11.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 321/18


Ordú ón gCúirt Bhreithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 17 Iúil 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy Szczecin – Prawobrzeże i Zachód w Szczecinie – an Pholainn) – PA

(Cás C-55/23 (1), Jurtukała (2))

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Freagra is féidir a bhaint go soiléir ón gcásdlí - Dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú - Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 - Airteagal 10(1)(a) - Dlínsí coimhdeacha - Airteagal 267 CFAE - Oibleagáid cloí le treoracha ó chúirt atá níos airde)

(2023/C 321/21)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Rejonowy Szczecin – Prawobrzeże i Zachód w Szczecinie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: PA

Cosantóir: MO

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 10(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú, ní mór é a léiriú ar chaoi nach dtagann an riail maidir le dlínse choimhdeach dá bhforáiltear leis an bhforáil sin chun feidhme ach i gcás go bhfuil gnáthchónaí ar an duine éagtha i mBallstát nach bhfuil faoi cheangal an rialacháin seo ná tríú tír tráth a bháis.

Ní mór dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 267 CFAE, a léiriú ar chaoi go gcuirtear cosc leis ar chúirt náisiúnta nó ar bhinse náisiúnta, i mbun rialú a thabhairt as diaidh cinneadh ó chúirt nó ó bhinse uachtarach lenar cuireadh cinneadh a thug an chúirt nó an binse náisiúnta íochtarach ar neamhní, a bheith faoi cheangal, i gcomhréir leis an dlí nóis imeachta náisiúnta, ag rialuithe dlí na cúirte uachtaraí nó an bhinse uachtaraigh sin, i gcás go bhfuil na rialuithe sin ar neamhréir le dlí an Aontais, arna léiriú ag an gCúirt Bhreithiúnais.


(1)  Dáta an taiscthe: 3.2.2023

(2)  Ainm dlítheanach atá in ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.