23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 24/55 |
Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 — Seamist v an Coimisiún
(Cás T-699/22)
(2023/C 24/76)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
Páirtithe
Iarratasóir: Seamist, Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca de Madeira (ZFM) — Scéim III a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí atá, go bunúsach, comhionann nó comhchosúil leis na saincheisteanna arna maíomh i gCás T-553/22, Thorn Investments v an Coimisiún.