5.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 463/57


Caingean arna tabhairt an 12 Deireadh Fómhair 2022 – VF International v EUIPO – Super Brand Licencing (GEOGRAPHICAL NORWAY EXPEDITION)

(Cás T-639/22)

(2022/C 463/84)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: VF International Sagl (Stabio, an Eilvéis) (ionadaí: Y. Bizollon, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Super Brand Licencing SAS (Villeurbanne, an Fhrainc)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh GEOGRAPHICAL NORWAY EXPEDITION sna dathanna dubh, tóp, dearg, bán –Iarratas ar chlárú Uimh. 9 860 834

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bhord Achomhairc de EUIPO an 23 Lúnasa 2022 i gCás R 124/2022-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid ina iomláine a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus don idiragraí na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 59(1)(b) agus ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.