24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/38


Caingean arna tabhairt an 31 Lúnasa 2022 – PAN Europe v an Coimisiún

(Cás T-536/22)

(2022/C 408/50)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Pesticide Action Network Europe (PAN Europe) (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaí: A. Bailleux, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an chaingean seo inghlactha agus go bhfuil bunús léi;

an cinneadh, arna chur in iúl go bailí don iarratasóir an 18 Iúil 2022, lena ndiúltaítear don iarratas ar athbhreithniú inmheánach ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2049 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2021 lena déantar formheas na substainte gníomhaí cipirmeitrin mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (1);

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an réamhchúraim agus ar oibleagáid an Aontais ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaoil a ráthú, mar a leagtar amach in Airteagail 9, 11, 168(1) agus 191(1) CFAE agus Airteagail 35 agus 37 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO 2021, L 420, lch. 6.