|
30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/79 |
Caingean arna tabhairt an 8 Nollaig 2022 – bet365 Group v EUIPO (bet365)
(Cás T-764/22)
(2023/C 35/99)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: bet365 Group Ltd (Stoke-on-Trent, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: J. van Manen agus E. van Gelderen, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh leis na focail eilimintí “bet365” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 479 799
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 19 Meán Fómhair 2022 i gCás R 622/2022-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an Cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |