17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/36


Caingean arna tabhairt an 2 Meán Fómhair 2022 – an Fhrainc v BRA

(Cás T-540/22)

(2022/C 398/43)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na Fraince (ionadaithe: T. Stehelin, J.-L. Carré agus E. Timmermans, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh 3/2021 an choiste achomhairc den Bhord Réitigh Aonair an 8 Meitheamh 2022 a chur ar neamhní;

A ordú don Bhord Réitigh Aonair na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean in aghaidh Chinneadh 3/2021 ó Choiste Achomhairc an Bhoird Réitigh Aonair (BRA) an 8 Meitheamh 2022 lena ndeimhníonn an Bord cinneadh BRA gan an díolúine ón íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chuirtear i bhfeidhm ar bhonn aonair a dheonú don ghrúpa baincéireachta, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur rialaigh an Coiste Achomhairc go hearráideach sa Chinneadh atá faoi chonspóid, go ndearna BRA léirmhíniú agus cur i bhfeidhm ceart ar Airteagal 12h de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 255, lch. 1) agus gur fhan sé laistigh de theorainneacha a lánrogha féin.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur rialaigh an Coiste Achomhairc go hearráideach, sa chinneadh atá faoi chonspóid, nár sháraigh BRA prionsabal na deimhneachta dlíthiúla.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur rialaigh an Coiste Achomhairc go hearráideach, sa chinneadh atá faoi chonspóid, gur chomhlíon BRA an oibleagáid réasúin a lua a fhorchuirtear le hAirteagal 296 CFAE.