|
23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 24/83 |
Caingean arna tabhairt an 5 Nollaig 2022 – Roethig López v EUIPO – William Grant & Sons Irish Brands (AMAZONIAN GIN COMPANY)
(Cás T-756/22)
(2023/C 24/111)
An teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Eric Roethig López (Lluchmajor, an Spáinn) (ionadaí: J. Carbonell Callicó, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: William Grant & Sons Irish Brands Ltd (Baile Átha Cliath, Éire)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc an Aontais Eorpaigh “AMAZONIAN GIN COMPANY” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 17 952 939
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 23 Meán Fómhair 2022 i gCás R 1978/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do EUIPO agus don idiragraí na costais go léir ón díospóid os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an nós imeachta os comhair an Bhoird Achomhairc. |
Saincheist dlí
|
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |