16.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 15/45


Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 – Shaman Spirits v EUIPO – Global Drinks Finland (LAPLANDIA Land of purity et al.)

(Cás T-679/22)

(2023/C 15/59)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Oy Shaman Spirits Ltd (Tyrnävä, an Fhionlainn) (ionadaí: R. Almaraz Palmero, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Global Drinks Finland Oy (Heilsincí, an Fhionlainn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharcanna atá faoi cheist: Marcanna fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh LAPLANDIA Land of purity et al. – Marcanna fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 6 491 914, Uimh. 7 087 281 agus Uimh. 14 786 883

Nós imeachta os comhair EUIPO: Nós imeachta maidir le ceadúnais a chur isteach sa Chlár

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 14 Meán Fómhair 2022 i gCás R 909/2021-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus don idiragraí na costais go léir a bhaineann leis an díospóid os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí os comhair an Chéad Bhoird Achomhairc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagail 25, 26 agus 27 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagail 19 agus 20 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagail 103 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.