27.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 71/32


Caingean arna tabhairt an 2 Nollaig 2022 — Electrawinds Shabla South EAD v an Chomhairle

(Cás T-759/22)

(2023/C 71/43)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

Páirtithe

Iarratasóir: Electrawinds Shabla South EAD (Sóifia, an Bhulgáir) (ionadaí: M. Grozdev, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (IO 2022, L 261, lch. 1) a chur ar neamhní;

an chuid ina mbunaítear caidhp shainordaitheach ar ioncam margaidh a fhaigheann táirgeoirí as leictreachas a tháirgeadh ó na foinsí a luaitear in Airteagal 7(1) den Rialachán sin a chur ar neamhní, chomh maith leis an gcuid ina gceadaítear do Bhallstáit “barrachas ioncaim” na dtáirgeoirí sin a ghabháil (náisiúnú) chun tairbhe an Stáit (de réir an tsainmhínithe in Airteagal 2(9) den Rialachán);

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear easpa dlínse

Glacadh Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 ar bhealach atá ar neamhréir le dlí an Aontais ós rud é nach raibh dlínse ag an gComhairle. Bunaítear dlínse na Comhairle chun idirghabháil a dhéanamh i ngéarchéimeanna in earnáil an fhuinnimh le hAirteagal 122 CFAE, ach tá raon feidhme an-teoranta ag an bhforáil sin den Chonradh agus téann na bearta idirghabhála dá bhforáiltear sa Rialachán thar teorainn an raoin feidhme sin. I gcomhréir le hAirteagal 122(1) CFAE, féadfaidh an Chomhairle na bearta is iomchuí don staid eacnamaíoch a chinneadh, go háirithe má tharlaíonn géardheacrachtaí maidir le soláthar táirgí áirithe, go háirithe i réimse an fhuinnimh. Mar thoradh air sin, ní leagtar síos aon dlínse reachtach do Chomhairle an Aontais Eorpaigh le hAirteagal 122 CFAE chun bearta a ghlacadh d’fhonn dul i ngleic le géarchéim fuinnimh, ní leagtar síos leis ach dlínse chun idirghabháil a dhéanamh má tharlaíonn géardheacrachtaí maidir le soláthar táirgí áirithe, go háirithe soláthar fuinnimh.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta

Sáraítear prionsabal na comhréireachta le Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Samhain 2022. I gcomhréir le hAirteagal 122 CFAE, ní cheadaítear ach na bearta is iomchuí, agus ní hionann beart iomchuí agus caidhp shainordaitheach ar ioncam margaidh a chur i bhfeidhm, ós rud é nach bhfuil nasc díreach ag an mbeart sin le socrú praghsanna i leith an fhuinnimh. Fanfaidh na praghsanna mar atá agus tiocfaidh forbairt orthu mar a tharlaíonn i gcónaí, gan beann ar srian ar an ioncam a bheith ann. Thairis sin, ní athróidh an t-éileamh ar fhuinneamh agus ar ghás nádúrtha le teacht i bhfeidhm caidhpe ar ioncam ná cánacha ar ioncam margaidh.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an gceart chun maoine

Sáraítear an ceart bunúsach chun maoine le heaspa chomhréireacht na mbeart arna dtabhairt i bhfeidhm leis an Rialachán, sa chaoi go bhforchuirtear an chaidhp shainordaitheach ar ioncam margaidh dá bhforáiltear sa Rialachán ar tháirgeoirí fuinneamh inathnuaite, chomh maith leis an gcumas a deonaíodh do na Ballstáit chun “barrachas ioncaim” na dtáirgeoirí sin a ghabháil (náisiúnú) chun tairbhe an Stáit. Léirítear le húsáid Airteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ceann de na gnéithe de leas poiblí an Comhphobail. Mar sin, trí úsáid a bhaint as an Airteagal sin, is féidir srianta a fhorchur le feidhmiú an chirt chun maoine, sa chaoi nach mbeadh an chaidhp ar ioncam margaidh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022, a fhorchuirtear ar tháirgeoirí fuinneamh inathnuaite, ná gabháil an “bharrachais ioncaim” chun tairbhe an Stáit, díréireach, agus nach ndéanfaí sárú leo ar ábhar ríthábhachtach an chirt sin.