|
28.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 451/21 |
Caingean arna tabhairt an 12 Deireadh Fómhair 2022 – Fridman agus páirtithe eile v an Chomhairle
(Cás T-635/22)
(2022/C 451/25)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóirí: Mikhail Fridman (Londain, an Ríocht Aontaithe), Petr Aven (Virginia Water, an Ríocht Aontaithe) German Khan (Londain) (ionadaithe: T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Rialachán (AE) 2022/1273 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, (1) a mhéid a bhaineann sé leis na hiarratasóirí, a chur ar neamhní; agus |
|
— |
a ordú don Chomhairle na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí dhá shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear easpa bunús dlí. De réir na n-iarratasóirí, ní féidir leis an gComhairle dualgais dhearfacha a chur i bhfeidhm, go háirithe na cinn is mó a bhfuil anró ag baint leo, ar na daoine a gcuireann sí smachtbhannaí orthu. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear easpa bunús dlí agus go ndearnadh sárú ar Airteagail 4, 5, 25 agus 40 CAE agus Airteagail 3, 4, 82, 83 agus 215 CFAE. Maíonn na hiarratasóirí, chuige sin, trína cheangal ar na Ballstáit déileáil mar teacht timpeall ar smachtbhannaí le haon imeacht ó cheanglas na Comhairle sócmhainní a dhearbhú, gur ghníomhaigh an Chomhairle, atá ar an eolas go ndéanann 25 de na 27 Ballstát teacht timpeall ar smachtbhannaí a bheith ina chion coiriúil, mar reachtóir coiriúil. |