|
19.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 482/23 |
Caingean arna tabhairt an 29 Meán Fómhair 2022 – RN v EUIPO
(Cás T-606/22)
(2022/C 482/32)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: RN (ionadaí: S. Moya Felix, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Cinneadh an Údaráis Cheapacháin (Stiúrthóir Feidhmiúcháin ag EUIPO) dar dáta an 4 Iúil 2022 maidir leis an bhfreagra ar ghearán arna chomhdú faoi Airteagal 90(2) den Rialachán Foirne maidir leis an easpa íocaíochta leis an iarratasóir ar an liúntas oideachais, le linn tréimhsí áirithe, chomh maith leis an easpa aitheantais do theidlíocht an iarratasóra leath de na liúntais teaghlaigh iomlána a fháil (lena gcuimsítear 1/3 den liúntas teaghlaigh, liúntas linbh chleithiúnaigh agus liúntas oideachais a fhreagraíonn do mhac an iarratasóra) ar dháta sonraithe a chur ar neamhní; |
|
— |
aitheantas a thabhairt, mar thoradh air sin, do theidlíocht an iarratasóra ar na liúntais teaghlaigh sin (liúntas oideachais le linn tréimhsí áirithe, chomh maith le leath na liúntas teaghlaigh, lena gcuimsítear 1/3 de liúntas teaghlaigh, liúntas linbh chleithiúnaigh agus liúntas oideachais a fhreagraíonn do mhac an iarratasóra) ar dháta sonraithe; |
|
— |
a ordú don Údarás Ceapacháin (EUIPO) costais uile na díospóide os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá saincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 67 i ndáil le hAirteagal 63 de Rialachán Foirne an AE. (1) Níor thug EUIPO urraim don chinneadh a d’eisigh cúirt náisiúnta an 28 Samhain 2021 maidir leis an gceart coimeádta sa chiall go measann EUIPO nár cheart 50 % de na liúntais teaghlaigh a íoc leis an iarratasóir ach leis an tuismitheoir eile amháin, atá mar oifigeach de chuid EUIPO, ar chúiseanna an-roghnacha, amhail nach sonraítear i gcinneadh na cúirte náisiúnta go bhfuil mac an iarratasóra ina chónaí leis an mbeirt thuismitheoir le linn 50 % den am go díreach. Rinne EUIPO na fíricí a shaobhadh, mar go hiondúil ní shonraítear tréimhsí ama uaireanta nó laethanta le cinntí na Cúirte Teaghlaigh. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagail 1, 2, 3 d'Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Foirne an AE maidir le liúntais teaghlaigh. Tá an t-iarratasóir mar sin ag cur in aghaidh chinneadh Údarás Ceapacháin EUIPO, ní hamháin maidir le diúltú leath na liúntas teaghlaigh ar dháta sonraithe, ach freisin maidir le diúltú na liúntas oideachais do thréimhsí sonraithe áirithe. |
(1) Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO 1962 P 045, lch. 1385).