20.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/61


Caingean arna tabhairt an 26 Nollaig 2022 – Ordre néerlandais des avocats du barreau de Bruxelles agus páirtithe eile v an Chomhairle

(Cás T-797/22)

(2023/C 63/79)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóirí: Ordre néerlandais des avocats du barreau de Bruxelles (an Bhruiséil, an Bheilg) agus deichniúr iarratasóirí eile (ionadaithe: P. de Bandt, T. Ghysels, J. Nowak, T. Bontinck agus A. Guillerme, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Airteagal 1, (12) de Rialachán (AE) 2022/1904 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine agus Airteagal 1, (13) de Rialachán (AE) 2022/2474 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, a mhéid a mhalartaítear agus a leasaítear leo, míreanna 2 agus 4 go 12, agus míreanna 2 agus 4 go 11 d’Airteagal 5(n) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine faoi seach, a mhéid a bhaineann le seirbhísí comhairleoireachta dlí;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar na cearta bunúsacha chun an saol príobháideach a chosaint chomh maith le rochtain ar an gceartas, dá bhforáiltear, faoi seach, in Airteagail 7 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a mhéid a dhéantar treascairt ar cheart gach duine comhairle dlí a lorg óna dhlíodóir, chomh maith le prionsabal na rúndachta proifisiúnta agus prionsabal neamhspleáchais an dlíodóra.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta, a mhéid nach oiriúnach toirmeasc ginearálta ar sheirbhísí comhairleoireachta dlí chun na cuspóirí atá á saothrú ag an Aontas, i gcomhthéacs na coimhlinte idir an Rúis agus an Úcráin, a bhaint amach, agus téitear thar cuimse a bhfuil fíor-riachtanach leis chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, a mhéid nach mbeadh toirmeasc ginearálta ar sheirbhísí comhairleoireachta dlí soiléir ná cruinn agus nach gceadófaí intuarthacht dá laghad lena chur i bhfeidhm.