BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Dara Dlísheomra)
8 Bealtaine 2024 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Treoir (AE) 2019/1023 – Nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais – Airteagal 20 – Rochtain ar urscaoileadh – Airteagal 23 – Maoluithe – Airteagal 23(4) – Eisiamh catagóirí sonracha d’fhiachas ó urscaoileadh fiachais – Reachtaíocht náisiúnta lena n‑eisiatar cáin agus slándáil sóisialta ó urscaoileadh fiachais – Údar cuí le heisiamh den sórt sin)
I gCás C‑20/23,
IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Tribunal da Relação do Porto (an Chúirt Achomhairc, Porto, an Phortaingéil), trí bhreith an 14 Nollaig 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 16 Eanáir 2023, sna himeachtaí
SF
v
MV,
Instituto da Segurança Social IP,
Autoridade Tributária e Aduaneira,
Cofidis SA – Sucursal em Portugal,
idiragraí:
José da Costa Araújo, i gcáil riarthóir dócmhainneachta SF,
tugann AN CHÚIRT (an Dara Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas; A. Prechal, Uachtarán Dlísheomra, F. Biltgen (rapóirtéir), N. Wahl, J. Passer agus M.L. Arastey Sahún, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
SF, ag U. Freitas, advogado, |
|
– |
Instituto da Segurança Social IP, ag A. Serrano, advogada, |
|
– |
Rialtas na Portaingéile, ag M. Afonso Brigas, P. Barros da Costa, A. de Almeida Morgado, I. Inverno agus A. Rodrigues, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Spáinne, ag A. Ballesteros Panizo, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag G. Braun, J. L. Buendía Sierra agus I. Melo Sampaio, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ginearálta ag éisteacht an 11 Eanáir 2024,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 23(4) de Threoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais, agus maidir le dícháílíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht) (IO 2019 L 172, lch. 18), agus Airteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir SF, duine nádúrtha a d’éirigh dócmhainneach (‘an féichiúnaí’) agus MV, an Instituto da Segurança Social IP (Institiúid Slándála Sóisialta, an Phortaingéil), an Autoridade Tributária e Aduaneira (an tÚdarás Cánach agus Custaim, an Phortaingéil) agus Cofidis SA – Sucursal em Portugal maidir le hiarratas ar urscaoileadh fiachais arna thaisceadh ag an bhféichiúnaí sna himeachtaí dócmhainneachta a bhaineann leis. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
|
3 |
Sonraítear in aithrisí 78 agus 81 den Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht:
…
|
|
4 |
Tá na focail seo a leanas in Airteagal 2(1)(10) den treoir: ‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leanas: …
|
|
5 |
Foráiltear le hAirteagal 20 den treoir sin, dar teideal ‘Rochtain ar urscaoileadh’: ‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag fiontraithe dócmhainneacha ar nós imeachta amháin ar a laghad ar féidir urscaoileadh fiachais iomlán teacht as i gcomhréir leis an Treoir seo. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go bhfuil deireadh tagtha leis an gceird, leis an ngnó, leis an gceardaíocht nó leis an ngairm lena mbaineann fiachais fiontraí atá dócmhainneach. 2. Sna Ballstáit ina bhfuil urscaoileadh iomlán fiachais ag brath ar aisíoc páirteach an fhiachais ag an bhféichiúnaí, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an oibleagáid aisíocaíochta i gceist bunaithe ar staid aonair an fhiontraí agus go háirithe, go bhfuil sí comhréireach le hioncam agus le sócmhainní in‑urghafa nó indiúscartha an fhiontraí thar an tréimhse urscaoilte agus go gcuirtear san áireamh leas cothromais na gcreidiúnaithe léi. 3. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh fiontraithe a urscaoileadh óna bhfiacha rochtain a bheith acu ar fhaisnéis ábhartha chothrom le dáta faoi chreataí náisiúnta atá ann cheana lena bhforáiltear do thacaíocht ghnó d'fhiontraithe, agus tairbhiú de chreataí den chineál sin.’ |
|
6 |
Foráiltear i mír 4 d’Airteagal 23 den treoir sin, dar teideal ‘Maoluithe’: ‘Féadfaidh na Ballstáit catagóirí sonracha d'fhiachas a eisiamh ó urscaoileadh fiachais, nó rochtain ar urscaoileadh fiachais a shrianadh nó tréimhse urscaoilte níos faide a leagan síos i gcás ina bhfuil údar cuí leis an eisiamh, leis na srianta nó leis na tréimhsí níos faide sin, amhail sna cásanna seo a leanas:
|
|
7 |
Foráiltear le hAirteagal 34(1) den Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht: ‘Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 17 Iúil 2021, seachas na forálacha is gá chun pointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 28 a chomhlíonadh, ar nithe iad a ghlacfar agus a fhoilseofar faoin 17 Iúil 2024, agus seachas na forálacha is gá chun pointe (d) d’Airteagal 28 a chomhlíonadh, ar nithe iad a ghlacfar agus a fhoilseofar faoin 17 Iúil 2026. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl láithreach don Choimisiún [Eorpach]. Déanfaidh siad na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm ón 17 Iúil 2021, seachas na forálacha is gá chun pointí (a), (b) agus (c) a chomhlíonadh, a mbeidh feidhm acu ón 17 Iúil 2024 agus seachas na forálacha is gá chun pointe (d) d'Airteagal 28 a chomhlíonadh, a mbeidh feidhm acu ón 17 Iúil 2026.’ |
|
8 |
De bhun Airteagal 35 den treoir sin, lena bhforáiltear go dtiocfaidh sí i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, tháinig an treoir sin i bhfeidhm an 16 Iúil 2019. |
Dlí na Portaingéile
CIRE
|
9 |
Sonraítear an méid seo a leanas in Airteagal 235 den Código da Insolvência e da Recuperação de Empresas, arna fhormheas le Decreto-Lei n.o 53/2004 (Foraithne-Dlí Uimh. 53/2004) an 18 Márta 2004, (Diário da República I, Sraith I-A, Uimh. 66, an 18 Márta 2004), agus arna leasú le Lei n.o 9/2022 (Dlí Uimh. 9/2022) an 11 Eanáir 2022 (Diário da República, Sraith I, Uimh. 7, an 11 Eanáir 2022) (‘CIRE’), dar teideal ‘Prionsabal Ginearálta’: ‘Más duine nádúrtha an féichiúnaí, féadfar é nó í a urscaoileadh ó aon fhiacha dócmhainneachta nár íocadh ar ais go hiomlán le linn na n‑imeachtaí dócmhainneachta nó laistigh de thrí bliana ó dheireadh na n‑imeachtaí sin, faoi na coinníollacha atá leagtha amach sa Chaibidil seo.’ |
|
10 |
Foráiltear le hAirteagal 242(2) de CIRE: ‘Beidh an deonú de bhuntáistí speisialta ag an bhféichiúnaí nó ag tríú páirtí do chreidiúnaí dócmhainneachta ar neamhní.’ |
|
11 |
Foráiltear le hAirteagal 245(2)(d) de CIRE nach n‑áireofar, inter alia, ‘fiacha cánach agus slándála sóisialta’ le hurscaoileadh fiachais. |
|
12 |
In 2022, rinne Poblacht na Portaingéile an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht a thrasuí trí bhíthin Dlí Uimh. 9/2022 an 11 Eanáir 2022, nach ndearna aon athrú ar liosta na bhfiachas a eisiatar ón urscaoileadh fiachais dá dtagraítear in Airteagal 245(2) de CIRE, go háirithe fiacha cánach agus slándála sóisialta. Níor tugadh aon údar maith sa dlí sin leis na fiacha sin a eisiamh. |
LGT
|
13 |
Sa Lei Geral Tributária (an Dlí Cánach Ginearálta), arna fhormheas ag Decreto-Lei n.o 398/98 (Foraithne-Dlí Uimh. 398/98) an 17 Nollaig 1998 (Diário da República I, Sraith I-A, Uimh. 290, an 17 Nollaig 1998) (‘LGT’), sainmhínítear agus leagtar amach na prionsabail ghinearálta lena rialaítear dlí cánach na Portaingéile, cumhachtaí an údaráis chánach agus na ráthaíochtaí a thugtar do na cáiníocóirí. |
|
14 |
Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 5 de LGT: ‘1. Féachann cánachas le freastal ar riachtanais airgeadais an Stáit agus eintiteas poiblí eile agus le ceartas sóisialta, comhdheiseanna agus na ceartúcháin is gá ar neamhionannais i ndáileadh an rachmais agus an ioncaim a chur chun cinn. 2. Comhlíonfaidh cánachas prionsabail na huilíochta, an chomhionannais, na dlíthiúlachta agus an cheartais shubstaintiúil.’ |
|
15 |
Faoi Airteagal 30(2) agus (3) de LGT: ‘(2) Ní bheidh fiachas cánach ar fáil agus ní fhéadfar na coinníollacha chun í a laghdú nó a tharscaoileadh a shocrú ach amháin i gcomhréir le prionsabail an chomhionannais agus na dlíthiúlachta cánach. 3. Beidh tosaíocht ag forálacha na míre roimhe seo ar aon reachtaíocht shonrach.’ |
Na díospóidí sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
16 |
Le breithiúnas an 18 Meitheamh 2018, a tháinig chun bheith críochnaitheach, dearbhaíodh go raibh an féichiúnaí dócmhainneach. |
|
17 |
An 23 Eanáir 2019, dhearbhaigh an chúirt chéadchéime ar bhonn sealadach go raibh iarratas an fhéichiúnaí ar urscaoileadh fiachais inghlactha. |
|
18 |
An 29 Iúil 2022, chuir riarthóir dócmhainneachta an fhéichiúnaí tuarascáil deiridh isteach, inar shonraigh sé gur cheart go mbeadh an féichiúnaí i dteideal urscaoileadh fiachais. |
|
19 |
Le Cinneadh an 3 Deireadh Fómhair 2022, deonaíodh urscaoileadh fiachais don fhéichiúnaí, ónar eisíodh na fiacha cánach agus slándála sóisialta, de bhun Airteagal 245(2)(d) de CIRE. |
|
20 |
Thionscain an féichiúnaí achomharc i gcoinne an chinnidh sin os comhair Chúirt Achomhairc Porto (an Chúirt Achomhairc, Porto, an Phortaingéil), an chúirt a rinne an tarchur. Mar thaca lena achomharc, d’áitigh sé nach raibh Airteagal 245(2) de CIRE comhsheasmhach le hAirteagal 23(4) den Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht, ar an bhforas nach bhfuil údar cuí leis an eisiamh d’fhiacha cánach agus slándála sóisialta ón urscaoileadh fiachais, contrártha leis an bhforáil deiridh sin. Ina theannta sin, bheadh an t‑eisiamh sin ina chonstaic ar bhaint amach na gcuspóirí arna saothrú ag an treoir sin. |
|
21 |
Tugann an chúirt sin dá haire nach bhfuil aon údar leis an eisiamh sin i nDlí Uimh. 9/2022 an 11 Eanáir 2022, lena dtrasuítear an treoir i ndlí na Portaingéile, agus nach ndearnadh foráil d’aon údar maith den sórt sin sa dréacht‑dlí ach an oiread. Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, cé is moite d’aon amhras a bhaineann le comhréireacht Airteagal 245(2) de CIRE leis an treoir sin, go bhfuil amhras uirthi freisin an bhfuil an t‑eisiamh dá bhforáiltear san fhoráil sin ina chonstaic, inter alia, ar na cuspóirí á saothrú ag an gConradh FAE agus ar éifeachtacht dhlí an Aontais. |
|
22 |
Sna himthosca sin, chinn Tribunal da Relação do Porto (an Chúirt Achomhairc, Porto) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú
|
23 |
Áitíonn Rialtas na Spáinne, go bunúsach, go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú doghlactha ar an bhforas nach raibh an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht infheidhme maidir leis an nós imeachta as a n‑eascraíonn an cás sna príomhimeachtaí, ós rud é gur tharla an iarraidh ar dhíolúine roimh dháta theacht i bhfeidhm na treorach sin. |
|
24 |
Chuige sin, ní mór a thabhairt faoi deara, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, gur faoin gcúirt náisiúnta amháin, ar tugadh an díospóid os a comhair agus a chaithfidh freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach atá le déanamh, atá sé measúnú a dhéanamh, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, ar an ngá le réamhrialú ionas go bhféadfaidh sí breithiúnas a thabhairt agus ar ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais araon. Dá bhrí sin, i gcás ina mbaineann na ceisteanna a cuireadh isteach le léiriú ar dhlí an Aontais, tá ceangal ar an gCúirt, i bprionsabal, rialú a thabhairt (breithiúnas an 22 Feabhra 2024, Consejería de Presidencia, Justicia e Interior de la Comunidad de Madridagus páirtithe eile, C‑59/22, C‑110/22 agus C‑159/22, EU:C:2024:149, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
25 |
Dá bhrí sin, tá toimhde ábharthachta ag ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais. Ní fhéadfaidh an Chúirt diúltú rialú a dhéanamh ar cheist a tharchuireann cúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag léiriú ar riail dhlí an Aontais a iarrtar le fíorais iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í, nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach nó dhlíthiúil is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna ar cuireadh uirthi (breithiúnas an 22 Feabhra 2024, Consejería de Presidencia, Justicia e Interior de la Comunidad de Madridagus Páirtithe eile, C‑59/22, C‑110/22 agus C‑159/22, EU:C:2024:149, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
26 |
Thairis sin, is léir ó Airteagal 35 den Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht gur tháinig sí i bhfeidhm an 16 Iúil 2019. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 34(1) den treoir sin go bhfuil ar na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a ghlacadh, a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm faoin 17 Iúil 2021 chun, inter alia, Airteagal 23 den treoir sin a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ón dáta sin, ceanglaíodh ar na Ballstáit, faoin tríú mír d’Airteagal 288 CFAE, a áirithiú go raibh éifeacht iomlán ag Airteagal 23 den treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, an Coimisiún v an Ghearmáin (Treoracha 2009/72 agus 2009/73 a Thrasuí), C‑718/18, EU:C:2021:662, mír 118 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
27 |
Sa chás seo, glacadh an cinneadh urscaoileadh fiachais is ábhar don díospóid sna príomhimeachtaí an 3 Deireadh Fómhair 2022. Dá bhrí sin, ar an dáta sin, ceanglaíodh ar an gcúirt a ghlac an cinneadh sin amhlaidh a dhéanamh i gcomhréir leis na cuspóirí agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht chun an tríú mír d’Airteagal 288 CFAE a chomhlíonadh. |
|
28 |
Ní chaitear amhras ar an measúnú sin toisc gur tíolacadh an t‑iarratas ar urscaoileadh fiachais ba bhun leis an gcinneadh sin roimh dháta theacht i bhfeidhm na treorach sin. Le hAirteagal 23(4) den Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht is féidir, na Ballstáit, catagóirí sonracha fiachais a eisiamh ó urscaoileadh fiachais, rochtain ar urscaoileadh fiachais a theorannú nó foráil a dhéanamh do thréimhse urscaoilte níos faide faoi réir an choinníll go bhfuil údar cuí leis na maoluithe sin ar urscaoileadh fiachais. A mhéid a chuirtear teorainn leis an gceanglas bonn cirt sin ar lánrogha na mBallstát a maidir le glacadh na maoluithe sin, tá sé beartaithe go mbeidh feidhm aige freisin i gcás ina ndearnadh iarratais ar urscaoileadh fiachais roimh theacht i bhfeidhm na treorach sin, ach gur glacadh leis na hiarratais sin tar éis dheireadh na tréimhse chun an treoir sin a thrasuí. |
|
29 |
Dá bhrí sin, tá feidhm ag an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí agus tá an iarraidh ar réamhrialú inghlactha. |
Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear
An chéad cheist
|
30 |
De réir na chéad cheiste atá aici, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 23(4) den Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht a léiriú sa chaoi go gciallaíonn nach bhfuil eisiamh catagóir sonrach d’fhiachas ó urscaoileadh fiachais seachas na cinn a liostaítear san fhoráil sin indéanta ach amháin má tá ‘údar cuí leis’ sin. |
|
31 |
Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara ar dtús go dtugtar isteach liosta na gcatagóirí sonracha fiachais a áirítear san fhoráil sin leis na focail ‘amhail sna cásanna’ agus go n‑úsáidtear téarmaí a bhfuil an bhrí chéanna leo i leaganacha teanga eile den fhoráil sin, lena n‑áirítear an leagan Portaingéilise di. Is léir, mar sin, ó fhoclaíocht na forála sin nach bhfuil na catagóirí sonracha fiachais atá liostaithe inti liostaithe go huileghabhálach (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Aibreán 2024, Agencia Estatal de la Administración Tributaria (Éilimh arna rialú ag an dlí poiblí a eisiamh ó urscaoileadh fiachais), C‑687/22, EU:C:2024:287, mír 37). |
|
32 |
Tacaítear leis an léiriú litriúil ar Airteagal 23(4) den Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht, ar dá réir nach liosta uileghabhálach, ach léiritheach é an liosta san fhoráil sin, le haithris 81 den treoir sin, ónar léir gur mheas reachtóir an Aontais gur cheart go mbeadh na Ballstáit ‘ábalta catagóirí breise fiachais a eisiamh nuair a bheidh údar cuí leo’ (breithiúnas an 11 Aibreán 2024, Agencia Estatal de la Administración Tributaria (Éilimh arna rialú ag an dlí poiblí a eisiamh ó urscaoileadh fiachais), C‑687/22, EU:C:2024:287, mír 38). |
|
33 |
Dá bhrí sin ní mór Airteagal 23(4) a léiriú sa chaoi a gciallaíonn nach bhfuil liosta na gcatagóirí sonracha fiachais atá leagtha amach ann uileghabhálach agus go bhféadfaidh na Ballstáit catagóirí sonracha fiachais seachas na cinn atá liostaithe san fhoráil sin a eisiamh ó urscaoileadh fiachais i gcásanna a bhfuil údar cuí leo (breithiúnas an 11 Aibreán 2024, Agencia Estatal de la Administración Tributaria (Éilimh arna rialú ag an dlí poiblí a eisiamh ó urscaoileadh fiachais), C‑687/22, EU:C:2024:287, mír 39). |
|
34 |
Ina theannta sin, ag féachaint don fhíoras go ndearna reachtóir an Aontais feidhmiú na cumhachta a thugtar amhlaidh do na Ballstáit in Airteagal 23(4) go sainráite faoi réir an choinníll go bhfuil ‘údar cuí’ le heisiaimh den sórt sin, chinn an Chúirt, i gcásanna go nglacann an reachtóir náisiúnta maoluithe den sórt sin, nach mór do chúiseanna na maoluithe sin teacht ón dlí náisiúnta nó ón nós imeachta ba bhun leo agus nach mór do na cúiseanna sin leas dlisteanach poiblí a shaothrú (breithiúnas an 11 Aibreán 2024, Agencia Estatal de la Administración Tributaria (Éilimh arna rialú ag an dlí poiblí a eisiamh ó urscaoileadh fiachais), C‑687/22, EU:C:2024:287, mír 42). |
|
35 |
Ansin, le haithris 78 den Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht, lena dtagraítear do mhaoluithe ‘a bhfuil údar cuí leo ar bhonn cúiseanna arna leagan síos sa dlí náisiúnta ’, agus le haithris 81 den treoir sin, lena dtagraítear do chúis a ‘bhfuil údar cuí leo … faoin dlí náisiúnta’, ligtear don tátal a bhaint as gur mheas reachtóir an Aontais gur leor gur comhlíonadh na rialacha mionsonraithe a leagadh síos chun na críche sin sna córais dlí náisiúnta éagsúla (breithiúnas an 11 Aibreán 2024, Agencia Estatal de la Administración Tributaria (Éilimh arna rialú ag an dlí poiblí a eisiamh ó urscaoileadh fiachais), C‑687/22, EU:C:2024:287, mír 43). |
|
36 |
Ar deireadh, ní mór a shonrú, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 42 dá Thuairim, nach gceanglaítear leis an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht foráil a dhéanamh sa ghníomh atá beartaithe, chun an treoir sin í féin a thrasuí, don údar cuí a bhaineann le catagóir sonrach fiachais a eisiamh ó urscaoileadh fiachais. |
|
37 |
Mar a thugtar faoi deara i mír 34 den bhreithiúnas seo, is léir ón treoir sin nach foláir an t‑údar cuí atá le tabhairt ag Ballstát chun tacú le heisiamh amhlaidh mar atá i gceist sna príomhimeachtaí a bheith follasach ó na himeachtaí as a dtiocfaidh sé, nó ón dlí náisiúnta. Mar sin, maidir leis an gcéad chás, inar cuid dhílis de na gníomhartha sin iad, faoin dlí náisiúnta, an réamhobair, na brollaigh agus na meabhráin mhíniúcháin le haghaidh gníomhartha reachtacha nó rialúcháin nó ina bhfuil siad ábhartha chun iad a léiriú agus ina bhfuil bonn cirt leis an eisiamh maidir le catagóir sonrach fiachais ó urscaoileadh fiacha, ní mór a chinneadh go gcomhlíonann an bonn cirt sin ceanglais Airteagal 23(4) den treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Aibreán 2024, Agencia Estatal de la Administración Tributaria (Éilimh arna rialú ag an dlí poiblí a eisiamh ó urscaoileadh fiachais), C‑687/22, EU:C:2024:287, mír 54). Ina theannta sin, maidir leis an dara cás, féadfar an bonn cirt sin a fháil freisin i bhforálacha den dlí náisiúnta seachas an fhoráil ina bhfuil an t‑eisiamh sin, amhail foráil náisiúnta bhunreachtúil, reachtach nó rialála. |
|
38 |
Sa chás seo, is léir ó na doiciméid atá os comhair na Cúirte go bhforáiltear, ar thaobh amháin, le hAirteagal 103(1) de Constituição da República Portuguesa (Bunreacht Phoblacht na Portaingéile) go bhfuil sé mar aidhm ag an gcóras fioscach riachtanais airgeadais an Stáit agus eintiteas poiblí eile a shásamh agus dáileadh cothrom ioncaim agus rachmais a áirithiú agus, ar an taobh eile, go leagtar amach cuspóirí agus prionsabail in Airteagail 5 agus 30 de LGT lena dtugtar údar d’fhiacha cánach agus slándála sóisialta a eisiamh ó urscaoileadh fiachais, amhail riachtanais airgeadais an Stáit a shásamh, ceartas sóisialta agus comhdheiseanna a chur chun cinn agus na ceartuithe is gá a dhéanamh ar neamhionannais i ndáileadh rachmais agus ioncaim, agus prionsabail na huilíochta, an chomhionannais, na dlíthiúlachta, an cheartais shubstaintiúil agus neamh-infhaighteacht d’fhiachas cánach á gcomhlíonadh ag an am céanna. Dealraíonn sé, mar sin, a priori, go bhfuil bonn cirt leis an eisiamh sin i ndlí na Portaingéile. Mar sin féin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur, a bhfuil an dlínse amháin aici an dlí náisiúnta a léiriú agus a chur i bhfeidhm, a mheas an bhfuil údar cuí leis an eisiamh sin faoin dlí náisiúnta. |
|
39 |
I bhfianaise an mhéid sin thuas, is é freagra ar an gcéad cheist ná nach mór Airteagal 23(4) den Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht a léiriú sa chaoi go gciallaíonn nach bhfuil eisiamh catagóir sonrach d’fhiachas ó urscaoileadh fiachais seachas na cinn a liostaítear san fhoráil sin indéanta ach amháin má tá údar cuí leis sin faoin dlí náisiúnta. |
An dara ceist
|
40 |
Lena dara ceist atá, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 23(4) den Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht a léiriú ar bhealach a chiallaíonn go bhfuil an chumhacht ag na Ballstáit catagóirí sonracha áirithe fiachais a eisiamh ó urscaoileadh fiachas, amhail fiacha cánach agus slándála sóisialta, agus dá bhrí sin stádas faoi phribhléid a thabhairt dóibh. |
|
41 |
D’fhonn an cheist sin a fhreagairt, ní mór a mheabhrú ar dtús, mar is léir ó mhír 33 den bhreithiúnas seo, nach mór an fhoráil sin a léiriú sa chaoi a gciallaíonn nach bhfuil an liosta de chatagóirí sonracha fiachais atá leagtha amach ann uileghabhálach agus go bhfuil an chumhacht ag na Ballstáit catagóirí sonracha fiachais seachas na cinn atá liostaithe san fhoráil sin a eisiamh ó urscaoileadh fiachais i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. |
|
42 |
Ar an dara dul síos, maidir leis an lánrogha atá ag na Ballstáit i bhfeidhmiú na cumhachta sin, chinn an Chúirt nach bhfuil gnéithe sa Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht ná san obair ullmhúcháin lena glacadh a d’fhéadfadh tacú leis an argóint, i bhfianaise an chomhleanúnachais inmheánaigh de chatagóirí na bhfiachas dá dtagraítear go sainráite in Airteagal 23(4) den treoir sin, go raibh sé beartaithe ag reachtóir an Aontais lánrogha na mBallstát a theorannú maidir le heisiamh ó urscaoileadh fiachais catagóirí fiachais seachas na cinn a liostaítear san fhoráil sin, amhail fiacha cánach agus slándála sóisialta. Os a choinne sin, is léir go háirithe ó na hoibreacha ullmhúcháin sin go raibh rún sonraithe ag reachtóir an Aontais lánrogha áirithe a fhágáil do na Ballstáit ionas go bhféadfaidh siad, agus an treoir sin á trasuí ina ndlí náisiúnta, an staid eacnamaíoch áitiúil agus na struchtúir dhlíthiúla a chur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Aibreán 2024, Agencia Estatal de la Administración Tributaria (Éilimh arna rialú ag an dlí poiblí a eisiamh ó urscaoileadh fiachais), C‑687/22, EU:C:2024:287, mír 40). |
|
43 |
Ina theannta sin, féadfar údar cuí a thabhairt le fiacha, amhail fiacha cánach agus slándála sóisialta, a eisiamh ó urscaoileadh fiachas. Níl na fiacha go léir den chineál céanna, níl an stádas céanna ag creidiúnaithe agus d’fhéadfadh aisghabháil na bhfiach sin a bheith ann do chríocha sonracha. Mar sin, i bhfianaise chineál na bhfiach cánach agus slándála sóisialta agus na críche atá le cáin agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta a bhailiú, féadfaidh na Ballstáit a mheas go dlisteanach nach bhfuil creidiúnaithe institiúideacha poiblí i staid atá inchomparáide le staid na gcreidiúnaithe san earnáil tráchtála nó san earnáil phríobháideach ó thaobh aisghabháil na bhfiach lena mbaineann. Sna himthosca sin, ní hionann an fhéidearthacht fiacha cánach agus slándála sóisialta a eisiamh ó urscaoileadh fiachais agus bheith i bhfabhar, ar bhealach míchuí, creidiúnaithe institiúideacha poiblí thar chreidiúnaithe eile nach mbaineann leas as eisiamh den sórt sin. |
|
44 |
Dá réir sin, ní chuirtear srian le hAirteagal 23(4) den Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht le lánrogha na mBallstát maidir le roghnú na gcatagóirí fiachais seachas na cinn atá liostaithe san fhoráil sin a bhfuil sé beartaithe acu a eisiamh ó urscaoileadh fiachais (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Aibreán 2024, Agencia Estatal de la Administración Tributaria (Éilimh arna rialú ag an dlí poiblí a eisiamh ó urscaoileadh fiachais), C‑687/22, EU:C:2024:287, mír 41). |
|
45 |
I bhfianaise an méid sin roimhe seo, ní mór gurb é an freagra ar an dara ceist ná nach mór Airteagal 23(4) den Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht a léiriú sa chaoi a gciallaíonn gur faoi na Ballstáit féin catagóirí sonracha d’fhiachas a eisiamh ó urscaoileadh fiachais áirithe, amhail fiacha cánach agus slándála sóisialta, agus stádas pribhléideach a thabhairt dóibh, a mhéid atá údar cuí le heisiamh den sórt sin faoin dlí náisiúnta. |
An tríú ceist
|
46 |
Lena tríú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá scrúdú a dhéanamh an bhfuil bonn cirt cuí le heisiamh catagóir shonrach fiachais ó urscaoileadh fiachais a thug Ballstát isteach ina dhlíchóras náisiúnta, i bhfianaise, go háirithe, phrionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais náisiúntachta atá leagtha síos in Airteagal 18 CFAE, ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh atá cumhdaithe in Airteagal 16 den Chairt agus ar shaoirsí bunúsacha eacnamaíocha an mhargaidh inmheánaigh. |
|
47 |
Chuige sin, ba cheart a mheabhrú go leanann sé ó mheon an chomhair nach mór a bheith i réim in oibriú an nós imeachta réamhtharchuir go bhfuil sé sár-riachtanach go leagfadh an chúirt náisiúnta amach ina hordú tarchuir na cúiseanna beachta a mheasann sí go bhfuil gá le freagra ar a cheisteanna maidir le léiriú ar fhorálacha áirithe de dhlí an Aontais chun go bhféadfaidh sí breithiúnas a thabhairt sa díospóid a tugadh os a comhair (breithiúnas an 28 Samhain 2023, Commune d'Ans, C‑148/22, EU:C:2023:924, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
48 |
De réir chásdlí socair na Cúirte, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta, ciallaíonn an gá atá le léiriú a thabhairt ar dhlí an Aontais a bheidh úsáideach don chúirt náisiúnta go bhfuil sé de cheangal ar an gcúirt náisiúnta a urramú go grinn na ceanglais a bhaineann le hábhar iarrata ar réamhrialú, a leagtar amach go sainráite in Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais (breithiúnas an 28 Samhain 2023, Commune d'Ans, C‑148/22, EU:C:2023:924, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
49 |
Mar sin, i gcomhréir le hAirteagal 94(c) de na Rialacha Nós Imeachta, tá sé ríthábhachtach go mbeadh ráiteas san ordú tarchuir ar na cúiseanna a spreag an chúirt náisiúnta chun fiosrú a dhéanamh maidir le léiriú ar fhorálacha áirithe de dhlí an Aontais, agus maidir leis an ngaol idir na forálacha sin agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí (breithiúnas an 28 Samhain 2023, Commune d'Ans, C‑148/22, EU:C:2023:924, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
50 |
Sa chás seo, is léir nach bhfuil aon fhaisnéis san ordú tarchuir a fhágann gur féidir a thuiscint an nasc arna suíomh ag an gcúirt a rinne an tarchur idir forálacha dhlí an Aontais a fhéachann sí lena léiriú agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí. |
|
51 |
Sna himthosca sin, tá an tríú ceist do-ghlactha. |
An ceathrú ceist
|
52 |
I bhfianaise na bhfreagraí a tugadh ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist, ní gá an ceathrú ceist a fhreagairt. |
Costais
|
53 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Dara Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
|
[Sínithe] |
( *1 ) Teanga an cháis: an Phortaingéilis.