23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 24/52 |
Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 – Hilza v an Coimisiún
(Cás T-693/22)
(2023/C 24/71)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
Páirtithe
Iarratasóir: Hilza – Pharmaceuticals, Sociedade Unipessoal, Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020, maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí, atá comhionann nó comhchosúil, go bunúsach, leis na saincheisteanna dlí arna maíomh mar chuid de Chás T-553/22, Thorn Investments v an Coimisiún.