BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Ceathrú Dlísheomra)

5 Meán Fómhair 2024 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – An dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha – Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 – Airteagal 16 – Forálacha sainordaitheacha sáraitheacha – Timpiste tráchta bóthair – Cearta cúitimh as damáiste a íoctar le baill teaghlaigh an duine éagtha – Prionsabal an chothromais chun críche cúitimh as damáiste neamhábhartha a rinneadh – Critéir mheasúnaithe)

I gCás C‑86/23,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Varhoven kasatsionen sad (an Chúirt Achomhairc Uachtarach, an Bhulgáir), trí bhreith an 7 Feabhra 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 15 Feabhra 2023, sna himeachtaí

E.N.I.,

Y.K.I.

v

HUK-COBURG-Allgemeine Versicherung AG,

tugann AN CHÚIRT (an Ceathrú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: C. Lycourgos, Uachtarán Dlísheomra, O. Spineanu-Matei (Rapóirtéir), J.-C. Bonichot, S. Rodin agus L. S. Rossi, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

HUK-COBURG-Allgemeine Versicherung AG, ag G. I. Ilieva agus L. I. Todev, advokati,

Rialtas na Seice, ag A. Edelmannová, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller, P. Busche agus M. Hellmann, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag C. Georgieva agus W. Wils, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 14 Márta 2024,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (‘An Róimh II’) (IO 2007 L 199, lch. 40).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir E.N.I. agus Y.K.I., náisiúnaigh Bhulgáracha, agus HUK-COBURG-Allgemeine Versicherung AG (‘HUK-COBURG’) maidir lena chúiteamh, ar bhonn dliteanas sibhialta éigeantach a eascraíonn as úsáid mótarfheithiclí, as damáiste neamhábhartha a rinneadh do E.N.I. agus Y.K.I. mar thoradh ar bhás a n‑iníne le linn timpiste tráchta bóthair sa Ghearmáin.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

Rialachán An Róimh II

3

Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 6, 7, 14, 16 agus 32 de Rialachán An Róimh II:

‘(6)

Cruthaíonn oibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh gá, d’fhonn feabhas a chur ar intuarthacht thorthaí na dlíthíochta, ar dheimhneacht i dtaca leis an dlí agus ar shaoirse gluaiseachta breithiúnas, go ndéanfadh na rialacha easaontachta dlí sna Ballstáit an dlí náisiúnta céanna a ainmniú, is cuma cén tír ina bhfuil an chúirt ina dtugtar an chaingean.

(7)

Ba chóir do raon feidhme substainteach agus d’fhorálacha an Rialacháin seo a bheith ar comhréir le Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 2001 L 12, lch. 1)... agus leis na hionstraimí ina bpléitear leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha.

[...]

(14)

Is eilimintí bunúsacha de limistéar ceartais iad an ceangaltas deimhneachta dlíthiúla agus an gá atá ann an ceart a thabhairt i gcásanna aonair. Forálann an Rialachán seo do na nascfhachtóirí is mó is iomchuí chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, foráiltear sa Rialachán seo do riail ghinearálta, ach foráiltear ann chomh maith do rialacha sainiúla agus, i bhforálacha áirithe, do “chlásal éalaithe” a cheadaíonn imeacht ó na rialacha sin i gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follasach gur dlúithe an bhaint atá ag an tort nó ag an míghníomh le tír eile. Dá réir sin, cruthaítear creat solúbtha rialacha easaontachta dlí leis an tsraith rialacha sin. Cuireann sin freisin ar chumas na cúirte a bhfuiltear os a comhair plé le cásanna aonair ar dhóigh is iomchuí.

[...]

(16)

Ba cheart go gcuirfeadh rialacha comhionanna le réamhfheictheacht breithiúnas cúirte agus go n‑áiritheodh siad go mbeadh cothromaíocht réasúnta ann idir leasanna an duine a n‑éilítear dliteanas a bheith air agus leasanna an duine a ndearnadh damáiste dó. Ach baint a bheith leis an tír ina ndearnadh an damáiste díreach (lex loci damni) aimsítear cothromaíocht chóir idir leasanna an duine a n‑éilítear dliteanas a bheith air agus leasanna an duine a ndéantar damáiste dó, agus léiríonn sé freisin an cur chuige nua-aimseartha i leith an dliteanais shibhialta agus forbairt córas diandliteanais.

[...]

(32)

Cosnaíonn dálaí leasa phoiblí go dtabharfaí an fhéidearthacht do chúirteanna na mBallstát, in imthosca eisceachtúla, eisceachtaí a chur i bhfeidhm bunaithe ar bheartas poiblí agus forálacha sainordaitheacha a shárú. Go háirithe, maidir le cur i bhfeidhm fhoráil den dlí a ainmnítear sa Rialachán seo a mbeadh sé d’éifeacht aici a bheith ina cúis le damáistí samplacha neamhchúitimh nó le damáistí pionósacha neamhchúitimh de chineál iomarcach a thabhairt ag brath ar imthosca an cháis agus ar ord dlíthiúil Bhallstát na cúirte a bhfuiltear os a comhair, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil sin ag cur in aghaidh bheartas poiblí (ordre public) an fhóraim.’

4

Foráiltear le hAirteagal 4(1) den Rialachán sin:

‘Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, is é an dlí a bheidh infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as tort nó as míghníomh dlí na tíre ina dtarlóidh an damáiste, is cuma cén tír inar tharla an teagmhas as ar éirigh an damáiste agus is cuma cén tír ina dtarlóidh iarmhairtí indíreacha an teagmhais sin.’

5

Leagtar síos an méid seo a leanas in Airteagal 15(c) den Rialachán sin:

‘An dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha faoin Rialachán seo, rialóidh sé go háirithe:

[...]

(c)

marthain, cineál agus measúnú an damáiste, nó an leigheas a éileofar;

[...]’

6

De réir Airteagal 16 den Rialachán sin, dar teideal ‘Forálacha sainordaitheacha sáraitheacha’:

‘Ní chuirfidh aon ní sa Rialachán seo srian le cur i bhfeidhm fhorálacha dhlí an fhóraim i dtoisc inar forálacha sainordaitheacha iad, is cuma cén dlí is infheidhme ar shlí eile maidir leis an oibleagáid neamhchonarthach.’

Rialachán An Róimh I

7

Foráiltear le hAirteagal 9, dar teideal ‘Forálacha sainordaitheacha sáraitheacha’, de Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO 2008 L 177, lch. 6), i míreanna 1 agus 2:

‘1.   Is forálacha iad forálacha sainordaitheacha sáraitheacha a measann tír é a bheith chomh tábhachtach iad a urramú chun a leasanna poiblí, amhail a heagraíocht pholaitiúil, a heagraíocht shóisialta nó a heagraíocht gheilleagrach, a chosaint agus go mbeidh siad infheidhme maidir le haon staid a thagann faoina raon feidhme, is cuma cén dlí is infheidhme ar shlí eile maidir leis an gconradh faoin Rialachán seo.

2.   Ní chuirfidh aon ní sa Rialachán seo srian ar chur i bhfeidhm fhorálacha sainordaitheacha sáraitheacha dhlí an fhóraim.’

Dlí na Bulgáire

8

Rialaítear dliteanas de dhroim torta faoi dhlí na Bulgáire le hAirteagail 45 go 54 den zakon za zadalzheniyata i dogovorite (Dlí maidir le hoibleagáidí agus conarthaí, DV Uimh. 275, an 22 Samhain 1950), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘ZZD’).

9

Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 45 de ZZD:

‘(1)   Tá sé de dhualgas ar gach duine aon damáiste a dhéantar do dhaoine eile a leigheas.

(2)   I ngach cás de dhroim torta, toimhdeofar an locht mura gcruthaítear a mhalairt.’

10

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 52 de ZZD:

‘Cinnfidh an chúirt cúiteamh as damáiste neamhábhartha i gcothromas.’

Dlí na Gearmáine

BGB

11

Faoin gceannteideal ‘Damáiste neamhábhartha’, is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 253 den Bürgerliches Gezetzbuch (an Cód Sibhialta), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘BGB’):

‘(1)   Ní féidir airgead a éileamh mar chúiteamh as damáiste neamhábhartha ach amháin i gcásanna a shonraítear leis an dlí.

(2)   I gcás ina mbeidh damáistí le híoc i leith díobháil phearsanta, díobháil don tsláinte, saoirse nó féinchinntiúchán gnéasach, féadfar cúiteamh cóir in airgead as damáiste neamhábhartha a éileamh freisin.’

12

Foráiltear le hAirteagal 823 de BGB, dar teideal ‘Oibleagáid an damáiste a leigheas’, i mír 1:

‘Aon duine a dhéanfaidh, ag gníomhú le hintinn nó go faillíoch, dochar go neamhdhleathach do bheatha, do chorp, do shláinte, do shaoirse, do mhaoin nó ar d’aon cheart eile de chuid duine eile, dlífear ar an duine sin cúiteamh ar an damáiste a tharlóidh mar thoradh air sin a íoc leis an duine eile sin.’

An Dlí maidir le Trácht ar Bhóithre

13

Foráiltear le hAirteagal 7 den Straßenverkehrsgesetz (An Dlí maidir le Trácht ar Bhóithre), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, dar teideal ‘Dliteanas shealbhóir na feithicle, úsáid na mótarfheithicle gan eolas nó toiliú an úinéara’, i mír 1:

‘Más rud é, le linn mótarfheithicil a úsáid, go maraítear duine, go ndéantar díobháil phearsanta dó nó díobháil dá shláinte, nó má dhéantar damáiste do mhír mhaoine, beidh sé de cheangal ar an úinéir an damáiste a eascraíonn as sin a leigheas don pháirtí a ndéantar damáiste dó.’

14

Maidir le hAirteagal 11 den Dlí maidir le Trácht ar Bhóithre, sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, tugtar an teideal ‘Méid na hoibleagáide cúiteamh a íoc i gcás damáiste pearsanta’ dó. Foráiltear an méid seo a leanas leis an Airteagal sin:

‘I gcás díobháil phearsanta nó díobháil don tsláinte, cumhdóidh an cúiteamh na costais a thabhaíonn an t‑íospartach chun a shláinte a aisghabháil mar aon leis an damáiste airgid a rinneadh dó mar thoradh ar éagumas sealadach nó buan nó cumas laghdaithe tuillimh nó méadú sealadach nó buan ar riachtanais mar thoradh ar dhíobháil phearsanta nó ar dhíobháil don tsláinte. Féadfar cúiteamh airgid cóir a éileamh freisin as damáiste neamhábhartha.’

An Dlí maidir le Conarthaí Árachais

15

Foráiltear le hAirteagal 115 den Gesetz über den Versicherungsvertrag (an Dlí maidir le Conarthaí Árachais) an 23 Samhain 2007 (BGBl. 2007 I, lch. 2631), dar teideal ‘Ceart caingne díreach’, sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, i mír 1:

‘Féadfaidh an tríú páirtí a cheart chun cúitimh a dhearbhú i gcoinne an árachóra freisin,

1.   i gcás árachas i gcoinne dliteanas sibhialta i leith forfheidhmiú oibleagáide árachais faoin Dlí maidir le hárachas éigeantach [...]

[...]

Eascraíonn an ceart caingne díreach as oibleagáid an árachóra a eascraíonn as an gcaidreamh árachais agus, in éagmais aon oibleagáid, as Airteagal 117(1) go (4). Ní mór don árachóir an cúiteamh airgid a íoc. Beidh an t‑árachóir agus an sealbhóir polasaí, atá faoi dhliteanas i leith cúiteamh as an damáiste a íoc, faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach.’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

16

An 27 Iúil 2014, fuair iníon E.N.I. agus Y.K.I., iarratasóirí sna príomhimeachtaí, bás i dtimpiste tráchta bóthair sa Ghearmáin. Bhí an duine a bhí freagrach as an timpiste faoi árachas faoi dhliteanas sibhialta éigeantach le HUK-COBURG, cuideachta árachais atá bunaithe sa Ghearmáin.

17

An 25 Iúil 2017, thug na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí caingean i gcoinne HUK-COBURG os comhair Sofiyski gradski sad (Cúirt Chathrach Sóifia, an Bhulgáir) ag iarraidh go n‑íocfaí cúiteamh 250000 leva Bulgárach (BGN) (thart ar EUR 125000) le chuile duine acu mar chúiteamh as damáiste neamhábhartha a rinneadh dóibh mar gheall ar bhás a n‑iníne.

18

An 27 Meán Fómhair 2017, d’íoc HUK-COBURG suim EUR 2500 le chuile duine de na tuismitheoirí mar chúiteamh as damáiste a rinneadh leis an mbás sin.

19

Lena breithiúnas an 23 Nollaig 2019, sheas an Sofiyski gradski sad (Cúirt Chathrach Sóifia) go páirteach le héileamh na n‑iarratasóirí sna príomhimeachtaí trí chúiteamh a dheonú do chuile duine acu ar mhéid BGN 100000 (thart ar EUR 50000), ar asbhaineadh suim thart ar EUR 2500 a d’íoc an t‑árachóir.

20

Rinne Apelativen sad – Sofia (Cúirt Achomhairc Sóifia, an Bhulgáir) an breithiúnas sin a athchóiriú. Dhiúltaigh an chúirt sin do chaingean na n‑iarratasóirí sna príomhimeachtaí ina hiomláine, agus í den tuairim nár léirigh siad go raibh damáiste paiteolaíoch déanta ag an bpian agus ag an bhfulaingt mhorálta a d’fhulaing siad, rud a bheadh, faoi dhlí na Gearmáine is infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán An Róimh II, ina réamhchoinníoll le haghaidh cúiteamh as damáiste neamhábhartha. Dhiúltaigh an chúirt sin dá n‑argóint nach raibh feidhm aici, faoi Airteagal 16 de Rialachán An Róimh II, maidir le dlí na Gearmáine ach maidir le dlí an fhóraim, eadhon Airteagal 52 de ZZD. De réir na cúirte sin, ní hionann na suimeanna a d’íoc HUK-COBURG cheana féin agus aitheantas ó árachóir, fiúntas éilimh na n‑iarratasóirí sna príomhimeachtaí agus comhfhreagraíonn siad don ‘chúiteamh beag’ as damáiste neamhábhartha dá bhforáiltear in Airteagal 253(2) de BGB.

21

Rinne na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí achomharc ar phointe dlí i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair an Varhoven kasatsionen sad (an Chúirt Achomhairc Uachtarach, an Bhulgáir), arb é an chúirt a rinne an tarchur.

22

Tugann an chúirt sin faoi deara, ar an gcéad dul síos, go bhfuil reachtaíocht na Gearmáine a bheadh infheidhme sa chás seo faoi Airteagal 4 de Rialachán An Róimh II comhionann leis an reachtaíocht atá i gceist sa chás as ar eascair breithiúnas an 15 Nollaig 2022, HUK-COBURG-Allgemeine Versicherung (C‑577/21, EU:C:2022:992), a bhain leis an timpiste tráchta bóthair chéanna leis an timpiste atá i gceist sa chás seo.

23

Ansin, tugann an chúirt sin dá haire, sa bhreithiúnas sin, gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais go raibh reachtaíocht na Gearmáine faoin dlí náisiúnta substainteach maidir le dliteanas sibhialta dá dtagraítear i dTreoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus maidir le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (IO 2009 L 263, lch. 11). Leagtar síos le reachtaíocht na Gearmáine sin critéar oibiachtúil lena bhféadfaí damáiste neamhábhartha a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar cúitimh ag dlúthbhall teaghlaigh d’íospartach timpiste tráchta bóthair. Chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach gcuirtear cosc le Treoir 2009/103 ar reachtaíocht náisiúnta lena leagtar síos critéir cheangailteacha chun damáiste neamhábhartha a fhéadfar a chúiteamh a chinneadh.

24

Ar deireadh, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, murab ionann agus reachtaíocht na Gearmáine chéanna sin, lena gcuirtear an ceart chun cúitimh as damáiste neamhábhartha faoi réir trí choinníoll – eadhon go ndearnadh díobháil do shláinte an íospartaigh, nach mór dó a bheith ina dhlúthbhall teaghlaigh den íospartach díreach agus nach mór coibhneas cúisíoch a bheith ann idir an locht a rinne an duine atá freagrach as an timpiste agus an díobháil sin –, foráiltear le reachtaíocht na Bulgáire, eadhon Airteagal 52 de ZZD, go gcinnfidh an chúirt cúiteamh as damáiste neamhábhartha i gcothromas. Leanann sé ó chásdlí ceangailteach an Varhoven sad (an Chúirt Uachtarach, an Bhulgáir) agus an Varhoven kasatsionen sad (an Chúirt Achomhairc Uachtarach), faoi dhlí na Bulgáire, gur féidir an phian agus an fhulaingt mhorálta go léir a fhulaingíonn tuismitheoirí de dheasca bhás a linbh mar thoradh ar thimpiste tráchta bóthair a tharla de bharr míghnímh nó samhail mhíghnímh, a chúiteamh, gan é a bheith riachtanach go ndéanfaí damáiste paiteolaíoch do na tuismitheoirí sin mar gheall ar an díobháil. Braitheann an méid damáistí ar imthosca sonracha an cháis seo, is é thart ar BGN 120000 (thart ar EUR 61000) an méid a dhámhtar de ghnáth i leith damáiste neamhábhartha do thuismitheoir as bás linbh i dtimpiste tráchta bóthair in 2014. De réir na cúirte a rinne an tarchur, fiú dá mba rud é nach mór seasamh le héileamh na n‑iarratasóirí sna príomhimeachtaí agus dá gcuirfí fianaise ar fáil maidir le damáiste paiteolaíoch, is é EUR 5000 an t‑uasmhéid cúitimh a d’fhéadfaidís a fháil faoi dhlí na Gearmáine.

25

Sna himthosca sin, chinn an Varhoven kasatsionen sad (an Chúirt Achomhairc Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘An gcaithfear Airteagal 16 de [Rialachán an Róimh II] a léiriú sa chaoi go bhféadfaí foráil den dlí náisiúnta ar nós na forála faoi cheist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear go ndéanfar bunphrionsabal de chuid dhlí an Bhallstáit, ar nós phrionsabal na cothroime, a chur i bhfeidhm agus an cúiteamh le haghaidh damáiste neamhábhartha á chinneadh i gcásanna inar cailleadh dlúthdhuine mar thoradh ar mhíghníomh, a mheas mar fhoráil shainordaitheach sháraitheach de réir bhrí an Airteagail sin?’

An cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

26

Lena ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 16 de Rialachán An Róimh II a léiriú sa chaoi go bhféadfar foráil náisiúnta, lena bhforáiltear go ndéanann cúirt an cúiteamh as damáiste neamhábhartha a bhain do dhlúthbhaill teaghlaigh duine a fuair bás le linn timpiste tráchta bóthair a chinneadh i gcothromas, a mheas mar ‘fhoráil shainordaitheach sháraitheach’ de réir bhrí an Airteagail sin.

27

I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán An Róimh II, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán sin, is é an dlí a bheidh infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as tort nó as míghníomh dhlí na tíre ina dtarlóidh an damáiste, is cuma cén tír inar tharla an teagmhas as ar éirigh an damáiste agus is cuma cén tír ina dtarlóidh iarmhairtí indíreacha an teagmhais sin. Foráiltear le hAirteagal 15(c) den Rialachán sin go rialóidh an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach faoin Rialachán sin, inter alia, marthain, cineál agus measúnú an damáiste, nó an leigheas a éileofar.

28

Mar sin féin, de bhua Airteagal 16 de Rialachán An Róimh II, ní chuirfidh aon ní sa Rialachán seo srian le cur i bhfeidhm fhorálacha dhlí an fhóraim i dtoisc inar forálacha sainordaitheacha iad, is cuma cén dlí is infheidhme ar shlí eile maidir leis an oibleagáid neamhchonarthach.

29

Ar an gcéad dul síos, ní mór a thabhairt faoi deara gur léir ó fhoclaíocht Airteagal 16 de Rialachán An Róimh II, ar an gcéad dul síos, go bhforáiltear leis do shárú ar an dlí is infheidhme maidir leis an oibleagáid neamhchonarthach arna hainmniú i gcomhréir leis na rialacha easaontachta dlí a leagtar síos leis an Rialachán sin, amhail Airteagal 4 agus Airteagal 15(c) de, a mhéid a údaraítear le hAirteagal 16 dlí Bhallstát an fhóraim a chur i bhfeidhm.

30

Dá réir sin, ní mór Airteagal 16 a léiriú go sriantach (féach, de réir analaí, breithiúnas an 31 Eanáir 2019, Da Silva Martins, C‑149/18, EU:C:2019:84, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear).

31

Ina theannta sin, is é an cuspóir atá á shaothrú le Rialachán An Róimh II, go háirithe, mar is léir ó aithrisí 6, 14 agus 16 de, deimhneacht i dtaca leis an dlí is infheidhme a áirithiú gan beann ar an tír ina dtugtar an chaingean agus chun intuarthacht cinntí cúirte a fheabhsú agus cothromaíocht réasúnta a áirithiú idir leasanna an duine a n‑éilítear a dhliteanas agus leasanna an duine díobhálaithe (breithiúnas an 17 Bealtaine 2023, Fonds de Garantie des Victimes des Actes de Terrorisme et d’Autres Infractions (FGTI), C‑264/22, EU:C:2023:417, mír 30). Dá bhrí sin, thiocfadh léiriú leathan ar Airteagal 16 de Rialachán An Róimh II salach ar an gcuspóir sin.

32

Ar an dara dul síos, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 16 go bhfuil feidhm ag an sárú sin dá bhforáiltear maidir le forálacha dhlí an fhóraim ‘i dtoisc inar forálacha sainordaitheacha iad’.

33

Mar sin féin, chun forálacha den sórt sin a chur i bhfeidhm agus chun bonn cirt a thabhairt le dul ar iontaoibh Airteagal 16, ní mór dlúthnaisc leordhóthanacha a bheith ag an staid dhlíthiúil arna tabhairt os comhair na cúirte náisiúnta le Ballstát an fhóraim.

34

Dá bhrí sin, le cur i leataobh an dlí eachtraigh a ainmnítear faoi Airteagal 4 de Rialachán An Róimh II, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 52 dá Thuairim, ní mór don chúirt sin a fhíorú ar dtús an bhfuil naisc den sórt sin ag an staid dhlíthiúil sin leis an mBallstát sin.

35

Dá bhrí sin, má tá naisc ag an staid dhlíthiúil sin le roinnt Ballstát, d’fhéadfadh sé go gcinnfeadh an chúirt, go háirithe i bhfianaise na nasc idir an staid dhlíthiúil chéanna agus an Ballstát a bhfuil a dhlí ainmnithe faoi na rialacha easaontachta dlíthe, nach bhfuil aon dlúthnasc leordhóthanach ann le Ballstát an fhóraim.

36

Sa chás seo, thug na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, ar náisiúnaigh Bhulgáracha iad a bhfuil sainchónaí orthu sa Bhulgáir, imeachtaí os comhair chúirt an Bhallstáit sin. Mar sin féin, tharla an timpiste tráchta bóthair ar ina diaidh a fuair iníon na n‑iarratasóirí sna príomhimeachtaí bás sa Ghearmáin. Bhí údar na tionóisce sin faoi árachas le cuideachta árachais atá bunaithe sa Bhallstát sin. Thairis sin, ba náisiúnaigh Bhulgáracha atá bunaithe sa Ghearmáin iad íospartach agus déantóir na timpiste araon, mar is léir ó mhíreanna 15 go 17 de bhreithiúnas an 15 Nollaig 2022, HUK-COBURG-Allgemeine Versicherung (C‑577/21, EU:C:2022:992), a bhaineann, mar a luaitear i mír 22 den bhreithiúnas seo, leis an timpiste tráchta bóithre chéanna. Is ar bhonn na ngnéithe fíorasacha sin go háirithe gur faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a chinneadh an bhfuil dlúthnaisc leordhóthanacha leis an mBulgáir sa chás sna príomhimeachtaí.

37

Ar an dara dul síos, maidir le caighdeán náisiúnta a aicmiú mar ‘fhoráil shainordaitheach sháraitheach’ de réir bhrí Airteagal 16 de Rialachán An Róimh II, ní mór a mheabhrú go bhfuil an coincheap sin comhionann le ‘forálacha sainordaitheacha sáraitheacha’ de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán An Róimh I, agus is é an toradh atá air sin go bhfuil feidhm ag léiriú na Cúirte ar an gcoincheap sin freisin maidir leis an gcéad cheann, ag féachaint don cheanglas comhsheasmhachta i gcur i bhfeidhm Rialacháin An Róimh I agus An Róimh II (féach, chuige sin, breithiúnas an 31 Eanáir 2019, Da Silva MartinsC‑149/18, EU:C:2019:84, mír 28).

38

Le hAirteagal 9 de Rialachán An Róimh I, sainmhínítear ‘forálacha sainordaitheacha sáraitheacha’ mar fhorálacha a mheasann tír é a bheith chomh tábhachtach iad a urramú chun a leasanna poiblí, amhail a heagraíocht pholaitiúil, a heagraíocht shóisialta nó a heagraíocht gheilleagrach, a chosaint agus go mbeidh siad infheidhme maidir le haon staid a thagann faoina raon feidhme, is cuma cén dlí is infheidhme ar shlí eile maidir leis an gconradh faoin Rialachán seo.

39

De réir chásdlí na Cúirte maidir le hAirteagal 9, is faoin gcúirt náisiúnta atá sé, agus measúnú á dhéanamh aici an ‘forálacha sainordaitheacha sáraitheacha’ é an dlí náisiúnta, ní hamháin téarmaí beachta an dlí sin a chur san áireamh ach freisin a scéim ghinearálta agus na himthosca go léir inar glacadh an dlí sin chun a mheas go bhfuil sé éigeantach, a mhéid is cosúil gur ghlac an reachtóir náisiúnta é chun leas a mheasann an Ballstát lena mbaineann a bheith riachtanach a chosaint (breithiúnas an 31 Eanáir 2019, Da Silva Martins, C‑149/18, EU:C:2019:84, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear).

40

De réir analaí, chun a shainaithint gurb ann do ‘fhoráil shainordaitheach sháraitheach’ de réir bhrí Airteagal 16 de Rialachán An Róimh II, ní mór don chúirt náisiúnta a chinneadh, ar bhonn anailís mhionsonraithe ar na téarmaí, an scéim ghinearálta, na cuspóirí agus an comhthéacs ina nglacfar an fhoráil náisiúnta lena mbaineann, go bhfuil sé chomh tábhachtach sin san ord dlíthiúil náisiúnta go dtugtar bonn cirt leis an dlí arna ainmniú de bhun Airteagal 4 den Rialachán sin a chur i leataobh (breithiúnas an 31 Eanáir 2019, Da Silva Martins, C‑149/18, EU:C:2019:84, mír 31). Leanann sé ó mhíreanna 30 agus 34 den bhreithiúnas sin go gceanglaítear le foráil shainordaitheach sháraitheach a chur i bhfeidhm go sainaithneoidh an chúirt sin cúiseanna a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo lena dtugtar bonn cirt lena cur i bhfeidhm.

41

Dá bhrí sin, le cur i bhfeidhm forála den sórt sin, ceanglaítear ar an gcúirt náisiúnta a fhíorú, ar an gcéad dul síos, i dteannta fhoclaíocht agus scéim ghinearálta na forála náisiúnta a líomhnaítear a bheith riachtanach, na cúiseanna agus na cuspóirí is bun leis an nglacadh, chun a chinneadh an raibh sé beartaithe ag an reachtas náisiúnta cineál riachtanach a thabhairt di. Dá bhrí sin, ní mór don chúirt sin scrúdú a dhéanamh ar glacadh an fhoráil sin chun leas amháin nó níos mó a chosaint a mheasann an Ballstát an fhóram a bheith bunriachtanach agus an measann an Ballstát sin go bhfuil comhlíonadh na forála sin ríthábhachtach chun na leasanna sin a chosaint.

42

Ar an dara dul síos, ní mór a bheith soiléir ón measúnú, ag cúirt náisiúnta, ar an staid dhlíthiúil a tugadh os a comhair go bhfuil cur i bhfeidhm na forála sin fíor-riachtanach chun an leas bunriachtanach lena mbaineann a chosaint i gcomhthéacs an cháis seo.

43

Dá bhrí sin, ní féidir leis an gcúirt náisiúnta dul ar iontaoibh an tsáraithe dá bhforáiltear le hAirteagal 16 de Rialachán An Róimh II más féidir an cuspóir maidir le cosaint an leasa atá i gceist a shaothraítear le foráil ábhartha dhlí an fhóraim a bhaint amach freisin trí chur i bhfeidhm an dlí arna ainmniú faoi rialacha easaontachta dhlíthe an Rialacháin sin.

44

Ar an tríú dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara nach féidir le cúirteanna na mBallstát leas a bhaint as forálacha sainordaitheacha sáraitheacha ach amháin in imthosca eisceachtúla, i gcás, mar a luaitear in aithris 32 de Rialachán An Róimh II, ina dtugann ‘dálaí leasa phoiblí’ bonn cirt leis. I ndáil leis sin, is léir ón sainmhíniú ar an gcoincheap ‘forálacha sainordaitheacha sáraitheacha’, dá dtagraítear i mír 38 den bhreithiúnas seo, a bhfuil, i bhfianaise an chásdlí dá dtagraítear i mír 37 de, raon feidhme comhionann aige leis an gcoincheap ‘forálacha sainordaitheacha sáraitheacha’, a leagtar amach le hAirteagal 16 den Rialachán sin, nach mór go mbeadh sé d’aidhm leasanna poiblí a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo a chosaint, amhail na leasanna sin a bhaineann le heagrú polaitiúil, sóisialta nó eacnamaíoch Bhallstát an fhóraim. Tá leasanna a mheasann an Ballstát sin a bheith bunriachtanach i gceist, mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 39 den bhreithiúnas seo.

45

Is fíor go leanann sé as an tagairt, in aithris 32 de Rialachán An Róimh II, do rialacha maidir le measúnú a dhéanamh ar chúiteamh as damáiste nár chuir reachtas an Aontais as an áireamh, mar phrionsabal, go bhféadfaí caighdeáin lena gcosnaítear leasanna aonair a mheas, i gcás inarb iomchuí, mar fhorálacha sainordaitheacha sáraitheacha. Go bunúsach, leanann sé ón dara cuid den aithris sin go bhféadfadh na tuairimí ar a bhfuil na rialacha maidir le cúiteamh as damáiste neamhchonarthach atá i bhfeidhm i mBallstát bunaithe bonn cirt a thabhairt le cur i bhfeidhm dhlí an fhóraim faoi Airteagal 16 den Rialachán sin.

46

Mar sin féin, ag féachaint don sainmhíniú ar an gcoincheap ‘forálacha sainordaitheacha sáraitheacha’, ní féidir na forálacha náisiúnta atá beartaithe chun leasanna aonair a chosaint a bheith curtha i bhfeidhm, ag cúirt náisiúnta, faoi ‘fhorálacha sainordaitheacha sáraitheacha’ seachas má léirítear go soiléir san anailís mhionsonraithe nach mór don chúirt náisiúnta a dhéanamh go gcomhfhreagraíonn cosaint leasanna aonair catagóire daoine, lena mbaineann na forálacha náisiúnta sin, do leas poiblí bunriachtanach a n‑áirithítear a chosaint leo. Mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 62 dá Thuairim, ní mór a shuí gurb ann do nasc leordhóthanach le leas poiblí den sórt sin a mheastar a bheith bunriachtanach laistigh d’ord dlíthiúil Bhallstát an fhóraim lena mbaineann.

47

Sa chás seo, mar is léir ó mhír 40 den bhreithiúnas seo, ní féidir Airteagal 52 de ZZD a chur i bhfeidhm maidir leis an staid dhlíthiúil atá i gceist sna príomhimeachtaí in ionad dhlí na Gearmáine nach bhfuil ainmnithe i bprionsabal faoi Airteagal 4 de Rialachán An Róimh II ach amháin dá mbeadh bonn cirt lena chur i bhfeidhm ar chúiseanna a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo, a léiríonn leasanna poiblí a mheasann ord dlíthiúil na Bulgáire a bheith bunriachtanach. I ndáil leis sin, thug an chúirt a rinne an tarchur dá haire gur bunphrionsabal de dhlí na Bulgáire é prionsabal an chothromais, arna chur chun feidhme le hAirteagal 52 de ZZD, agus go bhfuil sé mar chuid de bheartas poiblí na Bulgáire. A mhéid atá sé beartaithe leis an bhforáil sin leasanna aonair catagóire daoine nádúrtha a chosaint, ní mór a mheabhrú gurb é atá i gceist freisin leis an anailís mhionsonraithe nach mór don chúirt náisiúnta a dhéanamh ná a shoiléiriú go bhfreagraíonn an chosaint sin do leas poiblí bunriachtanach a chosnaítear leis an bhforáil sin, agus mar thoradh air sin go measann an Ballstát lena mbaineann go bhfuil sé ríthábhachtach í a chomhlíonadh.

48

Ina theannta sin, cé nach faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé measúnú a dhéanamh ar fhoráil náisiúnta i bhfianaise na gcritéar dá dtagraítear i mír 40 den bhreithiúnas seo, ní mór a mheabhrú go leanann sé as mír 43 den bhreithiúnas seo go gcoisctear dul ar iontaoibh an tsáraithe dá bhforáiltear le hAirteagal 16 de Rialachán An Róimh II i gcás ina bhfágann cur i bhfeidhm an dlí arna ainmniú leis an Rialachán sin gur féidir freisin an cuspóir a bhaint amach maidir le cosaint an leasa phoiblí bhunriachtanaigh a bhfuil sé d’aidhm ag an bhforáil ábhartha de dhlí an fhóraim a chosaint.

49

Sa chás seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú, cé go bhforáiltear le hAirteagal 52 de ZZD go gcinnfidh an chúirt cúiteamh as an damáiste sin ‘i gcothromas’, foráiltear le dlí na Gearmáine don fhéidearthacht ‘cúiteamh cóir’ a thabhairt as an damáiste céanna, ionas gur cosúil go bhfuil na rialacha náisiúnta sin bunaithe ar phrionsabal an chothromais.

50

Mar sin féin, is léir freisin ón iarraidh ar réamhrialú, ar an gcéad dul síos, gur thart ar EUR 5000 an t‑uasmhéid cúitimh is féidir a dheonú faoi dhlí na Gearmáine, cé gur BGN 120000 (thart ar EUR 61000) an méid a dheonaítear de ghnáth faoi Airteagal 52 de ZZD. Mar sin féin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 32 dá Thuairim, ní thacaíonn an fíoras gurb é an toradh a bhíonn ar chur i bhfeidhm dhlí an fhóraim, maidir le méid an chúitimh, réiteach atá éagsúil leis an réiteach a d’eascródh as cur i bhfeidhm an dlí arna ainmniú le riail na heasaontachta dlíthe, leis an gconclúid nach féidir le cur i bhfeidhm an dlí sin an cuspóir a bhaint amach maidir le cosaint an leasa phoiblí bhunriachtanaigh a bhfuil sé d’aidhm ag foráil ábhartha Bhallstát an fhóraim, i gcás inarb iomchuí, a chosaint.

51

Ar an dara dul síos, eascraíonn sé as an iarraidh ar réamhrialú, faoi Airteagal 52 de ZZD, go bhféadfar cúiteamh airgid a dheonú go córasach as fulaingt agus pian mhorálta, cé nach gceadaítear le dlí na Gearmáine arna ainmniú faoi Airteagal 4 de Rialachán An Róimh II cúiteamh ar an mbonn sin ach amháin i gcás ina bhfuil damáiste paiteolaíoch déanta ag an tort nó ag an míghníomh. Dá bhrí sin, faoi réir na bhfíoruithe atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, dealraíonn sé, ar an dá bhealach sin, go bhfuil dlí na Gearmáine agus dlí na Bulgáire bunaithe ar thuairimí atá go hiomlán difriúil maidir leis an gceart chun cúitimh.

52

Dá bhrí sin, ní féidir a chur as an áireamh, i gcásanna comhionanna, go bhféadfadh an t‑íospartach cúiteamh a fháil, faoi dhlí na Bulgáire, mar gheall ar an bhfulaingt agus ar an bpian mhorálta a d’fhulaing sé agus nach raibh aon damáiste paiteolaíoch mar thoradh air, a d’fhéadfadh a bheith cothrom le BGN 120000 (thart ar EUR 61000), ach, faoi dhlí na Gearmáine, nach féidir leis an duine sin aon chúiteamh a fháil.

53

Dá bhrí sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a chinneadh an féidir, le cur i bhfeidhm dhlí na Gearmáine, nach bhforáiltear leis do chúiteamh as fulaingt agus pian mhorálta nach bhfuil damáiste paiteolaíoch mar thoradh air, an cuspóir a bhaint amach maidir leis an leas poiblí bunriachtanach a chosnaítear, a bhfuil sé d’aidhm ag Airteagal 52 den ZZD, i gcás inarb iomchuí, a chosaint.

54

Ar deireadh, ar an gceathrú dul síos, ní mór a mheabhrú, de réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, go bhféadfar neamhaird a thabhairt ar dhlí Ballstáit a chomhlíonann an chosaint íosta a fhorordaítear le Treoir ón Aontas i bhfabhar dhlí an fhóraim ar fhoras atá bunaithe ar a chineál éigeantach i gcás ina gcinneann an chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair go mion, agus an Treoir sin á trasuí, gur mheas reachtas Bhallstát an fhóraim go bhfuil sé ríthábhachtach, laistigh dá ord dlíthiúil, cosaint a dheonú don duine lena mbaineann a théann thar an gcosaint dá bhforáiltear leis an Treoir sin, agus cineál agus cuspóir na bhforálacha sainordaitheacha sin á gcur san áireamh ina leith sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Deireadh Fómhair 2013, UnamarC‑184/12, EU:C:2013:663, míreanna 50 go 52).

55

Mar sin féin, i míreanna 34 go 37, 42 agus 48 de bhreithiúnas an 15 Nollaig 2022, HUK-COBURG-Allgemeine Versicherung (C‑577/21, EU:C:2022:992), chinn an Chúirt Bhreithiúnais, go bunúsach, cé gur faoi na Ballstáit atá sé a áirithiú go gcumhdaítear cúiteamh as damáiste neamhábhartha a bhain do ghaolta íospartach de thimpistí tráchta bóthair le hárachas éigeantach suas leis na híosmhéideanna a leagtar síos le Treoir 2009/103 ar a laghad, ní leagtar síos leis an Treoir sin ceanglais shonracha maidir le córas dliteanais shibhialta a roghnú chun méid an chúitimh atá le deonú ar bhonn dhliteanas sibhialta an duine árachaithe, atá, go bunúsach, faoi rialú an dlí náisiúnta, a chinneadh.

56

Dá bhrí sin, ós rud é nach bhfuil sé i gceist leis an Treoir sin méid an chúitimh as damáiste a bhain d’íospartach indíreach timpiste tráchta bóthair a chomhchuibhiú agus ós rud é nach féidir a mheas, dá bhrí sin, gur glacadh Airteagal 52 de ZZD, lena bhféachtar le méid an chúitimh as damáiste neamhábhartha a bhain d’íospartach den sórt sin a chinneadh, i gcomhthéacs thrasuí na Treorach sin, ní thagann Airteagal 52 faoin gcás dá dtagraítear sa chásdlí a luaitear i mír 54 den bhreithiúnas seo.

57

I bhfianaise an mhéid sin go léir, is é an freagra ar an gceist nach mór Airteagal 16 de Rialachán An Róimh II a léiriú sa chaoi nach féidir foráil náisiúnta, lena bhforáiltear go bhfuil cúiteamh as damáiste neamhábhartha a bhain do dhlúthbhaill teaghlaigh duine a fuair bás le linn timpiste tráchta bóthair le cinneadh ag an gcúirt i gcothromas a mheas mar ‘fhoráil shainordaitheach sháraitheach’, de réir bhrí an Airteagail sin, mura rud é, i gcás ina bhfuil dlúthnaisc leordhóthanacha ag an staid dhlíthiúil atá i gceist le Ballstát an fhóraim, go gcinneann an chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair, ar bhonn anailís mhionsonraithe ar na téarmaí, an scéim ghinearálta, na cuspóirí agus an comhthéacs ina nglacfar an fhoráil náisiúnta sin, go meastar go bhfuil comhlíonadh na forála sin ríthábhachtach in ord dlíthiúil an Bhallstáit sin, ar an bhforas go saothraíonn sí cuspóir chun leas poiblí bunriachtanach a chosaint nach féidir a bhaint amach le cur i bhfeidhm an dlí arna ainmniú faoi Airteagal 4 den Rialachán sin.

Costais

58

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Ceathrú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (‘An Róimh II’),

 

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

 

ní féidir foráil náisiúnta, lena bhforáiltear go bhfuil cúiteamh as damáiste neamhábhartha a bhain do dhlúthbhaill teaghlaigh duine a fuair bás le linn timpiste tráchta bóthair le cinneadh ag an gcúirt i gcothromas a mheas mar ‘fhoráil shainordaitheach sháraitheach’, de réir bhrí an Airteagail sin, mura rud é, i gcás ina bhfuil dlúthnaisc leordhóthanacha ag an staid dhlíthiúil atá i gceist le Ballstát an fhóraim, go gcinneann an chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair, ar bhonn anailís mhionsonraithe ar na téarmaí, an scéim ghinearálta, na cuspóirí agus an comhthéacs ina nglacfar an fhoráil sin, go meastar go bhfuil comhlíonadh na forála sin ríthábhachtach in ord dlíthiúil an Bhallstáit sin, ar an bhforas go saothraíonn sí cuspóir chun leas poiblí bunriachtanach a chosaint nach féidir a bhaint amach le cur i bhfeidhm an dlí arna ainmniú faoi Airteagal 4 den Rialachán sin.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Bhulgáiris.