21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 441/25


Caingean arna tabhairt an 30 Meán Fómhair 2022 – KHG v EUIPO – Dreams (Dreamer)

(Cás T-608/22)

(2022/C 441/34)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: KHG GmbH & Co. KG (Schönefeld, an Ghearmáin) (ionadaí: D. Gehnen, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Dreams Ltd (High Wycombe, an Ríocht Aontaithe)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir ar an trádmharc faoi cheist: Iarratasóir

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “Dreamer” – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 652 165

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 29 Meitheamh 2022 i gCás R 1975/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

An cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus, má théann sé isteach sna himeachtaí, don pháirtí eile na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.