28.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 451/19


Caingean arna tabhairt an 10 Deireadh Fómhair 2022 — Vi.ni.ca.v EUIPO — Venica & Venica (agricolavinica. Le Colline di Ripa)

(Cás T-627/22)

(2022/C 451/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Vi.ni.ca. Srl — soc. agr. (Ripalimosani, an Iodáil) (ionadaí: S. Di Pardo, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh — EUIPO

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhord Achomhairc: Venica & Venica di Gianni e Giorgio Venica Ss soc. agr. (Dolegna del Collio, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir ar an trádmharc faoi cheist: An t-Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil na focail “agricolavinica. Le Colline di Ripa” iontu i ndathanna bána, dubha, dearga agus glasa — Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 196 079

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 11 Iúil 2022 i gCás R 90/2022-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní nó, in aon chás, a leasú trína dhearbhú go bhfuil an marc “agricolavinica. Le Colline di Ripa” atá faoi chonspóid neamhbhailí, toisc nach bhfuil sé cosúil leis an trádmharc níos luaithe, VENICA, ní ó thaobh amhairc, ná foghraíochta de, ná ó thaobh coincheapa de agus toisc nach bhfuil aon bhaol ann go mbeidh mearbhall ann idir na marcanna;

a ordú don chosantóir agus don pháirtí eile sna himeachtaí na costais a íoc.

Saincheist dlí

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.