23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/72


Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Rashevsky v an Chomhairle

(Cás T-739/22)

(2023/C 24/98)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Vladimir Rashevsky (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: G. Lansky, P. Goeth agus A. Egger, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Maíonn an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

na gníomhartha seo a leanas a chur ar leataobh de bhun Airteagal 263, Airteagal 275(2) agus Airteagal 277 CFAE, Airteagal 2(1)(f) agus (g) de Chinneadh (CBES) 2014/145 (1) ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/329 (2) ón gComhairle, agus Airteagal 3(1) (f) agus (g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 (3) ón gComhairle arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 330/2022 (4) ón gComhairle – a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir;

Cinneadh (CBES) 2022/1530 (5) ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2014/145 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir;

Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1529 (6) ón gComhairle, maraon le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc de bhun Airteagal 134 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear nach gceadaítear le prionsabail bhunreachtúla daoine amhail an iarratasóir a liostú.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear gur ghníomhaigh an Chomhairle go neamhdhleathach agus an cinneadh atá faoi chonspóid á fhadú aici, sa mhéid go bhfuil earráid mheasúnaithe de chuid na Comhairle i ndáil leis an iarratasóir.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear gur frithbheart ar ghníomhartha nach raibh inphionóis tráth a ndearnadh iad é liostú leanúnach an iarratasóra tar éis dó tarraingt siar óna fheidhmeanna.

4.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear go bhfuil réasúnaíocht leordhóthanach in easnamh.

5.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear go bhfuil na bearta a fhorchuirtear mí-oiriúnach chun na spriocanna is mian leis an Aontas a bhaint amach nó fiú chun tacú leo.


(1)  Cinneadh (CBES) 2014/145 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 16).

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 50, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid (IO 2014 L 78, lch. 6).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 330/2022 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L51, lch. 1).

(5)  Cinneadh (CBES) 2014/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhar 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2014/145 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhar 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1).