6.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 45/17 |
Caingean arna tabhairt an 31 Deireadh Fómhair 2022 – SBM Développement v an Coimisiún
(Cás T-667/22)
(2023/C 45/26)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: SBM Développement SAS (Ecully, an Fhrainc) (ionadaithe: B. Arash agus H. Lindström, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
a dhearbhú go bhfuil an t-iarratas inghlactha agus dea-bhunaithe; |
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiúin (AE) 2022/1388 an 23 Meitheamh 2022 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe a mhéid a bhaineann leis na téarmaí agus coinníollacha i ndáil le húdarú an táirge bhithicídigh Pat’Appât Souricide Canadien Foudroyant arna dtarchur ag an Fhrainc agus ag an tSualainn i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2022, L 208, lch. 7) a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí seo a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar riail dlí a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal 48 agus sárú ar Airteagail 1(1) agus 32 de Rialachán (AE) 528/2012, (“BPR”). (1) |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagail 33, 35 agus 36 de BPR. |
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar riail dlí a bhaineann le cur i bhfeidhm na gConarthaí – prionsabail na cinnteachta dlíthiúla agus na n-ionchas dlisteanach. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 19 de BPR agus earráid fhollasach i measúnú. |
5. |
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú cumhachta agus sárú ar riail dlí a bhaineann le cur i bhfeidhm na gConarthaí – prionsabail na cinnteachta dlíthiúla, cosaint na n-ionchas dlisteanach, comhréireacht agus Airteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
(1) Rialachán (AE) Uimh 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithcidal a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid IO 2012, L 167, lch. 1.