23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/82


Caingean arna tabhairt an 5 Nollaig 2022 – TG v an Coimisiún

(Cás T-755/22)

(2023/C 24/110)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: TG (ionadaí: A. Tymen, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an chaingean seo inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis;

dá bharr sin:

cinneadh an 11 Márta 2022, lena ndiúltaítear breoiteacht an iarratasóra a aithint mar bhreoiteacht thromchúiseach, de réir bhrí Airteagal 72(l), de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, a neamhniú;

cinneadh an 25 Lúnasa 2022, lena ndiúltaítear do ghearán an iarratasóra an 29 Aibreán 2022, a neamhniú:

a ordú don chosantóir cúiteamh a íoc as an damáiste neamhábhartha a rinneadh don iarratasóir, arna mheasúnú ex aequo et bono ag méid 5,000 euro;

a ordú don cosantóir na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin, bunaithe ar shárú ar Airteagal 72(1) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus ar na forálacha ginearálta cur chun feidhme a bhaineann le haisíoc costais leighis arna nglacadh le Cinneadh C(2007) 3195 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2007, agus arna leasú le cinneadh an 12 Bealtaine 2020.