BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)
4 Deireadh Fómhair 2024 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Saoránacht an Aontais – Airteagail 20 agus 21 CFAE – Airteagail 7 agus 45 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – An ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát – Saoránach an Aontais a d’athraigh a chéadainm agus a fhéiniúlacht inscne go dleathach fad is a bhí sé ag feidhmiú a cheart chun gluaiseacht agus cónaí i mBallstát eile – Oibleagáid ar an mBallstát baile an t-athrú ar chéadainm agus ar fhéiniúlacht inscne sin a aithint agus a iontráil i dteastas breithe – Reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear cosc ar aithint agus ar chlárú den chineál sin, sa chaoi go bhfuil ar an duine lena mbaineann dul i mbun nós imeachta nua, de chineál breithiúnach, chun a fhéiniúlacht inscne a athrú sa Bhallstát baile – Tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ón Aontas Eorpach)
I gCás C-4/23 [Mirin] ( i ),
IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Judecătoria Sectorului 6 Bucureşti (Cúirt Chéadchéime an Séú Ceantar de Bhúcairist, an Rómáin), trí bhreith an 11 Lúnasa 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 3 Eanáir 2023, sna himeachtaí idir:
M.-A. A.
v
Direcţia de Evidenţă a Persoanelor Cluj, Serviciul stare civilă
Direcţia pentru Evidenţa Persoanelor şi Administrarea Bazelor de Date din Ministerul Afacerilor Interne,
Municipiul Cluj-Napoca,
idiragraithe:
Asociaţia Accept,
Consiliul Naţional pentru Combaterea Discriminării
tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts (Rapóirtéir), Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, K. Jürimäe, T. von Danwitz agus O. Spineanu-Matei, Uachtaráin Dlísheomra, J.-C. Bonichot, S. Rodin, I. Jarukaitis, A. Kumin, M. L. Arastey Sahún agus M. Gavalec, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,
Cláraitheoir: R. Şereş, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 23 Eanáir 2024,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
M.-A. A., ag R.-I. Ionescu, avocată, |
|
– |
Municipiul Cluj-Napoca, ag E. Boc, R. Lăpuşan, A. Roman, A. Roşca agus A. Rus, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Asociaţia Accept, ag A.-M. Baltac, consilier juridic, agus R.-I. Ionescu, avocată, |
|
– |
Rialtas na Rómáine, ag E. Gane agus O.-C. Ichim, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus R. Kanitz, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Gréige, ag T. Papadopoulou, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
Rialtas na hUngáire, ag Zs. Biró-Tóth agus M. Z. Fehér, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na hÍsiltíre, ag M. K. Bulterman agus C. S. Schillemans, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, E. Borawska Kędzierska agus A. Siwek-Ślusarek, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag A. Biolan, H. Krämer agus E. Montaguti, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 7 Bealtaine 2024,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 2 CAE, Airteagail 18, 20 agus 21 CFAE, agus Airteagail 1, 7, 20, 21 agus 45 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh seo sna himeachtaí idir M.-A. A, saoránach den Rómáin, an Direcția de Evidență a Persoanelor Cluj, Serviciul stare civilă (Oifig Chlárlann Shibhialta na Stiúrthóireachta um Thaifid Phearsanta, Cluj, an Rómáin) (‘Oifig Chlárlann Shibhialta Cluj’), an Direcția pentru Evidența Persoanelor și Administrarea Bazelor de Date din Ministerul Afacerilor Interne (an Stiúrthóireacht atá freagrach as an taifead pearsanta a choimeád agus bunachair sonraí na hAireachta Gnóthaí Baile a bhainistiú sa Rómáin) agus an Municipiul Cluj-Napoca (bardas Cluj-Napoca, an Rómáin) maidir le sonraí i ndáil le hathrú céadainm agus féiniúlachta inscne a fuarthas go dleathach sa Ríocht Aontaithe a aithint agus a iontráil i dteastas breithe M.-A. A. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
Conarthaí CAE agus CFAE
|
3 |
De réir Airteagal 2 CAE: ‘Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamhidirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.’ |
|
4 |
Luaitear an méid seo a leanas sa chéad mhír d’Airteagal 18 CFAE: ‘Laistigh de raon feidhme na gConarthaí, agus gan dochar d’aon fhorálacha speisialta iontu, toirmiscfear aon idirdhealú de bhíthin náisiúntachta.’ |
|
5 |
De réir Airteagal 20 CFAE: ‘1. Tionscnaítear leis seo saoránacht den Aontas. Is saoránach den Aontas é gach duine a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit aige. Beidh saoránacht an Aontais ann de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta agus ní ghabhfaidh sí a hionad. 2. Beidh ag saoránaigh an Aontais na cearta dá bhforáiltear sna Conarthaí, agus beidh siad faoi réir na ndualgas dá bhforáiltear iontu. Beidh acu, inter alia:
[...] Feidhmeofar na cearta sin faoi na coinníollacha agus na teorainneacha a shainítear leis na Conarthaí agus leis na bearta arna nglacadh dá mbun.’ |
|
6 |
Foráiltear le hAirteagal 21(1) CFAE: ‘Beidh an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí agus sna forálacha arna nglacadh lena gcur chun feidhme.’ |
An Chairt
|
7 |
Foráiltear le hAirteagal 1 den Chairt, dar teideal ‘Dínit an duine’: ‘Tá dínit an duine dosháraithe. Ní mór an dínit sin a urramú agus a chosaint.’ |
|
8 |
Foráiltear le hAirteagal 7 den Chairt, dar teideal ‘Meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh’: ‘Tá ag gach duine an ceart go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach agus a shaol nó a saol teaghlaigh, a chónaí nó a cónaí agus a chumarsáidí nó a cumarsáidí a urramú.’ |
|
9 |
Foráiltear le hAirteagal 20 den Chairt, dar teideal ‘Comhionannas os comhair an dlí’: ‘Is comhionann gach duine os comhair an dlí.’ |
|
10 |
Foráiltear le hAirteagal 21(1) den Chairt, dar teideal ‘Neamh-idirdhealú’: ‘Toirmiscfear aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach.’ |
|
11 |
Foráiltear le hAirteagal 45 den Chairt, dar teideal ‘Saoirse gluaiseachta agus saoirse cónaithe’: ‘1. Tá ag gach saoránach den Aontas an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát. 2. Féadfar saoirse gluaiseachta agus cónaithe a dheonú, i gcomhréir leis na Conarthaí, do náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil ar chríoch Bhallstáit.’ |
An Comhaontú um Tharraingt Siar
|
12 |
Formheasadh an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO 2020 L 29, lch. 7), a glacadh an 17 Deireadh Fómhair 2019 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020 (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (CEFA) le Cinneadh (AE) 2020/135 an 30 Eanáir 2020 ón gComhairle (IO 2020 L 29, lch. 1). |
|
13 |
Luaitear an méid seo a leanas sa cheathrú, sa séú agus san ochtú fomhír den bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú sin: ‘Á mheabhrú dóibh, de bhun Airteagal 50 CAE, i gcomhar le hAirteagal 106a de Chonradh Euratom, agus faoi réir na socruithe a leagtar síos sa Chomhaontú seo, go scoirfidh dlí uile an Aontais agus Euratom d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe ón dáta a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm, [...] Á aithint dóibh gur gá cosaint chómhalartach a sholáthar do shaoránaigh den Aontas agus do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, agus dá mbaill teaghlaigh féin, i gcás ina mbeidh cearta saorghluaiseachta feidhmithe acu faoi dháta a leagtar síos sa Chomhaontú seo, agus chun a áirithiú go mbeidh a gcearta faoin gComhaontú seo in-fhorfheidhmithe agus bunaithe ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe; [...] [...] Ós rud é go bhfuil sé ar leas an Aontais agus na Ríochta Aontaithe araon idirthréimhse nó tréimhse chur chun feidhme a chinneadh inar cheart [...] ba cheart dlí an Aontais, lena n‐áirítear comhaontuithe idirnáisiúnta, a bheith infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, agus, de riail ghinearálta, chun na héifeachta céanna i dtaca leis na Ballstáit, chun go seachnófar suaitheadh sa tréimhse ina ndéanfar an comhaontú/na comhaontuithe maidir leis an gcaidreamh sa todhchaí a chaibidliú’. |
|
14 |
Foráiltear le hAirteagal 126 den Chomhaontú sin, dar teideal ‘Idirthréimhse’: ‘Beidh idirthréimhse nó tréimhse chur chun feidhme ann, a thosóidh ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus a chríochnóidh an 31 Nollaig 2020.’ |
|
15 |
Foráiltear mar a leanas in Airteagal 127 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, dar teideal ‘Raon feidhme na hidirthréimhse’: ‘1. Mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, beidh dlí an Aontais infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse. [...] 3. Le linn na hidirthréimhse, beidh ag dlí an Aontais is infheidhme de bhun mhír 1 na héifeachtaí dlíthiúla céanna maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe leo siúd a bhíonn aige laistigh den Aontas agus a Bhallstáit, agus déanfar na héifeachtaí sin a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na modhanna agus na prionsabail ghinearálta chéanna is infheidhme laistigh den Aontas. [...] 6. Mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, le linn na hidirthréimhse, tuigfear go bhfuil an Ríocht Aontaithe san áireamh in aon tagairt do Bhallstáit i ndlí an Aontais is infheidhme de bhun mhír 1, lena n‐áirítear mar a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme é agus mar a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm é. [...]’ |
|
16 |
Tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020, de bhun Airteagal 185 den Chomhaontú sin. |
Dlí na Rómáine
|
17 |
Léitear Airteagal 9 de Legea nr. 119/1996 cu privire la actele de stare civilă (Dlí Uimh. 119/1996, maidir le doiciméid stádais shibhialta) an 16 Deireadh Fómhair 1996, mar a athfhoilsíodh (Monitorul Oficial al României, cuid I, Uimh. 339 an 18 Bealtaine 2012), sa leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí (‘Dlí Uimh. 119/1996’), mar seo a leanas: ‘I gcás ina ndiúltaíonn an t-oifigeach stádais shibhialta nó an státseirbhíseach a dhéanann feidhmeanna stádais shibhialta doiciméad a tharraingt suas nó sonra a iontráil a thagann faoina inniúlacht, is féidir leis an duine díobhálaithe imeachtaí a thionscnamh sa chúirt inniúil i gcomhréir leis an dlí.’ |
|
18 |
Foráiltear le hAirteagal 41(1) go (3) den Dlí sin: ‘1. Níl luach cruthúnais ag doiciméid stádas sibhialta shaoránaigh na Rómáine, arna ndréachtú ag údaráis eachtracha, sa tír ach amháin má thras-scríobhtar iad i gcláir stádas sibhialta na Rómáine. 2. Ceanglaítear ar an saoránach den Rómáin, laistigh de 6 mhí ó chlárú an doiciméid nó an fhíorais stádais shibhialta leis na húdaráis eachtracha nó ón dáta a fuarthas nó a aisghabhadh náisiúntacht na Rómáine, tras-scríobh na dteastas/na sleachta stádais shibhialta a iarraidh ó sheirbhís phoiblí áitiúil chlár na ndaoine, ó mhéara an aonaid riaracháin críche inniúil, ó mhisin taidhleoireachta nó ó phoist chonsalacha na Rómáine. 3. Déanfar tras-scríobh ar theastais/sleachta/sleachta ilteangacha stádais shibhialta thar lear le comhaontú cheannairí na misean taidhleoireachta nó na bpost consalachta agus, sa tír, le comhaontú mhéara aonad riaracháin críche na háite cónaithe/na háite cónaithe deiridh sa Rómáin ina bhfuil an sealbhóir nó an t-iarratasóir, de réir mar a bheidh, agus le haontú cheann sheirbhís phoiblí roinne an chomhphobail de chlár áitiúil daoine/seirbhísí poiblí an chomhphobail i gceantar Bhúcairist, agus léireofar na cúiseanna lena ndiúltú.’ |
|
19 |
Foráiltear le hAirteagal 43 den Dlí sin don mhéid seo a leanas: ‘I dteastais bhreithe, agus nuair is iomchuí, i ndeimhnithe pósta nó báis, déantar sonraí maidir le hathruithe ar stádas sibhialta an duine a iontráil sna cásanna seo a leanas: [...] f) athrú ainm; [...] i) athrú inscne, i ndiaidh don chinneadh cúirte a bheith críochnaitheach; [...]’ |
|
20 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 57(1) den Dlí sin: ‘Ní fhéadfaidh na doiciméid stádais shibhialta agus na sonraí atá iontráilte ann a chealú, a iomlánú nó a leasú ach amháin le cinneadh críochnaitheach cúirte.’ |
|
21 |
Leagadh síos an méid seo a leanas in Airteagal 4(2) de Ordonanța Guvernului nr. 41/2003, privind dobândirea și schimbarea pe cale administrativă a numelor persoanelor fizice (Reacht Uimh. 41/2003, ón Rialtas maidir le hainmneacha daoine nádúrtha a fháil agus a athrú ar bhealach riaracháin), an 30 Eanáir 2003 (Monitorul Oficial al României, Cuid I, Uimh. 68 an 2 Feabhra 2003: ‘Meastar bunús maith a bheith leis na hiarrataí ar athruithe sna cásanna seo a leanas: [...]
[...]’ |
|
22 |
Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 131(2) den Metodologie cu privire la aplicarea unitară a dispozițiilor în materie de stare civilă (Modheolaíocht maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na bhforálacha maidir le stádas sibhialta), a d’fhormheas Hotărârea Guvernului nr. 64/2011 (Cinneadh Rialtais Uimh. 64/2011), an 26 Eanáir 2011 (Monitorul Oficial al României, Cuid I, Uimh. 151 du 2 mars 2011): ‘Is ar bhonn na sonraí a thaifeadtar sa teastas breithe i ndáil le gnéas agus an dáta breithe a shanntar an [uimhir aitheantais phearsanta].’ |
|
23 |
De bhun Airteagal 19(1)(i) den Ordonanța de urgență a Guvernului nr. 97/2005 privind evidența, domiciliul, reședința și actele de identitate ale cetățenilor români (Ordú Rialtais Éigeandála Uimh. 97/2005 maidir le clárú daoine, an sainchónaí, an áit chónaithe agus doiciméid chéannachta náisiúnach de chuid na Rómáine), an 14 Iúil 2005 (Monitorul Oficial al României, Cuid I, Uimh. 641 an 20 Iúil 2005), mar a athfhoilsíodh é (Monitorul Oficial al României, Cuid I, Uimh. 719 an 12 Deireadh Fómhair 2011), eiseoidh an tseirbhís phoiblí atá freagrach as clár na ndaoine doiciméad aitheantais nua i gcás athrú inscne. |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
24 |
Is duine é M.-A. A. a rugadh an 24 Lúnasa 1992 in Cluj-Napoca, Județul Cluj (contae Cluj, an Rómáin), agus a cláraíodh tráth a bhreithe mar bhaineannach. Tá céadainm baineann ar a theastas breithe sa Rómáin dá bhrí sin, aithníonn an teastas é mar bhean agus sannann sé uimhir aitheantais phearsanta dó lena n-aithnítear freisin gur den ghnéas sin é. |
|
25 |
Tar éis dó bogadh chuig an Ríocht Aontaithe lena thuismitheoirí in 2008, bhain M.-A. A. náisiúntacht na Ríochta Aontaithe amach de bharr eadóirseachta freisin an 21 Aibreán 2016. |
|
26 |
An 27 Feabhra 2017, d’athraigh M.-A.A. a chéadainm agus a theideal sa Ríocht Aontaithe ó bhaineann go fireann, de réir nós imeachta an Deed Poll, rud a ligeann do shaoránaigh Bhriotanacha a sloinne nó a gcéadainm a athrú trí dhearbhú simplí. Ina dhiaidh sin, lean sé air ag malartú doiciméid oifigiúla áirithe arna n-eisiúint ag údaráis na Ríochta Aontaithe, is é sin, a cheadúnas tiomána agus a phas lena léirítear a ainm nua. |
|
27 |
An 29 Meitheamh 2020, fuair M.-A. A. ‘Gender Identity Certificate’ (teastas féiniúlachta inscne), doiciméad ina ndeimhnítear a fhireannacht. |
|
28 |
I mí na Bealtaine 2021, bunaithe ar an dearbhú a rinneadh i gcomhthéacs an nós imeachta Deed Poll agus ar an teastas féiniúlachta inscne, d’iarr M.-A. A. ar oifig chlárlann shibhialta Cluj na tagairtí maidir lena athrú ainm, a inscne agus a uimhreach aitheantais pearsanta a iontráil ina theastas breithe ionas go mbeadh siad mar an gcéanna leis an inscne fhireann agus, chomh maith leis sin, teastas breithe nua a eisiúint dó lena n-áireofaí na sonraí nua sin. |
|
29 |
Le cinneadh an 21 Meitheamh 2021, dhiúltaigh údaráis na Rómáine d’iarratas M.-A.A. ar an bhforas, inter alia, i gcomhréir le hAirteagal 43(i) de Dhlí Uimh. 119/1996, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(2)(l) d’Ordú Rialtais Uimh. 41/2003, nach bhféadfar athrú inscne duine a iontráil ina theastas breithe ach amháin nuair a fhormheastar é le cinneadh cúirte críochnaitheach. |
|
30 |
An 14 Meán Fómhair 2021, thug M.-A.A. caingean os comhair Judecătoria Sectorului 6 Bucureichtti (Cúirt Chéadchéime an Séú Ceantar de Bhúcairist, an Rómáin), eadhon an chúirt a rinne an tarchur, i gcoinne Oifig Chlárlann Shibhialta Cluj, an Stiúrthóireacht atá freagrach as an taifead pearsanta a choimeád agus bunachair sonraí na hAireachta Gnóthaí Baile a bhainistiú sa Rómáin agus bhardas Cluj-Napoca, ag iarraidh go n-ordófaí do na húdaráis sin na sonraí a bhaineann le hathrú a chéadainm, a inscne agus a uimhreach aitheantais pearsanta a iontráil ina theastas breithe ionas go gcomhfhreagróidh siad don ghnéas fireann, agus teastas breithe nua a eisiúint dó ina mbeidh na sonraí nua sin. |
|
31 |
Iarrann M.-A. A., go háirithe, ar an gcúirt a rinne an tarchur a ordú do na húdaráis sin, agus dlí an Aontais á chur chun feidhme go díreach, agus go háirithe cearta gach saoránaigh den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, a theastas breithe a chur i gcomhréir lena chéadainm agus lena fhéiniúlacht inscne a fuarthas go dleathach sa Ríocht Aontaithe, ionas go bhféadfaidh sé an ceart sin a fheidhmiú gan bhac trí dhoiciméad taistil a sholáthar atá ailínithe lena fhireannacht. Dar le M.-A.A., dá gcuirfí d’oibleagáid air nós imeachta breithiúnach nua a thionscnamh sa Rómáin, ag iarraidh an t-athrú inscne a fhormheas, d’fhágfadh sé sin go mbeadh baol ann go dtabharfaí réiteach a bheadh contrártha leis an réiteach a ghlac údaráis na Ríochta Aontaithe Ina theannta sin, le breithiúnas an 19 Eanáir 2021, X agus Y v an Rómáin (CE:ECHR:2021:0119JUD000214516), chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go bhfuil easpa soiléireachta agus intuarthachta ag baint leis an nós imeachta sin. |
|
32 |
Measann an chúirt a rinne an tarchur go mbraitheann fiúntas éilimh M.-A.A. agus, dá bhrí sin, réiteach na díospóide sna príomhimeachtaí ar léiriú fhorálacha dhlí an Aontais, go háirithe Airteagal 2 CAE, Airteagail 18, 20 agus 21 CFAE agus Airteagail 1, 7, 20, 21 agus 45 den Chairt. Go háirithe, fiafraíonn sí an gcuireann stádas shaoránach an Aontais agus an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar an duine lena mbaineann nós imeachta nua a thionscnamh chun a fhéiniúlacht inscne a athrú os comhair na gcúirteanna náisiúnta, cé go bhfuil nós imeachta chun na críche sin curtha i gcrích go rathúil aige cheana féin i mBallstát eile ar náisiúnach de é freisin. |
|
33 |
Agus tagairtí á ndéanamh aici do chásdlí ábhartha na Cúirte maidir leis an gceist seo, go háirithe do bhreithiúnais an 2 Deireadh Fómhair 2003, Garcia Avello (C-148/02, EU:C:2003:539), an 14 Deireadh Fómhair 2008, Grunkin agus Paul (C-353/06, EU:C:2008:559), an 8 Meitheamh 2017Freitag (C-541/15, EU:C:2017:432), agus an 14 Nollaig 2021, Stolichna obshtina, rayon Pancharevo (C-490/20, EU:C:2021:1008), measann an chúirt a rinne an tarchur nach n-eascraíonn freagra soiléir ar an gceist seo as an gcásdlí sin. |
|
34 |
Ina theannta sin, má thugtar freagra dearfach ar an gceist sin, tá amhras fós ar an gcúirt sin maidir leis an tionchar, chun an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach, a bheadh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach. Tugann sí faoi deara, go háirithe, sa chás seo, gur tionscnaíodh an nós imeachta um athrú inscne sa Ríocht Aontaithe sular tharraing an Stát sin siar as an Aontas Eorpach, ach gur tháinig deireadh leis tar éis an tarraingt siar sin, le linn na hidirthréimhse. Dá bhrí sin, is gá cinneadh a dhéanamh an bhfuil sé de cheangal ar an Rómáin, in imthosca den sórt sin, éifeachtaí dlíthiúla an nós imeachta sin maidir le hathrú inscne a dhéantar sa Ríocht Aontaithe a aithint. |
|
35 |
Sna himthosca sin, chinn Judecătoria Sectorului 6 București (Cúirt Chéadchéime an Séú Ceantar de Bhúcairist) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt i gcomhair réamhrialú:
|
Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú
|
36 |
Measann Rialtas na Rómáine go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú do-ghlactha ar an bhforas nár chuir M.-A.A. a iarraidh go n-áireofaí ar a theastas breithe Rómánach an t-athrú ar a chéadainm agus ar a fhéiniúlacht inscne, a fuarthas go dleathach sa Ríocht Aontaithe in 2017 agus 2020, faoi bhráid údaráis inniúla na Rómáine go dtí mí na Bealtaine 2021, is é sin le rá, tar éis dheireadh na hidirthréimhse a socraíodh, i gcomhréir le hAirteagal 126 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, an 31 Nollaig 2020. |
|
37 |
Dá bhrí sin, de réir an rialtais sin, ar dháta an tarchuir chuig na húdaráis sin, bhí stádas tríú stát ag an Ríocht Aontaithe i ndáil leis an Aontas Eorpach, sa chaoi nach bhféadfadh saoránaigh den Aontas ná náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe brath a thuilleadh ar a gcearta faoin gComhaontú um Tharraingt Siar. Maidir le breithiúnas an 12 Bealtaine 2011, Runevič-Vardyn agus Wardyn (C-391/09, EU:C:2011:291, míreanna 55 agus 56), inar chinn an Chúirt go raibh forálacha CFAE a bhaineann le saoránacht an Aontais infheidhme maidir le héifeachtaí reatha cásanna a tháinig chun cinn roimh aontachas Ballstáit leis an Aontas Eorpach, áitíonn an rialtas sin, mutatis mutandis, nach féidir na forálacha sin a chur i bhfeidhm a thuilleadh, tar éis tarraingt siar Stáit, maidir le héifeachtaí reatha cásanna a tháinig chun cinn nuair a bhí an Stát sin fós mar bhall den Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, is cás inmheánach amháin é sa chás seo. |
|
38 |
Ní mór a mheabhrú, i ndáil leis sin, de réir cásdlí socair, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, gur faoin gcúirt náisiúnta amháin - ar tugadh an díospóid os a comhair agus a chaithfidh freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach atá le déanamh - atá sé measúnú a dhéanamh, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, ar an ngá le réamhrialú ionas go bhféadfaidh sí breithiúnas a thabhairt agus ar ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais araon. Dá bhrí sin, nuair a bhaineann na ceisteanna a cuireadh isteach le léiriú dhlí an Aontais, tá an Chúirt faoi cheangal, i bprionsabal, rialú a thabhairt (breithiúnas an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland, C-709/20, EU:C:2021:602, mír 54 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
39 |
Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais diúltú rialú a thabhairt ar cheist arna tarchur ag cúirt náisiúnta le haghaidh réamhrialú ach amháin más léir nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh le dlí an Aontais le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland, C-709/20, EU:C:2021:602, mír 55 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
40 |
Sa chás seo, iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt Bhreithiúnais léiriú a dhéanamh, inter alia, ar fhorálacha CFAE a bhaineann le saoránacht an Aontais, lena n-áirítear Airteagal 21(1) CFAE, i gcomhthéacs cás ina lorgaíonn duine is náisiúnach den Rómáin, áit ar rugadh é, agus den Ríocht Aontaithe, áit a bhfuil cónaí air ó 2008, nuashonrú ar a theastas breithe ó údaráis inniúla na Rómáine ionas go gcomhfhreagróidh sé lena chéadainm nua agus lena fhéiniúlacht inscne nua, a fuarthas go dleathach sa Ríocht Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse a socraíodh an 31 Nollaig 2020. |
|
41 |
I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go bhféadfaidh náisiúnach de chuid Ballstáit a d’fheidhmigh, ina cháil mar shaoránach den Aontas, a shaoirse chun gluaiseacht agus cónaí i mBallstát seachas a Bhallstát baile, brath ar na cearta a bhaineann leis an stádas sin, go háirithe na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 21(1) CFAE, lena n-áirítear, más iomchuí, siúd maidir lena Bhallstát baile (breithiúnas an 14 Nollaig 2021, Stolichna obshtina, rayon Pancharevo, C-490/20, EU:C:2021:1008, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
42 |
Sa chás seo, rinneadh na hathruithe a bhaineann le stádas sibhialta M.-A.A. sa Ríocht Aontaithe, chun céadainm a athrú, nuair a bhí an Stát sin fós ina Bhallstát den Aontas Eorpach agus, chun féiniúlacht inscne a athrú, le linn na hidirthréimhse. |
|
43 |
Ar an dara dul síos, cé gur tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas an 1 Feabhra 2020, an dáta a tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm, agus gur tríú Stát í dá bhrí sin, foráiltear leis an gComhaontú sin, mar sin féin, in Airteagal 126 de, d’idirthréimhse idir dáta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe sin, eadhon an 1 Feabhra 2020, agus an 31 Nollaig 2020. I gcomhréir le hAirteagal 127(6) den Chomhaontú sin, ní mór a mheas gur ‘Bhallstát’ í an Ríocht Aontaithe le linn na tréimhse sin, go háirithe chun críocha na rialacha maidir le saoránacht an Aontais agus saorghluaiseacht daoine, agus nach tríú stát í, agus sonraítear le hAirteagal 127(1) den Treoir sin, thairis sin, go raibh dlí an Aontais infheidhme sa Ríocht Aontaithe le linn na tréimhse sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland, C-709/20, EU:C:2021:602, míreanna 47 agus 48, agus an 14 Márta 2024, an Coimisiún v an Ríocht Aontaithe(Breithiúnas na Cúirte Uachtaracha), C-516/22, EU:C:2024:231, mír 53). |
|
44 |
Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i míreanna 44 go 46 dá Thuairim, a mhéid a mhaíonn M.-A.A., ina cháil mar shaoránach den Aontas, go n-aithnítear ina Bhallstát baile an t-athrú a fuair sé ar a chéadainm agus ar a fhéiniúlacht inscne, agus a shaoirse gluaiseachta agus cónaithe sa Ríocht Aontaithe á feidhmiú aige, roimh tharraingt siar an Bhallstáit sin as an Aontas Eorpach agus roimh dheireadh na hidirthréimhse faoi seach, féadfaidh sé, maidir leis an mBallstát baile sin, brath ar na cearta a bhaineann leis an stádas sin, go háirithe na cearta dá bhforáiltear in Airteagail 20 agus 21 CFAE, fiú tar éis dheireadh na tréimhse sin. |
|
45 |
Dá bhrí sin, ní féidir an staid atá i gceist sna príomhimeachtaí a mheas mar staid inmheánach amháin ar an bhforas amháin gur iarr M.-A.A ar údaráis inniúla na Rómáine na sonraí a bhaineann le hathrú a chéadainm agus a fhéiniúlacht inscne a iontráil ina theastas breithe tar éis an 31 Nollaig 2020, dáta a socraíodh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar mar dheireadh na hidirthréimhse. |
|
46 |
Dá bhrí sin, tá an iarraidh ar réamhrialú inghlactha. |
Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
47 |
Lena ceisteanna, ar iomchuí iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 20 agus Airteagal 21(1) CFAE, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7 agus 45 den Chairt, le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht Bhallstáit nach gceadaíonn do náisiúnach de chuid an Bhallstáit sin athrú céadainm agus féiniúlachta inscne a fuarthas go dleathach i mBallstát eile, agus a shaoirse gluaiseachta agus cónaithe á feidhmiú aige, a aithint agus a iontráil ina theastas breithe, rud a chiallaíonn go bhfuil air dul i mbun nós imeachta nua, de chineál breithiúnach, chun a fhéiniúlacht inscne a athrú sa chéad Bhallstát sin, a thugann neamhaird ar an athrú a fuarthas go dleathach cheana féin sa Bhallstát eile sin. |
|
48 |
Is mian leis an gcúirt a rinne an tarchur freisin a fháil amach an bhfuil aon tionchar ar an bhfreagra ar an gceist sin ag an bhfíoras nach Ballstát den Aontas a thuilleadh é an Stát ina bhfuarthas an t-athrú ar chéadainm agus ar fhéiniúlacht inscne go dleathach, eadhon, sa chás seo, an Ríocht Aontaithe. |
|
49 |
I ndáil leis an bpointe sin, ní mór a thabhairt faoi deara ag an tús go n-eascraíonn sé ó na breithnithe a leagtar amach i míreanna 41 go 45 den bhreithiúnas seo, maidir le hinghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú seo, nach bhfuil aon tionchar ag an bhfíoras nach Ballstát den Aontas Eorpach í an Ríocht Aontaithe a thuilleadh ar an bhfreagra atá le tabhairt ar an gcéad cheist a tharchuirtear, a mhéid a thagann cás M.-A.A. faoi raon feidhme Airteagal 20 agus Airteagal 21(1) CFAE. |
|
50 |
Sna himthosca sin, ní mór a mheabhrú, mar náisiúnach Rómánach, go bhfuil saoránacht an Aontais ag M.-A.A., de bhun Airteagal 20(1) CFAE. |
|
51 |
De réir chásdlí socair na Cúirte, tá saoránacht den Aontas beartaithe mar stádas bunúsach náisiúnaigh na mBallstát (breithiúnais an 5 Meitheamh 2018, Coman agus páirtithe eile, C-673/16, EU:C:2018:385, mír 30, agus an 14 Nollaig 2021, Stolichna obshtina, rayon Pancharevo, C-490/20, EU:C:2021:1008, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
52 |
Cruthaítear le hAirteagail 20(2), agus Airteagail 21 agus 22 CFAE sraith ceart a chuirtear leis an stádas sin. Tugtar le saoránacht an Aontais, inter alia, i gcomhréir le hAirteagal 20(2)(a) agus le hAirteagal 21(1) CFAE, ceart bunúsach agus aonair do gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na srianta a leagtar síos in CFAE agus faoi réir na mbeart arna nglacadh lena gcur chun feidhme (breithiúnas an 9 Meitheamh 2022, Préfet du Gers et Institut national de la statistique et des études économiques, C-673/20, EU:C:2022:449, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
53 |
Mar atá dlí an Aontais faoi láthair, tagann staid na ndaoine, lena n-áirítear na rialacha maidir le céadainm agus féiniúlacht inscne duine a athrú, faoi inniúlacht na mBallstát agus ní dhéanann dlí an Aontais difear don inniúlacht sin. Mar sin féin, agus an inniúlacht sin á feidhmiú acu, ní mór do gach Ballstát dlí an Aontais a chomhlíonadh agus, go háirithe, forálacha CFAE a bhaineann le saoirse gach saoránaigh den Aontas chun gluaiseacht agus cónaí ar chríoch na mBallstát, trí aitheantas a thabhairt, chun na críche sin, do stádas daoine atá lonnaithe i mBallstát eile i gcomhréir le dlí an Stáit sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 26 Meitheamh 2018, MB (Athrú inscne agus pinsean scoir), C-451/16, EU:C:2018:492, mír 29, agus an 14 Nollaig 2021, Stolichna obshtina, rayon Pancharevo, C-490/20, EU:C:2021:1008, mír 52 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
54 |
I ndáil leis sin, maidir le diúltú údarás Ballstáit aitheantas a thabhairt d’ainm náisiúnaigh de chuid an Stáit sin a d’fheidhmigh a cheart chun saorghluaiseacht agus a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit eile aige freisin, mar a chinntear sa Bhallstát sin, chinn an Chúirt gur dócha go gcuirfeadh diúltú den sórt sin bac ar fheidhmiú an chirt chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, dá bhforáiltear in Airteagal 21 CFAE. D’fhéadfadh mearbhall agus míbhuntáistí a tharlú de bharr na neamhréireachta idir an dá ainm a bhaineann leis an duine céanna, toisc go n-éilítear cruthúnas ar a fhéiniúlacht féin le go leor gníomhartha sa saol laethúil, sa réimse poiblí agus sa réimse príobháideach araon (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Meitheamh 2017, Freitag, C-541/15, EU:C:2017:432, míreanna 36 agus 37 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
55 |
Is dócha go n-eascróidh constaic den sórt sin freisin as diúltú na n-údarás sin aitheantas a thabhairt don athrú ar fhéiniúlacht inscne a fuarthas i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos chun na críche sin sa Bhallstát inar fheidhmigh an saoránach den Aontas a shaoirse chun gluaiseacht agus cónaí, cibé acu atá nó nach bhfuil an t-athrú sin nasctha le hathrú céadainm, mar atá sa chás seo. Cosúil leis an ainm, sainmhínítear leis an inscne féiniúlacht agus stádas pearsanta duine. Dá bhrí sin, má dhiúltaítear leasú agus aithint an fhéiniúlacht inscne a fuair náisiúnach de Bhallstát amháin go dleathach i mBallstát eile, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis le bacanna tromchúiseacha riaracháin, gairmiúla agus príobháideacha, de réir bhrí chásdlí na Cúirte (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Meitheamh 2016, Bogendorff von Wolffersdorff, C-438/14, EU:C:2016:401, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
56 |
Dá bhrí sin, maidir le saoránach den Aontas a d’fheidhmigh, cosúil leis an iarratasóir sna príomhimeachtaí, a shaoirse chun gluaiseacht agus cónaí i mBallstát eile agus a d’athraigh a chéadainm agus a fhéiniúlacht inscne le linn na tréimhse a chaith sé ann i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos chun na críche sin sa Bhallstát eile sin, tá baol nithiúil ann, toisc go bhfuil dhá chéadainm éagsúla aige agus go sanntar dhá fhéiniúlacht inscne éagsúla dó, go mbeadh air amhras a mhaolú maidir lena fhéiniúlacht agus le barántúlacht na ndoiciméad a chuireann sé i láthair nó fírinneacht na sonraí atá iontu, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar fheidhmiú an chirt faoi Airteagal 21 CFAE (féach, chuige sin, breithiúnais an 2 Meitheamh 2016, Bogendorff von Wolffersdorff, C-438/14, EU:C:2016:401, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 8 Meitheamh 2017, Freitag, C-541/15, EU:C:2017:432, mír 38). |
|
57 |
Dá bhrí sin, i gcás ina ndiúltaíonn na húdaráis inniúla maidir le stádas sibhialta i mBallstát éigin aitheantas a thabhairt don athrú céadainm agus féiniúlachta inscne a fuair an náisiúnach sin go dleathach i mBallstát eile agus na hathruithe sin a iontráil i gcláir an stádais shibhialta agus go háirithe i dteastas breithe náisiúnaigh den Bhallstát sin, ar bhonn reachtaíocht náisiúnta nach gceadaítear an t-aitheantas agus an clárú sin léi, agus mar thoradh air sin go bhfuil sé d’oibleagáid ar an duine lena mbaineann dul i mbun nós imeachta nua, de chineál breithiúnach, chun a fhéiniúlacht inscne a athrú sa Bhallstát nach n-aithníonn an t-athrú a fuarthas go dleathach sa Bhallstát eile, cuireann an diúltú sin srian ar fheidhmiú an chirt chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát. |
|
58 |
Ní mór a chinneadh go bhfuil srian den sórt sin i gceist freisin i ndáil leis an gceart dá bhforáiltear in Airteagal 45(1) den Chairt. Is ionann an ceart sin agus an ceart a ráthaítear le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 20(2) CFAE agus cuirtear chun feidhme é, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 20(2) CFAE agus le hAirteagal 52(2) den Chairt, faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha a shainmhínítear leis na Conarthaí agus leis na bearta arna nglacadh fúthu. Dá bhrí sin, shárófaí le haon srian gan údar ar na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 21(1) CFAE Airteagal 45(1) den Chairt, a mhéid ar ionann an ceart atá ag gach saoránach de chuid an Aontais gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, dá bhforáiltear sa Chairt, agus an ceart dá bhforáiltear in Airteagal 21(1) CFAE (breithiúnas an 22 Feabhra 2024, Direcţia pentru Evidenţa Persoanelor şi Administrarea Bazelor de Date, C-491/21, EU:C:2024:143, míreanna 49 agus 50). |
|
59 |
I gcomhréir le cásdlí socair, ní féidir údar a thabhairt le reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, lena gcuirtear srian ar fheidhmiú an chirt sin, dá bhforáiltear in Airteagal 21 CFAE, ach amháin má tá sí bunaithe ar bhreithnithe oibiachtúla agus má tá sí comhréireach leis an gcuspóir dlisteanach atá á shaothrú leis an dlí náisiúnta (breithiúnas an 2 Meitheamh 2016, Bogendorff von Wolffersdorff, C-438/14, EU:C:2016:401, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
60 |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart a mheabhrú freisin, de réir cásdlí socair, nach mór a mheas, i bprionsabal, go bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear cosc ar dhuine trasinscneach, in éagmais aitheantas a thabhairt dá fhéiniúlacht inscne, coinníoll a chomhlíonadh atá riachtanach chun leas a bhaint as ceart a chosnaítear le dlí an Aontais, ar neamhréir le dlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Aibreán 2006, Richards, C-423/04, EU:C:2006:256, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
61 |
Sa chás seo, níor chuir an chúirt a rinne an tarchur ná Rialtas na Rómáine aon fhaisnéis ar fáil maidir leis na cuspóirí a bhí ag an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, nach gceadaítear léi athrú ar chéadainm agus ar fhéiniúlacht inscne, a fuarthas go dleathach i mBallstát eile, a aithint agus a iontráil sa teastas breithe, agus lena gcuirtear d’oibleagáid ar an duine lena mbaineann, dá bhrí sin, dul i mbun nós imeachta nua chun a fhéiniúlacht inscne a athrú os comhair na gcúirteanna náisiúnta, nach n-aithnítear leo an t-athrú sin a fuarthas go dleathach cheana féin sa Bhallstát eile sin. |
|
62 |
Thairis sin, fiú má tá cuspóir dlisteanach ag an reachtaíocht náisiúnta sin, ní féidir a mheas, in aon chás, go bhfuil údar léi ach amháin má tá sé i gcomhréir leis na cearta bunúsacha a ráthaítear leis an gCairt, a n-áirithíonn an Chúirt go n-urramaítear iad (breithiúnas an 14 Nollaig 2021, Stolichna obshtina, rayon Pancharevo, C-490/20, EU:C:2021:1008, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear) agus, go háirithe, leis an gceart chun measa ar an saol príobháideach dá dtagraítear in Airteagal 7 den Chairt. |
|
63 |
I ndáil leis sin, mar is léir ó na mínithe a bhaineann leis an gCairt um Chearta Bunúsacha (IO 2007 C 303, lch. 17), i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt, tá an bhrí agus an raon feidhme céanna ag na cearta a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt agus atá ag na cearta a ráthaítear le hAirteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950 (‘ECHR’) (breithiúnas an 14 Nollaig 2021, Stolichna obshtina, rayon Pancharevo, C-490/20, EU:C:2021:1008, mír 60), arb ionann an fhoráil dheireanach sin agus íosleibhéal cosanta (féach, de réir analaí, breithiúnas an 29 Iúil 2024, Alchaster, C-202/24, EU:C:2024:649, mír 92 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
64 |
I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, cosnaítear le hAirteagal 8 de ECHR féiniúlacht ghnéasach duine mar bhuncloch agus mar cheann de na gnéithe is pearsanta de shaol príobháideach an duine. Dá bhrí sin, cuimsítear leis an bhforáil sin an ceart atá ag gach duine sonraí a fhéiniúlachta daonna a bhunú, lena n-áirítear an ceart atá ag daoine trasghnéasacha chun forbartha pearsanta, chun iomláine coirp agus morálta agus chun urraime agus aitheantais dá bhféiniúlacht ghnéasach (an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, an 11 Iúil 2002, Christine Goodwin v an Ríocht Aontaithe, CE:ECHR:2002:0711JUD002895795, § 77, 78 agus 90; an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, an 12 Meitheamh 2003, van Kück v an Ghearmáin, CE:ECHR:2003:0612JUD003596897, § 69 go 75 agus 82, agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, an 19 Eanáir 2021, X agus Y v an Rómáin, CE:ECHR:2021:0119JUD000214516, § 147 agus 165). |
|
65 |
Chuige sin, forchuirtear le hAirteagal 8 ar Stáit, sa bhreis ar oibleagáidí diúltacha atá beartaithe chun daoine trasghnéasacha a chosaint ar chur isteach treallach ó údaráis phoiblí, oibleagáidí dearfacha, lena mbaineann freisin cur chun feidhme nósanna imeachta éifeachtacha agus inrochtana lena ráthaítear urraim éifeachtach dá gceart chun féiniúlachta gnéasaí. Thairis sin, i bhfianaise thábhacht ar leith an chirt sin, níl ach corrlach breithmheasa teoranta ag na Stáit sa réimse sin (an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, an 19 Eanáir 2021, X agus Y v an Rómáin, CE:ECHR:2021:0119JUD000214516, § 146 go 148 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, 1 Nollaig 2022, A.D. agus páirtithe eile v an tSeoirsia, CE:ECHR:2022:1201JUD005786417, § 71). |
|
66 |
Dá bhrí sin, leanann sé ó chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine go gceanglaítear ar Stáit, faoi Airteagal 8, foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta soiléir intuartha le haghaidh aitheantas dlíthiúil ar fhéiniúlacht inscne lena gceadaítear athrú gnéis, agus dá bhrí sin an t-ainm nó an cód uimhriúil pearsanta, i ndoiciméid oifigiúla, ar bhealach tapa, trédhearcach agus inrochtana (an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, an 19 Eanáir 2021, X agus Y v an Rómáin, CE:ECHR:2021:0119JUD000214516, § 168). |
|
67 |
Mar sin féin, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, ina breithiúnas an 19 Eanáir 2021, X agus Y v an Rómáin (CE:ECHR:2021:0119JUD000214516, § 157 agus 168), nach mór a mheas go bhfuil an nós imeachta dá bhforáiltear leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí ar neamhréir le hAirteagal 8 de ECHR, sa mhéid nach gcomhlíonann an nós imeachta sin na ceanglais a fhorchuirtear leis an bhforáil sin maidir le measúnú a dhéanamh ar iarratas ar athrú inscne arna thabhairt os comhair cúirt náisiúnta den chéad uair. |
|
68 |
Ní féidir leis an nós imeachta sin a bheith ina mhodh éifeachtach ach an oiread chun a chur ar chumas saoránaigh den Aontas, agus cónaí air i mBallstát eile agus an ceart a ráthaítear le hAirteagal 21 CFAE agus in Airteagal 45 den Chairt á fheidhmiú aige, a bhfuil athrú ar a chéadainm agus ar a fhéiniúlacht inscne faighte go dleathach aige cheana féin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos chun na críche sin sa Bhallstát sin, a chearta dá bhforáiltear leis na hAirteagail sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach, arna léamh i bhfianaise Airteagal 7 den Chairt, go háirithe toisc go bhfágann an nós imeachta sin go bhfuil baol ann don saoránach sin go n-eascródh toradh as nach ionann é agus an toradh arna ghlacadh ag údaráis an Bhallstáit a dheonaigh an t-athrú sin ar an gcéadainm agus ar an bhféiniúlacht inscne go dleathach. |
|
69 |
De réir cásdlí socair, ionas go measfar go bhfuil reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht a bhaineann le hathrú ar chéadainm agus ar fhéiniúlacht inscne a iontráil sna cláir stádais shibhialta i gcomhréir le dlí an Aontais, is gá nach bhfágfaidh na forálacha náisiúnta nó an nós imeachta náisiúnta lena gceadaítear iarratas ar chlárú den sórt sin a chur isteach go mbeidh sé dodhéanta nó ródheacair na cearta a fhoráiltear le hAirteagal 21 CFAE agus, go háirithe, an ceart chun an t-athrú sin a aithint, a chur chun feidhme. Féadfar amhras a chaitheamh ar fheidhmiú an chirt sin leis an lánrogha atá ag na húdaráis inniúla i gcomhthéacs an nós imeachta maidir le céadainmneacha agus féiniúlacht inscne a aithint agus a chlárú, a bhfuil daoine a bhfuil athrú an chéadainm sin faighte go dleathach acu agus an fhéiniúlacht sin i mBallstát eile faoina réir. D’fhéadfadh lánrogha den chineál sin neamhréireacht a chruthú idir an dá ainm agus an dá inscne a thugtar don duine céanna chun a fhéiniúlacht a chruthú agus, chomh maith le míbhuntáistí tromchúiseacha riaracháin, gairmiúla agus príobháideacha dá dtagraítear i míreanna 54 agus 55 den bhreithiúnas seo. |
|
70 |
Dá bhrí sin, sáraítear na ceanglais faoi Airteagal 21 CFAE le reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, nach gceadaítear léi an chéadainm agus an fhéiniúlacht inscne a chlárú, a fuarthas go dleathach i mBallstát eile, agus lena gcuirtear d’oibleagáid ar an duine lena mbaineann dul i mbun nós imeachta nua, de chineál breithiúnach, chun a fhéiniúlacht inscne a athrú sa Bhallstát baile, a thugann neamhaird ar an athrú ar a chéadainm agus ar a fhéiniúlacht inscne a rinne saoránach an Aontais go dleathach cheana féin sa Bhallstát ina bhfuil sé ina chónaí agus ar an nós imeachta a lean sé sa Bhallstát sin chun é a bhaint amach. |
|
71 |
I bhfianaise na mbreithnithe uile sin roimhe seo, is é an freagra ar na ceisteanna a tharchuirtear ná nach mór léiriú a dhéanamh ar Airteagal 20 agus Airteagal 21(1) CFAE, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7 agus 45 den Chairt, sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht Bhallstáit nach gceadaíonn do náisiúnach de chuid an Bhallstáit sin athrú céadainm agus féiniúlachta inscne a fuarthas go dleathach i mBallstát eile, agus a shaoirse gluaiseachta agus cónaithe á feidhmiú aige, a aithint agus a iontráil ina theastas breithe, rud a chiallaíonn go bhfuil air dul i mbun nós imeachta nua, de chineál breithiúnach, chun a fhéiniúlacht inscne a athrú sa chéad Bhallstát sin, a thugann neamhaird ar an athrú a fuarthas go dleathach cheana féin sa Bhallstát eile sin. I ndáil leis sin, ní bhaineann sé le hábhar go ndearnadh an t-iarratas ar aitheantas agus ar chlárú an athraithe ar chéadainm agus ar fhéiniúlacht inscne sa chéad Bhallstát sin ar dháta a raibh tarraingt siar an Bhallstáit eile ón Aontas Eorpach curtha i bhfeidhm cheana. |
Costais
|
72 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas: |
|
Maidir le hAirteagal 20 agus Airteagal 21(1) CFAE, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7 agus 45 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, |
|
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: |
|
cuirtear cosc leo ar reachtaíocht Bhallstáit nach gceadaíonn do náisiúnach de chuid an Bhallstáit sin athrú céadainm agus féiniúlachta inscne a fuarthas go dleathach i mBallstát eile, agus a shaoirse gluaiseachta agus cónaithe á feidhmiú aige, a aithint agus a iontráil ina theastas breithe, rud a chiallaíonn go bhfuil air dul i mbun nós imeachta nua, de chineál breithiúnach, chun a fhéiniúlacht inscne a athrú sa chéad Bhallstát sin, a thugann neamhaird ar an athrú a fuarthas go dleathach cheana féin sa Bhallstát eile sin. |
|
I ndáil leis sin, ní bhaineann sé le hábhar go ndearnadh an t-iarratas ar aitheantas agus ar chlárú an athraithe ar thúsainm agus ar fhéiniúlacht inscne sa chéad Bhallstát sin ar dháta a raibh tarraingt siar an Bhallstáit eile ón Aontas Eorpach curtha i bhfeidhm cheana. |
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Rómáinis.
( i ) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní thagraítear leis d’fhíorainm aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.