5.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 463/58


Caingean arna tabhairt an 15 Deireadh Fómhair 2022 – C. & S. v EUIPO – Scuderia AlphaTauri (CS jeans your best fashion partner)

(Cás T-645/22)

(2022/C 463/85)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: C. & S. Srl (Umbertide, an Iodáil) (ionadaí: E. Montelione, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Scuderia AlphaTauri SpA (Faenza, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: An t-iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh CS jeans your best fashion partner – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 9 387 986

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 4 Lúnasa 2022 i gCás R 182/2022-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.