|
30.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 189/3 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 18 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal de première instance francophone de Bruxelles – an Bheilg) – X, Y, A, dá ndéanann X agus Y ionadaíocht dhlíthiúil, B, dá ndéanann X agus Y ionadaíocht dhlíthiúil v État belge
(Cás C-1/23 PPU (1), Afrin (2))
(Tarchur chun réamhrialú - Nós imeachta práinne um réamhrialú - Rialuithe teorann, tearmann agus inimirce - Beartas inimirce - Treoir 2003/86/CE - Ceart chun athaontú teaghlaigh - Airteagal 5(1) - Iarratas ar iontráil agus cónaí a dhéanamh chun an ceart chun athaontú teaghlaigh a fheidhmiú - Reachtaíocht de chuid Ballstáit lena bhforchuirtear oibleagáid ar bhaill teaghlaigh an urraitheora an t-iarratas a dhéanamh i bpearsa ar an bpost taidhleoireachta inniúil den Bhallstát sin - Dodhéantacht nó deacracht mhíchuí a bhaineann le cuairt a thabhairt ar an bpost sin - Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagal 7 agus Airteagal 24)
(2023/C 189/03)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne tharchur
Tribunal de première instance francophone de Bruxelles
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: X, Y, A, dá ndéanann X agus Y ionadaíocht dhlíthiúil, B, dá ndéanann X agus Y ionadaíocht dhlíthiúil
Cosantóir: État belge
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 5(1) de Threoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir leis an gceart chun teaghlaigh a athaontú, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 24(2) agus (3) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas:
cuirtear bac ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforchuirtear oibleagáid ar bhaill teaghlaigh an urraitheora, go háirithe teaghlach dídeanach aitheanta, freastal i bpearsa ar phost taidhleoireachta nó consalach Ballstáit atá inniúil ar a n-áit chónaithe buan nó sealadach thar lear chun iarratas a dhéanamh ar iontráil agus cónaí chun an ceart chun athaontú teaghlaigh a fheidhmiú, lena n-áirítear cás ina bhfuil sé dodhéanta nó ródheacair dóibh freastal ar an bpost sin, gan dochar don fhéidearthacht go gceanglóidh an Ballstát sin ar na baill sin a bheith i láthair go pearsanta ag céim níos déanaí den nós imeachta le haghaidh an iarratais ar athaontú teaghlaigh.
(2) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.