19.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 482/26


Caingean arna tabhairt an 18 Deireadh Fómhair 2022 – Shamalov v an Chomhairle

(Cás T-651/22)

(2022/C 482/35)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Kirill Shamalov (Cathair Pheadair, an Rúis) (ionadaí: A. Genko, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a chinneadh go bhfuil a iarratas ar neamhniú inghlactha agus go bhfuil bunús leis agus, dá bharr sin, na gníomhartha seo a leanas a chur ar neamhní:

Rialachán ón gComhairle (AE) 269/2014 an 17 Márta 2014 arna leasú an 8 Aibreán 2022 trí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/581 (IO 2022. L 110, lch. 3) a mhéid a chuir sé an t-iarratasóir le liosta na ndaoine faoi smachtbhannaí faoi uimhir 908;

Cinneadh ón gComhairle 2014/145/CBES an 17 Márta 2014 arna leasú an 8 Aibreán 2022 le Cinneadh (CBES) 2022/582 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 (IO 2022 L 110, lch. 55) a mhéid a chuir sé an t-iarratasóir le liosta na ndaoine faoi smachtbhannaí faoi uimhir 908;

Rialachán ón gComhairle (AE) 269/2014 an 17 Márta 2014 arna leasú an 25 Feabhra 2022 le Rialachán (AE) 2022/330 (IO 2022 L 51, lch. 1) a mhéid a cheadaíonn sé smachtbhannaí a chur ar “príomhdhaoine gnó nó príomhdhaoine dlítheanacha, príomheintitis nó príomhchomhlachtaí atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise…” sa mhéid go mbaineann sé leis an iarratasóir;

Cinneadh ón gComhairle 2014/145/CBES an 17 Márta 2014 arna leasú le Cinneadh ón gComhairle (CBES) 2022/329 an 25 Feabhra 2022 (IO 2022 L 50, lch. 1) a mhéid a fhágann a fhoclaíocht nua gur féidir smachtbhannaí a chur ar “príomhdhaoine gnó nó príomhdhaoine dlítheanacha, príomheintitis nó príomhchomhlachtaí atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise…” sa mhéid go mbaineann sé leis an iarratasóir;

na gníomhartha coimeádta, agus go háirithe Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 (IO 2022 L 239, lch. 1) agus Cinneadh ón gComhairle (CBES) 2022/1530 (IO 2022 L 239, lch. 149) an 14 Meán Fómhair 2022 a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid mheasúnaithe i dtrí chuid. Dar leis an iarratasóir, ní shásaíonn aon chuid den fhianaise a chuir an Chomhairle chun cinn ceanglais chásdlí na hEorpa maidir le caighdeán agus cáilíocht an chruthúnais. Níor léirigh ráiteas na Comhairle ar chúiseanna tionchar an iarratasóra seachas trí dhearbhú catagóireach. Cé gur cuireadh in iúl don Chomhairle nach bhfuil poist ardbhainistíochta ag an ngearánaí a thuilleadh, choinnigh sí ar liosta na ndaoine faoi smachtbhannaí é.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear ná mainneachtain cúiseanna a lua. Maíonn an t-iarratasóir nár chuir an Chomhairle aon chúis aonair, sonrach ná coincréite chun cinn lenar féidir an t-iarratasóir a aicmiú mar phríomhdhuine.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear mí-úsáid cumhachta. Áitíonn an t-iarratasóir go bhfuil go leor comharthaí ann go raibh an Chomhairle ag brath ar chúisimh finíochais chun an t-iarratasóir a chur faoi smachtbhanna, rud nach gceadaítear de réir na gcaighdeán faoinar cuireadh an t-iarratasóir faoi smachtbhanna.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear pléadáil neamhdhleathachta theagmhasach i ndáil leis an gcritéar “príomhdhuine gnó” i dtrí chuid; mar gheall ar an easpa nasc leordhóthanach idir an critéar agus an cuspóir a saothraíodh, mar gheall ar shárú ar bhunphrionsabail an Aontais agus go háirithe prionsabal an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe agus, ar deireadh, mar gheall ar shárú phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear easpa cruthúnais gur príomhdhuine gnó é an t-iarratasóir i gcomhthéacs athbhreithniú iomlán ar chinntí na Comhairle maidir le smachtbhannaí aonair.