23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/66


Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2022 – Deripaska v an Chomhairle

(Cás T-732/22)

(2023/C 24/91)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Oleg Vladimirovich Deripaska (Khutor Sokolsky, an Rúis) (ionadaí: T. Bontinck, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 (1), a neamhniú, a mhéid a fhágann sé go mbeidh Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/582 an 8 Aibreán 2022, lena n-áirítear ainm an iarratasóra san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145, infheidhme go dtí an 15 Márta 2023;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 (2), a neamhniú, a mhéid a choimeádtar ainm an iarratasóra ar an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 an 17 Márta 2014;

a ordú don Chomhairle EUR 1 000 000 a íoc go sealadach i ndáil leis an damáiste neamhábhartha a rinneadh don iarratasóir.

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil agus ar an oibleagáid cúiseanna a lua.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh earráid shoiléir mheasúnaithe maidir le cúiseanna na Comhairle.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus na gceart bunúsach.


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1).