|
9.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 7/45 |
Caingean arna tabhairt an 9 Samhain 2022 – CMT v EUIPO – Camomilla (CAMOMILLA italia)
(Cás T-694/22)
(2023/C 7/55)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: CMT Compagnia manifatture tessili Srl (CMT Srl) (Napoli, an Iodáil) (ionadaithe: P. Marzano, G. Rubino agus F. Cordova, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Camomilla Srl (Assago, an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh CAMOMILLA italia – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 9 287 038
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 24 Lúnasa 2022 i gCás R 1738/2021-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
i ndáil leis na hearraí in Aicme 25: glacadh leis an teorainn leis an trádmharc atá faoi chonspóid agus, dá réir sin, an cás a tharchur ar ais chuig EUIPO chun athmheasúnú a dhéanamh ar cé chomh cosúil agus atá na hearraí in Aicme 25 den trádmharc atá faoi chonspóid leis na hearraí in Aicme 24 den trádmharc roimhe seo, ag tabhairt prionsabail an dlí atá le hurramú ag EUIPO le fios mar chuid den scrúdú sin; |
|
— |
mar mhalairt air sin, nó i gcás inarb iomchuí, seasamh leis an gcaingean seo, an cinneadh atá faoi chonspóid a athchóiriú agus, dá réir sin, bailíocht an trádmhairc atá faoi chonspóid le haghaidh “baill éadaigh” in Aicme 25 a dheimhniú, gan dochar do bhailíocht na n-earraí eile arna maíomh san aicme sin ach go háirithe, nach ndéantar difear leis an dearbhú neamhbhailíochta dóibh; |
|
— |
i ndáil leis na hearraí in Aicme 18: seasamh leis an gcaingean seo, an cinneadh atá faoi chonspóid a athchóiriú agus, dá réir sin, bailíocht an trádmhairc atá faoi chonspóid le haghaidh na n-earraí seo a leanas a dheimhniú: Aicme 18: Earraí atá déanta de na hábhair seo nach bhfuil sna haicmí eile [leathar agus leathar bréige]; truncaí; parasóil; málaí trá; málaí cáipéisí, clúdaigh litreach [earraí seithe]; gabhdáin chártaí [tiachóga]; málaí slabhra-mhogallach; málaí láimhe; saic; tiachóga; sparáin; málaí droma; málaí scoile; saitsilí scoile; málaí siopadóireachta; málaí spóirt; gabhdáin lena gcoinnítear earraí níocháin ar a dtugtar maiseagáin; málaí siopadóireachta a bhfuil rothaí orthu; |
|
— |
a ordú don iarratasóir costais na n-imeachtaí seo agus na n-imeachtaí roimhe seo a íoc ach go háirithe. |
Saincheist dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagail 8(1)(b) agus 60 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |