30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 35/69


Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 – Newco v an Coimisiún

(Cás T-717/22)

(2023/C 35/90)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Newco Corporate Services, SA (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: A. Ferreira Correia agus R. da Palma Borges, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní i ndáil le hAirteagail 1 agus 4;

a ordú don institiúid is cosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena achomharc i gcoinne Chinneadh (AE) Uimh. 2022/1414 an Choimisiúin an 4 Nollaig 2020, maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex-2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III [a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad uimhir C(2020) 8550] (IO 2022 L 217, lch. 49), maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí, atá, go bunúsach, comhionann nó comhchosúil leis na saincheisteanna arna maíomh i gCás T-702/22, TA v an Coimisiún.