12.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 472/42 |
Caingean arna tabhairt an 15 Meán Fómhair 2022 – ClientEarth v an Chomhairle
(Cás T-577/22)
(2022/C 472/49)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: ClientEarth AISBL (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaí: C. Ziegler, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh dar dáta an 5 Iúil 2022 ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh (SGS 22/00149) i ndáil leis an iarraidh ar athbhreithniú inmheánach faoi Theideal IV de Rialachán Aarhus i ndáil le Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, a chur ar neamhní (IO L 21an 27 Eanáir 2022, lch. 1), agus |
— |
a ordú don Choimisiún a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráidí follasacha dlí agus measúnaithe maidir le raon feidhme rochtana an iarratasóra ar chearta athbhreithnithe faoi Rialachán Aarhus, mar gheall ar na nithe seo a leanas a bheith déanta ag an gComhairle:
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráidí follasacha dlí agus measúnaithe a bhaineann le heilimintí sár-riachtanacha den dlí tánaisteach agus le raon feidhme inniúlacht na Comhairle chun TACanna a shocrú faoi Airteagal 43(3) CFAE, mar gheall ar an méid a leanas a bheith déanta ag an gComhairle:
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráidí follasacha measúnaithe maidir le hoibleagáidí na Comhairle, atá mar a leanas:
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe maidir le mí-úsáid cumhachtaí arna déanamh ag an gComhairle nuair a ghlacfaidh sí Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 21an 27 Eanáir 2022, lch. 1). |