Cás C-4/23 ( i )

M.-A. A.

v

Direcţia de Evidenţă a Persoanelor Cluj, Serviciul stare civilă
agus
Direcţia pentru Evidenţa Persoanelor şi Administrarea Bazelor de Date din Ministerul Afacerilor Interne
agus
Municipiul Cluj-Napoca

(iarraidh ar réamhrialú ó Judecătoria Sector 6 București)

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 4 Deireadh Fómhair 2024

(Tarchur chun réamhrialú – Saoránacht an Aontais – Airteagail 20 agus 21 CFAE – Airteagail 7 agus 45 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – An ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát – Saoránach an Aontais a d’athraigh a chéadainm agus a fhéiniúlacht inscne go dleathach fad is a bhí sé ag feidhmiú a cheart chun gluaiseacht agus cónaí i mBallstát eile – Oibleagáid ar an mBallstát baile an t-athrú ar chéadainm agus ar fhéiniúlacht inscne sin a aithint agus a iontráil i dteastas breithe – Reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear cosc ar aithint agus ar chlárú den chineál sin, sa chaoi go bhfuil ar an duine lena mbaineann dul i mbun nós imeachta nua, de chineál breithiúnach, chun a fhéiniúlacht inscne a athrú sa Bhallstát baile – Tionchar tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ón Aontas Eorpach)

Saoránacht an Aontais – Forálacha an Chonartha – An ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát – Saoránach an Aontais a d’athraigh a chéadainm agus a fhéiniúlacht inscne go dleathach fad is a bhí sé ag feidhmiú a cheart chun gluaiseacht agus cónaí i mBallstát eile – Oibleagáid ar an mBallstát baile an t-athrú sin a aithint go dlíthiúil agus a iontráil i dteastas breithe – Reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear cosc ar aithint agus ar chlárú den chineál sin – Reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear iallach ar an duine lena mbaineann dul i mbun nós imeachta nua, de chineál breithiúnach, chun a fhéiniúlacht inscne a athrú sa Bhallstát baile – Do-ghlacthacht – Tarraingt siar an Bhallstáit eile ón Aontas Eorpach – Easpa tionchair

(Airteagail 20 agus 21 CFAE; Airteagail 7 agus 45 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh)

(féach, míreanna 53 go 57, 62, 68 go 71 agus an chuid oibríochtúil)

Achoimre

Tar éis tarchur chun réamhrialú ó Judecătoria Sectorului 6 Bucureşti (Cúirt Chéadchéime an Séú Ceantar de Bhúcairist, an Rómáin), tá soiléiriú déanta ag an gCúirt Bhreithiúnais, ina suí di mar Mhór-Dhlísheomra, ar raon feidhme na hoibleagáide atá ar an mBallstát baile aitheantas a thabhairt d’athrú céadainm agus féiniúlachta inscne a fuarthas go dleathach sa Ríocht Aontaithe ag saoránach an Aontais, agus a shaoirse gluaiseachta agus cónaithe á feidhmiú aige, agus an t-athrú sin a iontráil ina theastas breithe.

Is duine é M.-A. A. a rugadh in 1992 sa Rómáin, agus a cláraíodh tráth a bhreithe mar bhaineannach. Tar éis dó bogadh chuig an Ríocht Aontaithe in 2008, bhain M.-A. A. náisiúntacht na Ríochta Aontaithe amach de bharr eadóirseachta.

I mí Feabhra 2017, sa Ríocht Aontaithe, d'athraigh M.-A.A. a chéadainm agus a theideal ó bhaineann go fireann, de réir nós imeachta an Deed Poll ( 1 ), agus ina dhiaidh sin, lean sé air ag malartú doiciméid oifigiúla áirithe arna n-eisiúint ag údaráis na Ríochta Aontaithe. I mí an Mheithimh 2020, fuair M.-A. A. ‘Gender Identity Certificate’ (teastas féiniúlachta inscne) sa Ríocht Aontaithe, doiciméad ina ndeimhnítear a fhireannacht.

I mí na Bealtaine 2021, bunaithe ar an dearbhú a rinneadh i gcomhthéacs an nós imeachta Deed Poll agus ar an teastas féiniúlachta inscne, d’iarr M.-A. A. ar údaráis inniúla na Rómáine na tagairtí maidir lena athrú ainm, a inscne agus a uimhreach aitheantais pearsanta a iontráil ina theastas breithe ionas go mbeadh siad mar an gcéanna leis an inscne fhireann. Chomh maith leis sin, d’iarr sé ar theastas breithe nua a eisiúint dó lena n-áireofaí na sonraí nua sin. Le cinneadh an 21 Meitheamh 2021, dhiúltaigh údaráis na Rómáine d’iarratas M.-A.A. ar an bhforas, inter alia, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, nach bhféadfar athrú inscne duine a iontráil ina theastas breithe ach amháin nuair a fhormheastar é le cinneadh cúirte críochnaitheach.

Agus caingean arna tabhairt ag M.-A. A. i gcoinne an chinnidh sin os a comhair, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gcuireann stádas shaoránach an Aontais agus an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar an duine lena mbaineann nós imeachta nua a thionscnamh chun a fhéiniúlacht inscne a athrú os comhair na gcúirteanna náisiúnta, cé go bhfuil nós imeachta chun na críche sin curtha i gcrích go rathúil aige cheana féin i mBallstát eile ar náisiúnach de é freisin. Ina theannta sin, tá amhras ar an gcúirt sin maidir leis an tionchar, chun an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach, a bheadh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach ( 2 ).

Measúnú na Cúirte

Ar an gcéad dul síos, meabhraíonn an Chúirt, mar atá dlí an Aontais faoi láthair, go dtagann staid na ndaoine, lena n-áirítear na rialacha maidir le céadainm agus féiniúlacht inscne duine a athrú, faoi inniúlacht na mBallstát agus nach mór do gach Ballstát dlí an Aontais a chomhlíonadh agus an inniúlacht sin á feidhmiú acu.

Sa chomhthéacs sin, chinn an Chúirt cheana gur dócha go gcuirfeadh diúltú údarás Ballstáit aitheantas a thabhairt d’ainm náisiúnaigh de chuid an Stáit sin, a d’fheidhmigh a cheart chun saorghluaiseacht agus a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit eile aige freisin, bac ar fheidhmiú an chirt chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, dá bhforáiltear in Airteagal 21 CFAE ( 3 ). Is dócha go n-eascróidh bac den sórt sin freisin as diúltú na n-údarás sin aitheantas a thabhairt don athrú ar fhéiniúlacht inscne a fuarthas i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos chun na críche sin sa Bhallstát inar fheidhmigh an saoránach den Aontas a shaoirse chun gluaiseacht agus cónaí, cibé acu atá nó nach bhfuil an t-athrú sin nasctha le hathrú céadainm, mar atá sa chás seo. Cosúil leis an ainm, sainmhínítear leis an inscne féiniúlacht agus stádas pearsanta duine. Dá bhrí sin, má dhiúltaítear leasú agus aithint an fhéiniúlacht inscne a fuair náisiúnach de Bhallstát amháin go dleathach i mBallstát eile, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis le bacanna tromchúiseacha riaracháin, gairmiúla agus príobháideacha. Dá bhrí sin, maidir le saoránach den Aontas den chineál sin, tá baol nithiúil ann, toisc go bhfuil dhá chéadainm éagsúla aige agus go sanntar dhá fhéiniúlacht inscne éagsúla dó, go mbeadh air amhras a mhaolú maidir lena fhéiniúlacht agus le barántúlacht na ndoiciméad a chuireann sé i láthair nó fírinneacht na sonraí atá iontu.

Dá bhrí sin, i gcás ina ndiúltaítear aitheantas a thabhairt don athrú céadainm agus féiniúlachta inscne a fuair náisiúnach Bhallstáit go dleathach i mBallstát eile agus na hathruithe sin a iontráil i gcláir stádais shibhialta an Bhallstáit sin, ar bhonn reachtaíocht náisiúnta nach gceadaítear an t-aitheantas agus an clárú sin léi, agus mar thoradh air sin go bhfuil sé d’oibleagáid ar an duine lena mbaineann dul i mbun nós imeachta nua, de chineál breithiúnach, chun a fhéiniúlacht inscne a athrú sa Bhallstát nach n-aithníonn an t-athrú a fuarthas go dleathach sa Bhallstát eile, cuireann an diúltú sin srian ar fheidhmiú an chirt chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát.

Ina theannta sin, meabhraíonn an Chúirt nach féidir a mheas go bhfuil údar le reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear srian ar fheidhmiú an chirt dá bhforáiltear le hAirteagal 21 CFAE ach amháin má tá sé i gcomhréir leis na cearta bunúsacha a ráthaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus, go háirithe, leis an gceart chun measa ar an saol príobháideach dá dtagraítear in Airteagal 7 de, agus an bhrí agus an raon feidhme céanna ag an gceart sin agus atá ag an gceart a ráthaítear le hAirteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint ( 4 ) ( 5 ). Chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, nach mór a mheas go bhfuil an nós imeachta dá bhforáiltear leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí ar neamhréir le hAirteagal 8 de ECHR, sa mhéid nach gcomhlíonann an nós imeachta sin na ceanglais a fhorchuirtear leis an bhforáil sin maidir le measúnú a dhéanamh ar iarratas ar athrú inscne arna thabhairt os comhair cúirt náisiúnta den chéad uair ( 6 ).

Ní féidir leis an nós imeachta sin a bheith ina mhodh éifeachtach ach an oiread chun a chur ar chumas saoránaigh den Aontas, agus cónaí air i mBallstát eile agus an ceart a ráthaítear le hAirteagal 21 CFAE agus in Airteagal 45 den Chairt á fheidhmiú aige, a bhfuil athrú ar a chéadainm agus ar a fhéiniúlacht inscne faighte go dleathach aige cheana féin, a chearta dá bhforáiltear leis na hAirteagail sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach, arna léamh i bhfianaise Airteagal 7 den Chairt, go háirithe toisc go bhfágann an nós imeachta sin go bhfuil baol ann don saoránach sin go n-eascródh toradh as nach ionann é agus an toradh arna ghlacadh ag údaráis an Bhallstáit eile sin.

Ionas go measfar go bhfuil reachtaíocht náisiúnta a bhaineann le hathrú ar chéadainm agus ar fhéiniúlacht inscne a iontráil sna cláir stádais shibhialta i gcomhréir le dlí an Aontais, is gá nach bhfágfaidh na forálacha náisiúnta nó an nós imeachta náisiúnta lena gceadaítear iarratas ar chlárú den sórt sin a chur isteach go mbeidh sé dodhéanta nó ródheacair na cearta a fhoráiltear le hAirteagal 21 CFAE agus, go háirithe, an ceart chun an t-athrú sin a aithint, a chur chun feidhme. Féadfar amhras a chaitheamh ar fheidhmiú an chirt sin leis an lánrogha atá ag na húdaráis inniúla i gcomhthéacs an nós imeachta sin, agus d’fhéadfadh lánrogha den chineál sin neamhréireacht a chruthú idir an dá ainm agus an dá inscne a thugtar don duine céanna chun a fhéiniúlacht a chruthú agus, chomh maith le míbhuntáistí tromchúiseacha riaracháin, gairmiúla agus príobháideacha. Dá bhrí sin, sáraítear na ceanglais faoi Airteagal 21 CFAE le reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí.

Ar deireadh, sonraíonn an Chúirt nach mbaineann sé le hábhar go ndearnadh an t-iarratas ar aitheantas agus ar chlárú an athraithe ar chéadainm agus ar fhéiniúlacht inscne sa chéad Bhallstát sin ar dháta a raibh tarraingt siar an Bhallstáit eile ón Aontas Eorpach curtha i bhfeidhm cheana ( 7 ).


( i ) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

( 1 ) Ligeann an nós imeachta sin do shaoránaigh Bhriotanacha a sloinne nó a gcéadainm a athrú trí dhearbhú simplí.

( 2 ) Baineann sé le hábhar, sa chás seo, gur tionscnaíodh an nós imeachta um athrú inscne sa Ríocht Aontaithe sular tharraing an Stát sin siar as an Aontas Eorpach, ach gur tháinig deireadh leis tar éis an tarraingt siar sin, le linn na hidirthréimhse. Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil sé de cheangal ar an Rómáin, in imthosca den sórt sin, éifeachtaí dlíthiúla an nós imeachta sin maidir le hathrú inscne a dhéantar sa Ríocht Aontaithe a aithint.

( 3 ) Féach, breithiúnas an 8 Meitheamh 2017, Freitag (C-541/15, EU:C:2017:432). Sa bhreithiúnas sin, thug an Chúirt faoi deara go háirithe go bhféadfadh mearbhall agus míbhuntáistí a tharlú de bharr na neamhréireachta idir an dá ainm a bhaineann leis an duine céanna, toisc go n-éilítear cruthúnas ar a fhéiniúlacht féin le go leor gníomhartha sa saol laethúil, sa réimse poiblí agus sa réimse príobháideach araon.

( 4 ) Coinbhinsiún arna shíniú sa Róimh an 4 Samhain 1950 (‘ECHR’).

( 5 ) I gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt.

( 6 ) Cúirt Eorpach um Chearta an Duine, 19 Enáir 2021, X agus Y v an Rómáin, CE:ECHR:2021:0119JUD 000214516. Sa bhreithiúnas sin, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go gceanglaítear ar Stáit, faoi Airteagal 8 ECHR, foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta soiléir intuartha le haghaidh aitheantas dlíthiúil ar fhéiniúlacht inscne lena gceadaítear athrú gnéis, agus dá bhrí sin an t-ainm nó an cód uimhriúil pearsanta, i ndoiciméid oifigiúla, ar bhealach tapa, trédhearcach agus inrochtana.

( 7 ) Dá bhrí sin, chinn an Chúirt, a mhéid a mhaíonn M.-A.A., mar shaoránach den Aontas, go n-aithnítear ina Bhallstát baile an t-athrú ar a chéadainm agus ar a fhéiniúlacht inscne a fuarthas, agus a shaoirse gluaiseachta agus cónaithe sa Ríocht Aontaithe á feidhmiú aige, roimh tharraingt siar an Bhallstáit sin as an Aontas Eorpach agus roimh an 31 Nollaig 2020 faoi seach, an dáta a leagtar síos sa Chomhaontú um Tharraingt Siar mar dheireadh na hidirthréimhse, go bhféadfaidh sé brath, maidir leis an mBallstát baile sin, ar na cearta a bhaineann leis an stádas sin, go háirithe orthu siúd dá bhforáiltear in Airteagail 20 agus 21 CFAE, tar éis dheireadh na tréimhse sin freisin.