BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

4 Deireadh Fómhair 2024 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Cosaint sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Caibidil VIII – Leigheasanna – Leigheasanna a mhargú ag poitigéir trí ardán ar líne – Caingean arna tabhairt os comhair na gcúirteanna sibhialta ag iomaitheoir an phoitigéara sin ar bhonn an toirmisc ar cleachtais tráchtála mhíchothroma toisc gur sháraigh an poitigéir sin na hoibleagáidí dá bhforáiltear leis an Rialachán sin – Locus standi – Airteagal 4(15) agus Airteagal 9(1) agus (2) – Treoir 95/46/CE – Airteagal 8(1) agus (2) – An coincheap ‘sonraí a bhaineann leis an tsláinte’ – Coinníollacha maidir lena leithéid de shonraí a phróiseáil)

I gCás C‑21/23,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme, an Ghearmáin), trí bhreith an 12 Eanáir 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 12 Eanáir 2023, sna himeachtaí

ND

v

DR,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, F. Biltgen agus N. Piçarra, Uachtaráin Dlísheomra, S. Rodin, P. G. Xuereb, L. S. Rossi, I. Jarukaitis, N. Jääskinen, agus I. Ziemele (Rapóirtéir), Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,

Cláraitheoir: N. Mundhenke, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 9 Eanáir 2024,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

ND, ag A. Datta, M. Mogendorf agus W. Spoerr, Rechtsanwälte,

DR, ag M. Bahmann, Rechtsanwalt,

Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus P.-L. Krüger, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag A. Bouchagiar, F. Erlbacher agus H. Kranenborg, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 25 Aibreán 2024,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 9(1) agus forálacha Chaibidil VIII de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1; ‘RGCS’) agus le hAirteagal 8(1) de Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31).

2

Rinneadh an iarraidh seo mar chuid d’imeachtaí idir ND agus DR, ar beirt nádúrtha iad a bhíonn cógaslann á reáchtáil acu araon, maidir le leigheasanna nach mór a cheannach ó phoitigéir a mhargú ag ND trí ardán ar líne.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais

3

Foráladh don mhéid seo a leanas le hAirteagal 8 de Threoir 95/46, dar teideal ‘Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil’:

‘1.   Toirmeascfaidh na Ballstáit próiseáil sonraí lena nochtar tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, chomh maith le próiseáil sonraí maidir le sláinte agus saol gnéis duine.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 sna cásanna seo a leanas:

(a)

thug an t‑ábhar sonraí toiliú sainráite go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a phróiseáil, seachas i gcás ina bhforáiltear le reachtaíocht Ballstát d’inbhainteacht an choisc dá dtagraítear i mír 1 trí thoiliú an ábhair sonraí a thabhairt

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Seo a leanas foclaíocht aithrisí 9 go 11, 13, 35, 51, 53, 141 agus 142 de RGCS:

‘(9)

Tá cuspóirí agus prionsabail Threoir [95/46] fónta i gcónaí, ach níor éirigh léi an ilroinnt a chosc sa dóigh a gcuirtear cosaint sonraí chun feidhme ar fud an Aontais, ná níor éirigh léi an éiginnteacht dhlíthiúil a chosc ná tuiscint choiteann an phobail gurb ann do rioscaí suntasacha do dhaoine nádúrtha, go háirithe iad sin i dtaca le gníomhaíocht ar líne. Aon difríochtaí sa leibhéal cosanta do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha, go háirithe an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint, sna Ballstáit i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil, féadfaidh siad an saorshreabhadh sonraí pearsanta ar fud an Aontais a chosc. D’fhéadfadh na difríochtaí sin a bheith ina mbacainn ar shaothrú gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar leibhéal an Aontais, d’fhéadfaidís an iomaíocht a shaobhadh agus bac a chur ar údaráis i gcomhlíonadh a bhfreagrachtaí faoi dhlí an Aontais. Tá difríocht den sórt sin sna leibhéil cosanta ann toisc go bhfuil difríochtaí ann sa chaoi inar cuireadh Treoir 95/46/CE chun feidhme agus i bhfeidhm.

(10)

Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus chun na bacainní ar shreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas a bhaint, ba cheart an leibhéal céanna cosanta a bheith i ngach Ballstát do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí den sórt sin. Ba cheart a áirithiú go gcuirtear na rialacha maidir le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go haonchineálach ar fud an Aontais i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. [...] Déantar foráil sa Rialachán seo freisin go mbeadh lamháil solúbthachta ag na Ballstáit chun a rialacha a shainiú, lena n‑áirítear a rialacha a shonrú maidir le catagóirí speisialta sonraí pearsanta (“sonraí íogaire”) a phróiseáil. [...]

(11)

D’fhonn sonraí pearsanta a chosaint go héifeachtach ar fud an Aontais, tá gá le cearta na n‑ábhar sonraí agus oibleagáidí na ndaoine sin a dhéanann sonraí pearsanta a phróiseáil, nó a chinneann an phróiseáil sin a dhéanamh, a neartú agus a leagan amach go mionsonrach, mar aon le cumhachtaí coibhéiseacha chun faireachán a dhéanamh agus chun a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta, agus tá gá le pionóis choibhéiseacha do sháruithe sna Ballstáit.

[...]

(13)

Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha ar fud an Aontais agus chun dibhéirseachtaí a chuireann isteach ar shaorshreabhadh sonraí pearsanta laistigh den mhargadh inmheánach a chosc, is gá Rialachán a ghlacadh chun deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha, lena n‑áirítear micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, agus chun an leibhéal céanna de chearta atá in‑fhorfheidhmithe ó thaobh dlí a sholáthar do dhaoine nádúrtha sna Ballstáit uile, agus oibleagáidí agus freagrachtaí a sholáthar do rialaitheoirí agus do phróiseálaithe, chun faireachán comhsheasmhach ar phróiseáil sonraí pearsanta agus pionóis choibhéiseacha a áirithiú i ngach Ballstát chomh maith le comhar éifeachtach idir údaráis mhaoirseachta na mBallstát éagsúil. [...]

[...]

(35)

Ba cheart a áireamh ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an tsláinte na sonraí uile i ndáil le stádas sláinte ábhair sonraí, ar sonraí iad lena nochtar faisnéis a bhaineann le stádas sláinte coirp nó meabhrach an duine is ábhar de na sonraí, mar atá ag an am, mar a bhí nó mar a bheidh. [...]

[...]

(51)

Tá cosaint ar leith dlite do shonraí pearsanta ar de chineál fíor-íogair iad maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha, toisc go bhféadfaí rioscaí suntasacha a chruthú do na cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha mar thoradh ar chomhthéacs a bpróiseála. [...] Níor cheart sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil, ach amháin má cheadaítear an phróiseáil i gcásanna sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo, ag cur san áireamh gur féidir forálacha sonracha a leagan síos i ndlí an Bhallstáit sin maidir le cosaint sonraí d’fhonn cur i bhfeidhm na rialacha sa Rialachán seo a chur in oiriúint chun go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil nó chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir. I dteannta na gceanglas sonrach maidir le próiseáil den sórt sin, ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail ghinearálta agus ag na rialacha eile atá sa Rialachán seo, go háirithe maidir leis na coinníollacha i ndáil le próiseáil dhleathach. Maoluithe ón toirmeasc ginearálta chun catagóirí speisialta sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil, ba cheart foráil a dhéanamh go sainráite dóibh, inter alia, i gcás ina dtugann an t‑ábhar sonraí a thoiliú nó a toiliú sainráite nó maidir le riachtanais shonracha, go háirithe i gcás ina ndéanann comhlachais nó fondúireachtaí áirithe an phróiseáil le linn gníomhaíochtaí dlisteanacha arb é is críoch dóibh go gceadaítear saoirsí bunúsacha a fheidhmiú.

[...]

(53)

Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a bhfuil cosaint níos airde dlite dóibh, ní fhéadfar iad a phróiseáil ach amháin chun críocha a bhaineann leis an tsláinte i gcás inar gá chun na críocha sin a bhaint amach chun tairbhe daoine nádúrtha agus na sochaí ina hiomláine, go háirithe i gcomhthéacs na seirbhísí agus na córais cúraim sláinte nó sóisialta a bhainistiú [...] Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo do choinníollacha comhchuibhithe chun próiseáil a dhéanamh ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta a bhaineann leis an tsláinte, i ndáil le riachtanais shonracha, go háirithe i gcás ina ndéanann daoine atá faoi réir oibleagáid dhlíthiúil maidir le rúndacht ghairmiúil sonraí den sórt sin a phróiseáil chun críocha áirithe a bhaineann leis an tsláinte. Ba cheart foráil a dhéanamh, i ndlí an Aontais nó i [ndlí Ballstáit], do bhearta sonracha oiriúnacha sa chaoi go gcosnófar cearta bunúsacha agus sonraí pearsanta daoine nádúrtha. Ba cheart a cheadú do na Ballstáit coinníollacha breise, lena n‑áirítear teorainneacha, a choimeád nó a thabhairt isteach i ndáil le sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha nó sonraí a bhaineann leis an tsláinte a phróiseáil. [...]

[...]

(141)

Ba cheart an ceart a bheith ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta aonair, go háirithe sa Bhallstát sin ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, agus ba cheart an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil a bheith aige nó aici i gcomhréir le hAirteagal 47 den [Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, [“an Chairt”] má mheasann an t‑ábhar sonraí go bhfuil a chearta nó a cearta faoin Rialachán seo á sárú nó mura ngníomhaíonn an t‑údarás maoirseachta i leith gearáin, má dhiúltaíonn sé do ghearán go páirteach nó go hiomlán nó má dhíbheann sé go páirteach nó go hiomlán é nó mura ngníomhaíonn sé i gcás inar gá dul i mbun gníomhaíocht den sórt sin chun cearta an ábhair sonraí a chosaint [...]

(142)

I gcás ina measann ábhar sonraí go bhfuil a chearta nó a cearta faoin Rialachán seo á sárú, ba cheart an ceart a bheith aige nó aici sainordú a thabhairt do chomhlacht, d’eagraíocht nó do chomhlachas seachbhrabúsach a bhunaítear i gcomhréir le dlí Ballstáit, a bhfuil cuspóirí reachtúla chun leas an phobail aige nó aici agus atá gníomhach sa réimse maidir le sonraí pearsanta a chosaint, gearán a chur faoi bhráid údarás maoirseachta ar a shon nó ar a son, agus ba cheart an ceart a bheith aige nó aici an ceart chun leigheas breithiúnach a fháil a fheidhmiú ar son ábhar sonraí nó an ceart chun cúiteamh a fháil ar son ábhar sonraí, má dhéantar foráil don chás deireanach sin i ndlí Ballstáit. Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh go mbeadh sé de cheart ag comhlacht, ag eagraíocht nó ag comhlachas den sórt sin gearán a thaisceadh sa Bhallstát sin, neamhspleách ar shainordú ábhair sonraí, i mBallstát den sórt sin, agus go mbeadh an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil aige nó aici i gcás ina bhfuil cúiseanna ann lena meas gur sáraíodh cearta ábhair sonraí mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta a sháraíonn an Rialachán seo. Ní fhéadfaidh an comhlacht, an eagraíocht nó an comhlachas sin cúiteamh a éileamh thar ceann an ábhair sonraí go neamhspleách ar shainordú an ábhair sonraí.’

5

Foráiltear don mhéid a leanas le hAirteagal 1 de RGCS, dar teideal ‘Ábhar agus cuspóirí’:

‘1.   Sa Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus rialacha maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

2.   Leis an Rialachán seo, cosnaítear cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus go háirithe a gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint.

3.   Ní chuirfear srian le saorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas ná ní chuirfear toirmeasc uirthi ar chúiseanna a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.’

6

Foráiltear don mhéid a leanas in Airteagal 4 den Rialachán sin:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha [sainaitheanta] nó in‑sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in‑sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

(2)

ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d’oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

[...]

(7)

ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t‑údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

[...]

(15)

ciallaíonn “sonraí a bhaineann leis an tsláinte” sonraí pearsanta a bhaineann le sláinte fhisiciúil nó mheabhrach duine nádúrtha, lena n‑áirítear soláthar seirbhísí cúraim sláinte, lena nochtar faisnéis faoina stádas sláinte;

[...]

(21)

ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;

[...]’

7

I gCaibidil II de RGCS, dar teideal ‘Prionsabail’, atá Airteagail 5 go 11.

8

Leagtar amach le hAirteagal 5 den Rialachán sin na prionsabail maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil fad a socraítear le hAirteagal 6 den Rialachán sin na coinníollacha um dhleathacht a leithéide de phróiseáil.

9

De réir Airteagal 9 den Rialachán sin, dar teideal ‘Próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta’:

‘1.   Toirmeascfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, agus toirmeascfar próiseáil ar shonraí géiniteacha, ar shonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, ar shonraí a bhaineann leis an tsláinte nó ar shonraí a bhaineann le saol gnéis agus le gnéaschlaonadh duine nádúrtha.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás go mbeidh feidhm ag ceann amháin díobh seo leanas:

(a)

thug an t‑ábhar sonraí toiliú sainráite go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a phróiseáil ar mhaithe le críoch sonraithe amháin nó níos mó, seachas i gcás ina bhfuil foráil déanta i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit nach bhféadfaidh an t‑ábhar sonraí an toirmeasc dá dtagraítear i mír 1 a chur i leataobh;

[...]

(h)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha leighis choiscthigh nó ceirde, chun measúnú a dhéanamh ar chumas oibre an fhostaí, diagnóis leighis, cúram sláinte nó cóireáil shóisialta a sholáthar nó bainistiú córas nó seirbhísí cúram sláinte nó sóisialta ar bhonn dhlí an Aontais nó ar bhonn dlí Ballstáit nó de bhun conartha ar shínigh ábhar na sonraí le gairmí sláinte é agus faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá dtagraítear i mír 3;

[...]’

10

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 51(1) de RGCS, ar Airteagal é dar teideal ‘An t‑údarás maoirseachta’:

‘Déanfaidh gach Ballstát foráil go mbeidh údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú san Aontas (“údarás maoirseachta”).’

11

I gCaibidil VIII de RGCS, dar teideal ‘Leigheasanna, dliteanas agus pionóis’, atá Airteagail 77 go 84 den Rialachán sin.

12

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 77(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘An ceart chun gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta’:

‘Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, ina (h)áit oibre nó áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann an t‑ábhar sonraí go sáraíonn an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi an Rialachán seo.’

13

Leagtar amach an méid a leanas in Airteagal 78(1) den Rialachán, ar Airteagal é dar teideal ‘An ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne údarás maoirseachta’:

‘Gan dochar do leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach ar bith eile, beidh an ceart ag gach duine nádúrtha nó dlíthiúil leigheas éifeachtach breithiúnach a fháil i gcoinne cinneadh a bhaineann leo a dhéanann údarás maoirseachta agus atá ina cheangal de réir dlí.’

14

Foráiltear don mhéid a leanas in Airteagal 79(1) den Rialachán sin, ar Airteagal é dar teideal ‘An ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne rialaitheora nó próiseálaí’:

‘Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach atá ar fáil, lena n‑áirítear an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta de bhun Airteagal 77, beidh an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil ag gach ábhar sonraí i gcás ina measann sé nó sí gur sáraíodh a gcearta faoin Rialachán seo mar thoradh ar phróiseáil a shonraí [pearsanta nó a sonraí pearsanta i neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo].’

15

Seo a leanas foclaíocht Airteagal 80 de RGCS, dar teideal ‘Ionadaíocht d’ábhair sonraí’:

‘1.   Beidh an ceart ag an ábhar sonraí sainordú a thabhairt do chomhlacht, d’eagraíocht nó do chomhlachas seachbhrabúsach, atá comhdhéanta mar is ceart i gcomhréir le dlí Ballstáit, a bhfuil cuspóirí reachtacha chun leas an phobail aige nó aici, agus atá gníomhach sa réimse cosanta sonraí ó thaobh cearta agus saoirsí [ábhar] sonraí a chosaint i ndáil lena sonraí pearsanta a chosaint, ar sainordú é chun an gearán a thaisceadh ar a shon nó ar a son, chun na cearta dá dtagraítear in Airteagal 77, in Airteagal 78 agus in Airteagal 79 a fheidhmiú ar a shon nó ar a son, agus chun an ceart cúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 82 a fháil ar a shon nó ar a son i gcás ina bhforáiltear dó [...] sin le dlí Ballstáit.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfuil sé de cheart ag aon chomhlacht, eagraíocht nó comhlachas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, neamhspleách ar shainordú ábhair sonraí, gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 77, sa Bhallstát sin, agus na cearta dá dtagraítear in Airteagal 78 agus in Airteagal 79 a fheidhmiú má mheasann sé gur sáraíodh cearta ábhair sonraí faoin Rialachán seo mar thoradh ar an bpróiseáil.’

16

Foráiltear in Airteagal 82(1) den Treoir sin, ar Airteagal é dar teideal ‘An ceart chun cúiteamh a fháil agus dliteanas’:

‘Aon duine a mbaineann damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó mar thoradh ar shárú an Rialacháin seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí as an damáiste a bhain dó.’

17

Foráiltear don mhéid a leanas le hAirteagal 83(1) den Rialachán sin, ar Airteagal é dar teideal ‘Coinníollacha ginearálta maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh’:

‘Áiritheoidh gach údarás maoirseachta, maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh de bhun an Airteagail seo i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo dá dtagraítear i mír 4, i mír agus i mír 6 go mbeidh an gearradh sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach i ngach cás aonair.’

18

Leagtar amach an méid a leanas in Airteagal 84(1) den Rialachán, ar Airteagal é dar teideal ‘Pionóis’:

‘Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis eile is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo, go [háirithe] sáruithe nach bhfuil faoi réir [fíneálacha riaracháin] de bhun Airteagal 83, agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.’

19

Foráiltear don mhéid a leanas in Airteagal 94(1) de RGCS:

‘Déantar Treoir [95/46] a aisghairm an 25 Bealtaine 2018.’

20

De réir Airteagal 99 den Rialachán sin:

‘1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 25 Bealtaine 2018.’

Dlí na Gearmáine

Dlí i gcoinne na hiomaíochta éagóraí

21

Foráiltear don mhéid a leanas le hAirteagal 3(1) den Gesetz gegen den unlauteren Wettbewerb (an Dlí i gcoinne na hiomaíochta éagóraí) an 3 Iúil 2004 (BGBl. 2004 I, lch. 1414), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘UWG’), ar Airteagal é dar teideal ‘Toirmeasc ar chleachtais tráchtála mhíchothroma’:

‘Tá cleachtais tráchtála mhíchothroma neamhdhleathach.’

22

Seo a leanas foclaíocht Airteagal 3a de UWG, dar teideal ‘Sárú ar an dlí’:

‘Déantar gníomh éagórach ag aon duine a sháraíonn foráil dlí lena beartaítear, go háirithe, iompar sa mhargadh a rialú ar mhaithe le gníomhaithe margaidh, más dóigh go ndéanfar difear suntasach ag an sárú sin ar leasanna tomhaltóirí, gníomhaithe eile sa mhargadh nó iomaitheoirí.’

23

Leagtar amach an méid seo a leanas le hAirteagal 8 de UWG, dar teideal ‘Díothú agus neamhghníomh’:

‘(1)   Féadfaidh urghaire, órdú scoir nó ordú toirmisc a bheith mar thoradh d’aon chleachtas tráchtála míchothrom de réir Airteagal 3 nó Airteagal 7 agus, i gcás gur dóchúil go dtarlódh sé arís. [...]

[...]

(3)   Beidh na horduithe dá dtagraítear i mír 1 iniarrtha ag:

1.

aon iomaitheoir a mhargaíonn nó a iarrann earraí nó seirbhísí go neamh-fhánach,

[...]’

An dlí maidir le leigheasanna

24

Rialaítear cúrsaíocht leigheasanna le Gesetz über den Verkehr mit Arzneimitteln (an Dlí maidir le trádáil leigheasanna) an 24 Lúnasa 1976 (BGBl. 1976 I, lch. 2444), sa leagan arna fhoilsiú an 12 Nollaig 2005 (BGBl. 2005 I, lch. 3394), mar is infheidhme leis na fíorais sna príomhimeachtaí, ar dlí é lena ndéantar idirdhealú idir leigheasanna arna ndíol i gcógaslanna agus leigheasanna arna ndíol ar oideas, atá faoi réir Mhír 48 dar teideal ‘Oibleagáid maidir le hoideas’.

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

25

Ó 2017 ar aghaidh, margaíonn ND, a bhíonn cógaslann á reáchtáil aige faoin ainm gnó ‘Lindenapotheke’, leigheasanna nach mór a cheannach ó phoitigéir tríd an ardán ar líne ‘Amazon‑Marketplace’ (‘Amazon’). Agus na leigheasanna sin á n‑ordú ar líne, ní mór do chustaiméirí ND faisnéis a iontráil, amhail a n‑ainm, an seoladh seachadta agus an méid is gá chun na leigheasanna sin a shainoiriúnú.

26

Thug DR, a bhíonn cógaslann á reáchtáil aige chomh maith, caingean os comhair Landgericht Dessau-Roßlau (Cúirt Réigiúnach Dessau-Roßlau, an Ghearmáin) ionas go gceanglófaí ar ND, deireadh a chur, faoi phionós fineála, le margú na leigheasanna ar Amazon nach mór a cheannach ó phoitigéir, fad nach ráthaítear go bhféadfadh an custaiméir a thoiliú a thabhairt roimh ré go ndéanfaí a sonraí a bhaineann leis an tsláinte a phróiseáil.

27

Mar thaca lena chaingean, d’áitigh DR go bhfuil margú leigheasanna ar Amazon nach mór a cheannach ó phoitigéir míchothrom, toisc go sáraítear na ceanglais dlí maidir le toiliú an chustaiméara a fháil, mar atá riachtanach de réir na reachtaíochta maidir le cosaint sonraí pearsanta.

28

Trí chinneadh an 28 Márta 2018, sheas Landgericht Dessau-Roßlau (Cúirt Réigiúnach Dessau-Roßlau, an Ghearmáin) leis an gcaingean sin.

29

Rinne ND achomharc i gcoinne an chinnidh sin os comhair Oberlandesgericht Naumburg (an Chúirt Uachtarach Réigiúnach, Naumburg, an Ghearmáin), a dhiúltaigh dó trí chinneadh an 7 Samhain 2019.

30

Chinn an chúirt achomhairc gur chleachtas míchothrom, agus neamhdhleathach de réir Airteagal 3(1) de UWG mar sin, leigheasanna a mhargú ar Amazon nach mór a cheannach ó phoitigéir. Go deimhin, is éard atá i gceist le leigheasanna a mhargú sa chaoi sin próiseáil sonraí a bhaineann leis an tsláinte, rud atá toirmiscthe de réir Airteagal 9(1) de RGCS, in éagmais toiliú sainráite ó chustaiméirí a bhfuil na leigheasanna á bhfáil acu, i gcomhréir le hAirteagal 9(2)(a) den Rialachán sin. Is ionann rialacha dá bhforáiltear leis an Rialachán sin agus forálacha dlí lena mbeartaítear iompar sa mhargadh a rialú, de réir bhrí Airteagal 3 de UWG. Thairis sin, de réir Airteagal 8(3)(1) de UWG, bheadh sé de cheart ag DR, mar iomaitheoir, sárú ar na rialacha sin ag ND a agairt, trí iarratas ar ordú urghaire os comhair na gcúirteanna sibhialta.

31

Thug ND achomharc ar phointe dlí os comhair an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme, an Ghearmáin), arb í an chúirt a rinne an tarchur.

32

Tugann an chúirt sin dá haire go mbraitheann toradh na díospóide ar an léiriú ar fhorálacha Chaibidil VIII de RGCS, Airteagal 9(1) den Rialachán sin agus Airteagal 8(1) de Threoir 95/46.

33

Sa chéad áit, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ó aisghaireadh Treoir 95/46 le héifeacht ón 25 Bealtaine 2018 ar aghaidh, arbh ón dáta sin amach a bhí RGCS infheidhme, an bhfuil sé de shaoirse ag na Ballstáit a fhoráil, i ndlí náisiúnta, go bhfuil sé de chumas ag iomaitheoirí gnóthais, amhail na hiomaitheoirí sin dá dtagraítear in Airteagal 8(3)(1) de UWG, deireadh a chur, trí chaingean os comhair cúirt shibhialta, le sáruithe ar fhorálacha RGCS arna ndéanamh ag an ngnóthas sin, ar bhonn an toirmisc ar chleachtais tráchtála mhíchothroma.

34

Tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara gur cúis an cheist sin lena freagraí éagsúla ar an leibhéal náisiúnta. Go deimhin, níl a leithéid d’fhreagra intugtha le tuiscint go díreach ó fhorálacha Chaibidil VIII de RGCS, ó leagan amach ginearálta na bhforálacha sin ná ón gcuspóir arna shaothrú leis an Rialachán sin.

35

Mar sin, ar dtús, ó thaobh fhoclaíocht fhorálacha Chaibidil VIII de RGCS, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl gur deimhin nach luaitear in aon áit sna forálacha sin gurb intugtha caingean ina coinne ag iomaitheoirí gnóthais, go háirithe i gcás inar cleachtais tráchtála mhíchothroma atá sa sárú ar an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí. Ag an am céanna, áfach, ní dhéantar leis na forálacha sin an fhéidearthacht sin a eisiamh go neamhbhalbh.

36

Ansin, ó thaobh leagan amach ginearálta fhorálacha Chaibidil VIII de RGCS, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, ar thaobh amháin, mar a rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais i mbreithiúnas an 28 Aibreán 2022, Meta Platforms Ireland (C‑319/20, EU:C:2022:322, mír 57) go bhféachtar tríd an Rialachán sin le comhchuibheas reachtaíochta náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta a áirithiú, rud atá bainte amach i bprionsabal. Ar an taobh eile, áfach, toisc go bhfuil in Airteagal 77(1), Airteagal 78(1) agus (2) agus Airteagal 79(1) de RGCS araon an nath ‘[g]an dochar d’aon leigheas [...] eile’, d’fhéadfaí cosc a chur ar an gconclúid go raibh faireachán ar chur i bhfeidhm an dlí ina ábhar do reachtaíocht uileghabhálach.

37

Ar deireadh, ó thaobh an chuspóra maidir le leibhéal an fhaireacháin ar chur i bhfeidhm an dlí san Aontas a chomhchuibhiú agus, go sonrach, a chur ar aon dul amháin, a shaothraítear le RGCS, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, i dtosach, go bhféadfaí an cuspóir sin a shárú toisc gur féidir le hiomaitheoirí caingean a thabhairt faoi dhlí na hiomaíochta agus, dá bhrí sin, toisc gur féidir leo forálacha an dlí maidir le cosaint sonraí a fhorfheidhmiú atá sa bhreis ar na hionstraimí dá bhforáiltear le RGCS. Thairis sin, ní deimhin é go bhfuil easnamh ar chóras an fhaireacháin ar chur i bhfeidhm an dlí dá bhforáiltear leis an Rialachán sin atá le réiteach tríd an bhféidearthacht a thugtar d’iomaitheoirí gníomhú de réir dhlí na hiomaíochta. A dhála sin, d’fhéadfaí cúngú a dhéanamh ar chumhachtaí na n‑údarás maoirseachta, agus éagsúlachtaí a chruthú, le hiomaíocht idir na húdarás maoirseachta ar thaobh amháin agus na cúirteanna sibhialta ar an taobh eile, maidir le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an dlí um chosaint sonraí.

38

Ar an taobh eile, de réir na cúirte a rinne an tarchur, is féidir gurb ionann údarú a thabhairt d’iomaitheoirí gníomhú de réir dhlí na hiomaíochta agus deis eile faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an dlí, rud is inmhianaithe de réir phrionsabal na héifeachtachta d’fhonn a airde sin de leibhéal cosanta agus is féidir a áirithiú ó thaobh cosaint sonraí pearsanta, i gcomhréir le haithris 10 de RGCS.

39

Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur nár soiléiríodh le cásdlí na Cúirte an cheist sin agus, go háirithe, gur fhág an Chúirt an cheist maidir le locus standi iomaitheoirí chun caingean a thabhairt gan socrú go fóill go sainráite le breithiúnas an 28 Aibreán 2022, Meta Platforms Ireland (C‑319/20, EU:C:2022:322).

40

Sa dara háit, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an ionann na sonraí nach mór do chustaiméirí a iontráil in ardán díola ar líne, agus leigheasanna á n‑ordú acu, amhail a n‑ainm, an seoladh seachadta agus faisnéis is gá chun na leigheasanna arna n‑ordú a shainoiriúnú, agus ‘sonraí a bhaineann leis an tsláinte’ de réir bhrí Airteagal 8(1) de Threoir 95/46 agus Airteagal 9(1) de RGCS.

41

De réir na cúirte sin, ní léir freagra na ceiste sin mura bhfuil na leigheasanna a bhfuil oideas ag teastáil i leith a n‑ordaithe. Go deimhin, más amhlaidh an cás, ní féidir a chur as an áireamh go mbeartófaí na leigheasanna sin ní hamháin do na custaiméirí iad féin ach do thríú páirtithe do-shainaitheanta.

42

Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl nach féidir an cheist sin a fhreagairt le foclaíocht na bhforálacha sin ná le foclaíocht Airteagal 4(15) de RGCS, arna léamh i gcomhar le haithris 35 den Rialachán sin.

43

Mar sin féin, i mír 125 de bhreithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Vyriausioji tarnybinės etikos komisija (C‑184/20, EU:C:2022:601), chinn an Chúirt nach mór léiriú leathan a dhéanamh ar an gcoincheap ‘catagóirí speisialta sonraí pearsanta’, dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 95/46 agus in Airteagal 9(1) de RGCS, i bhfianaise chuspóir an Rialacháin sin, is é sin ardleibhéal cosanta a áirithiú do chearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha, go háirithe a bpríobháideachas, i ndáil le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta. I gcás inar seasadh lena leithéid de léiriú leathan, d’fhéadfaí a chinneadh gurb ionann a leithéid d’fhaisnéis agus sonraí a bhaineann leis an tsláinte i gcás nach deimhin ach cosúil amháin gurb iadsan a bheartaítear na leigheasanna dóibh ná custaiméirí a dhéanann an t‑ordú.

44

Soiléiríonn an chúirt a rinne an tarchur go nglactar, de réir an chirt chun urghaire, arna agairt ag DR, go raibh cleachtas ND i gceist tráth a ghlactha agus tráth na héisteachta mar chuid de na himeachtaí um achomharc ar phointe dlí neamhdhleathach agus go raibh an cleachtas sin faoi rialú Airteagal 8(1) de Threoir 95/46 go fóill tráth a ghlactha agus go dtagann a chleachtas tráth na héisteachta mar chuid de na himeachtaí um achomharc ar phointe dlí faoi raon feidhme Airteagal 9(1) de RGCS anois.

45

Sa chomhthéacs sin, chinn an Bundesgerichtshof (an Chúirt Riaracháin Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1)

Leis na rialacha i gCaibidil III de [RGCS], an gcuirtear cosc ar rialacha náisiúnta lena dtugtar – in éineacht le cumhachtaí idirghabhála na n‑údarás maoirseachta i dtaobh an Rialachán a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú agus roghanna leigheasanna dlí na n‑ábhar sonraí – an chumhacht d’iomaitheoirí chun caingean a thabhairt i gcoinne an tsáraitheora os comhair na gcúirteanna sibhialta i leith sáruithe ar an [Rialachán sin] i bhfianaise an choisc ar chleachtais tráchtála mhíchothroma?

(2)

An ionann na sonraí a iontrálann custaiméirí poitigéara, atá ag gníomhú mar dhíoltóir ar ardán díolacháin ar líne, agus iad ag ordú leigheasanna ar an ardán nach mór a cheannach ó phoitigéir, ach ní leigheasanna a bhfuil oideas ag teastáil ina leith (ainm an chustaiméara, seoladh seachadta agus faisnéis arna teastáil chun na leigheasanna nach mór a cheannach ó phoitigéir arna n‑ordú a [shainoiriúnú]) agus sonraí a bhaineann leis an tsláinte de réir bhrí Airteagal 9(1) [de RGCS] agus Airteagal 8(1) de Threoir 95/46?’

Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist

46

Trína chéad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil léiriú le déanamh ar Chaibidil VIII de RGCS sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena dtugtar – in éineacht le cumhachtaí idirghabhála na n‑údarás maoirseachta atá freagrach as an Rialachán a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú agus roghanna leigheasanna dlí na n‑ábhar sonraí – locus standi d’iomaitheoirí an té a líomhnaítear a rinne sárú ar chosaint sonraí pearsanta chun caingean a thabhairt i gcoinne an tsáraitheora os comhair na gcúirteanna sibhialta i leith sáruithe ar an Rialachán sin i bhfianaise na sáruithe ar an Rialachán sin agus ar bhonn an toirmisc ar chleachtais tráchtála mhíchothroma.

47

Ní mór a thabhairt chun cuimhne, mar réamhphointe, go rialaítear le Caibidil VIII de RGCS, inter alia, na leigheasanna dlí lena gcumasaítear cearta an ábhair sonraí a chosaint i gcás ina raibh na sonraí pearsanta a bhaineann leis faoi réir próiseála a líomhnaítear a bhí ar neamhréir le forálacha an Rialacháin sin. Mar sin, tá cosaint na gceart sin inéilithe go díreach ag an ábhar sonraí, de réir Airteagail 77 go 79 den Rialachán sin, nó ag eintiteas údaraithe, bíodh sainordú ann ina leith sin nó ná bíodh, de réir Airteagal 80 den Rialachán sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Aibreán 2022, Meta Platforms Ireland, C‑319/20, EU:C:2022:322, mír 53).

48

Go deimhin, ar an gcéad dul síos, foráiltear le hAirteagal 77(1) de RGCS, gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, go mbeidh sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a dhéanamh le húdarás maoirseachta. De réir Airteagal 78(1) den Rialachán sin, beidh an ceart ag gach duine nádúrtha nó dlíthiúil leigheas éifeachtach breithiúnach a fháil i gcoinne cinneadh údaráis maoirseachta a bhaineann leo agus atá ina cheangal de réir dlí, gan dochar do leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach ar bith eile. Ráthaítear le hAirteagal 79(1) den Rialachán sin an ceart do gach ábhar sonraí chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil, gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach atá ar fáil, lena n‑áirítear an ceart chun gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta faoi Airteagal 77 den Rialachán sin.

49

Ar an dara dul síos, i gcomhréir le hAirteagal 80(1) de RGCS, tá an ceart ag an ábhar sonraí sainordú a thabhairt do chomhlacht, d’eagraíocht nó do chomhlachas seachbhrabúsach, faoi choinníollacha áirithe, chun an gearán a dhéanamh ar a shon nó chun na cearta dá dtagraítear in Airteagail 77 go 79 den Rialachán sin a fheidhmiú ar a shon. Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 80(2) de RGCS, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfuil sé de cheart ag aon chomhlacht, eagraíocht nó comhlachas sin, go neamhspleách ar shainordú ábhair sonraí, gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta, agus na cearta sin a fheidhmiú má mheasann sé gur sáraíodh cearta ábhair sonraí faoin Rialachán sin mar thoradh ar phróiseáil a shonraí pearsanta.

50

Sa chás seo, is léir ón gcáschomhad atá ag an gCúirt go margaíonn ND, a bhíonn cógaslann á reáchtáil aige, leigheasanna ar Amazon nach mór a cheannach ó phoitigéir agus, le linn na leigheasanna sin a ordú ar líne, nach mór do chustaiméirí ND sonraí a iontráil, amhail a n‑ainm, an seoladh seachadta agus an fhaisnéis is gá chun na leigheasanna sin a shainoiriúnú. Níorbh iad na custaiméirí sin, atá ina n‑ábhair sonraí de réir bhrí Airteagal 4(1) de RGCS, ar bhonn Airteagal 79 an Rialacháin sin, ná comhlacht, eagraíocht nó comhlachas údaraithe, bíodh sainordú faighte ó ábhar sonraí chuige sin nó ná bíodh, de réir Airteagal 80 den Rialachán sin, ach iomaitheoirí an phoitigéara sin a thug an chaingean sna príomhimeachtaí os comhair cúirt shibhialta ar bhonn an toirmisc ar chleachtais tráchtála mhíchothroma, mar gheall ar sháruithe arna ndéanamh ag an bpoitigéir sin ar fhorálacha an Rialacháin sin.

51

Mar sin, ardaítear leis na príomhimeachtaí an cheist an gcuirtear cosc le RGCS ar iomaitheoir amhail DR, nach ábhar sonraí é de réir bhrí Airteagal 4(1) den Rialachán sin, locus standi a bheith aige chun a leithéid de chaingean a thabhairt os comhair na gcúirteanna sibhialta náisiúnta.

52

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne, ar mhaithe le dlí an Aontais a léiriú, nach mór a chur san áireamh ní hamháin foclaíocht na forála, ach an comhthéacs ina bhfuil sí agus na cuspóirí atá á saothrú leis na rialacha a bhfuil sí mar chuid dóibh chomh maith (breithiúnas an 12 Eanáir 2023, Nemzeti Adatvédelmi és Információszabadság Hatóság, C‑132/21, EU:C:2023:2, mír 32).

53

Maidir le foclaíocht fhorálacha Chaibidil VIII de RGCS, ní mór a chinneadh nach n‑eisiatar go sainráite le haon cheann acu an fhéideathacht d‘iomaitheoir gnóthais chaingean a thabhairt os comhair na gcúirteanna sibhialta i gcoinne an ghnóthais sin ar bhonn an toirmisc ar chleachtais tráchtála mhíchothroma, mar gheall ar shárú líomhainte ag an ngnóthas sin ar oibleagáidí dá bhforáiltear leis an Rialachán sin. Os a choinne sin, fágtar le téarmaí Airteagal 77(1), Airteagal 78(1) agus Airteagal 79(1) de RGCS, arna dtabhairt chun cuimhne i mír 48 den bhreithiúnas seo, go bhfuil an ceart chun gearán a dhéanamh le húdarás maoirseachta agus an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne a leithéide d’údarás nó i gcoinne rialaitheora nó próiseálaí, atá sna forálacha sin, le tuiscint ‘gan dochar’ do gach caingean riaracháin, bhreithiúnach nó sheachbhreithiúnach eile.

54

Ó thaobh an chomhthéacs ina bhfuil Caibidil VIII de RGCS, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil sa Rialachán sin, i gCaibidil II, sraith forálacha ábhartha a bhaineann, inter alia, le prionsabail maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, atá in Airteagal 5 de, agus maidir leis na coinníollacha a bhaineann le dleathacht na próiseála, arna leagan amach in Airteagal 6 de, a cheaptar leo lán‑urraim, inter alia, an chirt bhunúsaigh go gcosnófaí sonraí pearsanta na n‑ábhar sonraí a áirithiú, rud a ráthaítear in Airteagal 16(1) CFAE agus in Airteagal 8 den Chairt. Mínítear an éagmais d’fhorálacha i gCaibidil VIII de RGCS maidir le hintugthacht caingne ag iomaitheoirí gnóthais, a líomhnaítear go bhfuil na forálacha ábhartha sin sáraithe aige, ionas go gcuirfí deireadh leis an sárú sin leis an bhfíric, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 80 dá Thuairim, nach mbaineann an chosaint sonraí pearsanta arna háirithiú leis an Rialachán sin leis na hiomaitheoirí sin ach leis na hábhair sonraí amháin.

55

Dá ainneoin sin, cé gur dóchúil go bhfuil tionchar inimeartha leis an sárú ar na forálacha ábhartha sin go príomha ar ábhair na sonraí i gceist, tá difear indéanta leis do thríú páirtithe chomh maith, rud a léirítear tríd an bhforáil a dhéantar le hAirteagal 82(1) de RGCS don cheart chun cúiteamh a fháil atá ag ‘aon duine a mbaineann damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó mar thoradh ar shárú an Rialacháin seo’. Bhí deis ag an gCúirt cheana chomh maith a rialú gur féidir le sárú ar riail maidir le cosaint sonraí pearsanta a bheith ina chúis le sárú ar na rialacha maidir le tomhaltóirí a chosaint nó maidir le cleachtais tráchtála mhíchothroma (breithiúnas an 28 Aibreán 2022, Meta Platforms Ireland, C‑319/20, EU:C:2022:322, mír 78) agus ina fhianaise thábhachtach ar mhaithe le measúnú a dhéanamh an bhfuil mí-úsáid á baint as staid cheannasach de réir Airteagal 102 CFAE ag an am céanna (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Iúil 2023, Meta Platforms agus páirtithe eile (Téarmaí ginearálta agus coinníollacha úsáide líonra shóisialta), C‑252/21, EU:C:2023:537, míreanna 47 agus 62).

56

Sa chomhthéacs sin, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil ríthábhacht ag baint le rochtain ar shonraí pearsanta agus saothrú na sonraí sin sa gheilleagar digiteach. Go deimhin, tá rochtain ar shonraí pearsanta agus inphróiseáilteacht na sonraí sin tagtha le bheith ina ngnéchomhartha ar an iomaíocht idir gnóthais sa gheilleagair digiteach. Dá bhrí sin, d’fhonn fírinne na forbartha eacnamaíche sin a chur san áireamh agus iomaíocht chóir a áirithiú, d’fhéadfadh gá a bheith leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a chur san áireamh agus an ceart chun iomaíochta chomh maith leis na rialacha maidir le cleachtais tráchtála mhíchothroma á gcur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Iúil 2023, Meta Platforms agus páirtithe eile (Téarmaí ginearálta agus coinníollacha úsáide líonra shóisialta), C‑252/21, EU:C:2023:537, míreanna 50 agus 51).

57

Thairis sin, bíodh is léir ó Airteagal 1(1) de RGCS, arna léamh i bhfianaise, inter alia, aithrisí 9 agus 13, go bhféachtar tríd an Rialachán sin le comhchuibheas reachtaíochta náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta a áirithiú, rud atá bainte amach i bprionsabal, tá foráil indéanta ag na Ballstáit, mar sin féin, maidir le rialacha náisiúnta sa bhreis, atá níos doichte nó maolaithí, faoi roinnt forálacha den Rialachán sin, lena ndéantar go bhféadfaidís na forálacha sin a chur i bhfeidhm de réir a rogha féin (‘na clásail inchumasaithe’) (breithiúnas an 28 Aibreán 2022, Meta Platforms Ireland, C‑319/20, EU:C:2022:322, mír 57).

58

Rialaigh an Chúirt cheana féin gurb amhlaidh an cás le hAirteagal 80(2) de RGCS, lena ndéantar go bhfuil rogha ag na Ballstáit maidir lena chur i bhfeidhm agus nach gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta trína dtugtar cead do chomhlachas cosanta leasa tomhaltóirí caingean dlí a thabhairt, i gcás nár tugadh sainordú chuige sin agus gan beann ar an sárú ar chearta nithiúla na ndaoine lena mbaineann, i gcoinne sáraitheora thoimhdithe ar chosaint sonraí pearsanta, mar a líomhnaítear, trí shárú ar an toirmeasc ar chleachtais tráchtála mhíchothroma a agairt inter alia, a mhéid a bhfuil tionchar inimeartha ag próiseáil na sonraí lena mbaineann ar na cearta atá ag na daoine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta faoin Rialachán sin (breithiúnas an 28 Aibreán 2022, Meta Platforms Ireland, C‑319/20, EU:C:2022:322, míreanna 59 agus 83).

59

Is deimhin nach bhforáiltear go sonrach le forálacha Chaibidil VIII de RGCS do chlásal inchumasaithe dá leithéid lena gcuirfí ar chumas na mBallstát go sainráite, ceadú d’iomaitheoir gnóthais a líomhnaítear a bhfuil forálacha ábhartha an Rialacháin sin á sárú aige caingean a thabhairt ionas go gcuirfí deireadh leis an sárú sin.

60

Fágtar le téarmaí agus comhthéacs fhorálacha Chaibidil VIII sin, arna dtabhairt chun cuimhne i míreanna 53 go 58 den bhreithiúnas seo, áfach, nach raibh sé de rún ag reachtóir an Aontais comhchuibhiú uileghabhálach a dhéanamh ar na leigheasanna dlí atá ar fáil i gcás sárú ar fhorálacha RGCS agus nár mhian leis, go háirithe, a leithéid de fhéidearthacht go mbeadh fáil ar leigheasanna dá leithéid a eisiamh d’iomaitheoirí an té a líomhnaítear a rinne sárú ar chosaint sonraí pearsanta, ar bhonn an dlí náisiúnta maidir leis an toirmeasc ar chleachtais tráchtála mhíchothroma.

61

Deimhnítear leis an léiriú sin na cuspóirí arna saothrú le RGCS, lena bhféachtar, mar is léir go háirithe ó aithris 10 den Rialachán sin, ardleibhéal comhsheasmhach cosanta i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus chun na bacainní ar shreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas a bhaint. Ina theannta sin, sonraítear in aithris 11 den Rialachán sin, d’fhonn na sonraí sin a chosaint go héifeachtach ar fud an Aontais, go bhfuil gá le cearta na n‑ábhar sonraí agus oibleagáidí na ndaoine sin a dhéanann sonraí a phróiseáil, nó a chinneann an phróiseáil sin a dhéanamh, a neartú agus a leagan amach go mionsonrach, mar aon le cumhachtaí coibhéiseacha chun faireachán a dhéanamh agus chun a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta, agus go bhfuil gá le pionóis choibhéiseacha do sháruithe sna Ballstáit. Soiléirítear le haithris 13 den Rialachán sin, chun leibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha ar fud an Aontais agus chun éagsúlachtaí lena gcuirtear isteach ar shaorshreabhadh sonraí pearsanta laistigh den mhargadh inmheánach a chosc, gur gá Rialachán a ghlacadh chun deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha, agus chun an leibhéal céanna de chearta atá in‑fhorfheidhmithe ó thaobh dlí a sholáthar do dhaoine nádúrtha sna Ballstáit uile, agus oibleagáidí agus freagrachtaí a sholáthar do rialaitheoirí agus do phróiseálaithe, chun faireachán comhsheasmhach ar phróiseáil sonraí pearsanta agus pionóis choibhéiseacha a áirithiú i ngach Ballstát.

62

Ní hamháin nach ndéantar difear do na cuspóirí sin trí chaingean a bheith intugtha ag iomaitheoir gnóthais os comhair na gcúirteanna sibhialta ar bhonn an toirmisc ar chleachtais tráchtála mhíchothroma ionas go gcuirfí deireadh le sárú ar fhorálacha ábhartha RGCS, arna dhéanamh go líomhainte ag an ngnóthas sin, ach, a mhalairt air sin, d’fhéadfaí cur le héifeachtúlacht na bhforálacha sin agus le hardchosaint ábhar na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil tríd, dá dtagraítear sa Rialachán sin.

63

Go deimhin, sa chéad áit, ní dhéantar dochar ar bith, trí chaingean le haghaidh urghaire arna tabhairt ag iomaitheoir i gcoinne gnóthais ar bhonn an toirmisc ar chleachtais tráchtála mhícothroma, mar gheall ar shárú líomhainte ar fhorálacha ábhartha RGCS, do na córais um leigheasanna dlí dá dtagraítear i gCaibidil VIII den Rialachán sin ná don chuspóir maidir le leibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha ar fud an Aontais agus maidir le héagsúlachtaí lena gcuirtear isteach ar shaorshreabhadh sonraí pearsanta laistigh den mhargadh inmheánach a chosc.

64

Is deimhin gur féidir na forálacha céanna de RGCS a bheith ina mbunús lena leithéid de chaingean, bíodh is teagmhasach í, agus atá gearán nó caingean arna ndéanamh, de réir Airteagail 77 go 79 den Rialachán sin, ag na hábhair sonraí nó ag comhlacht, eagraíocht nó comhlachas údaraithe de réir bhrí Airteagal 80 den Rialachán sin.

65

Ar an gcéad dul síos, áfach, murab ionann agus Airteagail 77 go 80 de RGCS, ní shaothraítear leis an gcaingean le haghaidh urghaire arna tabhairt ag iomaitheoirí, inti féin, cuspóir um na cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil lena sonraí pearsanta a chosaint, ach féachtar le hiomaíocht chóir a áirithiú tríthi, chun leasa an iomaitheora sin go háirithe.

66

Ar an dara dul síos, cuirtear intugthacht a leithéide de chaingean ag iomaitheoir os comhair na gcúirteanna sibhialta ar bhonn an toirmisc ar chleachtais tráchtála mhíchothroma leis na leigheasanna dlí arna dtabhairt isteach le hAirteagail 77 go 79 de RGCS, atá faoi lán‑chosaint agus atá infheidhmithe in am ar bith ag na hábhair sonraí agus, i gcás inarb iomchuí, ag comhlacht, eagraíocht nó comhlachas údaraithe de réir bhrí Airteagal 80 den Rialachán sin.

67

Go sonrach, mar a thug Rialtas na Gearmáine faoi deara, ní chruthaítear baol do chur i bhfeidhm aonfhoirmeach RGCS toisc gurb ann do leigheasanna dlí a thagann ó dhlí na cosanta sonraí agus ó dhlí na hiomaíochta araon. Sa chomhthéacs sin, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfágtar le hAirteagail 77 go 80 den Rialachán sin nach bhforáiltear leis do sheasamh tosaíochta nó eisiach, nó d’aon riail maidir le forlámhas an mheasúnaithe arna dhéanamh ag údarás nó ag na cúirteanna dá dtagraítear ann ó thaobh sárú ar na cearta arna dtabhairt leis an Rialachán sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Eanáir 2023, Nemzeti Adatvédelmi és Információszabadság Hatóság, C‑132/21, EU:C:2023:2, mír 35). Dá bhrí sin, ní dhéantar dochar do na córais um leigheasanna dlí, arna leagan amach i gCaibidil VIII de RGCS, toisc gurb é iomaitheoir an té a líomhnaítear a rinne sárú pearsanta ar chosaint sonraí os comhair na gcúirteanna sibhialta a thugann caingean le haghaidh urghaire. Ina theannta sin, mar a thug an rialtas sin faoi deara, áirithítear leis an nós imeachta um réamhrialú dá dtagraítear in Airteagal 267 CFAE an léiriú aonfhoirmeach ar fhorálacha ábhartha an Rialacháin sin, atá inchurtha i bhfeidhm maidir leis an sárú céanna ag údarás maoirseachta agus na cúirteanna a thugtar cás os a gcomhair de réir Airteagail 77 go 80 den Rialachán sin ar thaobh amháin, agus ag na cúirteanna a thugtar cás os a gcomhair maidir lena leithéid d’iomaitheoir ar bhonn an toirmisc ar chleachtais tráchtála mhíchothroma ar an taobh eile.

68

Ar an tríú dul síos, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 104 dá Thuairim, ní dhéantar dochar, trí fhorálacha ábhartha de RGCS a bheith níos inagartha ag daoine seachas ábhair sonraí agus comhlachtaí, eagraíochtaí nó comhlachais amháin, de réir bhrí Airteagal 80 den Rialachán sin, don chuspóir a bhaint amach maidir le leibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha ar fud an Aontais agus chun éagsúlachtaí lena gcuirtear isteach ar shaorshreabhadh sonraí pearsanta laistigh den mhargadh inmheánach a chosc. Go deimhin, fiú i gcás nach bhforáladh na Ballstáit d’inagarthacht dá leithéid, níorbh í is toradh air sin ná ilroinnt sa dóigh a gcuirtear cosaint sonraí chun feidhme ar fud an Aontais, ós rud é go bhfuil forálacha ábhartha RGCS ina gcomhcheangal ar gach rialaitheoir, de réir bhrí Airteagal 4(7) den Rialachán sin, agus go n‑áirithítear go gcomhlíontar iad tríd na leigheasanna dlí dá bhforáiltear leis an Rialachán sin.

69

Sa dara háit, maidir leis an gcuspóir cosaint éifeachtach a áirithiú do dhaoine is ábhar do shonraí i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus éifeachtúlacht fhorálacha substainteacha RGCS, ní mór a mheas, cé go bhféachtar le caingean le haghaidh urghaire arna tionscnamh ag iomaitheoir an té a líomhnaítear a rinne sárú ar chosaint sonraí pearsanta, mar a cuireadh in iúl i mír 65 den bhreithiúnas seo, ní leis an gcuspóir sin ach le hiomaíocht chóir a áirithiú, nach bhfuil aon chonspóid ann ach go gcuirtear le comhlíonadh na bhforálacha sin agus, dá bhrí sin, le cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí a neartú agus ardleibhéal cosanta a áirithiú dóibh (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Aibreán 2022, Meta Platforms Ireland, C‑319/20, EU:C:2022:322, mír 74).

70

Thairis sin, d’fhéadfadh a leithéid de chaingean le haghaidh urghaire i gcoinne iomaitheora a bheith thar a bheith éifeachtach, mar is cosúil le caingean na gcomhlachas cosanta tomhaltóirí, ar mhaithe lena leithéid de chosaint a áirithiú, a mhéid is féidir leis cosc a chur ar líon mór sáruithe ar chearta ábhar na sonraí arna bpróiseáil (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Aibreán 2022, Meta Platforms Ireland, C‑319/20, EU:C:2022:322, mír 75).

71

Tugtar le tuiscint uaidh sin go bhfuil an léiriú arna ghlacadh i mír 60 den bhreithiúnas seo i gcomhréir leis na ceanglais faoi Airteagal 16(1) CFAE agus faoi Airteagal 8 den Chairt agus, dá bhrí sin, leis an gcuspóir atá á shaothrú ag RGCS maidir le cosaint éifeachtach chearta agus shaoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus, go háirithe, le hardléibhéal cosanta a áirithiú ar cheart gach duine chun a gcuid sonraí pearsanta a chosaint (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Aibreán 2022, Meta Platforms Ireland, C‑319/20, EU:C:2022:322, mír 73).

72

Sa chás seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fhíorú an ionann an sárú líomhainte ar fhorálacha ábhartha de RGCS atá i gceist sna príomhimeachtaí, a mhéid a shuitear é, agus sárú ar an toirmeasc ar chleachtais tráchtála mhíchothroma dá bhforáiltear leis an reachtaíocht náisiúnta ábhartha.

73

I ndáil leis na breithnithe roimhe seo, an freagra atá le tabhairt ar an gcéad cheist ná go bhfuil léiriú le déanamh ar Chaibidil VIII de RGCS sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena dtugtar – in éineacht le cumhachtaí idirghabhála na n‑údarás maoirseachta atá freagrach as an Rialachán a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú agus roghanna leigheasanna dlí na n‑ábhar sonraí – locus standi d’iomaitheoirí an té a líomhnaítear a rinne sárú ar chosaint sonraí pearsanta chun caingean a thabhairt i gcoinne an tsáraitheora os comhair na gcúirteanna sibhialta i leith sáruithe ar an Rialachán sin i bhfianaise na sáruithe ar an Rialachán sin agus ar bhonn an toirmisc ar chleachtais tráchtála mhíchothroma.

An dara ceist

74

Trína dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 8(1) de Threoir 95/46 agus Airteagal 9(1) de RGCS le léiriú sa chaoi, i gcás ina bhfuil leigheasanna nach mór a cheannach ó phoitigéir á margú ag oibritheoir cógaslainne, trí ardán ar líne, gurb ionann an fhaisnéis a iontrálann custaiméirí an oibritheora sin agus leigheasanna á n‑ordú acu ar líne acu, amhail a n‑ainm, an seoladh seachadta agus an méid is gá chun táirgí íocshláinte a shainoiriúnú agus sonraí a bhaineann leis an tsláinte, de réir bhrí na forála sin, fiú i gcás nach bhfuil oideas ag teastáil i leith dhíol na leigheasanna sin.

75

Leagtar amach an prionsabal um thoirmeasc ar an bpróiseáil sin le hAirteagal 8(1) de Threoir 95/46 agus Airteagal 9(1) de RGCS, a bhfuil a gcomhchosúil de raon feidhme aige chun críocha an léirithe atá le déanamh ag an gCúirt (breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Vyriausioji tarnybinės etikos komisija, C‑184/20, EU:C:2022:601, míreanna 58 agus 117) agus lena mbaineann siad, mar a thugtar le fios le teideal na n‑Airteagal sin, le ‘catagóirí speisialta’ sonraí pearsanta a phróiseáil. Go deimhin, mar a leagtar amach go sainráite le haithris 51 den Rialachán sin, tá cosaint ar leith dlite do shonraí pearsanta ar de chineál fíor-íogair iad maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha, toisc go bhféadfaí rioscaí suntasacha a chruthú do na cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha mar thoradh ar chomhthéacs a bpróiseála.

76

I measc na gcatagóirí speisialta sonraí pearsanta, a liostaítear in Airteagal 8(1) de Threoir 95/46 agus in Airteagal 9(1) de RGCS, atá sonraí a bhaineann leis an tsláinte. Áirítear sna sonraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 4(15) den Rialachán sin, arna léamh i gcomhar le haithris 35 den Rialachán sin, na sonraí pearsanta go léir lena nochtar faisnéis a bhaineann le stádas sláinte coirp nó meabhrach an duine is ábhar de na sonraí, mar atá ag an am, mar a bhí nó mar a bheidh, lena n‑áirítear faisnéis faoin duine nádúrtha a bailíodh le linn an chláraithe le haghaidh seirbhísí cúraim sláinte nó le linn sholáthar na seirbhísí sin.

77

Thairis sin, fágtar, inter alia, le hAirteagal 4(1) de RGCS go mbaineann an coincheap ‘sonraí pearsanta’ le haon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta agus chun go n‑aicmeofar duine mar dhuine ‘sainaitheanta’, is leor go mbeadh duine nádúrtha in‑sainaitheanta, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin.

78

Mar sin, i gcás ina bhfuil conclúidí inbhainte amach maidir le stádas sláinte duine sainaitheanta nó in‑sainaitheanta, ní mór a mheas gur sonraí a bhaineann leis an tsláinte iad, de réir bhrí Airteagal 4(15) de RGCS.

79

Sa chás seo, is léir ón gcáschomhad os comhair na Cúirte go n‑iontrálann custaiméirí ND, agus iad ag ordú leigheasanna ar Amazon nach mór a cheannach ó phoitigéir, faisnéis amhail a n‑ainm, an seoladh seachadta agus sonraí maidir le sainoiriúnú na leigheasanna. Níl aon amhras ach gur ‘sonraí pearsanta’ a leithéid d’fhaisnéis, a mhéid a bhaineann siad le daoine sainaitheanta nó in‑sainaitheanta.

80

Sna himthosca sin, ní mór a chinneadh an nochtar lena leithéid de shonraí faisnéis ar stádas sláinte na ndaoine sin, de réir bhrí Airteagal 4(15) de RGCS agus, dá bhrí sin, gur sonraí a bhaineann leis an tsláinte iad, de réir bhrí Airteagal 8(1) de Threoir 95/46 agus Airteagal 9(1) den Rialachán sin.

81

I ndáil leis sin, rialaigh an Chúirt cheana féin, ag féachaint do chuspóir Threoir 95/46 agus RGCS, arb é atá ann ná ardleibhéal cosanta maidir le saoirsí agus sonraí pearsanta daoine nádúrtha a áirithiú, go háirithe maidir lena bpríobháideachas, i ndáil le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta, nach mór léiriú leathan a dhéanamh ar an gcoincheap ‘sonraí a bhaineann leis an tsláinte’ dá dtagraítear in Airteagal 9(1) den Rialachán sin, a fhreagraíonn do ‘s[h]onraí maidir le sláinte’ dá dtagraítear in Airteagal 8(1) den Treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Samhain 2003, Lindqvist, C‑101/01, EU:C:2003:596, mír 50, agus an 1 Lúnasa 2022, Vyriausioji tarnybinės etikos komisija, C‑184/20, EU:C:2022:601, mír 125).

82

Dá bhrí sin, ní fhéadfaí na forálacha sin a léiriú sa chaoi go ndéantar an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a d’fhéadfadh faisnéis íogair a bhaineann le duine nádúrtha a nochtadh, go hindíreach, a eisiamh ón gcóras feabhsaithe cosanta a leagtar síos leis na forálacha sin, gan an bonn a bhaint d’éifeachtacht an chórais sin ná do chosaint saoirsí agus cearta bunúsacha daoine nádúrtha a fhéachann sé lena áirithiú (breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Vyriausioji tarnybinės etikos komisija, C‑184/20, EU:C:2022:601, mír 127).

83

Dá bhrí sin, ar mhaithe le sonraí a bhaineann leis an tsláinte a aicmiú mar shonraí pearsanta, de réir bhrí Airteagal 8(1) de Threoir 95/46 agus Airteagal 9(1) de RGCS, ní mór stádas sláinte an ábhair sonraí a nochtadh trí phróiséas intleachtúil chun iad a cheangail le chéile nó tátal a bhaint astu (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Vyriausioji tarnybinės etikos komisija, C‑184/20, EU:C:2022:601, mír 123).

84

D’fhéadfaidh go nochtfar leis na sonraí a iontrálann custaiméir ar ardán ar líne agus iad ag ordú leigheasanna nach mór a cheannach ó phoitigéir, trí phróiséas intleachtúil chun iad a cheangail le chéile nó tátal a bhaint astu, faisnéis ar stádas sláinte an ábhair sonraí, de réir Airteagal 4(1) de RGCS, a mhéid arb é atá i gceist leis an ordú sin ná nasc a chruthú idir leigheas, a thásca teiripeacha nó a úsáidí, agus duine nádúrtha atá sainaitheanta nó inaitheanta trí thosca amhail ainm an duine sin nó an seoladh seachadta.

85

Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, áfach, an bhfuil sé ábhartha nach bhfuil oideas ag taisteál i leith an díola a mhéid, sa chás sin, a d’fhéadfaí na leigheasanna sin a bheartú ní don chustaiméir a dhéanann an t‑ordú ach do thríú páirtithe.

86

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, chun críocha cur i bhfeidhm Airteagal 8(1) de Threoir 95/46 agus Airteagal 9(1) de RGCS, tá sé tábhachtach a fhíorú, i gcás próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag an oibreoir cógaslainne mar chuid de ghníomhaíocht arna déanamh trí ardán ar líne, dá bhféadfadh na sonraí sin faisnéis a nochtadh a thagann faoi cheann de na catagóirí dá dtagraítear sna forálacha sin, an mbaineann an fhaisnéis sin le húsáideoir an ardáin sin nó le haon duine nádúrtha eile. Más amhlaidh an cás sin, tá toirmeasc ar phróiseáil sonraí pearsanta den sórt sin, faoi réir na maoluithe dá bhforáiltear i mír 2 de na forálacha sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Iúil 2023, Meta Platforms agus páirtithe eile (Téarmaí ginearálta agus coinníollacha úsáide líonra shóisialta), C‑252/21, EU:C:2023:537, mír 68).

87

Tá an toirmeasc sin, i bprionsabal, neamhspleách ar cé acu an cruinn nó míchruinn an fhaisnéis arna nochtadh tríd an bpróiseáil i gceist agus cé acu an ngníomhaíonn nó nach ngníomhaíonn an t‑oibreoir d’fhonn faisnéis a fháil a thagann faoi na catagóirí speisialta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 95/46 agus in Airteagal 9(1) de RGCS. Go deimhin, i bhfianaise an mhórbhaoil do shaoirsí bunúsacha agus do chearta bunúsacha na n‑ábhar sonraí, a chruthaítear trí phróiseáil ar bith na sonraí pearsanta a thagann faoi na catagóirí sin, tá sé de chuspóir ag na forálacha sin toirmeasc a chur ar phróiseáil den sórt sin, gan beann ar a críoch sonraithe agus cruinneas na faisnéise i gceist (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Iúil 2023, Meta Platforms agus páirtithe eile (Téarmaí ginearálta agus coinníollacha úsáide líonra shóisialta), C‑252/21, EU:C:2023:537, míreanna 69 agus 70).

88

Tugtar le tuiscint uaidh sin, i gcás ina gcuireann úsáideoir ardáin ar líne sonraí pearsanta in iúl agus é ag ordú leigheasanna nach mór a cheannach ó phoitigéir gan oideas a bheith ag taisteáil ina leith, ní mór a mheas gur próiseáil a bhaineann le sonraí a bhaineann leis an tsláinte, de réir bhrí Airteagal 8(1) de Threoir 95/46 agus Airteagal 9(1) de RGCS, atá i bpróiseáil na sonraí sin ag oibreoir cógaslainne a bhíonn na leigheasanna sin á ndíol aige tríd an ardán sin ar líne, ós rud é gur féidir le faisnéis a nochtadh ar stádas sláinte duine nádúrtha leis an bpróiseáil sonraí sin, cibé an mbaineann an fhaisnéis sin leis an úsáideoir sin nó le haon duine eile a dhéanann an t‑úsáideoir an t‑ordú sin ar a shon (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Iúil 2023, Meta Platforms agus páirtithe eile (Téarmaí ginearálta agus coinníollacha úsáide líonra shóisialta), C‑252/21, EU:C:2023:537, mír 73).

89

Go deimhin, ní bheadh léiriú ar na forálacha sin ar dá réir a dhéanfaí idirdhealú bunaithe ar chineál na leigheasanna lena mbaineann agus cibé an bhfuil oideas ag taisteáil i leith a ndíola ag teacht le cuspóir an ardleibhéil cosanta, rud a thugtar chun cuimhne i mír 81 den bhreithiúnas seo. Ina theannta sin, rachadh a leithéid de léiriú in aghaidh chuspóir Airteagal 8(1) de Threoir 95/46 agus Airteagal 9(1) de RGCS, chun cosaint mhéadaithe a áirithiú i gcoinne próiseála lena bhféadfaí, mar gheall ar íogaireacht ar leith na sonraí lena mbaineann, mar is léir ó aithris 51 de RGCS, cur isteach go han‑tromchúiseach ar na cearta bunúsacha chun príobháideachais agus maidir le cosaint sonraí pearsanta, a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt (breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Vyriausioji tarnybinės etikos komisija, C‑184/20, EU:C:2022:601, mír 126 agus an cásdlí dá dtagraítear).

90

Dá bhrí sin, sonraí a bhaineann leis an tsláinte, de réir Airteagal 8(1) de Threoir 94/46 agus Airteagal 9(1) de RGCS, atá san fhaisnéis a iontrálann custaiméirí oibreora cógaslainne agus iad ag ordú leigheasanna nach mór a cheannach ó phoitigéir gan oideas a bheith ag taisteáil ina leith, fiú i gcás nach dócha ach go pointe áirithe, agus nach deimhin go hiomlán, go mbeartaítear na leigheasanna sin do chustaiméirí.

91

Thairis sin, ní féidir a chur as an áireamh, fiú i gcás ina mbeartaítear a leithéid de leigheasanna do dhaoine nach custaiméirí iad, go bhféadfaí na daoine sin a shainaithint agus conclúidí a bhaint amach maidir lena staid sláinte. Is féidir gurb amhlaidh an cás, mar shampla, i gcás nach seachadtar na leigheasanna i gceist go háit chónaithe an chustaiméara a bhfuil siad ordaithe aige ach go háit chónaithe duine eile, nó i gcás, gan beann ar an seoladh seachadta, ina dtagraíonn an custaiméir, san ordú nó in aon chumarsáid ina leith, do dhuine in‑sainaitheanta eile, amhail ball a theaghlaigh. A dhála sin, i gcás ina gceanglaítear leis an ordú go sainaithneofaí agus/nó go gclárófaí custaiméir, mar shampla trí chuntas custaiméara a chruthú nó trí bhallraíocht le clár dílseachta, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfar an fhaisnéis arna hiontráil an custaiméir sa chomhthéacs sin a úsáid chun conclúidí a bhaint amach, ní hamháin maidir le staid sláinte an chustaiméara sin, ach maidir le sláinte duine eile freisin, go háirithe in éineacht leis an bhfaisnéis a bhaineann leis na leigheasanna arna n‑ordú.

92

Ar deireadh, mar a tugadh chun cuimhne i mír 86 den bhreithiúnas seo, sa chás gur sonraí a bhaineann leis an tsláinte í faisnéis den sórt sin atá i gceist sna príomhimeachtaí, de réir bhrí Airteagal 8(1) de Threoir 95/4 agus Airteagal 9(1) de RGCS, ní chuirtear cosc ar an bhfáisnéis sin a phróiseáil, mar is léir ó aithris 53 de RGCS, go háirithe i gcomhthéacs na seirbhísí agus na córais cúraim sláinte nó sóisialta a bhainistiú, i gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha arna leagan amach i mír 2 de na forálacha sin.

93

Is féidir gurb amhlaidh an cás sin go háirithe, ar an gcéad dul síos, más rud é, i gcomhréir le pointe (a) de mhír 2 sin, agus faoi réir na heisceachta dá bhforáiltear ann, go dtugann an t‑ábhar sonraí a thoiliú sainráite do phróiseáil amháin nó níos mó de na sonraí pearsanta sin, ar cuireadh na saintréithe sonracha agus na críocha sonracha a bhaineann leo faoina bhráid go cruinn críochnaithe sothuigthe. Ar an dara dul síos, is féidir gurb inghlactha a leithéid de phróiseáil ar bhonn Airteagal 9(2)(h) de RGCS i gcás inar gá próiseáil den sórt sin chun críche cúraim sláinte ar bhonn dhlí an Aontais, dhlí Ballstáit nó conradh arna thabhairt i gcrích le gairmí sláinte.

94

I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ní mór freagra a thabhairt ar an dara ceist sa chaoi go bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 8(1) de Threoir 95/46 agus Airteagal 9(1) de RGCS sa chaoi, i gcás ina bhfuil leigheasanna nach mór a cheannach ó phoitigéir á margú ag oibreoir cógaslainne, trí ardán ar líne, gurb ionann an fhaisnéis a iontrálann custaiméirí an oibritheora sin agus leigheasanna á n‑ordú acu ar líne acu, amhail a n‑ainm, an seoladh seachadta agus an méid is gá chun táirgí íocshláinte a shainoiriúnú agus sonraí a bhaineann leis an tsláinte, de réir bhrí na forála sin, fiú i gcás nach bhfuil oideas ag teastáil i leith dhíol na leigheasanna sin.

Costais

95

Ós rud é, sa mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

(1)

Maidir le Caibidil VIII de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016, maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí),

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena dtugtar – in éineacht le cumhachtaí idirghabhála na n‑údarás maoirseachta atá freagrach as an Rialachán a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú agus roghanna leigheasanna dlí na n‑ábhar sonraí – locus standi d’iomaitheoirí an té a líomhnaítear a rinne sárú ar chosaint sonraí pearsanta chun caingean a thabhairt i gcoinne an tsáraitheora os comhair na gcúirteanna sibhialta i leith sáruithe ar an Rialachán sin i bhfianaise na sáruithe ar an Rialachán sin agus ar bhonn an toirmisc ar chleachtais tráchtála mhíchothroma.

(2)

Maidir le hAirteagal 8(1) de Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine nadúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus le hAirteagal 9(1) de Rialachán 2016/679,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina bhfuil leigheasanna nach mór a cheannach ó phoitigéir á margú ag oibreoir cógaslainne, trí ardán ar líne, is ionann an fhaisnéis a iontrálann custaiméirí an oibreora sin agus leigheasanna á n‑ordú acu ar líne acu, amhail a n‑ainm, an seoladh seachadta agus an méid is gá chun táirgí íocshláinte a shainoiriúnú agus sonraí a bhaineann leis an tsláinte, de réir bhrí na forála sin, fiú i gcás nach bhfuil oideas ag teastáil i leith dhíol na leigheasanna sin.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.