BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Naoú Dlísheomra)
4 Iúil 2024 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Seirbhís Shibhialta – Foireann shealadach – Tuarascáil Foirne – Oibleagáid cúiseanna a lua – Dualgas cúraim – Caingean le haghaidh neamhniú agus le haghaidh damáistí)
I gCás C‑5/23 P,
ACHOMHARC de bhun Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a tionscnaíodh an 5 Eanáir 2023,
Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), arna hionadú ar dtús ag G. Predonzani agus K. Tóth, agus ina dhiaidh sin ag K. Tóth, i gcáil Gníomhairí,
iarratasóir,
páirtí eile sna himeachtaí:
KD, arna hionadú ag D.-A. Pappa, dikigoros, A. Pappas agus S. Pappas, avocats,
iarratasóir ag an gcéad chéim,
tugann AN CHÚIRT (an Naoú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: O. Spineanu-Matei, Uachtarán Dlísheomra, J.-C. Bonichot (Rapóirtéir) agus S. Rodin, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Lena hachomharc, iarrann Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) go gcuirfí breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 26 Deireadh Fómhair 2022, KD v EUIPO (T‑298/20, ‘an breithiúnas atá faoi achomharc’, EU:T:2022:671), lenar chuir an Chúirt Ghinearálta tuarascáil mheasúnaithe KD don mheasúnú foirne 2019 ar ceal (‘an tuarascáil atá faoi chonspóid’). |
An dlí lena mbaineann
Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh
|
2 |
Foráiltear le hAirteagal 43 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (‘na Rialacháin Foirne’): ‘Beidh cumas, éifeachtúlacht agus iompar gach oifigigh agus iad i mbun seirbhíse faoi réir tuarascáil bhliantúil faoi mar a fhorálann údarás ceapacháin gach institiúide i gcomhréir le hAirteagal 110. Luafar sa tuarascáil sin cibé acu a bhí nó nach raibh leibhéal feidhmíochta an oifigigh sin sásúil. Leagfaidh údarás ceapacháin gach institiúide forálacha síos lena dtabharfar an ceart achomharc a thaisceadh laistigh den nós imeachta um measúnú foirne, ceart a chaithfear a fheidhmiú sula ndéanfar gearán amhail dá dtagraítear in Airteagal 90(2). Ó ghrád AST 5 ar aghaidh, féadfar tuairim a bheith sa tuarascáil freisin maidir leis an oifigeach, ar bhonn a fheidhmíochta, i dtaobh cibé acu atá nó nach bhfuil cumas ag an oifigeach sin feidhmeanna riarthóra a chur i gcrích. Cuirfear an tuarascáil in iúl don oifigeach. Beidh sé i dteideal aon bharúlacha a thabhairt maidir lena bhfuil ann, má mheasann sé go mbaineann na barúlacha sin le hábhar.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
3 |
Foráiltear le hAirteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne: ‘Féadfaidh aon duine lena mbaineann na Rialacháin Foirne seo, gearán a chur faoi bhráid an Údaráis Ceapacháin i gcoinne gníomh a dhéanann difear díobhálach dó, i gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag an Údarás Ceapacháin sin nó inar mhainnigh sé beart a ghlacadh a fhorordaítear leis na Rialacháin Foirne seo. Ní mór an gearán a thaisceadh laistigh de thrí mhí. Rithfidh an tréimhse sin:
Tabharfaidh an tÚdarás Ceapacháin fógra don duine lena mbaineann maidir lena chinneadh réasúnaithe laistigh de cheithre mhí ón dáta a ndearnadh an gearán a thaisceadh. Mura bhfaightear freagra ar an ngearán sin faoi dheireadh na tréimhse sin, measfar gurb ionann sin agus cinneadh intuigthe i gcoinne na hiarrata, agus féadfar achomharc a thaisceadh faoi Airteagal 91 i gcoinne an chinnidh sin.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
4 |
Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne: ‘1. Glacfaidh údarás ceapacháin gach institiúide na forálacha ginearálta lena gcuirfear na Rialacháin Foirne seo chun feidhme tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Foirne agus le Coiste na Rialachán Foirne. 2. Rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún [Eorpach] chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne seo, lena n‑áirítear na forálacha ginearálta cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm de réir analaí acu maidir leis na gníomhaireachtaí. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún na gníomhaireachtaí ar an eolas maidir le haon riail cur chun feidhme den sórt sin gan mhoill tar éis ghlacadh na rialacha sin. Tiocfaidh rialacha cur chun feidhme den sórt sin i bhfeidhm sna gníomhaireachtaí naoi mí tar éis a dteacht i bhfeidhm sa Choimisiún nó naoi mí tar éis an dáta a chuirfidh an Coimisiún na gníomhaireachtaí ar an eolas maidir le glacadh na rialach cur chun feidhme atá i gceist, cibé acu is déanaí. D’ainneoin an mhéid sin, féadfaidh an ghníomhaireacht a chinneadh freisin go dtiocfaidh rialacha cur chun feidhme den sórt sin i bhfeidhm ar dháta níos luaithe. De mhaolú ar an méid thuas, féadfaidh gníomhaireacht, sula rachaidh an tréimhse naoi mí dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo in éag agus tar éis di dul i gcomhairle lena Coiste Foirne, rialacha cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena chomhaontú, ar rialacha cur chun feidhme iad atá éagsúil ó na cinn sin arna nglacadh ag an gCoimisiún. Faoi na coinníollacha céanna, féadfaidh gníomhaireacht comhaontú an Choimisiúin a iarraidh gan cinn áirithe de na rialacha cur chun feidhme sin a chur i bhfeidhm. Sa chás deireanach sin, in ionad glacadh leis an iarraidh nó í a dhiúltú, féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar an ngníomhaireacht rialacha cur chun feidhme nach ionann leis na cinn arna nglacadh ag an gCoimisiún a chur faoina bhráid lena chomhaontú. Déanfar an tréimhse naoi mí dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a chur ar fionraí ón dáta a iarrfaidh an ghníomhaireacht comhaontú an Choimisiúin go dtí an dáta a chuirfidh an Coimisiún a sheasamh in iúl. Féadfaidh gníomhaireacht freisin, tar éis di dul i gcomhairle lena Coiste Foirne, rialacha cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena chomhaontú ar rialacha cur chun feidhme iad a bhaineann le hábhair eile seachas na rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún. Chun críche na rialacha cur chun feidhme a ghlacadh, déanfaidh an bord bainistíochta nó an comhlacht coibhéiseach dá dtagraítear sa ghníomh de chuid an Aontais Eorpaigh lena mbunaítear iad ionadaíocht thar ceann na gníomhaireachta. 3. Chun críche rialacha a ghlacadh trí chomhaontú idir na hinstitiúidí, ní dhéileálfar leis na gníomhaireachtaí mar institiúidí. Ar a shon sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na gníomhaireachtaí sula nglacfar na rialacha sin. 4. Rialacha lena dtabharfar éifeacht do na Rialacháin Foirne seo, lena n‑áirítear na forálacha ginearálta cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, agus rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir údaráis cheapacháin na n‑institiúidí, cuirfear an fhoireann ar an eolas mar gheall orthu. 5. Rachaidh ranna riaracháin na n‑institiúidí agus na ngníomhaireachtaí i gcomhairle le chéile go rialta maidir le cur i bhfeidhm na Rialachán Foirne seo. Déanfar comhionadaíocht ar ghníomhaireachtaí sna comhairliúcháin sin i gcomhréir le rialacha a shocrófar trí chomhaontú eatarthu. 6. Riarfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh clár de na rialacha arna nglacadh ag údarás ceapacháin gach institiúide chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne seo, agus de na rialacha sin arna nglacadh ag an ngníomhaireacht a mhéid a mhaolóidh siad ar na rialacha arna nglacadh ag an gCoimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 2, lena n‑áirítear aon leasuithe a rinneadh orthu. Beidh rochtain iomlán ag institiúidí agus ag gníomhaireachtaí ar an gclár sin agus beidh sé de láncheart acu a rialacha féin a leasú. Beidh rochtain dhíreach ag na Ballstáit ar an méid seo a leanas: Thairis sin, gach trí bliana, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na rialacha arna nglacadh ag údarás ceapacháin gach institiúide chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne seo.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
FGC 43
|
5 |
D’fhonn Airteagal 43 de na Rialacháin Foirne a chur chun feidhme, cuireann EUIPO Cinneadh C(2013) 8985 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2013 i bhfeidhm maidir leis na forálacha ginearálta chun Airteagal 43 de na Rialacháin Foirne a chur chun feidhme agus na rialacha mionsonraithe chun an chéad mhír d’Airteagal 44 de na Rialacháin Foirne a chur chun feidhme (‘FGC 43’). Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 7 de FGC: ‘1. Má dhiúltaíonn an sealbhóir poist don tuarascáil... le cúiseanna, tarchuirtear an cheist go huathoibríoch chuig an measúnóir achomhairc.... [...] 3. Laistigh de 20 lá oibre ó dháta an diúltaithe réasúnaithe don tuarascáil agus tar éis an idirphlé dá bhforáiltear i mír 2, deimhneoidh an measúnóir achomhairc an tuarascáil nó leasóidh sé í, ag tabhairt cúiseanna lena chinneadh. [...] 4. Tar éis chinneadh an mheasúnóra achomhairc, beidh an tuarascáil críochnaitheach....’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Cúlra na díospóide
|
6 |
Tá cúlra na díospóide leagtha amach i míreanna 2 go 14 den bhreithiúnas atá faoi achomharc mar seo a leanas:
|
Na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus an breithiúnas faoi achomharc
|
7 |
Trí iarratas a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 22 Bealtaine 2020, thionscain KD caingean a d’iarr, ar an gcéad dul síos, an tuarascáil atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus, ar an dara dul síos, cúiteamh as an damáiste neamhábhartha a líomhnaítear a d’fhulaing sí mar thoradh ar an tuarascáil. |
|
8 |
Mar thaca lena caingean, mhaígh KD trí shaincheist dlí. Bhí na saincheisteanna dlí sin bunaithe, ar an gcéad dul síos, ar shárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua agus ar chearta na cosanta, agus ar earráid fíorais, ar an dara dul síos, ar earráidí follasacha measúnaithe agus, ar an tríú dul síos, ar shárú den dualgas cúraim. |
|
9 |
Sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, neamhnigh an Chúirt Ghinearálta an tuarascáil atá faoi chonspóid ar na forais nár luadh cúiseanna, earráid fíorais agus sárú ar an dualgas cúraim. |
|
10 |
Ar an gcéad dul síos, thug sí dá haire nár thug an measúnóir aon chúis leis an marc a bronnadh ar KD don inniúlacht ‘Teacht aniar’. |
|
11 |
Ar an dara dul síos, mheas sí nár dheimhnigh an measúnóir fírinne na meabhrúchán chun na spriocdhátaí a cuireadh chuig KD le linn na tréimhse tagartha a chomhlíonadh. |
|
12 |
Ar an tríú dul síos, mheas sí gur theip ar an measúnóir fadhbanna sláinte KD a raibh sé eolach air agus a bhí fós ann le linn na tréimhse tagartha a chur san áireamh, de shárú ar a dhualgas cúraim. |
|
13 |
Mheas an Chúirt Ghinearálta, áfach, gurbh ionann neamhniú na tuarascála faoi dhíospóid inti féin agus cúiteamh leormhaith agus leordhóthanach as an damáiste líomhnaithe agus dhíbh sí na héilimh ar dhamáistí. |
Na horduithe atá á lorg ag na páirtithe san achomharc
|
14 |
Iarrann EUIPO ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
|
15 |
Maíonn KD gur cheart an t‑achomharc a dhiúltú agus gur cheart ordú do EUIPO na costais a íoc. |
An t‑achomharc
|
16 |
Mar thaca lena achomharc, maíonn EUIPO ceithre shaincheist dlí. An chéad saincheist dlí lena n‑éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí sa léiriú ar Airteagal 43 de na Rialacháin Foirne arna léamh in éineacht le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne. An dara saincheist dlí lena n‑éilítear earráidí dlí maidir le cineál dlíthiúil Chomhad Praiticiúil an Oifigigh Tuairiscithe, maidir leis an sárú ar an oibleagáid cúiseanna a cáineadh agus na hiarmhairtí a eascraíonn as sin a shonrú. An tríú saincheist dlí lena n‑éilítear saobhadh ar na fíorais agus breithmheas éagórach ar an bhfianaise. An ceathrú saincheist dlí lena n‑éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ina léiriú ar an dualgas cúraim agus gur sháraigh sí a hoibleagáid cúiseanna a lua. |
An chéad saincheist dlí
Argóintí na bpáirtithe
|
17 |
Leis an gcéad saincheist dlí san achomharc, áitíonn EUIPO go ndearna an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 23 go 31 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, earráid dlí sa léiriú ar Airteagal 43 de na Rialacháin Foirne arna léamh in éineacht le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne nuair a chinntear nach mbraitheann inghlacthacht achomhairc in aghaidh tuarascáil mheasúnaithe ar ídiú leigheasanna inmheánacha. Áitíonn sé go gceanglaíonn Airteagal 7 de FGC 43, atá infheidhme maidir leis de réir analaí de bhua Airteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne, ar oifigeach nó ar sheirbhíseach eile ar mian leis a thuarascáil mheasúnaithe a chonspóid ar dtús chun achomharc inmheánach a thaisceadh. |
|
18 |
Measann KD nach mór an chéad saincheist a dhiúltú. |
Measúnú na Cúirte
|
19 |
Chinn an Chúirt cheana féin, i bhfianaise chineál na tuarascála measúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 43 de na Rialacháin Foirne, a chuireann in iúl tuairim ar thángthas uirthi faoi shaoirse na measúnóirí agus nach measúnú an údaráis ceapacháin í, gearán foirmiúil a thaisceadh de réir bhrí Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne, níl sé ina réamhchoinníoll riachtanach chun caingean a thionscnamh i gcoinne gníomh den sórt sin. Féadfar, dá bhrí sin, achomharc a thaisceadh ón tráth ar féidir an tuarascáil mheasúnaithe a mheas mar cheann críochnaitheach (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Iúil 1980, Grassi v an Chomhairle, 6/79 agus 97/79, EU:C:1980:178, mír 15). |
|
20 |
Áitíonn EUIPO, áfach, nach gcuireann an cásdlí seo cosc ar an údarás ceapacháin nós imeachta achomhairc inmheánach a bhunú a chaithfidh an t‑oifigeach nó seirbhíseach eile ar mian leis a mheasúnú a chonspóid a fheidhmiú sula mbeidh sé in ann an t‑ábhar a tharchur chuig na cúirteanna. |
|
21 |
Measann EUIPO go dtugtar an chumhacht sin don údarás ceapacháin leis an gcéad mhír d’Airteagal 43 de na Rialacháin Foirne, lena bhforáiltear, san abairt dheireanach dá chuid, ‘[l]eagfaidh údarás ceapacháin gach institiúide forálacha síos lena dtabharfar an ceart achomharc a thaisceadh laistigh den nós imeachta um measúnú foirne, ceart a chaithfear a fheidhmiú sula ndéanfar gearán amhail dá dtagraítear in hAirteagal 90(2)’. |
|
22 |
Ní féidir glacadh le léiriú den sórt sin, áfach. Cé go bhforáiltear san abairt dheireanach den chéad mhír d’Airteagal 43 de na Rialacháin Foirne go nglacfaidh údarás ceapacháin gach institiúide na forálacha lena mbunófar an ceart chun achomharc a dhéanamh go hinmheánach i gcomhthéacs an nós imeachta um measúnú foirne, ní shonraíonn sé ar aon slí go bhfuil ann is oibleagáid don oifigeach nó do sheirbhíseach eile achomharc den sórt sin a fheidhmiú. |
|
23 |
Dá bhrí sin, ní féidir Airteagal 7 de FGC 43, trína leagann an Coimisiún, agus Airteagal 43 de na Rialacháin Foirne á chur chun feidhme aige, na coinníollacha faoinar féidir le hoifigigh agus le seirbhísigh eile achomharc inmheánach a thaisceadh i gcoinne a dtuarascála measúnaithe a léiriú mar réamhchoinníoll chun imeachtaí cúirte a thaisceadh. |
|
24 |
Ina theannta sin, sháraigh an Coimisiún an chumhacht a thugtar dó le hAirteagal 110(1) de na Rialacháin Foirne forálacha ginearálta a ghlacadh chun na Rialacháin Foirne a chur chun feidhme más rud é, le linn dó Airteagal 7 de FGC 43 a bhunú, gur cuireadh leis na coinníollacha sonracha rochtana ar na cúirteanna d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile a leagtar síos in Airteagal 90(2) agus in Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne. |
|
25 |
Dá bhrí sin, níl EUIPO i dteideal a mhaíomh go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag meas go raibh KD i dteideal caingean a thionscnamh i gcoinne na tuarascála atá faoi chonspóid gan achomharc inmheánach dá bhforáiltear in Airteagal 7 de FGC 43 a fheidhmiú ar dtús. |
|
26 |
Ní mór, mar sin, an chéad saincheist dlí san achomharc a dhiúltú. |
An dara saincheist dlí
Argóintí na bpáirtithe
|
27 |
Leis an dara saincheist dlí san achomharc, áitíonn EUIPO go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí sa bhreithiúnas atá faoi achomharc trína dhearbhú gur sháraigh measúnóir KD a oibleagáid cúiseanna a lua trí mhainneachtain a mhíniú cén fáth ar bronnadh marc faoi bhun an mhairc riachtanaigh don inniúlacht ‘Teacht aniar’ ar KD agus gur thug an sárú sin údar le neamhniú na tuarascála atá faoi chonspóid. |
|
28 |
Ar an gcéad dul síos, cáineann EUIPO dearbhú na Cúirte Ginearálta, i mír 67 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go leagtar síos i bpointe 3.5.5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Comhad Praiticiúil an Oifigigh Tuairiscithe riail shainordaitheach atá ceangailteach ar mheasúnóirí. De réir EUIPO, ní gníomh dlíthiúil ná sraith rialacha iompair atá sa chomhad praiticiúil seo, ní sholáthraíonn sé ach treoir agus barúlacha maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 43 agus 44 de na Rialacháin Foirne agus FGC 43. Tagann EUIPO ar an tátal, mura gcomhlíontar an moladh, atá i bpointe 3.5.5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhad Praiticiúil sin, mínithe a sholáthar i gcás ina measúnaítear inniúlachtaí ag leibhéal faoi bhun an mharc riachtanaigh, nach gcuirtear an tuarascáil atá faoi chonspóid ó bhail ar an bhforas gur mainníodh cúiseanna a lua, contrártha leis an méid a chinn an Chúirt Ghinearálta i míreanna 79 agus 80 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. |
|
29 |
Ar an dara dul síos, measann EUIPO go sáraíonn an moladh do mheasúnóirí atá i bpointe 3.5.5 d’Iarscríbhinn A de Chomhad Praiticiúil an Oifigigh Tuairiscithe na ceanglais cúiseanna a thabhairt leis an tuarascáil mheasúnaithe a eascraíonn as cásdlí. Ní gá sa tuarascáil mheasúnaithe cuntas uileghabhálach a thabhairt ar fheidhmíocht an fhostaí, ach na gnéithe cinntitheacha a leagan amach. |
|
30 |
Ar an tríú dul síos, ní bheadh aon tionchar ar mheasúnú KD a thabharfadh údar leis an tuarascáil a neamhniú, dá mbeadh easpa mínithe sa tuarascáil atá faoi chonspóid ar an marc a fuarthas don inniúlacht ‘Teacht aniar’. |
|
31 |
Measann KD nach mór an dara saincheist a dhiúltú. |
Measúnú na Cúirte
|
32 |
Ar an gcéad dul síos, áitíonn EUIPO nach bhfuil an moladh i bpointe 3.5.5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Comhad Praiticiúil an Oifigigh Tuairiscithe, ar dá réir a sholáthraíonn an measúnóir mínithe i gcás ina measúnaítear inniúlacht amháin nó níos mó a bheith faoi bhun an leibhéil riachtanaigh, nach bhfuil sé ceangailteach, contrártha don mhéid a chinn an Chúirt Ghinearálta i mír 67 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. |
|
33 |
Mar sin féin, chinn an Chúirt, i gcás ina nglacfaidh institiúid rialacha táscacha iompair le haghaidh an lucht riaracháin agus ina bhfógraíonn sí trína bhfoilsiú go gcuirfidh sí i bhfeidhm feasta iad ar na cásanna lena mbaineann na rialacha sin, cuireann an institiúid sin teorainn lena cumhacht lánroghnach agus ní féidir, i bprionsabal, imeacht ó na rialacha sin nó go gcinnfí go bhfuil sárú déanta aici, ar phrionsabail ghinearálta an dlí, amhail cóir chomhionann nó cosaint ar ionchais dhlisteanacha, de réir mar a bheidh (féach, chuige sin, breithiúnais an 1 Nollaig 1983, Blomefield v an Coimisiún, 190/82, EU:C:1983:358, mír 20, agus an 19 Iúil 2016, Kotnik agus páirtithe eile, C-526/14, EU:C:2016:570, mír 40). |
|
34 |
Sa chás seo, ní hamháin gur foilsíodh an riail i bpointe 3.5.5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhad Praiticiúil, ach cuireadh a hinneachar san áireamh go sainráite sa tuarascáil atá faoi chonspóid i bhfoirm treoir don mheasúnóir sna téarmaí seo a leanas: ‘Má dhéantar inniúlachtaí a mheas ag leibhéal faoi bhun an mhairc riachtanaigh, agus go mbíonn tionchar ag an leibhéal seo ar fheidhmíocht, tabhair mínithe le do thoil sa rannán “Barúlacha ginearálta ar inniúlachtaí”’. |
|
35 |
Sna himthosca sin, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí agus í ag meas go raibh feidhm éigeantach ag an riail sin, d’ainneoin go ndeirtear i gComhad Praiticiúil an Oifigigh Tuairiscithe nach bhfuil aon fheidhm dhlíthiúil aici. |
|
36 |
Ar an dara dul síos, déanann EUIPO an Chúirt Ghinearálta a cháineadh as oibleagáid níos déine a fhorchur ar an measúnóir cúiseanna a lua ná mar a éilíonn an cásdlí. Mar a leagtar amach thuas, áfach, níor chinn an Chúirt Ghinearálta ach go raibh EUIPO, trí phointe 3.5.5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhad Praiticiúil an Oifigigh Tuairiscithe, tar éis oibleagáid bhreise a fhorchur ar mheasúnóirí cúiseanna a thabhairt le tuarascálacha measúnaithe a chuid oifigeach agus seirbhíseach agus mheabhraigh siad, de bhua an chásdlí dá dtagraítear i mír 33 den bhreithiúnas seo, gur ghá dá bhrí sin go ndéanfaí an oibleagáid sin a urramú le haghaidh na córa comhionainne agus an ionchais dhlisteanaigh. |
|
37 |
Ar an tríú dul síos, áitíonn EUIPO, ar aon nós, nár chuir an mhainneachtain na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe isteach ar fhóntacht mheasúnú foriomlán KD, sa chaoi go raibh an Chúirt Ghinearálta mícheart a dhearbhú gur leor mainneachtain den sórt sin cúiseanna a lua chun údar a thabhairt, as féin, chun an tuarascáil mheasúnaithe a neamhniú. |
|
38 |
Mar sin féin, is bunphrionsabal de dhlí an Aontais í an oibleagáid cúiseanna a lua dá dtagraítear in Airteagal 296 CFAE agus a athdhearbhaítear in Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus is é an cuspóir atá leis, ar thaobh amháin, faisnéis leordhóthanach a sholáthar don duine lena mbaineann chun a chumasú dó a mheasúnú an bhfuil bunús leis an ngníomh a dhéanann difear díobhálach dó agus an iomchuí caingean a thabhairt os comhair na gcúirteanna chun agóid a dhéanamh i gcoinne a dhlíthiúlachta agus, ar an taobh eile, chun a chumasú do chúirteanna an Aontais athbhreithniú a dhéanamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Samhain 2022, Thunus agus páirtithe eile v BEI, C‑91/21 P, EU:C:2022:928, mír 81). |
|
39 |
Sin an fáth, de réir cásdlí socraithe, gur ceanglas fíor-riachtanach de réir bhrí Airteagal 263 CFAE í an oibleagáid cúiseanna a lua a leagtar síos in Airteagal 296 CFAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Eanáir 2022, YG v an Coimisiún, C‑361/20 P, EU:C:2022:17, mír 41), arb éard atá i gceist le haon sárú air an cinneadh a chuirtear ó mhaith leis a chur ar neamhní. |
|
40 |
Dá réir sin, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí agus í ag meas go raibh údar maith lena neamhniú de bharr easpa ráitis cúiseanna sa tuarascáil atá faoi chonspóid. |
|
41 |
Leanann sé ón méid sin thuas nach mór an dara saincheist dlí san achomharc a dhiúltú. |
An tríú saincheist dlí
Argóintí na bpáirtithe
|
42 |
Leis an tríú saincheist dlí san achomharc, measann EUIPO, i míreanna 93 agus 96 go 103 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur shaobh an Chúirt Ghinearálta na fíorais agus go ndearna sí measúnú mícheart ar an bhfianaise sa díospóid. |
|
43 |
Ar an gcéad dul síos, d’aisiompaigh an Chúirt Ghinearálta an dualgas cruthúnais trína cheangal ar EUIPO a shuíomh go raibh na meabhrúcháin eisithe aige go deimhin do KD cloí leis na spriocdhátaí le linn na tréimhse tagartha. Ina theannta sin, níl sé d’oibleagáid ar an lucht riaracháin meabhrúcháin nó rabhaidh i scríbhinn a sheoladh chuig ball foirne gach uair ba ghá. |
|
44 |
Ar an dara dul síos, chuir an Chúirt Ghinearálta a réasúnaíocht ó mhaith le contrárthacht fhollasach maidir leis an gceist an raibh na meabhrúcháin seo ann chun cloí le spriocdhátaí. Ar an gcéad dul síos, i mír 100 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn sí gur theip ar EUIPO aon fhianaise ar bith a thabhairt ar aird chun réaltacht na meabhrúchán sin a shuíomh. Ar an dara dul síos, i mír 93 den bhreithiúnas sin, dhiúltaigh sí mar fhianaise do-ghlactha an fhianaise a thug EUIPO in Iarscríbhinní D 1 go D 5 den athfhreagra chun críche na meabhrúcháin céanna sin a chruthú. |
|
45 |
Áitíonn KD go bhfuil an tríú saincheist dlí gan bhunús. |
Measúnú na Cúirte
|
46 |
Ar an gcéad dul síos, níl aon bhunús leis an ngearán gur aisiompaigh an Chúirt Ghinearálta an dualgas cruthúnais go héagórach, tríd an oibleagáid a fhorchur ar EUIPO chun réaltacht na meabhrúchán chun spriocdhátaí a chomhlíonadh a líomhnaítear a sheol an bainisteoir líne chuig KD le linn na tréimhse tagartha a chruthú. |
|
47 |
Mar a dhearbhaigh an Chúirt go seasta, ní éilíonn rialacha dhlí an Aontais cruthúnas ar fhíoras diúltach (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Márta 1988, an Coimisiún v an Iodáil, 104/86, EU:C:1988:171, mír 11). |
|
48 |
Mar thoradh air sin, níorbh fhéidir iallach a chur ar KD fianaise a chur ar fáil nach raibh meabhrúcháin ar bith faighte aici maidir lena spriocdhátaí a chomhlíonadh le linn na tréimhse tagartha. |
|
49 |
Dá réir sin, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí agus í ag measúnú go raibh sé de dhualgas ar EUIPO fianaise prima facie ar a laghad a sholáthar maidir le réaltacht na meabhrúchán dá dtagraítear sa tuarascáil atá faoi chonspóid. Ní éilíonn an dualgas cruthúnais sin ar EUIPO meabhrúcháin nó rabhaidh i scríbhinn a sheoladh chuig a chuid oifigeach agus seirbhíseach, ach amháin fianaise a choinneáil ar sháruithe suntasacha nó atá athdhéanta arís agus arís eile más mian leis iad a thabhairt chun suntais níos déanaí. |
|
50 |
Ar an dara dul síos, áitíonn EUIPO gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta an breithiúnas atá faoi achomharc trí amhras a chur faoi réaltacht na meabhrúchán tar éis diúltú, mar do-ghlactha, i mír 93 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, fianaise na meabhrúchán sin a thug sé os comhair na cúirte sin in Iarscríbhinní D 1 go D 5 a ghabhann leis an athfhreagra. |
|
51 |
Mar sin féin, mar a luaigh an Chúirt Ghinearálta i mír 88 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, foráiltear le hAirteagal 85(1) dá Rialacha Nós Imeachta go gcuirfear fianaise isteach sa chéad mhalartú pléadálacha i scríbhinn agus sonraítear, i mír 2, nach bhféadfar é a thíolacadh sa fhreagra nó san athfhreagra ach amháin má tá údar cuí leis an moill sin agus an fhianaise sin á tíolacadh. |
|
52 |
Toisc gur tugadh an fhianaise a mheas EUIPO a bhí in ann réaltacht na meabhrúchán a seoladh chuig KD a shuíomh gan údar ag céim an athfhreagra, dhíbh an Chúirt Ghinearálta mar fhianaise do-ghlactha iad, agus chuir sí rialacha a Rialacha Nós Imeachta i bhfeidhm ar bhealach nár cáineadh san achomharc. |
|
53 |
Mar thoradh air sin, nuair a fuarthas amach, i bhfianaise na ndoiciméad a bhí os a comhair, nár suíodh go fírinneach na meabhrúcháin chun spriocdhátaí a chomhlíonadh a líomhnaítear a sheol an bainisteoir líne chuig KD le linn na tréimhse tagartha, nár chuir an Chúirt Ghinearálta a breithiúnas ó mhaith trí earráid dlí nó réasúnaíocht chontrártha. |
|
54 |
Sa deireadh, ag glacadh leis go bhfuil an gearán lena líomhnaítear saobhadh ón gCúirt Ghinearálta ar na fíorais, ar a bhfuil EUIPO ag brath freisin ina thríú saincheist dlí, éagsúil ón gcéad dá ghearán san achomharc sin, ní mór an gearán sin, in éagmais mínithe a chumasaíonn a raon feidhme a mheasúnú, a dhiúltú mar bheith do-ghlactha. |
|
55 |
Ní mór mar sin, an tríú saincheist dlí san achomharc a dhiúltú. |
An ceathrú saincheist dlí
Argóintí na bpáirtithe
|
56 |
Leis an gceathrú saincheist dlí san achomharc, atá dírithe i gcoinne mhíreanna 121 go 129 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, éilíonn EUIPO go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ina léiriú ar an dualgas cúraim agus gur sháraigh sí a hoibleagáid cúiseanna a lua. |
|
57 |
Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí nuair a chinn sí go raibh ar EUIPO fadhbanna sláinte KD a chur san áireamh go cuí agus an tuarascáil atá faoi chonspóid á glacadh aige. |
|
58 |
Ar an gcéad dul síos, nuair nach bhfuil aon chúis ag an measúnóir a mheas go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag neamhláithreachtaí an tsealbhóra poist ar a fheidhmíocht, ní féidir é a cháineadh as gan na fadhbanna sin a lua nó a chur san áireamh ina thuarascáil. |
|
59 |
Ar an dara dul síos, déanann na tuarascálacha measúnaithe measúnú ar inniúlachtaí, ar fheidhmíocht agus ar iompar an ghníomhaire sa tseirbhís le linn na tréimhse iarbhír a oibríodh. Tá an tréimhse ina mbeadh an fostaí as láthair ar chúiseanna a bhfuil údar leo (mar shampla, breoiteacht, tionóisc, saoire tuismitheora nó teaghlaigh, saoire mháithreachais) eisiata ón tréimhse thagartha. Má bhíonn an neamhláithreacht seo fada nó suntasach go leor le go mbeadh tionchar aige ar fheidhmíocht, féadfar cuspóirí bliantúla an fhostaí a choigeartú dá réir, nó d’fhéadfadh go mbeadh údar maith le mainneachtain iad a bhaint amach. |
|
60 |
Ar an tríú dul síos, dhéanfaí na sonraí leighis a fháil agus a phróiseáil go díreach ag seirbhís leighis EUIPO agus ní chuirfí ar aghaidh iad chuig na measúnóirí ná, go ginearálta, chuig an lucht riaracháin. Ar an ábhar sin, ní bheadh sonraí pearsanta a bhaineann le sláinte na mball foirne san áireamh sna tuarascálacha measúnaithe. |
|
61 |
Ar an dara dul síos, áitíonn EUIPO nár mhínigh an Chúirt Ghinearálta cén fáth ar theip ar an measúnóir ina dhualgas cúraim nó cad a d’éiligh an dualgas sin air a dhéanamh. |
|
62 |
Sa chéad áit, ní thuigeann EUIPO cén fáth ar cheart fadhbanna sláinte KD a bheith curtha san áireamh ag an measúnóir sa tuarascáil atá faoi chonspóid, nuair a thug sé measúnú dearfach ar an mórgóir ar obair KD. |
|
63 |
Sa dara háit, measann EUIPO nach féidir a thuiscint mar gheall ar an mbreithiúnas atá faoi achomharc conas ba cheart tagairt a dhéanamh d’fhadhbanna sláinte KD sa tuarascáil atá faoi chonspóid, nuair nach raibh an measúnóir in ann staid sláinte an ghníomhaire sin a mheasúnú. |
|
64 |
Ar deireadh, tá EUIPO in amhras an bhfuil feabhas nó uasghrádú ar an measúnú i gceist leis an mbreithniú a éilíonn an Chúirt Ghinearálta ar fhadhbanna sláinte KD. Feictear dó go mbeadh sé chomh héagórach céanna sochar a dheonú d’fhostaí toisc go raibh sé as láthair de dheasca tinnis agus a bheadh sé chun é a phionósú as an neamhláithreacht sin. |
|
65 |
Áitíonn KD go bhfuil an ceathrú saincheist dlí gan bhunús. |
Measúnú na Cúirte
|
66 |
Ba cheart a mheabhrú go léiríonn an dualgas cúraim cothromaíocht na gceart agus na n‑oibleagáidí cómhalartacha atá sna Rialacháin Foirne agus, de réir analaí, a chruthaigh Coinníollacha Fostaíochta do Sheirbhísigh Eile sa chaidreamh idir an t‑údarás poiblí agus fostaithe na seirbhíse poiblí. Cosúil leis an gceart chun dea-riaracháin, tugann an chothromaíocht sin le tuiscint go háirithe, agus cinneadh á dhéanamh aige ar chás ball foirne, gur cheart don údarás na tosca go léir ar dócha go mbeidh tionchar acu ar a chinneadh a chur san áireamh agus, le linn dó déanamh amhlaidh, ní hamháin gur cheart dó leasanna na seirbhíse amháin a chur san áireamh, ach freisin, go háirithe, leasanna an bhaill foirne lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Aibreán 2021, FV v an Chomhairle, C-875/19 P, EU:C:2021:283, mír 98). |
|
67 |
Mar a bhí ceart ag an gCúirt Ghinearálta i mír 125 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ceanglaítear leis an dualgas cúraim ar an riarachán, inter alia, aird chuí a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, ar fhadhbanna sláinte an oifigigh nó na seirbhíseach eile i gceist agus an tuarascáil mheasúnaithe á glacadh. |
|
68 |
Sa chás seo, thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara, i mír 126 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach raibh tagairt ar bith sa tuarascáil a bhí i gceist do na fadhbanna sláinte, cé go raibh siad suntasach, a bhí ag KD le linn na tréimhse thagartha, sa chaoi gur chinn an Chúirt go ndearnadh sárú ar an dualgas cúraim ina leith. |
|
69 |
Cáineann EUIPO an chonclúid seo, áitíonn sé, ar an gcéad dul síos, nár cheart na fadhbanna sláinte a bhíonn ag oifigeach nó seirbhíseach eile a chur san áireamh sa tuarascáil mheasúnaithe ach amháin i gcás ina raibh staid sláinte an iarratasóra ina húdar le neamhláithreachtaí chomh fada nó chomh minic sin go gcuireann siad cosc ar an oifigeach nó ar an seirbhíseach eile a bheith measúnaithe ar an iomlán i leith na tréimhse atá i gceist. |
|
70 |
Mar sin féin, ní féidir glacadh le cur chuige sriantach den sórt sin maidir le staid sláinte an oifigigh nó an tseirbhísigh a mheas ag a mheasúnóir, ós rud é go bhféadfadh na fadhbanna sláinte a bhíonn aige dul i bhfeidhm ar a fheidhmíocht le linn tréimhsí oibre. |
|
71 |
Ar an dara dul síos, áitíonn an EUIPO go gcoisceann rúndacht na faisnéise leighis é a lua sa tuarascáil mheasúnaithe. |
|
72 |
Mar sin féin, ní chuireann rúndacht na faisnéise seo cosc ar bhainisteoirí baill foirne atá ag fulaingt de bharr breoiteacht fhadtéarmach is cúis le neamhláithreachtaí minice ó bheith ar an eolas ar a chuid fadhbanna sláinte, fiú mura bhfuil nádúr beacht na faidhbe ar eolas acu. |
|
73 |
Sa chás seo, ní dhéantar a dhíospóid, ar thaobh amháin, go raibh fadhbanna tromchúiseacha sláinte ag KD le linn na mblianta 2015-2018 agus nár sháraigh sí iad fós le linn na tréimhse tagartha, mar is léir óna neamhláithreacht ar chúiseanna sláinte le linn na tréimhse sin, agus, ar an taobh eile, go raibh a measúnóir ar an eolas faoi na fadhbanna sin. |
|
74 |
Dá bhrí sin, níorbh fhéidir le rúndacht sonraí leighis údar a thabhairt do chiúnas na tuarascála atá faoi chonspóid ar fhadhbanna sláinte KD. |
|
75 |
Ar an tríú dul síos, gearánann an EUIPO gur theip ar an gCúirt Ghinearálta ina hoibleagáid cúiseanna a lua, sa mhéid nár mhínigh sí an fáth ar theip ar an measúnóir ina dhualgas cúraim nó conas ba cheart fadhbanna sláinte KD a léiriú sa tuarascáil atá faoi chonspóid. |
|
76 |
Mar a shonraítear i mír 68 den bhreithiúnas seo, áfach, chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl, i mír 126 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, cad a bhí i gceist leis an sárú ar an dualgas cúraim sa tuarascáil atá faoi chonspóid, is é sin nach bhfuil tagairt ar bith d’fhadhbanna sláinte KD sa tuarascáil atá faoi chonspóid. |
|
77 |
Ina theannta sin, ní féidir an Chúirt Ghinearálta a cháineadh as mainneachtain a mhíniú conas ba cheart don mheasúnóir na fadhbanna sláinte sin a chur san áireamh, ó tharla nach de bharr breithniú míchuí a tharla an sárú ar an dualgas cúraim atá sa bhreithiúnas faoi achomharc ach toisc nach bhfuil aon tagairt do na fadhbanna sláinte sin sa tuarascáil atá faoi chonspóid. |
|
78 |
Dá bhrí sin, níl aon bhunús leis an ngearán gur chinn an Chúirt Ghinearálta, gan cúiseanna a thabhairt, go ndearna EUIPO sárú ar a dhualgas cúraim i leith leas na n‑oifigeach. |
|
79 |
Leanann sé ón méid sin thuas nach mór an ceathrú saincheist dlí san achomharc a dhiúltú. |
|
80 |
Ós rud é nár glacadh le haon cheann de na saincheisteanna dlí, ní mór an t‑achomharc a dhiúltú. |
Costais
|
81 |
Faoi Airteagal 138(1) de na Rialacha Nós Imeachta, a bhfuil feidhm aige maidir le hachomhairc de bhua Airteagal 184(1) díobh, ní mór a ordú don pháirtí nár éirigh lena chuid foras na costais a íoc, más rud é go ndearna an páirtí eile é sin a iarraidh. Ós rud é go bhfuil iarratas déanta ag KD ar na costais agus nár éirigh le EUIPO, is iomchuí a ordú dó na costais a íoc. |
|
Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt (an Naoú Dlísheomra): |
|
|
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.