23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 24/61 |
Caingean arna tabhairt an 15 Samhain 2022 – AFG v an Coimisiún
(Cás T-722/22)
(2023/C 24/85)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
Páirtithe
Iarratasóir: AFG SA (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Estima Martins, F. Castro Guedes agus L. Seifert Guincho, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Airteagail 1, 4, 5 agus 6 de Chinneadh C(2020) 8550 an Choimisiúin Eorpaigh an 4 Nollaig 2020 final, maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III, arna foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh Uimh. L 217, an 22 Lúnasa 2022, leathanach 49, a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don Choimisiún na costais go léir a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí a mhéid nach ionann an beart atá faoi chonspóid agus Státchabhair, a mhéid gur chinn an Coimisiún go hearráideach gurb ionann an scéim sin agus beart roghnaitheach agus earráid dlí eile mar gheall ar shárú ar an oibleagáid cúiseanna a shonrú, a chumhdaítear in Airteagal 296 CFAE, i ndáil leis an anailís ar an gceanglas roghnaitheachta.
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí mar gheall Scéim III den Zona Franca da Madeira a bheith curtha chun feidhme i gcomhréir le Cinntí ón gCoimisiúin 2007 agus 2013 agus leis na rialacha a leagtar síos in Airteagail 107 agus 108 CFAE.
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí mar gheall ar shárú ar phrionsabail ghinearálta an Aontais Eorpaigh, go háirithe prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, an prionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint agus prionsabal na comhréireachta.