciontaithe i leith na bpáirtithe lena mbaineann chun bheith críochnaitheach, agus dá bhrí sin chuirfí clabhsúr leis na himeachtaí coiriúla agus bheadh sé dodhéanta iad a chiontú.
Tá amhras ar an gcúirt sin maidir le comhréireacht an léirithe sin le dlí an Aontais, sa chaoi go mbeadh sé mar éifeacht leis na páirtithe lena mbaineann a scaoileadh saor óna ndliteanas coiriúil i leith cionta de chalaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais. Thairis sin, cuireann sí chun suntais go bhféadfaí a chur ina luí uirthi, mura bhféadfaí léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais a dhéanamh, breithiúnais den Chúirt Bhunreachtúil agus/nó den Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas a fhágáil gan feidhm. Ceadaítear leis an gcóras nua araíonachta, áfach, pionós a ghearradh ar bhreithiúna a líomhnaítear a rinne neamhaird, de mheon mímhacánta nó le faillí thromchúiseach, ar bhreithiúnais na gcúirteanna sin.
I gcomhthéacs an nós imeachta práinne um réamhrialú a cuireadh ar bun ex officio, sonraíonn an Chúirt, agus í ina suí mar Mhór-Dhlísheomra, na hoibleagáidí a eascraíonn do na Ballstáit, ar thaobh amháin, as ceanglais an chomhraic i gcoinne calaois a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais agus, ar an taobh eile, as an riachtanas na cearta bunúsacha a urramú, mar a chosnaítear iad faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta.
Measúnú na Cúirte
Aithníonn an Chúirt nach gceanglaítear ar chúirteanna Ballstáit le hAirteagal 325(1) CFAE ná le hAirteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF ( 4 ) breithiúnais den Chúirt Bhunreachtúil lena gcinntear an fhoráil reachtach náisiúnta lena rialaítear na forais leis an tréimhse theorann in ábhair choiriúla a bhriseadh a bheith neamhbhailí a fhágáil gan feidhm, fiú má fhágann na breithiúnais sin go gcuirfí clabhsúr le méid suntasach cásanna coiriúla, a bhaineann go háirithe le cionta de chalaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais, mar gheall ar rúradh an dliteanais choiriúil.
Chuige sin, sonraíonn an Chúirt, ar dtús, cé gur cumhdaíodh glacadh na rialacha lena rialaítear rúradh an dliteanais choiriúil i leith cionta a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais, tráth na ngníomhartha sna príomhimeachtaí, faoi inniúlacht na mBallstát, tá ar na Ballstáit sin, agus an inniúlacht sin á feidhmiú, na hoibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais a urramú. Mar sin, ní mór dóibh an chalaois agus aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac le bearta a bheidh mar chosc agus éifeachtúil chomh maith leis na bearta is gá a ghlacadh chun go mbeidh gníomhartha arb ionann iad agus calaois a dhéanann díobháil do leasanna den sórt sin, lena n-áirítear calaois CBL, inphionóis le pionóis choiriúla éifeachtacha, comhréireacha agus ar cosc iad. Chuige sin, ní mór do na Stáit sin a áirithiú go gceadaítear leis na rialacha rúraidh dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta cosc éifeachtach a dhéanamh ar na cionta a bhaineann le calaoisí den sórt sin.
D’fhágfadh cur i bhfeidhm na mbreithiúnas ón gCúirt Bhunreachtúil lena gcinntear an fhoráil reachtach náisiúnta lena rialaítear na forais leis an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh a bheith neamhbhailí go gcuirfí clabhsúr leis na himeachtaí coiriúla agus go mbeadh sé dodhéanta na páirtithe lena mbaineann a chiontú. Thairis sin, d’fhéadfadh scriosadh an dliteanais choiriúil a bheith mar thoradh ar an gcur i bhfeidhm sin, i méid suntasach cásanna eile, agus dá bhrí sin, bheadh riosca córasach go mbeidh saoirse ó phionós ann i leith cionta de chalaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais. Tá riosca den sórt sin ar neamhréir leis na hoibleadáidí a fhorchuirtear ar na Ballstáit le hAirteagal 325(1) CFAE agus le hAirteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF.
Ós rud é go bhfuil éifeacht dhíreach ag na forálacha sin, de bhun phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, tá iallach, i bprionsabal, ar na cúirteanna náisiúnta lánéifeacht a thabhairt do na hoibleagáidí a eascraíonn astu, trí fhorálacha náisiúnta atá mar chonstaic, i gcomhthéacs imeachtaí maidir le calaoisí tromchúiseacha a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais, do chur i bhfeidhm pionóis éifeachtúla agus a bheidh mar chosc chun cionta den sórt sin a chomhrac a fhágáil gan feidhm. Is cosúil mar sin, i bprionsabal, go bhfuil ar na cúirteanna sin na breithiúnais sin a fhágáil gan feidhm.
Bíodh sin mar atá, ós rud é gurb ionann na himeachtaí coiriúla a bhaineann le cionta in ábhair CBL agus cur chun feidhme dhlí an Aontais, de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), tá gá go fóill a fhíorú an bhfuil coinbhleacht ann idir an oibleagáid chun breithiúnais den sórt sin a fhágáil gan feidhm agus cosaint na gceart bunúsach agus, sa chás seo, na cearta a chumhdaítear, i ndlíchóras an Aontais, faoi Airteagal 49(1) den Chairt ( 5 ). A mhéid nach gcumhdaítear na rialacha lena rialaítear an rúradh in ábhair choiriúla faoi raon feidhme na forála sin, níl an oibleagáid chun na breithiúnais sin a fhágáil gan feidhm de chineál go ndéanfaí dochar léi do na cearta bunúsacha mar a ráthaítear iad san fhoráil sin.
Nuair a bhfuil ar chúirt de chuid Ballstáit rialú a dhéanamh, áfach, ar chomhréireacht forála nó birt náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme dlí an Aontais de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt le cearta bunúsacha, nuair nach gcinntear gníomhú na mBallstát go hiomlán le dlí an Aontais, is féidir leis na húdaráis agus na cúirteanna náisiúnta caighdeáin náisiúnta a chur i bhfeidhm chun cearta bunúsacha a chosaint, chomh fada is nach gcuirtear i gcontúirt an leibhéal cosanta dá bhforáiltear leis an gCairt, ná tosaíocht, aonacht agus éifeachtacht dhlí an Aontais leis an gcur i bhfeidhm sin. A mhéid, i ndlí na Rómáine, a chumhdaítear na rialacha a bhaineann leis an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh faoin dlí coiriúil substainteach agus, dá bhrí sin, a chuirtear faoi réir phrionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis agus an prionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior) iad, ní mór na prionsabail sin a mheas mar chaighdeáin náisiúnta cosanta do chearta bunúsacha.
Chuige sin, cuireann an Chúirt, sa chéad áit, tábhacht phrionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis i dtreis, i ndlíchóras an Aontais agus sna dlíchórais náisiúnta, ina cheanglais maidir le hintuarthacht, beachtas agus neamh-chúlghabhálacht an dlí choiriúil. Is léiriú ar leith iad na ceanglais sin ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla atá ina bhunghnéith den smacht reachta, a leagtar síos in Airteagal 2 CAE mar bhunluach den Aontas agus luach coiteann i measc na mBallstát.
Sa chás seo, chuir an Chúirt Bhunreachtúil caighdeán náisiúnta cosanta i leith phrionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis i bhfeidhm, ina cheanglais maidir le hintuarthacht agus beachtas an dlí choiriúil, lena bhforlíontar an chosaint in aghaidh an treallachais in ábhair choiriúla mar a dheonaítear le dlí an Aontais, de bhun phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla. Ag féachaint do thábhacht na cosanta sin in aghaidh an treallachais, féadfaidh caighdeán den sórt sin bac a chur leis an oibleagáid atá ar na cúirteanna náisiúnta de bhun Airteagal 325(1) agus (2) CFAE chun forálacha náisiúnta lena rialaítear an rúradh in ábhair choiriúla a fhágáil gan feidhm.
Sa dara háit, rialaíonn an Chúirt, de bhun Airteagal 325(1) CFAE agus Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF, go bhfuil ar chúirteanna Ballstáit, mar mhalairt air sin, caighdeán náisiúnta cosanta a bhaineann leis an bprionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior) lenar féidir amhras a chaitheamh ar bhriseadh na tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil, lena n-áirítear i gcomhthéacs caingne in aghaidh breithiúnais chríochnaitheacha, i gcásanna a bhaineann le cionta de chalaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais le gníomhartha nós imeachta a rinneadh sular aithníodh neamhbhailíocht na forála reachtaí náisiúnta lena rialaítear na forais leis an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh in ábhair choiriúla, a fhágáil gan feidhm.
Murab ionann agus an caighdeán náisiúnta cosanta a bhaineann le prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, ina cheanglais maidir le hintuarthacht agus beachtas an dlí choiriúil, atá teoranta don éifeacht bhriste atá ag gníomhartha nós imeachta a rinneadh le linn na tréimhse ón 25 Meitheamh 2018, dáta foilsithe an bhreithiúnais inar aithníodh neamhbhailíocht na forála reachtaí náisiúnta atá i gceist, go dtí an 30 Bealtaine 2022, an dáta a tháinig an fhoráil a cuireadh in áit na forála sin i bhfeidhm, a neodrú, cheadófaí leis an gcaighdeán náisiúnta cosanta a bhaineann leis an bprionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior) éifeacht bhriste na ngníomhartha nós imeachta a rinneadh fiú roimh an 25 Meitheamh 2018 a neodrú. Géaraítear, mar sin, an riosca córasach go mbeidh saoirse ó phionós ann i leith cionta de chalaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais le cur i bhfeidhm caighdeán náisiúnta cosanta den sórt sin, de shárú ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 325 CFAE agus in Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF.
In imthosca amhail na himthosca sin, agus an gá chun cothromaíocht a aimsiú idir an caighdeán náisiúnta cosanta deireanach sin agus forálacha Airteagal 325 CFAE agus Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF á gcur san áireamh, tá cur i bhfeidhm, ag cúirt náisiúnta, den chaighdeán sin, de chineál chun tosaíocht, aonacht agus éifeachtacht dhlí an Aontais a chur i gcontúirt.
Ar deireadh, aithníonn an Chúirt go gcuirtear cosc, le prionsabal na tosaíochta, ar reachtaíocht nó cleachtas náisiúnta ar dá réir go bhfuil gnáthchúirteanna náisiúnta Ballstáit faoi cheangal ag cinntí ón gCúirt Bhunreachtúil agus cinntí ó Chúirt Uachtarach an Bhallstáit sin agus nach féidir leo, ar an gcúis sin, ar an mbaol go gcuirfí dliteanas araíonachta na mbreithiúna lena mbaineann orthu, an cásdlí a eascraíonn as na cinntí sin a fhágáil gan feidhm ex officio, fiú má mheasann siad, i bhfianaise breithiúnas ón gCúirt, go bhfuil an cásdlí sin ar neamhréir le forálacha de dhlí an Aontais a bhfuil éifeacht dhíreach acu. Ní fhéadfadh feidhmiú na gcúraimí, ag cúirt náisiúnta, a chuirtear uirthi leis na Conarthaí agus na hoibleagáidí atá uirthi mar gheall orthu sin a urramú, trí éifeacht a thabhairt, i gcomhréir le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, d’fhoráil den dlí sin amhail Airteagal 325(1) CFAE nó Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF, agus don léiriú arna thabhairt ag an gCúirt orthu, de réir sainmhíniú, a bhunú mar chion araíonachta i leith na mbreithiúna atá ina suí ar chúirt den sórt sin gan go sárófaí an fhoráil sin agus an prionsabal sin atá inti ipso facto.
( i ) Ainm dlítheanach atá in ainm an cháis seo. Ní bhaineann sé le hainm aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.
( 1 ) Foráladh leis an bhforáil sin, eadhon Airteagal 155(1) de chód coiriúil na Rómáine, go mbrisfí an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil le déanamh “gach gníomh nós imeachta”. Dar leis an gCúirt Bhunreachtúil, ní raibh intuarthacht ag baint leis an bhforáil sin agus sáraíodh prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis léi, ag féachaint don fhíoras gur cumhdaíodh leis an bhfrása “gach gníomh nós imeachta” na gníomhartha nár cuireadh in iúl iad don duine atá faoi dhrochamhras nó don chosantóir freisin, agus trí sin cuireadh bac air a bheith feasach gur cuireadh tús le tréimhse theorann eile maidir lena dhliteanas coiriúil.
( 2 ) Rinneadh leasú ar Airteagal 155(1) den chód coiriúil sa chaoi go mbristear an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil le gach gníomh nós imeachta nach mór a chur in iúl don duine atá faoi dhrochamhras nó don chosantóir.
( 3 ) I mbreithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2022, shonraigh an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas, i ndlí na Rómáine, go gcumhdaítear na rialacha a bhaineann le briseadh na tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil faoin dlí coiriúil substainteach agus, dá bhrí sin, cuirtear faoi réir phrionsabal neamh-chúlghabhálachta an dlí choiriúil iad, gan dochar don phrionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior).
( 4 ) An Coinbhinsiún arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le Leasanna Airgeadais na gComhphobal Eorpach a Chosaint, arna shíniú sa Bhruiséil an 26 Iúil 1995, agus a ghabhann le Gníomh ón gComhairle an 26 Iúil 1995 (IO 1995 C 316, lch. 48, “Coinbhinsiún PIF”).
( 5 ) Seo a leanas foclaíocht na forála sin, lena gcumhdaítear prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis agus an prionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior) i ndlí an Aontais: “Ní bhfaighfear aon duine ciontach in aon chion coiriúil i ngeall ar aon ghníomh nó neamhghníomh nár chion coiriúil é faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta tráth a dhéanta. Ná ní ghearrfar pionós is troime ná mar dob inghearrtha an tráth a rinneadh an cion coiriúil. Más rud é, tar éis an cion coiriúil a dhéanamh, go bhforáiltear do phionós níos éadroime sa dlí, beidh an pionós sin infheidhme.”