|
7.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 424/44 |
Caingean arna tabhairt an 13 Meán Fómhair 2022 – Sports Group Denmark v EUIPO (ENDURANCE)
(Cás T-566/22)
(2022/C 424/56)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Sports Group Denmark A/S (Silkeborg, an Danmhairg) (ionadaí: T. Kruse Lie, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an marc fíortha “ENDURANCE”– Iarratas ar chlárú Uimh. 1 542 490
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 8 Iúil 2022 i gcás R 1779/2021-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid sa mhéid gur dhiúltaigh sé clárú mar mharc trádála de chuid an Aontais Eorpaigh den mharc fíortha “ENDURANCE” maidir leis na hearraí agus na seirbhísí in Aicmí 9, 25, 28 agus 35 a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do EUIPO a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú de riachtanas chun críche nós imeachta achomhairc os comhair Bhord Achomhairc EUIPO. |
Saincheist dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |