23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/80


Caingean arna tabhairt an 29 Samhain 2022 – Parlaimint v Union Technique du Bâtiment agus Argest

(Cás T-749/22)

(2023/C 24/107)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: M. Kazek agus K. Wójcik, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó N. Charrel, T. Gaspar agus M. Jolly, Dlíodóirí)

Cosantóirí: Union Technique du Bâtiment SA (Romainville, an Fhrainc) agus Argest SA (Lucsamburg, Lucsamburg)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a ordú do na cuideachtaí Union Technique du Bâtiment SA agus Argest SA i gcomhpháirt agus go leithleach suim iomlán 161 200 euro a íoc leis, chomh maith le hús de réir an ráta reachtúil, arna chomhaireamh ó thabhairt isteach na hiarrata seo, agus arna chaipitliú chun ús a tháirgeadh é féin;

a ordú do na cosantóirí na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin, bunaithe ar a cheart chun cúitimh ar bhonn ráthaíocht deich mbliana na gcuideachtaí Union Technique du Bâtiment SA agus Argest SA, lena gcumhdaítear na lochtanna a sainaithníodh agus a dhéanann difear don dhíon tuí de Maison Jean Monnet in Bazoches-sur-Guyonne.