7.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 424/43


Caingean arna tabhairt an 13 Meán Fómhair 2022 – Pierre Balmain v EUIPO – Story Time (Léiriúar chinn leoin)

(Cás T-564/22)

(2022/C 424/55)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Pierre Balmain (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: J. Iglesias Monravá agus S. Mainar Roger, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Story Time sp. z o.o. (Poznań, an Pholainn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: An t-iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh (Léiriú ar chinn leoin) – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 515 099

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gceathrú Bhord Achomhairc de EUIPO an 21 Meitheamh 2022 i gCás R 96/2022-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

ordú a thabhairt d’aon duine atá in aghaidh na caingne na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.