9.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 7/43 |
Caingean arna tabhairt an 7 Samhain 2022 – Dr. Neumann & Kindler v EUIPO – Laboratory Corporation of America Holdings (LabCorp)
(Cás T-674/22)
(2023/C 7/52)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Dr. Neumann & Kindler GmbH & Co. KG (Bochum, an Ghearmáin) (ionadaithe: T. Pfeifer agus N. Gottschalk, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Laboratory Corporation of America Holdings (Burlington, North Carolina, na Stáit Aontaithe)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh “LabCorp” – Iarratas Uimh. 15 174 774
Imeachtaí os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 25 Lúnasa 2022 i gCás R 1998/2020-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh a íoc agus a ordú don idiragraí ionchasach costais na n-imeachtaí achomhairc os comhair EUIPO a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 47(2) agus (3) de Rialachán 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |